Language of document : ECLI:EU:C:2023:562

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

13 Iúil 2023 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – an smacht reatha – Cosaint bhreithiúnach éifeachtach sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais – Neamhspleáchas na mbreithiúna – Tosaíocht dhlí an Aontais – Airteagal 4(3) CAE – Oibleagáid an chomhair dhílis – Tarscaoileadh díolúine coiriúla breithimh agus a chuid fheidhmeanna a chur ar fionraí arna ordú ag an Izba Dyscyplinarna (an Dlísheomra Araíonachta) den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn) – Easpa neamhspleáchais agus neamhchlaontachta an Dlísheomra sin – Athrú ar chomhdhéanamh an phainéil breithiúna a iarrtar air cás a sannadh don bhreitheamh sin ar dtús a éisteacht – Cosc ar na cúirteanna náisiúnta cur i gcoinne dlisteanacht cúirte, feidhmiú na cúirte sin a chur i mbaol nó dlíthiúlacht nó éifeachtacht ainmniúchán na mbreithiúna nó dá gcuid cumhachtaí breithiúnacha a mheas ar phian smachtbhannaí aranaíochta – Oibleagáid ar na cúirteanna lena mbaineann agus ar na húdaráis inniúla chun chomhdhéanamh na bhfoirmíochtaí breithiúnacha a chinneadh agus a athrú chun bearta lena dtarscaoiltear díolúine coiriúla breithimh agus lena gcuirtear ar fionraí é a dhífheidhmiú – Oibleagáid ar na cúirteanna agus ar na húdaráis sin forálacha náisiúnta lena bhforáiltear do na coscanna sin a dhífheidhmiú)

I gCásanna Uamtha C-615/20 agus C-671/20,

Iarrataí ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE ón Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá, an Pholainn), trí bhreitheanna an 18 Samhain 2020 agus an 9 Nollaig 2020, a fuarthas ag an gCúirt ar na dátaí céanna, sna himeachtaí coiriúla idir

YP agus páirtithe eile (C-615/20),

M. M. (C-671/20),

Idiragraí:

Prokuratura Okręgowa w Warszawie,

Komisja Nadzoru Finansowego agus páirtithe eile (C-615/20),


tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal (Rapóirtéir), E. Regan agus L. S. Rossi, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, N. Piçarra, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, I. Ziemele, J. Passer, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: M. Siekierzyńska, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 28 Meitheamh 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Prokuratura Okręgowa w Warszawie, ag S. Bańko, M. Dubowski agus A. Reczka,

–        YP, ag B. Biedulski, adwokat,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, K. Straś agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Beilge, ag M. Jacobs, C. Pochet agus L. Van den Broeck, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Danmhairge, ag J. Farver Kronborg, J. Nymann-Lindegren, V. Pasternak Jørgensen agus M. Søndahl Wolff, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag K. Bulterman, A. M. de Ree agus C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fionlainne, ag H. Leppo, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Sualainne, ag A. Runeskjöld agus H. Shev, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag K. Herrmann agus P. J. O. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 15 Nollaig 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú a dhéanamh ar Airteagal 2 agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), agus ar phrionsabail thosaíocht dhlí an Aontais, an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE, agus na deimhneachta dlíthiúla.

2        Rinneadh na hiarrataí seo, ar thaobh amháin, i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag an Prokuratura Okręgowa w Warszawie (an tIonchúisitheoir Poiblí Réigiúnach, Vársá, an Pholainn) i gcoinne YP agus páirtithe eile as cionta éagsúla agus, ar an taobh eile, i gcomhthéacs imeachtaí idir an tIonchúisitheoir Poiblí Réigiúnach céanna agus M.M. maidir le morgáiste éigeantach arna fhorchur ar réadmhaoin de chuid M.M.

 An dlí lena mbaineann

 An Bunreacht

3        Foráiltear le hAirteagal 45(1) de Konstytucja Rzeczypospolitej Polskiej (Bunreacht Phoblacht na Polainne; “an Bunreacht”):

“Tá gach duine i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil, gan moill mhíchuí, ó bhinse neamhspleách neamhchlaonta a bhfuil dlínse aige.”

4        Ar bhonn Airteagal 179 den Bhunreacht, ceapann Uachtarán na Poblachta na breithiúna, ar thogra ón Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn; “KRS”) ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

5        Foráiltear le hAirteagal 180 den Bhunreacht:

“1.      Beidh breithiúna do-aistrithe.

2.      Ní fhéadfar breitheamh a dhíbhe, a fhionraí ó oifig, a aistriú go dlínse eile nó go feidhm eile in aghaidh a thola ach amháin ar bhonn breithiúnais ó chúirt sna cásanna dá bhforáiltear le dlí.

[...] ”

6        Foráiltear le hAirteagal 181 den Bhunreacht:

“Ní fhéadfar breitheamh a chur faoi dhliteanas coiriúil nó saoirse a bhaint de nó di gan toiliú roimh ré ó chúirt arna cinneadh le dlí. [...]”

 An Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach

7        Leis an ustawa o Sądzie Najwyższym (an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach) an 8 Nollaig 2017 (Dz. U. 2018, mír 5), bunaíodh, inter alia, mar chuid den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn), dlísheomra nua ar a dtugtar an Izba Dyscyplinarna (Dlísheomra Araíonachta) (an “Dlísheomra Araíonachta”) dá dtagraítear in Airteagal 3(5) den dlí sin.

8        Leis an ustawa o zmianie ustawy – Prawo o ustroju sądów powszechnych, ustawy o Sądzie Najwyższym oraz niektórych innych ustaw (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le hEagrúchán na nGnáthchúirteanna, an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach agus dlíthe áirithe eile) an 20 Nollaig 2019 (Dz. U. de 2020, mír 190), a tháinig i bhfeidhm an 14 Feabhra 2020, leasaíodh an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach, go háirithe trí phointe 1a nua a chur isteach in Airteagal 27(1) den dlí sin.

9        Foráiltear le hAirteagal 27(1) den Dlí leasaithe maidir leis an gCúirt Uachtarach:

“Beidh na cásanna seo a leanas faoi dhlínse an Dlísheomra Araíonachta

(1)      cásanna araíonachta:

[...]

(b)      arna scrúdú ag an [Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach)] maidir le himeachtaí araíonachta arna seoladh ar bhonn na ndlíthe seo a leanas:

[...]

–        [ustawa – Prawo o ustroju sądów powszechnych (an Dlí maidir le hEagrúchán na nGnáthchúirteanna) an 27 Iúil 2001 (DZ. U. de 2001, Uimh. 98, mír 1070],

–        [...]

[...]

(1a)      cásanna a bhaineann le húdarú imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne breithiúna, breithiúna faoi oiliúint, ionchúisitheoirí agus ionchúisitheoirí comhlacha nó iad a chur faoi choinneáil shealadach;

[...] ”

 An Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna

10      Foráiltear le hAirteagal 41 den Dlí maidir le hEagrúchán na nGnáthchúirteanna, dá dtagraítear i mír 9 den bhreithiúnas seo, arna leasú le Dlí an 20 Nollaig 2019, dá dtagraítear i mír 8 den bhreithiúnas seo (“an Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna”), an méid seo a leanas:

“1.      Is é uachtarán na cúirte sin a bheidh ina údarás inniúil chun gearán nó iarraidh a bhaineann le gníomhaíocht cúirte a scrúdú.

[...]

3.      Is é an t-údarás atá inniúil chun scrúdú a dhéanamh ar ghearán a bhaineann le gníomhaíocht uachtarán den [Sąd Rejonowy (an Chúirt Dúiche)], uachtarán den [Sąd Okręgowy (an Chúirt Réigiúnach)] nó uachtarán den [Sąd Apelacyjny (an Chúirt Achomhairc)], faoi seach, uachtarán den [Sąd Okręgowy (an Chúirt Réigiúnach)], uachtarán den [Sąd Apelacyjny (an Chúirt Achomhairc)] agus [KRS].”

11      Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 42a den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna

“1.      I gcomhthéacs ghníomhaíochtaí na gcúirteanna nó orgáin na gcúirteanna, ní bheidh sé incheadaithe dlisteanacht na mbinsí agus na gcúirteanna, orgáin bhunreachtúla an Stáit nó na n-orgán atá freagrach as an dlí a athbhreithniú agus a chosaint a thabhairt faoi cheist.

2.      Ní féidir le gnáthchúirt nó le húdarás eile dlíthiúlacht ceapacháin breithimh nó na cumhachta chun gníomhú dá dhualgais bhreithiúnacha a eascraíonn as an gceapachán sin a chinneadh nó a mheasúnú.”

12      Foráiltear leis an gcéad mhír d’Airteagal 47a den Dlí sin mar a leanas:

“Sannfar cásanna do bhreithiúna agus do bhreithiúna comhlacha go randamach de réir catagóirí sonracha cásanna, ach amháin nuair a shanntar cásanna ar bhreitheamh ar ghlao-dhualgas.”

13      Foráiltear le hAirteagal 47b den Dlí sin an méid seo a leanas:

“1.      Ní cheadófar athrú ar chomhdhéanamh cúirte ach amháin más rud é go bhfuil sé dodhéanta don chúirt sin an cás a scrúdú ina comhdhéanamh reatha nó i gcás ina bhfuil constaic bhuan ar scrúdú an cháis ina comhdhéanamh reatha. Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Airteagal 47a.

[...]

3.      Is é uachtarán na cúirte nó breitheamh arna ainmniú ag uachtarán na cúirte a dhéanfaidh na cinntí dá dtagraítear i [mír 1] [...].”

14      Foráíltear mar a leanas le hAirteagal 80 den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna:

“1.      Ní fhéadfar breitheamh a ghabháil ná a ionchúiseamh ach amháin le húdarú ón gcúirt araíonachta a bhfuil dlínse aici. [...]

[...]

2(c)      Glacfaidh an chúirt araíonachta rún lena n-údarófar ionchúiseamh ar bhreitheamh má tá amhras leordhóthanach ann lena chreidiúint go ndearna sé nó sí an cion. Leis an rún, áirítear an cinneadh lena gceadaítear breitheamh a ionchúiseamh agus na cúiseanna a tugadh ina leith sin.

[...] ”

15      Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 107(1) den Dlí sin:

“Beidh breitheamh cuntasach, ar leibhéal araíonachta, as sárú oibleagáidí gairmiúla (lochtanna araíonachta), lena n-áirítear sna cásanna seo a leanas:

[...]

