Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Sta Grupa v EUIPO – Axis (VAPIX)
(Cás T-207/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VAPIX’ – Airteagail 18(1) agus 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cruthúnas ar fhíorúsáid – Measúnú ar an bhfianaise)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sta Grupa AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: I. Stankeviča, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Axis AB (Lund, an tSualainn) (ionadaí: J. Norderyd, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Feabhra 2023 (cás R 1098/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Díbhtear an chaingean.
2) Ordaítear do Sta Grupa AS a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Axis AB a íoc.
3) Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 216, 19.6.2023.