Language of document :

(Cás C-460/20)

TU agus RE

v

Google LLC

(iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof)

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Nollaig 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Treoir 95/46/CE – Airteagal 12(b) – Airteagal 14(1)(a) – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 17(3)(a) – Úsáid a bhaint as inneall cuardaigh idirlín – Cuardaigh ar bhonn ainm duine – Nasc chuig ailt ina bhfuil faisnéis a líomhnaítear a bheith míchruinn á taispeáint i liosta na dtorthaí cuardaigh – Taispeáint grianghraf mar mhionsamhlacha (thumbnails) i gceann de na hailt sin i liosta na dtorthaí a bhaineann le cuardach íomhánna – Iarraidh ar dhíliostú a sheoltar chuig oibreoir innill cuardaigh – Cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta bunúsacha – Airteagail 7, 8, 11 agus 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Oibleagáidí agus freagrachtaí a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoir an innill cuardaigh agus é ag déileáil le hiarraidh ar dhíliostú – Dualgas cruthúnais ar an iarratasóir ar dhíliostú)

1.        Comhfhogasú dlíthe – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Treoir 95/46 – Rialachán 2016/679 – Sonraí pearsanta a phróiseáil – Coincheap – Gníomhaíocht innill cuardaigh – Faisnéis arna foilsiú nó arna cur ar an idirlíon ag tríú páirtithe a chuardach, a innéacsú, a stóráil agus a chur ar fáil d’úsáideoirí idirlín – Cuimsiú – Rialaitheoir na próiseála – Coincheap – Oibreoir innill cuardaigh – Cuimsiú

(Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 4(1), (2) agus (7); Treoir 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 2(b) agus (d))

(féach míreanna 44, 49, 50, 91)

2.        Comhfhogasú dlíthe – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán 2016/679 – Urraim do chearta bunúsacha – Cearta an ábhair sonraí maidir lena shaol príobháideach a urramú agus a shonraí pearsanta a chosaint – Iarraidh ar dhíliostú a sheoltar chuig oibreoir an innill cuardaigh – Cur i gcóimheá leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus iarraidh den sórt sin á próiseáil

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8 agus 11; Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2016/679; Treoir 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

(féach míreanna 51-56, 58)

3.        Comhfhogasú dlíthe – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán 2016/679 – Liosta torthaí cuardaigh a rinneadh trí inneall cuardaigh ar bhonn ainm duine aonair – Nasc chuig ailt ina bhfuil faisnéis a líomhnaítear a bheith míchruinn á taispeáint i liosta na dtorthaí cuardaigh – Iarraidh ar dhíliostú a sheoltar chuig oibreoir innill cuardaigh – Cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta bunúsacha agus an iarraidh seo á próiseáil – Critéir ábhartha – Cruinneas na faisnéise san ábhar atá liostaithe a chinneadh – Cuimsiú –– Dualgas cruthúnais a fhorchuirtear ar an iarratasóir ar dhíliostú – Raon feidhme – Oibleagáidí agus freagrachtaí oibreoir an innill chuardaigh agus iarraidh ar dhíliostú den sórt sin á próiseáil – Raon feidhme – Fianaise ábhartha leordhóthanach Cuimsiú – An gá atá le ceist chruinneas an ábhair liostaithe a réiteach go sealadach ar a laghad – Éagmais

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8 agus 11; Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 17(3)(a))

(féach míreanna 62-65, 68-73, 75-77, an chuid oibríochtúil 1)

4.        Comhfhogasú dlíthe – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Treoir 95/46 – Rialachán 2016/679 – Raon feidhme ratione temporis – Léirmhíniú comhthráthach ar fhorálacha a bhfuil raon feidhme comhchosúil acu

(Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; Treoir 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

(féach míreanna 78-80)

5.        Comhfhogasú dlíthe – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Treoir 95/46 – Rialachán 2016/679 – Liosta torthaí cuardaigh íomhá a rinneadh trí inneall cuardaigh ar bhonn ainm duine aonair – Taispeáint grianghraf i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin – Iarraidh ar dhíliostú a sheoltar chuig oibreoir an innill cuardaigh – Cothromaíocht a bhaint amach idir na cearta bunúsacha agus an iarraidh sin á próiseáil – Critéir ábhartha – Luach faisnéiseach na ngrianghraf a chur san áireamh beag beann ar chomhthéacs tosaigh a bhfoilsithe agus ar na heilimintí téacsúla a ghabhann lena dtaispeáint, a d’fhéadfadh an luach sin a shoiléiriú – Cuimsiú

(An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8 agus 11; Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 17(3)(a); Treoir 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 12(b) agus 14(1)(a))

(féach míreanna 90, 93, 94, 96, 98, 100-105, 108, an chuid oibríochtúil 2)