(2)      gníomhartha nó neamhghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith mar bhac tromchúiseach ar fheidhmiú údarás breithiúnach;

(3)      gníomhartha a chaitheann amhras ar chaidreamh fostaíochta breithimh, éifeachtacht ceapacháin breithimh nó ar dhlisteanacht orgán bunreachtúil Phoblacht na Polainne;

[...] ”

16      Mar a leagtar amach in Airteagal 110(1)(2a) den Dlí sin:

“[...] Maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 80 [...], beidh an Sąd Najwyższy [(an Chúirt Uachtarach)] mar chúirt inniúil, ag an gcéad chéim, ag suí mar bhreitheamh aonair den Dlísheomra Araíonachta agus, ag an dara céim, an Sąd Najwyższy [(an Chúirt Uachtarach)] ag suí mar chomhdhéanamh de thriúr breithiúna den Dlísheomra Araíonachta.”

17      Foráiltear le hAirteagal 129(1) go (3) den Dlí sin:

“1.      Féadfaidh an chúirt araíonachta breitheamh ar tionscnaíodh imeachtaí araíonachta [...] ina choinne nó ina coinne a chur ar fionraí agus féadfaidh sí é sin a dhéanamh freisin má ghlacann sí rún lena gceadaítear an breitheamh a chur faoi dhliteanas coiriúil.

2.      Má ghlacann an chúirt araíonachta rún lena gceadaítear an breitheamh a chur faoi dhliteanas coiriúil i leith cion d’aon ghnó arna ionchúiseamh trí dhíotáil phoiblí, féadfaidh sí an breitheamh a chur ar fionraí go huathoibríoch óna dhualgais nó óna dualgais.

3.      Déanfaidh an chúirt araíonachta, nuair atá breitheamh á fhionraí óna dhualgais nó óna dualgais, méid a luach saothair a laghdú idir 25% agus 50% ar feadh ré na fionraíochta sin; [...]”

 An Cód Coiriúil

18      Foráiltear le hAirteagal 241(1) den kodeks karny (an Cód Coiriúil) gur “féidir fíneáil, pionós phobail, nó pianbhreith choimeádta de dhá bhliain ar a mhéid a fhorchur orthu siúd a chuireann faisnéis a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil ar fáil don phobal, gan údarú, sula nochtfar é sna himeachtaí cúirte”.

 Cód an Nós Imeachta Coiriúil

19      Foráiltear le hAirteagal 439 den kodeks postępowania karnego (an Cód um Nós Imeachta Coiriúil):

“Beag beann ar theorainneacha an achomhairc agus forais an achomhairc arna gcur chun cinn agus tionchar an tsáraithe ar ábhar an rialaithe, cuirfidh an chúirt achomhairc an rialú faoi achomharc ar neamhní más rud é:

(1)      gur ghlac duine nach bhfuil údaraithe rialú a thabhairt nó nach bhfuil in ann é sin a dhéanamh nó atá eisiata ó rialú a thabhairt de bhun Airteagal 40 páirt sa rialú;

(2)      go raibh comhdhéanamh na cúirte míchuí nó nach raibh duine dá comhaltaí i láthair le linn na héisteachta;

[...]”

 Na príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 Cás C-615/20

20      Ar bhonn bille díotála, dar dáta an 7 Feabhra 2017, ón Ionchúisitheoir Poiblí Réigiúnach, Vársá, tá YP agus 13 chosantóir eile á n‑ionchúiseamh os comhair Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá, an Pholainn) as roinnt cionta a bhí mar údar díobhála do 229 n‑íospartach. Sannadh an cás sin ar bhreitheamh aonair den chúirt sin, eadhon an Breitheamh I.T. Is éard atá sa chomhad sna príomhimeachtaí ná 197 imleabhar agus breis is céad éisteacht a tionóladh cheana os comhair na cúirte sin, inar éisteadh na cosantóirí, na híospartaigh agus breis agus 150 finné. An lá a rinneadh an iarraidh ar réamhrialú i gCás C-615/20, bhí an nós imeachta ag druidim lena chéim dheiridh, gan ach cúpla finné agus saineolaí fós le héisteacht.

21      An 14 Feabhra 2020, rinne an Prokuratura Krajowa Wydział Spraw Wewnętrznych (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Náisiúnta, an Rannán Gnóthaí Inmheánacha, an Pholainn) iarratas ar an Dlísheomra Araíonachta le cead a fháil chun an Breitheamh I.T. a ionchúiseamh mar gheall ar “(…) m[h]ainneachtain phoiblí a dhualgais a chomhlíonadh (…) agus (gníomhú ultra vires) i Vársá an 18 Nollaig 2017, i gcáil gníomhaire de chuid an Stáit, trí chead a thabhairt d’ionadaithe na meán cumarsáide taifid a dhéanamh agus grianghraif a ghlacadh le linn éisteacht os comhair [Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá)] sa chás (…), agus le linn an ordaithe a rinneadh sa chás sin a bheith á léamh sa chúirt agus na cúiseanna ó bhéal a bheith á dtabhairt ina leith agus, dá bhíthin sin, trí fhaisnéis ó na himeachtaí réamhthrialacha den Ionchúisitheoir Poiblí Réigiúnach, Vársá, a nochtadh do dhaoine nach bhfuil údaraithe gan toiliú a fháil ón duine atá údaraithe, (…) ar faisnéis í arna fáil le linn dó a bheith ag gníomhú dá dhualgais, agus, dá bhrí sin, as dochar a bheith déanta do leas an phobail lena chuid gníomhaíochtaí, rud is cion ann de réir bhrí Airteagal 231(1) den Chód Coiriúil arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 266(2), le hAirteagal 241(1), agus le hAirteagal 11(2) den chód sin”.

22      An 9 Meitheamh 2020, dhiúltaigh an Dlísheomra Araíonachta, ag suí ag an gcéad chéim mar Bhreitheamh aonair, don iarraidh sin. Ar achomharc ón ionchúisitheoir náisiúnta, d’údaraigh an dlísheomra sin, ag suí ag an dara céim i bhfoirmíocht de thriúr breithiúna, le rún an 18 Samhain 2020 (“an rún atá faoi chonspóid”), imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an Bhreithimh I.T., an breitheamh sin a chur ar fionraí óna oifig agus méid a luacha saothair a laghdú suas le 25% ar feadh ré na fionraí sin.

23      Maíonn an chúirt a rinne an tarchur, eadhon foirmíocht Sąd Okręgowy w Warszawie (An Chúirt Réigiúnach, Vársá) atá freagrach faoi láthair as na himeachtaí coiriúla dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo agus ina bhfuil an Breitheamh I.T. ag suí mar bhreitheamh aonair, go bhfuil an rún atá faoi chonspóid den chineál a chuireann isteach ar an bhfoirmíocht sin den chúirt leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí sin.

24      Sna himthosca sin, chinn Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)      An gcaithfear dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú – go háirithe Airteagal 47 [den Chairt], agus an ceart leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil agus ceart gach duine éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnach ama ó bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí – sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar [fhórálacha náisiúnta amhail Airteagail 80, 110(2a) agus 129 den Dlí leasaithe maidir le hEagrúchán na nGnáthchúirteanna agus Airteagal 27(1)(1a) den Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach], lena gceadaítear don Dlísheomra Araíonachta díolúine breithimh a tharraingt siar agus breitheamh a chur ar fionraí óna dhualgais nó óna dualgais, agus go háirithe chun breitheamh a chosc ó rialú a thabhairt ar na cásanna a shanntar air nó uirthi a éisteacht, go háirithe ós rud é:

(a)      nach bhfuil an [Dlísheomra Araíonachta] ina “bhinse” de réir bhrí Airteagal 47 den Chairt, Airteagal 6 den Choinbhinsiún [Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950] agus Airteagal 45(1) den Bhunreacht [breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982];

(b)      go bhfuil dlúthnaisc ag comhaltaí den [Dlísheomra Araíonachta] leis an reachtas agus leis an bhfeidhmeannas (ordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn, C‑791/19 R, EU:C:2020:277);

(c)      go raibh sé d’oibleagáid ar Phoblacht na Polainne cur i bhfeidhm forálacha áirithe den [Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach] a bhaineann leis an [Dlísheomra Araíonachta] a chur ar fionraí agus staonadh ó chásanna ar feitheamh os comhair an Dlísheomra sin a tharchur chuig painéal nach gcomhlíonann a chomhdhéanamh na ceanglais neamhspleáchais (ordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn C-791/19 R, EU:C:2020:277);

(2)      An gcaithfear dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú – go háirithe Airteagal 2 CAE agus luach riail an dlí agus na ceanglais maidir le cosaint dhlíthiúil éifeachtach faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – sa chaoi go gciallaítear leis go gclúdaítear leis “na rialacha lena rialaítear an córas araíonachta díobh siúd a bhfuil sé de chúram orthu breithiúnas a thabhairt” forálacha a bhaineann le hionchúiseamh coiriúil nó breitheamh de chuid cúirte náisiúnta a choinneáil, amhail Airteagal 181 den [Bhunreacht] i gcomhar le hAirteagail 80 agus 129 den [Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna], dá réir:

(a)      is gá údarú ón gcúirt araíonachta ag a bhfuil inniúlacht aici chun ionchúiseamh coiriúil nó chun beart maidir le cailleadh saoirse (coinneáil) a chur i bhfeidhm i gcoinne breitheamh de chúirt náisiúnta, a tharlaíonn, i bprionsabal, ar iarratas ón ionchúisitheoir poiblí;

(b)      tá sé ar chumas cúirt araíonachta (agus i gcásanna áirithe tá sé d’oibleagáid uirthi) tar éis ionchúiseamh coiriúil nó cailleadh saoirse (coinneáil) a chur i bhfeidhm i gcoinne breitheamh de chúirt náisiúnta a údarú, breitheamh a chur ar fionraí óna dhualgais nó óna dualgais;

(c)      agus breitheamh de chúirt náisiúnta á fhionraí óna dhualgais nó óna dualgais, tá sé d’oibleagáid ar an gcúirt araíonachta ag an am céanna a luach saothair a laghdú, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos leis na forálacha ábhartha, ar feadh a fhionraí?

