Language of document :

Caingean arna tabhairt an 27 Márta 2024 – XH v an Coimisiún

(Cás T-1083/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: XH (ionadaí: M. Stanek, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh R/351/23 an 17/10/2023 a chur ar neamhní, a d’eisigh an t-Údarás Ceapacháin mar fhreagra ar ghearán de chuid an iarratasóra an 17 Meitheamh 2023;

An t-iarratasóir a chúiteamh i leith an chaillteanais agus na ndamáistí ar bhain di mar a shonraítear sa chaingean seo, i ndáil le hiarmhairtí an chinnidh thuasluaite; 1

A ordú don chosantóir na costais agus caiteachais a íoc ina n-iomláine.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena caingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear:

Sárú ar Airteagal 7(1) de na Rialacha Foirne, lena dtugtar sainordú don Údarás Ceapacháin cúraimí a leagan ar oifigigh ar bhonn leas na seirbhíse, de neamhaird ar thosca eile ar nós náisiúntachta;

Drochéifeacht an aistrithe, rud nach raibh chun leasa na seirbhíse agus chun a leasa amháin ach a raibh tionchar ag neamhrialtachtaí an Údaráis Ceapacháin air, ar neamhrialtachtaí lena dtagtar salach na forálacha lena gceanglaítear nach mór gníomhaíochtaí a bheith chun leasa na seirbhíse agus chun a leasa amháin;

Gníomhaíochtaí díoltacha sa bhreis, go háirithe sárú ar Airteagal 90(2) agus Airteagail 1, 12 agus 12a de na Rialacha Foirne agus sárú ar Airteagail 4 agus 9 de Rialachán Uimh. 883/2013; 1

Sárú ar oibleagáidí rúndachta – sárú ar Airteagal 17(1) agus Airteagal 19 de na Rialacha Foirne, lena gcuirtear béim ar neamhnochtadh faisnéise arna fáil agus dualgais á chur i bhfeidhm, mura n-údaraítear amhlaidh, go háirithe mar chuid d’imeachtaí dlí;

Coimhlint leasa agus neamhrialtachtaí nós imeachta, go háirithe, sárú ar Airteagal 11(1) agus (2), agus Airteagal 11a de na Rialacha Foirne;

Rochtain ar an gceartas agus triail chóir: easpa cúiseanna agus sárú ar Airteagal 19 de na Rialacha Foirne.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear:

Teip sa dualgas cúnamh a thabhairt – sárú ar Airteagail 12a, 12, agus 24 de na Rialacha Foirne;

Diúltaíodh do cháilitheacht le haghaidh cúnaimh faoi Airteagail 12a, 12 agus 24 de na Rialacha Foirne an iarratasóra, ar bhonn a baint i gcásanna amhail dhífhostú féideartha, imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag OLAF agus imeachtaí araíonachta i leith sáruithe tromchúiseacha. Meastar gur róluath an cur chuige sin agus go bhféadfadh go sáraítear leis toimhde na neamhchiontachta;

Sárú ar thoimhde na neamhchiontachta: Glactar leis go bhfuiltear ciontach trí chosc a chur ar chúnamh a fháil ar bhonn páirt a ghlacadh in imscrúduithe nó in imeachtaí araíonachta agus ar an mbonn sin amháin, rud atá ar neamhréir le bunphrionsabal thoimhde na neamhchiontachta arna leagan amach in Airteagal 9 de Rialachán Uimh. 883/2013 sin.

____________

1     Tá cúiteamh EUR 25 000 á éileamh ag an iarratasóir i leith an chaillteanais neamhábhartha ar bhain di de dheasca sáruithe líomhainte riaracháin agus nós imeachta. Maítear go bhfreagraíonn an méid arna iarraidh don anacair mhothúchánach, don damáiste do chlú agus do na buillí proifisiúnta arna bhfulaingt don iarratasóir ag na sáruithe ar Rialacha Foirne an Aontais agus ar na forálacha lena mbaineann líomhainte.

1     Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO 2013 L 248, lch. 1).