Caingean arna tabhairt an 16 Feabhra 2024 – Münchner Wohnen v EUIPO (Münchner Wohnen)
(Cás T-85/24)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Münchner Wohnen GmbH (München, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Kockläuner agus O. Nilgen, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Münchner Wohnen’ – Uimhir chláraithe 18 762 837
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gChéad Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2023 i gCás R 1288/2023-1
An t ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a diúltaíodh do bhunghearán an 20 Meitheamh 2023;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 47(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 7(1)(b), i gcomhar le hAirteagal 7(2), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________