(3)      An gcaithfear dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú – go háirithe na forálacha dá dtagraítear i gceist 2 – sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhorálacha náisiúnta, amhail Airteagal 110(2a) den [Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna] agus Airteagal 27(1)(1a) den [Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach], ar dá réir a thagann cásanna a bhaineann le húdarú chun ionchúiseamh coiriúil nó cailleadh saoirse (coinneáil) breithimh i gcúirt náisiúnta faoi dhlínse eisiach comhlachta amhail an Dlísheomra Araíonachta ag an gcéad chéim agus ag an dara céim, agus na fíorais seo a leanas á gcur san áireamh go háirithe (go haonarach nó i gcomhpháirt):

(a)      bunaíodh an Dlísheomra Araíonachta i gcomhthráth le hathrú ar na rialacha maidir le comhaltaí de chomhlacht a roghnú amhail [KRS], a bhfuil baint aige le ceapachán breithiúna agus ar ceapadh comhaltaí uile an Dlísheomra Araíonachta ar mholadh uaidh;

(b)      d’fhág an reachtas náisiúnta go bhfuil sé dodhéanta breithiúna reatha na cúirte náisiúnta céime deiridh, amhail an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) ina bhfeidhmíonn an Dlísheomra sin a aistriú chuig an Dlísheomra Araíonachta, ina n-oibríonn an Dlísheomra sin, sa chaoi is nach bhféadfaidh ach comhaltaí nua arna gceapadh ar thogra ón gCoimisiún nua-roghnaithe KRS suí sa Dlísheomra Araíonachta;

(c)      tá leibhéal an-ard neamhspleáchais ag an Dlísheomra Araíonachta laistigh den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach);

(d)      dheimhnigh an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach), ina rialuithe lena gcuirtear breithiúnas an 19 Samhain 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982) chun feidhme, nach bhfuil KRS nua-roghnaithe neamhspleách ar an reachtas agus ar an bhfeidhmeannas, agus nach bhfuil an Dlísheomra Araíonachta ina “bhinse” de réir bhrí Airteagal 47 den Chairt, Airteagal 6 den Choinbhinsiún [Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint] agus Airteagal 45(1) den [Bhunreacht];

(e)      i bprionsabal, is é ionchúisitheoir poiblí ar chomhlacht feidhmiúcháin amhail an tAire Dlí agus Cirt a chuireann isteach iarraidh ar údarú chun ionchúiseamh coiriúil nó cailleadh saoirse (coinneáil) breithimh de chúirt náisiúnta, ar féidir leis an gcomhlacht feidhmiúcháin treoracha ceangailteacha a eisiúint d’ionchúisitheoirí poiblí maidir le gníomhartha nós imeachta, agus ag an am céanna tá dlúthnaisc ag comhaltaí den Dlísheomra Araíonachta agus de KRS nua-roghnaithe, mar a chinn an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) sna rialuithe dá dtagraítear i mír 2(d), go háirithe dlúthnaisc leis an reachtas agus leis an bhfeidhmeannas, agus dá bhrí sin ní féidir an Dlísheomra Araíonachta a mheas mar thríú páirtí i ndáil leis na páirtithe sna himeachtaí;

(f)      cuireadh de cheangal ar Phoblacht na Polainne cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach a bhaineann leis an Dlísheomra Araíonachta a chur ar fionraí agus staonadh ó chásanna ar feitheamh os comhair an Dlísheomra sin a tharchur chuig painéal nach gcomhlíonann a chomhdhéanamh na ceanglais neamhspleáchais i gcomhréir le hordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn (C-791/19 R, EU:C:2020:277)?

(4)      I gcás ina ndeonaítear údarú chun breitheamh de chúirt náisiúnta a ionchúiseamh nó a choinneáil, a bhaineann leis an mbreitheamh sin a chur ar fionraí óna dhualgais nó óna dualgais agus a luach saothair a laghdú do thréimhse a fhionraí nó a fionraí, an gcaithfear dlí an Aontais Eorpaigh a léiriú – go háirithe na forálacha dá dtagraítear i gceist 2 agus prionsabail na tosaíochta, an chomhair dhílis faoi Airteagal 4(3) CAE agus na deimhneachta dlíthiúla – sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar éifeacht cheangailteach an údaraithe sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le fionraí an bhreithimh sin óna dhualgais nó óna dualgais, más comhlacht amhail an Dlísheomra Araíonachta a dheonaigh é, agus dá bhrí sin:

(a)      ní mór do gach comhlacht Stáit (lena n-áirítear an chúirt a rinne an tarchur a bhfuil an breitheamh arna chumhdach leis an údarú sin ina comhdhéanamh chomh maith leis na comhlachtaí a bhfuil cumhachtaí acu comhdhéanamh cúirteanna náisiúnta a ainmniú agus a mhodhnú) neamhaird a thabhairt ar an údarú sin agus cead a thabhairt do bhreitheamh cúirte náisiúnta a chumhdaítear leis an údarú sin suí ar phainéal breithnithe na cúirte sin;

(b)      is binse í an chúirt a n-áirítear ina chomhdhéanamh an breitheamh a chumhdaítear leis an údarú sin, arna bhunú roimhe sin le dlí nó le binse neamhspleácha agus neamhchlaonta agus dá bhrí sin, an féidir léi, mar “b[h]inse”, rialú a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léiriú dhlí an Aontais?”

25      Ina gcuid barúlacha i scríbhinn, shonraigh YP, Ionchúisitheoir Poiblí Réigiúnach Vársá agus an Coimisiún Eorpach go ndearnadh an chaingean a thug an tIonchúisitheoir Poiblí Réigiúnach sin i gcoinne an ordaithe tagartha i gCás C-615/20 a dhíbhe le hordú an 24 Feabhra 2021 ón Sąd Apelacyjny w Warszawie (an Chúirt Achomhairc, Vársá, an Pholainn), ós rud é gur chinn an chúirt sin go bhféadfadh sé nach mbeadh an rún atá faoi chonspóid ina chinneadh breithiúnach ar an bhforas gur ghlac an Dlísheomra Araíonachta é, nach cúirt neamhspleách é.

 Cás C-671/20

26      Chúisigh an tIonchúisitheoir Poiblí Réigiúnach, Vársá, M.M. le cionta éagsúla, lena n-áirítear, inter alia, mainneachtain cuideachta a chomhdú le haghaidh féimheachta, mainneachtain éilimh chreidiúnaithe a shásamh, calaois bhainc agus mainneachtain ráitis airgeadais cuideachta a chomhdú.

27      Sa chomhthéacs sin, d’ordaigh an tIonchúisitheoir Poiblí Réigiúnach, le cinneadh an 9 Meitheamh 2020, go gcruthófaí morgáiste éigeantach ar réadmhaoin atá faoi úinéireacht M.M. agus a bhean chéile, mar urrús ar fhíneálacha agus táillí cúirte a d’fhéadfadh a bheith forchurtha air. Rinne M.M. achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá), agus sannadh an cás a bhaineann leis an achomharc sin ar an mBreitheamh I.T.

28      I ndiaidh don rún atá faoi chonspóid a bheith glactha lena chuireadh an Breitheamh I.T. ar fionraí, inter alia, d’ordaigh Uachtarán Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá), ar bhonn Airteagal 47(b)(1) agus (3) den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna, dar dáta an 24 Samhain 2020, go n-athródh Uachtarán na rannóige inar shuigh an Breitheamh I.T. foirmiú an bhinse sna cásanna go léir a sannadh don bhreitheamh sin ar dtús, seachas an cás inar ndearna an Breitheamh I.T. iarraidh ar an gCúirt ba bhun leis an iarraidh ar réamhrialú i gCás C-615/20. Dá réir sin, trí úsáid a bhaint as uirlis TF agus de réir Airteagal 47(a) agus 47(b)(3) den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna, d’athshann Uachtarán na rannóige sin na cásanna a sannadh ar dtús don Bhreitheamh I.T., lena n‑áirítear an cás dá dtagraítear i mír 27 den bhreithiúnas seo.

29      De réir na cúirte a rinne an tarchur, eadhon painéal breithimh aonair eile de chuid Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá) a ndearnadh an cás sin a athshannadh uirthi, léiríonn an méid sin gur aithin Uachtarán na cúirte sin go raibh an rún lena mbaineann ceangailteach trína dhearbhú nárbh fhéidir an cás sin a scrúdú nó go raibh bac buan ar scrúdú den sórt sin mar thoradh ar fhionraí dhualgais an Bhreithimh I.T., de réir bhrí Airteagal 47(b)(1) den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna.

30      Is sa chomhthéacs sin a chinn Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1) An gcaithfear dlí an Aontais – go háirithe Airteagal 2 CAE agus luach an smachta reachta a chuirtear in iúl ann, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabail na tosaíochta, an chomhair dhílis agus na deimhneachta dlíthiúla – a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm reachtaíocht de chuid Ballstáit, amhail Airteagal 41b(1) agus (3) den [Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna], sa tslí go bhféadfaidh uachtarán cúirte, go neamhspleách agus gan athbhreithniú breithiúnach, cinneadh a dhéanamh comhdhéanamh cúirte a athrú mar thoradh ar údarú arna dheonú ag comhlacht amhail an Dlísheomra Araíonachta maidir le hionchúiseamh coiriúil nó coinneáil breithimh a chuimsítear sa phainéal bunaidh [breitheamh den Sąd Okręgowy (an Chúirt Réigiúnach)], lena mbaineann fionraí shainordaitheach an bhreithimh sin óna dhualgais nó óna dualgais agus go háirithe, toirmeasc a chur ar an mbreitheamh sin suí ar phainéil sna cásanna a shanntar air nó uirthi, lena n-áirítear na cásanna a sannadh air nó uirthi sular deonaíodh an t-údarú?

(2)      An gcaithfear dlí an Aontais Eorpaigh – go háirithe na forálacha a luaitear i gceist 1 – a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar an méid seo a leanas:

(a)      reachtaíocht Ballstáit amhail Airteagal 42a(1) agus (2) agus mír 3 d’Airteagal 107(1) den [Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna], lena gcuirtear bac ar chúirt náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh, le linn athbhreithniú na cúirte sin ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le bheith ina bhinse arna bhunú roimhe sin le dlí, ar éifeacht cheangailteach agus imthosca dlíthiúla an údaraithe arna dheonú ag an Dlísheomra Araíonachta dá dtagraítear i gceist 1, ar cúis dhíreach iad leis an athrú ar chomhdhéanamh na cúirte, agus á ordú ag an am céanna go n-eascróidh imeachtaí araíonachta má dhéantar iarracht as athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh i gcoinne an bhreithimh a bheidh á stiúradh?

