Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshofs (an Ostair) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 - Finanzamt Österreich v P GmbH
(Cás C-794/23, Finanzamt Österreich)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Finanzamt Österreich
Páirtí eile: P GmbH
An cheist a tharchuirtear
1. An bhfuil Airteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 le léiriú sa chaoi nach bhfuil, de réir na forála sin, duine inchánach a chuir seirbhís ar fáil agus a chuir méid CBL in iúl ina shonrasc arna ríomh ar bhonn ráta cánach mícheart faoi dhliteanas i leith an chuid de CBL a sonrascodh go mícheart, más rud é gur soláthraíodh an tseirbhís a shonraítear sa sonrasc do dhuine neamh-inchánach, fiú má tá seirbhísí comhchosúla eile curtha ar fáil ag an duine inchánach sin do dhaoine inchánacha eile?
2. An dtuigtear, de réir bhrí an bhreithiúnais in Finanzamt Österreich 1 , gurb ionann an téarma “tomhaltóir deiridh nach bhfuil i dteideal cáin ionchuir a asbhaint” agus duine neamh-inchánach amháin nó duine inchánach freisin nach n-úsáideann ach an tseirbhís shonrach chun críoch príobháideach (nó chun críoch eile nach dtugann an ceart chun cáin ionchuir a asbhaint) agus mar sin nach bhfuil i dteideal cáin ionchuir a asbhaint?
3. I gcás cuntasaíocht shimplithe i gcomhréir le hAirteagal 238 de Threoir 2006/112, cad iad na critéir ba cheart a úsáid chun a mheas cé na sonraisc (más iomchuí mar chuid de mheastachán) nach bhfuil an méid a sonrascadh go mícheart dlite ar an duine inchánach mar nach bhfuil aon riosca go gcaillfí ioncam cánach?
____________
1 IO 2006 L 347, S. 1.
1 Breithiúnas an 8 Nollaig 2022, C-378/21, ECLI:EU:C:2022:968.