(b)      cásdlí comhlachta náisiúnta, amhail an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil), ar dá réir nach bhfuil gníomhartha de chuid comhlachtaí náisiúnta amhail Prezydent Rzeczypospolitej Polskiej (Uachtarán Phoblacht na Polainne) agus KRS a bhaineann le comhaltaí comhlachta a cheapadh amhail an Dlísheomra Araíonachta faoi réir athbhreithniú breithiúnach, lena n-áirítear athbhreithniú ó thaobh dhlí an Aontais Eorpaigh de, beag beann ar thromchúis agus fairsinge na sáruithe, agus ceapachán duine chuig post breithiúnach atá críochnaitheach agus dochloíte?

(3)      An gcaithfear dlí an Aontais Eorpaigh – go háirithe na forálacha a luaitear i gceist 1 – a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar an údarú dá dtagraítear i gceist 1 ó éifeacht cheangailteach a bheith aige, go háirithe maidir le breitheamh a chur ar fionraí óna dhualgais nó óna dualgais, toisc gur comhlacht amhail an Dlísheomra Araíonachta a dheonaigh é, agus dá bhrí sin:

(a)      nach mór do gach comhlacht Stáit (lena n-áirítear an chúirt a rinne an tarchur chomh maith leis na comhlachtaí a bhfuil cumhachtaí acu comhdhéanamh na gcúirteanna náisiúnta a ainmniú agus a mhodhnú, go háirithe uachtarán cúirte) neamhaird a thabhairt den údarú sin agus cead a thabhairt don bhreitheamh de chúirt náisiúnta arna chumhdach ag an údarú sin suí ar phainéal breithiúnais na cúirte sin;

(b)      maidir le cúirt nach n-áirítear an breitheamh a ceapadh chuici ar dtús ina comhdhéanamh – toisc go bhfuil sé nó sí cumhdaithe ag an údarú sin amháin — nach binse í arna bhunú roimhe sin le dlí agus, dá bhrí sin, nach féidir léi, mar "b[h]inse", rialú a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léiriú dhlí an Aontais?

(4)      Ó thaobh na bhfreagraí ar na ceisteanna thuas, an bhfuil sé ábhartha nach ráthaíonn an Dlísheomra Araíonachta ná an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) cosaint bhreithiúnach éifeachtach mar gheall ar a n-easpa neamhspleáchais agus na sáruithe suite ar na rialacha maidir lena gcomhaltaí a cheapadh?”

 An nós imeachta os comhair na Cúirte

31      Rinne an dá phainéal ar leith de chuid Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá) iarraidh ar nós imeachta brostaithe dá n‑iarrataí ar réamhrialú faoi Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Mar thaca leis na hiarrataí sin, mhaígh na cúirteanna a rinne an tarchur, go bunúsach, go raibh údar ann chun nós imeachta den sórt sin sa chás seo, ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar ag na freagraí ar na ceisteanna a tharchuirtear ní hamháin ar a gcomhdhéanamh faoi seach ach freisin maidir le cás breithiúna seachas an Breitheamh I.T. ar ghlac an Dlísheomra Araíonachta bearta atá comhchosúil leis an rún atá faoi chonspóid ina leith nó a bhfuil sé ar intinn aige iad a ghlacadh ina leith.

32      Foráiltear le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ar iarratas ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur nó, go heisceachtúil, uaidh féin, go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte a chinneadh, i gcás go n‑éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go gcuirfear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm maidir le tarchur chun réamhrialú.

33      Ní mór a mheabhrú, i ndáil leis sin, gur ionstraim nós imeachta é an nós imeachta brostaithe sin atá ceaptha chun dul i ngleic le hábhair a bhfuil práinn eisceachtúil ag baint leo. Thairis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach féidir an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil sé deacair, mar gheall ar chineál íogair agus casta na bhfadhbanna dlíthiúla a eascraíonn as cás ar leith, nós imeachta den sórt sin a chur i bhfeidhm, go háirithe más cosúil nach bhfuil sé oiriúnach an chuid i scríbhinn den nós imeachta os comhair na Cúirte a ghiorrú (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż.(Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34      Sa chás seo, chinn Uachtarán na Cúirte, le cinntí an 9 Nollaig 2020 agus an 21 Eanáir 2021, tar éis an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, nach raibh sé iomchuí glacadh leis na hiarrataí dá dtagraítear i mír 31 thuas.

35      Cé go mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear le forálacha bunúsacha dhlí an Aontais, mar sin féin, tá siad casta agus íogair agus tá siad mar chuid de chomhthéacs náisiúnta nós imeachta atá sách casta, agus is ar éigean a bhí siad oiriúnach do nós imeachta a mhaolódh ó na gnáthrialacha nós imeachta. Thairis sin, cuireadh san áireamh freisin go raibh cásanna eile atá ar feitheamh os comhair na Cúirte ina n‑ardaítear ceisteanna cosúil leo siúd a tarchuireadh sna cásanna seo ag céimeanna níos airde den nós imeachta cheana féin.

36      Mar sin féin, sna cinntí sin, dar dáta an 9 Nollaig 2020 agus an 21 Eanáir 2021, chinn Uachtarán na Cúirte caitheamh leis na cásanna reatha mar ábhar tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 53(3) de na Rialacha Nós Imeachta. Thairis sin, leis an gcinneadh céanna sin dar dáta an 21 Eanáir 2021, rinneadh Cásanna C-615/20 agus C-671/21 a uamadh chun críocha an nós imeachta i scríbhinn agus ó bhéal agus chun críocha an bhreithiúnais.

37      Ag deireadh an nós imeachta i scríbhinn sna cásanna sin, cuireadh ar fionraí iad, le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 28 Deireadh Fómhair 2021, go dtí go gcuirfí deireadh leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta i gCás C-204/21, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), i bhfianaise na ndlúthnasc idir na ceisteanna a ardaíodh sna trí chás sin. Toisc deireadh a bheith curtha leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta sin, tosaíodh arís ar na himeachtaí sna cásanna comhcheangailte atá i gceist anseo an 23 Feabhra 2022.

 Inghlacthacht na n-iarrataí ar réamhrialú

38      Maíonn Rialtas na Polainne agus an tIonchúisitheoir Poiblí Réigiúnach i Vársá nach bhfuil na hiarrataí ar réamhrialú inghlactha ar fhorais éagsúla.

39      Ar an gcéad dul síos, ós rud é go rialaítear na príomhimeachtaí go heisiach leis an dlí coiriúil náisiúnta, a thagann faoi inniúlacht eisiach na mBallstát, maíonn siad gur de chineál inmheánach amháin iad na himeachtaí sin agus nach bhfuil aon bhaint acu le forálacha dhlí an Aontais lena mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chuig an gCúirt. Maidir le gníomh amhail an rún atá faoi cheist, go sonrach, fágann Airteagal 5 CAE agus Airteagail 3 agus 4 CFAE gur faoi na Ballstáit amháin atá sé cinneadh a dhéanamh díolúine choiriúil a thabhairt do bhreithiúna agus, sa chás ina ndéantar amhlaidh, an raon feidhme agus an nós imeachta a chinneadh maidir le tarscaoileadh féideartha na díolúine sin agus na hiarmhairtí a bhaineann leis an tarscaoileadh díolúine sin.

40      I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, ar thaobh amháin, fiú má thagann eagrúchán an cheartais sna Ballstáit, go háirithe bunú, comhdhéanamh, dlínse agus feidhmiú na gcúirteanna náisiúnta, chomh maith leis na rialacha lena rialaítear an nós imeachta um breithimh a cheapadh nó na rialacha is infheidhme maidir lena stádas agus lena ndualgais a fheidhmiú, amhail an córas araíonachta is infheidhme ina leith nó an comhthéacs inar féidir díolúine breithimh a tharraingt siar agus breitheamh a chur ar fionraí óna dhualgais nó óna dualgais, faoi inniúlacht na mBallstát, go bhfágann sé sin fós, agus an inniúlacht sin á cur i bhfeidhm acu, go bhfuil iallach ar na Ballstáit na ceanglais a eascraíonn dóibh as dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe Airteagail 2 agus 19 CAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas Araíonachta do Bhreithiúna), C-791/19, EU:C:2021:596, míreanna 56, 60 go 62 agus 95 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas de chuid cúirt bhunreachtúil), C-430/21, EU:C:2022:99, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear].

41      Thairis sin, ní mór a lua go mbaineann na hargóintí dá dtagraítear i mír 39 den bhreithiúnas seo, go bunúsach, le raon feidhme agus, dá bhrí sin, le léiriú fhorálacha dhlí an Aontais lena mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú, agus leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh teacht as na forálacha sin, ag féachaint, go háirithe, do thosaíocht an dlí sin. Ní féidir do‑ghlacthacht na gceisteanna arna dtarchur a shuíomh lena leithéid d’argóint, a bhaineann le substaint na gceisteanna sin, mar gheall ar a nádúr féin (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42      Ar an dara dul síos, tá Rialtas na Polainne agus an tIonchúisitheoir Poiblí Réigiúnach i Vársá den tuairim nach bhfuil na hiarrataí ar réamhrialú inghlactha ós rud é nach bhfuil freagraí na Cúirte ar na ceisteanna a tarchuireadh riachtanach chun críocha thoradh na bpríomhimeachtaí agus nach féidir, go háirithe, cinntí a bheith mar thoradh orthu a mbeidh na cúirteanna a rinne an tarchur in ann iad a ghlacadh mar chuid de na himeachtaí sin.

43      De réir Rialtas na Polainne, ní bheadh aon cheann de na cúirteanna sin in ann cur i gcoinne an réitigh atá faoi cheist, i ndáiríre. Ina theannta sin, fiú dá dtabharfadh an Chúirt cead do cheann de na cúirteanna sin neamhaird a thabhairt ar an rún sin, ní bheadh aon bhunús nós imeachta acu faoin dlí náisiúnta, go sonrach, na cásanna sna príomhimeachtaí a athshannadh ar an gcúirt ar tugadh na cásanna sin os a comhair ar dtús.

44      Measann an Rialtas céanna sin nach bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú ábhartha, i ndáiríre, ach amháin i gcomhthéacs na n-imeachtaí coiriúla atá ar siúl i gcoinne an Bhreithimh I.T. Ba cheart aon amhras maidir le léiriú ar fhorálacha dhlí an Aontais amhail na forálacha sin a bhfuil na cúirteanna a rinne an tarchur ag brath orthu a scrúdú i gcomhthéacs na n-imeachtaí coiriúla sin, a bhfuil an breitheamh lena mbaineann mar pháirtí iontu, seachas i gcomhthéacs na n-imeachtaí sna príomhimeachtaí as ar cuireadh cúram neamhbheartaithe ar an gcúirt sin sular cuireadh a dhualgais ar fionraí leis an rún atá faoi cheist. Ag an éisteacht os comhair na Cúirte, mhaígh Rialtas na Polainne go raibh na treoracha a tháinig ó mhíreanna 60 agus 71 de bhreithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny agus páirtithe eile , (Dlísheomra Aranaíochta na Cúirte Uachtaraí — Ainmniú) (C-508/19, EU:C:2022:201) mar thaca leis an anailís sin.

45      Maíonn an tIonchúisitheoir Poiblí Réigiúnach i Vársá, maidir leis na príomhimeachtaí i gCás C-615/20, go gcuirtear cosc leis an gcinneadh bac a chur ar na himeachtaí sin, arna n-ordú ag an gcúirt a rinne an tarchur sa chás sin, na himeachtaí sin a dhúnadh le breithiúnas arna thabhairt ag an gcúirt sin ina foirmiú reatha, agus, i gcás ina gceapfar painéal nua breithiúna, nach mbeidh an foras leis an mbac sin ann a thuilleadh, ós rud é go mbaineann an rún atá i gceist leis an mBreitheamh I.T. ina aonar. Maidir leis na príomhimeachtaí i gCás C‑671/20, tá fionraí dhualgais an Bhreithimh I.T. mar bhac buan orthu sa tslí nach féidir leanúint ar aghaidh leo, rud a bheadh mar údar dlisteanach leis an gcás a bhaineann leis an nós imeachta sin a athshannadh, chun éifeachtacht an nós imeachta sin a áirithiú agus cearta na ndaoine aonair lena mbaineann á n-urramú.

46      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil ceisteanna a bhaineann le nós imeachta os comhair na gcúirteanna a rinne an tarchur, sa chás seo, i gcomhthéacs na bpríomhimeachtaí atá os a gcomhair, ar cheisteanna iad nach mór a fhreagairt limine litis agus a mbraitheann a dtoradh ar léiriú ar fhorálacha agus ar phrionsabail dhlí an Aontais lena mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú. I gCás C‑615/20, fiafraítear leis na ceisteanna sin, go bunúsach, i bhfianaise na bhforálacha agus na bprionsabal sin de dhlí an Aontais, an bhfuil údar fós leis an mbreitheamh aonair a chomhdhéanann an chúirt a rinne an tarchur leanúint ar aghaidh ag scrúdú an cháis sna príomhimeachtaí d’ainneoin an rún atá faoi cheist lenar cuireadh an chúirt sin ar fionraí ó oifig. Maidir leis na ceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur i gCás C-671/20, fiafraítear leo, go bunúsach, an bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur sa chás sin, ag féachaint do na forálacha agus do na prionsabail chéanna de dhlí an Aontais, a chinneadh, gan an baol a bheith ann go dtabhófar dliteanas araíonachta an bhreithimh aonair atá ina shuí laistigh de, go bhfuil an rún sin gan forneart ceangailteach, agus é mar thoradh air sin nach bhfuil údar aici breithniú a dhéanamh ar an gcás sna príomhimeachtaí a athshannadh di tar éis an rúin sin agus ar cheart, dá bhrí sin, an cás sin a athshannadh ar an gcúirt a bhí i gceannas ar an rún sin ar dtús.

47      Mar is léir ó chásdlí na Cúirte, maidir le ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú atá beartaithe, ar an gcaoi sin, chun cúirt a dhéanann an tarchur a chur ar cumas deacrachtaí nós imeachta a réiteach, in limine litis, amhail deacrachtaí a bhaineann lena dlínse féin chun cás atá ar feitheamh os a comhair a éisteacht nó, fiú maidir leis na héifeachtaí dlíthiúla ba cheart a thabhairt do chinneadh breithiúnach a d’fhéadfadh cosc a chur ar an gcúirt sin cás den sórt sin a scrúdú, nó nár cheart a thabhairt do chinneadh breithiúnach, tá siad inghlactha faoi Airteagal 267 CFAE [féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Samhain 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982, míreanna 100, 112 agus 113 agus an cásdlí dá dtagraítear; an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Úrghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí - Ceapachán), C-487/19, EU:C:2021:798, míreanna 93 agus 94, agus an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, míreanna 47 go 49].

48      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, murab ionann agus an cás ar eascair breithiúnas an 22 Márta 2022 as, Prokurator Generalny agus páirtithe eile (Dlísheomra Aranaíochta na Cúirte Uachtaraí - Ainmniú) (C-508/19, EU:C:2022:201) dá ndearna Rialtas na Polainne tagairt, ní bhaineann na príomhimeachtaí sna cásanna uamtha seo go hiomlán leis na himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh i gcoinne na cúirte a rinne an tarchur i gCás C-615/20 agus níl siad coimhdeach ar bhealach ar bith leo, de réir bhrí mhír 71 den bhreithiúnas sin. Dá bhrí sin, ní féidir an treoir a dhíorthaítear ón mbreithiúnas sin a chur i bhfeidhm sna príomhimeachtaí sna cásanna seo.

49      Is léir ón méid thuas go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

 Maidir leis na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 An chéad go dtí an tríú ceist arna dtarchur i gCás C-615/20

50      Leis an gcéad cheist go dtí an tríú ceist dá cuid, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur i gCás C-615/20, go bunúsach, ar cheart Airteagal 2 CAE, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar fhorálacha náisiúnta lena dtugtar cumhacht do chomhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht imeachtaí coiriúla i gcoinne bhreithiúna na ngnáthchúirteanna a údarú agus, i gcás ina ndeonaítear an t-údarú sin, dualgais na mbreithiúna lena mbaineann a fhionraí agus a luach saothair a laghdú le linn na fionraí sin.

51      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús, ó rinneadh na hiarrataí reatha ar réamhrialú, gur dhearbhaigh an Chúirt, ar thug an Coimisiún caingean os a comhair maidir le mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh a dhearbhú arna tabhairt i gcoinne Phoblacht na Polainne, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 91 go 103 de bhreithiúnas an 5 Meitheamh 2023 i gCás C-204/21, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), EU:C:2023:442 (an “breithiúnas sa chás an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna)”), agus mar is léir ó mhír 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin, lena rialaítear, trí chumhachtaí a thabhairt don Dlísheomra Araíonachta, nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht, rialú a dhéanamh ar chásanna a bhfuil tionchar díreach acu ar stádas agus ar chomhlíonadh dhualgais an bhreithimh agus an bhreithimh chúnta, amhail iarrataí ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne breithiúna agus breithiúna faoi oiliúint, nár chomhlíon an Ballstát sin a oibleagáidí faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE.

52      Chuir an Chúirt in iúl, go háirithe, i mír 101 den bhreithiúnas sin, nach dócha go gcuirfí isteach ar neamhspleáchas na mbreithiúna leis an riosca go dtabharfadh comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas údarú iad a ionchúiseamh agus gurb amhlaidh an cás leis na rioscaí a bhaineann le comhlacht den sórt sin a chinneadh an ndéanfaidh sé iad a fhionraí óna ndualgais agus a luach saothair a laghdú.

53      Ag mír 102 den bhreithiúnas sin, mheabhraigh an Chúirt gur dhearbhaigh sí cheana féin, ag mír 112 dá breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas Araíonachta do Bhreithiúna) (C‑791/19, EU:C:2021:596), ar cúiseanna arna míniú ag míreanna 89 go 110 den breithiúnas, nár ráthaíodh neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an Dlísheomra Araíonachta.

54      Sa chás seo, is léir ón ordú tagartha, maidir leis an rún atá faoi cheist, lenar údaraíodh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an bhreithimh aonair arb é an chúirt a rinne an tarchur i gCás C-615/20, eadhon gnáthchúirt a bhféadfaí a iarraidh uirthi rialú a dhéanamh, faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léiriú dhlí an Aontais, agus lena gcuireadh an breitheamh sin ar fionraí óna dhualgais nó a dualgais agus lena ndearnadh a luach saothair a laghdú, gur glacadh é ar bhonn na bhforálacha náisiúnta ar dhearbhaigh an Chúirt, sa bhreithiúnas sa chás an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), go bhfuil siad contrártha leis an bhforáil sin i ndlí an Aontais sa mhéid is go dtugann siad an chumhacht do chomhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht chun gníomhartha a ghlacadh amhail an rún sin.

55      Dá bhrí sin, is leor an fhaisnéis atá i míreanna 91 go 103 den bhreithiúnas sa chás an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), atá mar bhonn leis an gcinneadh maidir le mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh a rinneadh i mír 1 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin, chun freagra a thabhairt ar an gcéad cheist go dtí an tríú ceist i gCás C‑615/20, gan aon ghá a bheith ann, sa chás sin, léiriú a dhéanamh ar Airteagal 2 CAE agus ar Airteagal 47 den Chairt, agus scrúdú a dhéanamh ar na tosca eile a luaitear sa chéad agus sa triú ceist.

56      Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú freisin, faoi Airteagal 260(1) CFAE, má chinneann an Chúirt gur mhainnigh Ballstát a oibleagáidí faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, go gceanglaítear ar an mBallstát sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh, breithiúnas a bhfuil feidhm res judicata aige maidir leis na saincheisteanna fíorais agus dlí a shocraigh sé mar is gnáth nó de riachtanas (breithiúnas an 10 Márta 2022, Grossmania, C-177/20, EU:C:2022:175, mír 35 agus an cásdlí a luaitear).

57      Dá bhrí sin, má tá ceangal ar údaráis an Bhallstáit lena mbaineann atá rannpháirteach i bhfeidhmiú na cumhachta reachtaí leasú a dhéanamh ar na forálacha náisiúnta a bhí ina n-ábhar do bhreithiúnas lena suí gur mainníodh oibleagáidí a chomhlíonadh ar bhealach a thabharfadh i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais iad, tá cúirteanna an Bhallstáit sin, óna dtaobh féin, faoi oibleagáid a áirithiú go gcomhlíonfar an breithiúnas sin i gcomhlíonadh a gcúraimí, rud a chiallaíonn, inter alia, gur faoi na cúirteanna sin atá sé, de bhua an údaráis atá ag gabháil leis an mbreithiúnas sin, é sin a dhéanamh chun na heilimintí dlíthiúla a leagtar síos ann a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, chun raon feidhme fhorálacha dhlí an Aontais a chinneadh a bhfuil sé de cheangal orthu a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 10 Márta 2022, Grossmania, C‑177/20, EU:C:2022:175, mír 36 agus an cásdlí a luaitear).

58      Eascraíonn sé as an méid sin roimhe seo go n-iarrtar ar an gcúirt a rinne an tarchur i gCás C-615/20, sa chás seo, teacht ar na tátail uile a eascraíonn as na conclúidí a baineadh as an mbreithiúnas sa chás an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) dá dtagraítear i míreanna 51 agus 55 den bhreithiúnas seo.

59      I bhfianaise an méid sin, is é an freagra ar an gcéad cheist go dtí an tríú ceist dá dtagraítear i gCás C-615/20 ná nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhorálacha náisiúnta lena dtugtar cumhacht do chomhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht imeachtaí coiriúla i gcoinne bhreithiúna na ngnáthchúirteanna a údarú agus, i gcás ina ndeonaítear an t-údarú sin, dualgais na mbreithiúna lena mbaineann a fhionraí agus a luach saothair a laghdú le linn na fionraí sin.

 An ceathrú ceist arna tarchur i gCás C-615/20

60      Leis an gceathrú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur i gCás C‑615/20, go bunúsach, an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a léiriú mar a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, amhail go bhfuil sé de cheart ag painéal breithiúna de chúirt náisiúnta, a éisteann cás agus atá comhdhéanta de bhreitheamh aonair ar ghlac cúirt nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht rún ina coinne lena n-údaraítear imeachtaí coiriúla a thionscnamh agus lena n-ordaítear dualgais an bhreithimh sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, deireadh a chur le rún den sórt sin atá mar bhac ar fheidhmiú a dlínse sa chás sin; agus

–        ar an dara dul síos, maidir leis na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta sin a chinneadh agus a mhodhnú, amhail nach mór dóibh deireadh a chur leis an rún sin freisin, atá mar chosc ar an bpainéal breithiúna sin an dlínse sin a fheidhmiú.

61      De réir cásdlí socair, cumhdaíonn prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais tosaíocht dhlí an Aontais ar dhlí na mBallstát. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar údaráis uile na mBallstát faoin bprionsabal sin lánéifeacht a thabhairt d’fhorálacha éagsúla dhlí an Aontais, ós rud é nach féidir le dlí na mBallstát difear a dhéanamh don éifeacht a thugtar do na forálacha sin i gcríoch na Stát sin [Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż.(Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 156 agus an cásdlí dá dtagraítear].

62      Dá bhrí sin, ceanglaítear leis an bprionsabal sin, go háirithe, ar aon chúirt náisiúnta a n-iarrtar uirthi, laistigh de theorainneacha a dlínse, forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, an oibleagáid lánéifeacht a thabhairt do cheanglais dhlí an Aontais sa díospóid os a comhair, trína ndiúltú dá húdarás féin aon reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta a chur i bhfeidhm atá contrártha le foráil de chuid dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach aici, gan iallach a chur ar an gcúirt an reachtaíocht nó an cleachtas náisiúnta sin a chur ar leataobh roimh ré trí mhodhanna reachtacha nó trí mhodhanna bunreachtúla eile ná fanacht leis an reachtaíocht nó leis an gcleachtas sin a chur ar leataobh roimh ré [féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas de chuid cúirt bhunreachtúil), C-430/21, EU:C:2022:99, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear]. Tá comhlíonadh na hoibleagáide sin riachtanach freisin chun urramú chomhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí a áirithiú agus is ionann an méid sin agus léiriú ar phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar amach in Airteagal 4(3) CAE [féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas de chuid cúirt bhunreachtúil), C-430/21, EU:C:2022:99, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear].

63      Chinn an Chúirt go bhfuil éifeacht dhíreach dá leithéid ag an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, lena bhforchuirtear oibleagáid shoiléir bheacht ar na Ballstáit maidir leis an toradh atá le baint amach agus nach bhfuil faoi réir aon choinníollacha, go háirithe maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcúirteanna a n-iarrtar orthu dlí an Aontais a léiriú agus a chur i bhfeidhm agus maidir leis an gceanglas nach mór iad a bhunú roimh ré le dlí, rud a thugann le tuiscint nach mbeidh feidhm ag aon fhoráil náisiúnta, aon chásdlí nó aon chleachtas náisiúnta atá contrártha leis na forálacha sin de dhlí an Aontais, arna léiriú ag an gCúirt [an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear].

64      Is léir freisin ó chásdlí socair, fiú in éagmais bearta reachtacha náisiúnta lena gcuirtear deireadh le mainneachtain oibleagáidí arna mbunú ag an gCúirt a chomhlíonadh, gur faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé gach beart a dhéanamh chun cur chun feidhme iomlán dhlí an Aontais a éascú i gcomhréir leis an treoir atá sa bhreithiúnas lena suitear nár comhlíonadh oibleagáidí. Thairis sin, faoi phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE, ceanglaítear ar na Ballstáit na hiarmhairtí neamhdhleathacha a bhaineann le sárú ar dhlí an Aontais a neamhniú (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2022, Grossmania, C-177/20, EU:C:2022:175, míreanna 38 agus 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

65      D’fhonn na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 61 go 64 den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh, ní mór do chúirt náisiúnta a dhiúltú éifeacht a thabhairt do ghníomh amhail an rún atá faoi cheist lenar ordaíodh, de shárú ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, dualgais breithimh a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach i bhfianaise staid an nós imeachta atá i gceist chun tosaíocht dhlí an Aontais a ráthú [féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż.(Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, míreanna 159 agus 161].

66      Ós rud é, i gcomhthéacs imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin a thagann an measúnú deiridh ar na fíorais agus ar chur i bhfeidhm agus léiriú an dlí náisiúnta, is faoin gcúirt sin atá sé na hiarmhairtí iarbhír a thagann, sna príomhimeachtaí i gCás C-615/20, ón bprionsabal dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a chinneadh go cinntitheach. Mar sin féin, i gcomhréir le cásdlí socair, féadfaidh an Chúirt, ar bhonn an ábhair sa chomhad, aon treoir a thabhairt don chúirt sin maidir le léiriú dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith úsáideach di chun na críche sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, A.B. agus páirtithe eile(Ainmniú na mBreithiúna sa Chúirt Uachtarach — Achomharc), C-824/18, EU:C:2021:153, mír 96 agus an cásdlí dá dtagraítear].

67      I ndáil leis sin, ag an éisteacht os comhair na Cúirte, chuir Rialtas na Polainne in iúl gur glacadh an ustawa o zmianie ustawy o Sądzie Najwyższym oraz niektórych innych ustawa (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach agus dlíthe áirithe eile) an 9 Meitheamh 2022 (Dz. U. de 2022, mír 1259), a tháinig i bhfeidhm an 15 Iúil 2022. De réir na mínithe a chuir an Rialtas sin ar fáil, rinneadh an Dlísheomra Araíonachta a dhíscaoileadh leis an dlí nua, inter alia, agus bunaíodh córas idirthréimhseach faoina bhféadfadh aon bhreitheamh a bhí ina ábhar do rún ón dlísheomra sin lena n-údaraítear imeachtaí coiriúla a thionscnamh ina choinne athbhreithniú a iarraidh ar an gcomhad i ndlísheomra nua a bunaíodh laistigh den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) leis an dlí céanna, agus, sa chás sin, ceanglaítear ar an dlísheomra sin rialú a thabhairt ar iarraidh den sórt sin laistigh de thréimhse 12 mhí ar a mhéad.

68      De réir an Rialtais sin, dá mbeadh an leigheas nua sin ann, d’fhéadfadh sé go gcuirfí an chúirt a rinne an tarchur i gCás C-615/20 ar cumas athbhreithniú a fháil ar an rún atá i gceist, ionas nach mbeadh cur i bhfeidhm an rúin sin iomchuí a thuilleadh sa chás seo. Shonraigh an Chúirt féin ag mír 161 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż.(Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C-487/19, EU:C:2021:798) nach bhfuil údar le leigheas dá leithéid ach amháin sa mhéid a bhfuil gá leis, i bhfianaise staid an nós imeachta lena mbaineann, le tosaíocht dhlí an Aontais a chur chun cinn.

69      Mar sin féin, ní léir ó na míniúcháin a chuir Rialtas na Polainne ar fáil ar an gcaoi sin nach mbeadh aon éifeachtaí ag an rún atá faoi cheist mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Dhlí an 9 Meitheamh 2022 dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo nó, dá bhrí sin, go bhfuil deireadh tagtha leis an mbac atá ar an gcúirt a rinne an tarchur leanúint leis na príomhimeachtaí i gCás C-615/20, ina comhdhéanamh reatha. Maidir leis an bhféideartheacht a bheith ann don chúirt lena mbaineann iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an rún atá i gceist os comhair comhlacht nuabhunaithe a n‑iarrtar air rialú a thabhairt laistigh d’uastréimhse bliana, ní dhealraíonn sé, faoi réir na bhfíoruithe deiridh atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur ina leith sin, go bhfuil sé de chineál is gur féidir an bac sin a bhaint gan mhoill, ar thionscnamh aon chomhlachtaí breithiúnacha atá inniúil chun comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta a chinneadh agus a athrú, ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais.

70      Ar deireadh, i gcás ina bhfuil gníomh amhail an rún atá i gceist glactha ag comhlacht nach binse neamhspleách neamhchlaonta é de réir bhrí dhlí an Aontais, ní féidir brath ar aon bhreithniú bunaithe ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla nó atá nasctha le húdarás res judicata a líomhnaítear a bheith ag an rún sin chun cosc a chur ar an gcúirt a rinne an tarchur agus ar na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta a chinneadh agus a athrú ó chur i bhfeidhm an rúin sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19) EU:C:2021:798, mír 160].

71      I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach, go háirithe, a thabhairt faoi deara go bhfuil bac curtha ag an gcúirt a rinne an tarchur ar na príomhimeachtaí i gCás C-615/20 fad a bhí an breithiúnas seo ar feitheamh. Sa chomhthéacs sin, ní cosúil, a priori, go ndéanfaí an bonn a bhaint den deimhneacht dhlithiúil dá leanfadh an breitheamh arb é an fhoirmíocht de bhreitheamh aonair de chuid na cúirte a rinne an tarchur leis na himeachtaí sin, go háirithe ag an gcéim is déanaí den nós imeachta sin, a bheadh thar a bheith casta. Dá mhalairt ar fad, dealraíonn sé go bhféadfaí déileáil leis an gcás sna príomhimeachtaí i gcinneadh a chomhlíonann, ar dtús, na ceanglais a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus, ar an dara dul síos, a chomhlíonann ceart na ndaoine aonair lena mbaineann éisteacht chóir a fháil laistigh de thréimhse réasúnach ama.

72      Sna himthosca sin, tá údar ag an gcúirt a rinne an tarchur i gCás C‑615/20 deireadh a chur leis an rún atá i gceist, ionas go bhféadfaidh sí, ó thaobh an mhéid sin de, leanúint de scrúdú a dhéanamh ar an gcás sna príomhimeachtaí ina comhdhéanamh reatha gan na comhlachtaí breithiúnacha atá inniúil ar chomhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta a chinneadh agus a athrú a chur isteach air.

73      I bhfianaise a bhfuil thuas, is é an freagra ar an gceathrú ceist arna dtarchur i gCás C-615/20 ná nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais agus prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE a léiriú mar a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, amhail go bhfuil sé de cheart ag painéal breithiúna de chúirt náisiúnta a éisteann cás agus atá comhdhéanta de bhreitheamh aonair ar ghlac cúirt nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht rún ina coinne lena n-údaraítear imeachtaí coiriúla a thionscnamh agus lena n-ordaítear dualgais an bhreithimh sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, deireadh a chur le rún den sórt sin atá mar bhac ar fheidhmiú a dlínse sa chás sin; agus

–        ar an dara dul síos, maidir leis na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta sin a chinneadh agus a mhodhnú, amhail nach mór dóibh deireadh a chur leis an rún sin freisin, atá mar chosc ar an bpainéal breithiúna sin an dlínse sin a fheidhmiú.

 An chéad cheist, an tríú ceist agus an chéad chuid den cheathrú ceist arna dtarchur i gCás C-671/20

74      Leis an gcéad cheist agus an tríú ceist dá cuid agus an chéad chuid den cheathrú ceist maidir leis na coinníollacha chun comhaltaí an Dlísheomra Araíonachta a cheapadh, ar ceisteanna iad is iomchuí a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur i gCás C-671/20, go bunúsach, an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, prionsabal an chomhair dhílis agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a léiriú mar a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, amhail nach mór do phainéal breithiúna de chúirt náisiúnta, a ndearnadh cás a sannadh roimhe sin do phainéal eile den chúirt sin a athshannadh air mar thoradh ar rún arna ghlacadh ag comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht agus a d’údaraigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an bhreithimh aonair a bhfuil an painéal breithiúna sin comhdhéanta as agus a d’ordaigh dualgais na cúirte sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, an rún sin a dhíspreagadh agus staonadh ón gcás sin a scrúdú tuilleadh, agus,

–        ar an dara dul síos, amhail go bhfuil sé de cheangal ar na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta sin a chinneadh agus a mhodhnú, i gcás den sórt sin, an cás sin a athshannadh ar an bpainéal breithiúna atá i gceannas a bhí freagrach as ar dtús.

75      Is léir ón ordú tarchuir i gcás C-671/20, tar éis don rún atá faoi chonspóid a bheith glactha lena ndeonaíodh údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an Bhreithimh I.T. agus lena n‑ordaíodh dualgais na cúirte sin a chur ar fionraí, ghlac Uachtarán Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá), ag gníomhú dó ar bhonn Airteagal 47(b)(1) agus (3) den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna, ordú lena gceanglaíodh ar uachtarán na rannóige inar shuigh an Breitheamh I.T. chomhdhéanamh an phainéil bhreithiúnaigh a athrú sna cásanna a sannadh don bhreitheamh sin, seachas an cás inar ndearna an breitheamh sin iarraidh ar réamhrialú ar an gCúirt atá mar ábhar Chás C‑615/20. Ina dhiaidh sin, trí úsáid a bhaint as uirlis TF arna ceapadh chuige sin, ghlac uachtarán na rannóige sin ordú lena sannadh an cás sna príomhimeachtaí do phainéal breithiúnach eile, eadhon an chúirt a rinne an tarchur sa chás C-671/20.

76      Tagann sé ón méid atá mar bhunús leis an bhfreagra ar an gceathrú ceist arna dtarchur i gCás C-615/20, go dtugtar le tuiscint leis an éifeacht dhíreach a ghabhann leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE go ndífheidhmeodh na cúirteanna náisiúnta rún lena ndéanfaí, de shárú ar an bhforáil sin, dualgais breithimh a chur ar fionraí, i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach i bhfianaise na staide nós imeachta atá i gceist chun tosaíocht dhlí an Aontais a ráthú.

77      Chun éifeachtacht an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a áirithiú, fochuirtear an oibleagáid sin, inter alia, ar an bpainéal breithiúnach a ndearnadh an cás reatha a athshannadh dó mar thoradh ar rún den sórt sin, agus dá bhrí sin, ní mór don phainéal sin staonadh ón gcás sin a éisteacht [féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny agus páirtithe eile (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C-508/19, EU:C:2022:201, mír 74]. Tá an oibleagáid sin ina ceangal freisin ar na comhlachtaí atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta a chinneadh agus a athrú, agus dá bhrí sin ní mór dóibh an cás céanna a athshannadh d’fhoirmiú na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair ar dtús.

78      Sa chás seo, ar an gcúis a leagtar amach i mír 70 den bhreithiúnas seo, ní féidir brath go bailí ar aon bhreithniú atá bunaithe ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla nó atá nasctha le húdarás res judicata a líomhnaítear don rún sin.

79      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ón ordú tagartha i gCás C-671/20, murab ionann agus cásanna eile a sannadh don Bhreitheamh I.T., ar cásanna iad a athshannadh freisin idir an dá linn d’fhoirmíochtaí eile, ach ar leanadh lena scrúdú nó, de réir mar a bheidh, a dúnadh trí chinneadh a ghlacadh ó na foirmíochtaí nua sin, gur cuireadh na príomhimeachtaí sa chás sin ar fionraí go dtí go dtabharfaí an breithiúnas reatha. Sa chomhthéacs sin, is cosúil gur dócha, dá n‑atosódh an Breitheamh I.T. na himeachtaí sin, go dtabharfaí cinneadh mar chuid de na himeachtaí sin, d’ainneoin na moille arb é an rún atá i gceist is cúis léi, ar cinneadh é a chomhlíonann na ceanglais a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus na ceanglais a eascraíonn as ceart an duine aonair lena mbaineann chun triail chóir a fháil.

80      I bhfianaise a bhfuil thuas, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an tríú ceist agus ar an gcéad chuid den cheathrú ceist arna dtarchur i gCás C-671/20 ná nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabail thosaíocht dhlí an Aontais agus an chomhair dhílis a léiriú mar a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, amhail nach mór do phainéal breithiúna de chúirt náisiúnta, a ndearnadh cás a sannadh roimhe sin do phainéal eile den chúirt sin a athshannadh air mar thoradh ar rún arna ghlacadh ag comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht agus a d’údaraigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an bhreithimh aonair a bhfuil an painéal breithiúna sin comhdhéanta as agus a d’ordaigh dualgais na cúirte sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, agus a rinne cinneadh an cás sin a chur ar fionraí go dtí go ndéanfaidh an Chúirt cinneadh san iarraidh ar réamhrialú, an rún sin a dhíspreagadh agus staonadh ón gcás sin a scrúdú tuilleadh, agus,

–        ar an dara dul síos, ceanglaítear ar na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta a chinneadh agus a mhodhnú, i gcás den sórt sin, an cás sin a ath-leithdháileadh ar fhoirmiú na cúirte a bhí freagrach as an gcás sin ar dtús.

 An dara ceist agus an dara cuid den cheathrú ceist arna dtarchur i gCás C-671/20

81      Leis an dara ceist agus leis an dara cuid dá ceathrú ceist maidir leis na coinníollacha a bhaineann le ceapadh chomhaltaí den Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil), ar iomchuí iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur i gCás C-671/20, go bunúsach, an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabail thosaíocht dhlí an Aontais agus an comhar dílis a léiriú mar chosc ar an méid seo a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, ar fhorálacha náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta, ar phian smachtbhannaí araíonachta arna bhforchur ar bhreithiúna dá cuid, scrúdú a dhéanamh ar chineál ceangailteach gnímh arna ghlacadh ag comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas ná a neamhchlaontacht agus a d’údaraigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne breithimh agus a d’ordaigh dualgais an bhreithimh sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, agus, i gcás inarb iomchuí, an gníomh sin a dhífheidhmiú, agus

–        ar an dara dul síos, ar chásdlí cúirte bunreachtúla ar dá réir nach féidir gníomhartha lena gceaptar breithiúna as a gcomhdhéantar comhlacht den sórt sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, sa mhéid is go gcoisctear an scrúdú sin leis an gcásdlí sin.

82      Maidir leis na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i gCás C-671/20, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go leagtar síos le forálacha Airteagal 42(a)(1) agus (2) den Dlí maidir leis na gnáthchúirteanna, inter alia, do na cúirteanna sin, toirmisc ar dhlisteanacht na gcúirteanna a thabhairt faoi cheist nó ar mheasúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ceapacháin breithimh nó ar dhlíthiúlacht a chumhachta chun cúraimí a bhaineann le riaradh ceartais a chomhlíonadh. Maidir le forálacha Airteagal 107(1) (3) den dlí sin, bunaítear leo gur cion araíonachta, go háirithe, é aon ghníomh de chuid bhreithiúna na ngnáthchúirteanna a fhágann amhras faoi éifeachtúlacht ceapacháin breithimh.

83      Mar is léir ó na míniúcháin a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, measann an chúirt sin go bhfuil forálacha náisiúnta den sórt sin de chineál a choiscfeadh uirthi rialú a dhéanamh, cé go gceanglaítear uirthi é sin a dhéanamh i bhfianaise na bhfreagraí a thug an Chúirt ar a ceisteanna eile, maidir leis an easpa éifeacht cheangailteach atá ag gníomh amhail an réiteach atá faoi cheist agus, i gcás inarb iomchuí, an gníomh a dhífheidhmiú. De réir na cúirte a rinne an tarchur, dá ndéanfadh sí amhlaidh, bheadh uirthi dlisteanacht údarás bhreithiúnach a thabhairt faoi cheist, eadhon an Dlísheomra Araíonachta, agus feidhmiú an údaráis sin a chur i mbaol go mór. D’éileodh scrúdú den sórt sin ar fheidhm cheangailteach an rúin atá i gceist, ag an am céanna, go ndéanfadh an chúirt a rinne an tarchur measúnú ar dhlíthiúlacht cheapacháin na mbreithiúna as a gcomhdhéantar an dlísheomra sin agus ar a gcumhacht chun cúraimí a bhaineann le riaradh an cheartais a chur i gcrích agus go rialódh sí ar éifeachtacht na gceapachán sin.

84      I ndáil leis sin, is léir ón bhfreagra a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an tríú ceist agus ar an gcéad chuid den cheathrú ceist arna gcur i gCás C-671/20 nach mór do chúirteanna náisiúnta a n-iarrtar orthu éifeacht a thabhairt do rún a bhaineann, de shárú ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, le dualgais breithimh a chur ar fionraí, i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach i bhfianaise na staide nós imeachta atá i gceist chun tosaíocht dhlí an Aontais a ráthú, a leithéid de rún a dhífheidhmiú.

85      Sna himthosca sin, más rud é go gcomhlíonann cúirt náisiúnta na cúraimí a thugtar di leis na Conarthaí agus go gcomhlíonann sí a hoibleagáidí faoi na Conarthaí, trí éifeacht a thabhairt d’fhoráil amhail an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, ní féidir, de réir sainmhínithe, toirmeasc a chur uirthi an méid sin a dhéanamh ná an méid sin a bhunú mar chion araíonachta ar thaobh na mbreithiúna atá ina suí i gcúirt den sórt sin.

86      Sa chás an Coimisiún v An Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), chinn an Chúirt dá bhrí sin, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 198 go 219 den bhreithiúnas sin agus mar is léir ó mhír 3 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin, gur mhainnigh Poblacht na Polainne a hoibleagáidí faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a chomhlíonadh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt agus faoi phrionsabal thosaíocht dhlí AE, trí Airteagal 42(a)(1) agus (2) den Dlí maidir le Gnáthchúirteanna a ghlacadh agus a choimeád i bhfeidhm, lena dtoirmisctear ar aon chúirt náisiúnta ceanglais de chuid dhlí an Aontais a chomhlíonadh maidir le ráthaíocht ó bhinse neamhspleách agus neamhchlaonta a bunaíodh roimhe sin le dlí.

87      Sa bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt freisin, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 125 go 163 den bhreithiúnas sin agus mar is léir ó mhír 2 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin, gur mhainnigh Poblacht na Polainne, inter alia, a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, trí Airteagal 107(1), míreanna 2 agus 3 de, den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna a ghlacadh agus a choinneáil i bhfeidhm ionas gur féidir scrúdú ar chomhlíonadh cheanglais dhlí an Aontais maidir le binse neamhspleách neamhchlaonta a bunaíodh roimhe sin le dlí a aicmiú mar chion araíonachta.

88      Meabhraíodh cheana, i míreanna 56, 58 agus 61 go 64 den bhreithiúnas seo, i bhfianaise an údaráis atá ag gabháil leis na breithiúnais ina ndearbhaíonn an Chúirt gur mainníodh oibleagáidí a chomhlíonadh, chomh maith le héifeacht dhíreach an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, gur faoi na cúirteanna náisiúnta, agus, dá bhrí sin, go háirithe, an chúirt a rinne an tarchur i gCás C-671/20, na forálacha náisiúnta a dhífheidhmiú, sna cásanna os a gcomhair, a bhí contrártha leis an bhforáil sin de dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir leis na forálacha náisiúnta lena mbaineann agus, go háirithe, leis na toirmisc sin a fhorchuirtear maidir leis na gnáthchúirteanna, a bheith mar chosc ar an gcúirt a rinne an tarchur feidhm cheangailteach an réitigh atá i gceist a scrúdú agus deireadh a chur leis an réiteach sin, mar atá sé faoi cheangal a dhéanamh.

89      Ar an dara dul síos, maidir le cásdlí an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur chuige, is léir ó na mínithe a thug an chúirt a rinne an tarchur go measann sí go bhfuil an cásdlí sin den chineál a bheadh mar chosc ar scrúdú ar na himthosca ina ndearnadh comhaltaí an Dlísheomra Araíonachta a cheapadh d’fhonn a dheimhniú di féin go raibh an comhlacht sin neamhspleách agus neamhchlaonta agus go dtiocfadh sí ar an gconclúid, i gcás inarb iomchuí, nach raibh an réiteach atá faoi cheist infheidhme.

90      I ndáil leis sin, agus gan gá a bheith ann an dara cuid den cheathrú ceist a scrúdú, maidir leis na coinníollacha chun comhaltaí na cúirte bunreachtúla sin a cheapadh, is leor a mheabhrú, ag féachaint d’éifeacht dhíreach an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, go gceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a dhífheidhmiú aon chásdlí náisiúnta atá contrártha leis an bhforáil sin de dhlí an Aontais arna léiriú ag an gCúirt.

91      Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú, i gcás ina measann cúirt náisiúnta, i ndiaidh breithiúnas ón gCúirt, go bhfuil cásdlí cúirt bhunreachtúil contrártha le dlí an Aontais, ní fhéadfadh sé go dtabhófaí a dliteanas araíonachta mar thoradh ar dhífheidhmiú an chásdlí sin ón gcúirt bhunreachtúil i gcomhréir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais (an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), mír 151 agus an cásdlí dá dtagraítear).

92      Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur i gCás C-671/20 a bheidh sé na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 86 agus 87 den bhreithiúnas seo agus cásdlí an Trybunał Konstytucyjny (an Chúirt Bhunreachtúil) dá dtagraítear i mír 89 den bhreithiúnas sin a chur ar leataobh, sa mhéid is go gcruthaítear leis na forálacha sin agus leis an gcásdlí sin go gcuirtear cosc ar an gcúirt a rinne an tarchur an réiteach atá i gceist a dhífheidhmiú agus, dá bhrí sin, staonadh ó rialú a dhéanamh ar an gcás sna príomhimeachtaí.

93      I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist dá dtagraítear i gCás C-671/20 nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabail thosaíocht dhlí an Aontais agus an chomhair dhílis a léiriú mar chosc ar an méid seo a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, ar fhorálacha náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta, ar phian smachtbhannaí araíonachta arna bhforchur ar bhreithiúna dá cuid, scrúdú a dhéanamh ar chineál ceangailteach gnímh arna ghlacadh ag comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas ná a neamhchlaontacht agus a d’údaraigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne breithimh agus a d’ordaigh dualgais an bhreithimh sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, agus, i gcás inarb iomchuí, an gníomh sin a dhífheidhmiú, agus,

–        ar an dara dul síos, ar chásdlí cúirte bunreachtúla ar dá réir nach féidir gníomhartha lena gceaptar breithiúna as a gcomhdhéantar comhlacht den sórt sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, sa mhéid is go gcoisctear an scrúdú sin leis an gcásdlí sin.

 Costais

94      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú mar chosc ar fhorálacha náisiúnta lena dtugtar cumhacht do chomhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht imeachtaí coiriúla i gcoinne bhreithiúna na ngnáthchúirteanna a údarú agus, i gcás ina ndeonaítear an t-údarú sin, dualgais na mbreithiúna lena mbaineann a fhionraí agus a luach saothair a laghdú le linn na fionraí sin.

2.      Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a léiriú mar a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, amhail go bhfuil sé de cheart ag painéal breithiúna de chúirt náisiúnta a éisteann cás agus atá comhdhéanta de bhreitheamh aonair ar ghlac cúirt nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht rún ina coinne lena n-údaraítear imeachtaí coiriúla a thionscnamh agus lena n-ordaítear dualgais an bhreithimh sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, deireadh a chur le rún den sórt sin atá mar bhac ar fheidhmiú a dlínse sa chás sin; agus,

–        ar an dara dul síos, maidir leis na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta sin a chinneadh agus a mhodhnú, amhail nach mór dóibh deireadh a chur leis an rún sin freisin, atá mar chosc ar an bpainéal breithiúna sin an dlínse sin a fheidhmiú.

3.      Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais agus prionsabal an chomhair dhílis a léiriú mar a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, amhail nach mór do phainéal breithiúna de chúirt náisiúnta, a ndearnadh cás a sannadh roimhe sin do phainéal eile den chúirt sin a athshannadh air mar thoradh ar rún arna ghlacadh ag comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht agus a d’údaraigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an bhreithimh aonair a bhfuil an painéal breithiúna sin comhdhéanta as agus a d’ordaigh dualgais na cúirte sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, an rún sin a dhíspreagadh agus staonadh ón gcás sin a scrúdú tuilleadh, agus,

–        ar an dara dul síos, amhail go bhfuil sé de cheangal ar na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta sin a chinneadh agus a mhodhnú, i gcás den sórt sin, an cás sin a athshannadh ar an bpainéal breithiúna atá i gceannas a bhí freagrach as ar dtús.

4.      Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabail thosaíocht dhlí an Aontais agus an chomhair dhílis a léiriú mar chosc ar an méid seo a leanas:

–        ar an gcéad dul síos, ar fhorálacha náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta, ar phian smachtbhannaí araíonachta arna bhforchur ar bhreithiúna dá cuid, scrúdú a dhéanamh ar chineál ceangailteach gnímh arna ghlacadh ag comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas ná a neamhchlaontacht agus a d’údaraigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne breithimh agus a d’ordaigh dualgais an bhreithimh sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, agus, i gcás inarb iomchuí, an gníomh sin a dhífheidhmiú, agus

–        ar an dara dul síos, ar chásdlí ó chúirt bhunreachtúil ar dá réir nach féidir gníomhartha lena gceaptar breithiúna a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, a mhéid is go gcoiscfear an scrúdú sin leis an gcásdlí sin.

Sínithe:


*      Teanga an cháis: an Pholainnis.