Résumé

Bhí na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, TU, a bhfuil poist ardleibhéil aige agus a bhfuil infheistíocht aige i gcuideachtaí éagsúla, agus RE, a bhí mar pháirtí le TU agus a bhí, go dtí Bealtaine 2015, ina gníomhaire údaraithe i gceann de na cuideachtaí sin, ina n-ábhar de thrí alt foilsithe ar shuíomh gréasáin i 2015 ag G LLC, oibreoir an tsuímh gréasáin sin. Léiriíodh sna hailt sin, ceann amháin acu le ceithre ghrianghraf inar léiríodh na hiarratasóirí agus ina tugadh le fios go raibh saol na bhfuíoll acu agus inar cuireadh i láthair go criticiúil an tsamhail infheistíochta arna cur chun feidhme ag roinnt dá gcuideachtaí. Bhíothas in ann rochtain a fháil ar na hailt sin trí chéadainmneacha agus sloinnte na n-iarratasóirí a chur san inneall cuardaigh arna oibriú ag Google LLC (‘Google’), ina n-aonar agus in éineacht le hainmneacha cuideachtaí áirithe. Rinneadh tagairt i liosta na dtorthaí do na hailt sin trí nasc, agus trí ghrianghraif a taispeánadh i bhfoirm mionsamhlacha (‘thumbnails’).

D’iarr na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ar Google, mar rialaitheoir ar phróiseáil sonraí pearsanta lena inneall cuardaigh, ar an gcéad dul síos, na naisc chuig na hailt atá i gceist a bhaint de liosta na dtorthaí cuardaigh, ar an bhforas go bhfuil líomhaintí míchruinne agus tuairimí clúmhillteacha iontu, agus, ar an dara dul síos, na mionsamhlacha a bhaint de liosta na dtorthaí cuardaigh. Dhiúltaigh Google géilleadh don iarraidh sin.

Tar éis dóibh a bheith diúltaithe ag an gcéad chéim agus ar achomharc, rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc ar phointe dlí os comhair an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin), inar chuir an Bundesgerichtshof iarraidh ar léirmhíniú ar RGCS(1) agus ar Threoir 95/46(2) faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú.

Lena breithiúnas, a tugadh sa Mhór-Dhlísheomra, forbraíonn an Chúirt a cásdlí maidir leis na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarrataí ar dhíliostú a sheoltar chuig oibreoir innill chuardaigh ar bhonn na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta.(3) Go háirithe, déanann sí measúnú, ar an gcéad dul síos, ar mhéid na n-oibleagáidí agus na bhfreagrachtaí a bhfuil feidhm acu maidir le hoibreoir an innill chuardaigh i ndail le próiseáil iarraidh ar dhíliostú atá bunaithe ar mhíchruinneas líomhnaithe na faisnéise atá san ábhar a liostaítear, agus, ar an dara dul síos, ar an dualgas cruthúnais a fhorchuirtear ar an duine lena mbaineann maidir leis an míchruinneas sin. Tugann sí rialú ina theannta sin maidir leis an ngá, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar ghrianghraif a thaispeántar i bhfoirm mionsamhlacha a scriosadh de thorthaí cuardaigh íomhá, comhthéacs an fhoilsithe ar an idirlíon ina bhfuil na grianghraif sin le feiceáil ar dtús a chur san áireamh.

Cinntí na Cúirte

Ar an gcéad dul síos, rialaíonn an Chúirt, agus cothromaíocht á baint amach idir, ar thaobh amháin, na cearta go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, agus, ar an taobh eile, an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil,(4) chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar dhíliostú a seoltar chuig oibreoir an innill cuardaigh lena n-iarrtar go scriosfar ó thorthaí cuardaigh an nasc chuig ábhar ina bhfuil líomhaintí a mheasann an duine a rinne an tarchur a bheith míchruinn, nach bhfuil an díliostú sin faoi réir an choinníll go mbeadh ceist chruinneas an ábhair atá i gceist réitithe, go sealadach ar a laghad, i gcaingean arna tabhairt ag an duine sin i gcoinne sholáthraí an ábhair sin.

Mar réamhphointe, d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar na himthosca inar gá d’oibreoir innill cuardaigh glacadh le hiarraidh ar dhíliostú agus, dá bhrí sin, scriosadh a dhéanamh sa liosta torthaí, a thaispeántar tar éis cuardach a dhéanamh ar bhonn ainm an ábhair sonraí, ar an nasc chuig leathanach idirlín, ar a bhfuil líomhaintí a mheasann an duine sin a bheith míchruinn, mheabhraigh an Chúirt, inter alia, an méid seo a leanas:

• sa mhéid go bhféadfadh gníomhaíocht innill cuardaigh, dá bhrí sin, difear a dhéanamh go suntasach agus go forlíontach i gcomparáid le gníomhaíocht foilsitheoirí láithreán gréasáin, do na cearta bunúsacha go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ní mór d’oibreoir an innill cuardaigh, ós é an té a chinneann críocha agus modhanna na gníomhaíochta sin, a áirithiú, i gcomhthéacs a fhreagrachtaí, a inniúlachtaí agus a fhéidearthachtaí, go mbeidh éifeacht iomlán ag na ráthaíochtaí arna leagan síos le Treoir 95/46 agus le RGCS, agus cosaint iomlán a bhaint amach iarbhír do na daoine lena mbaineann,;

• i gcás ina bhfaigheann oibreoir an innill cuardaigh iarraidh ar dhíliostú, ní mór dó a fhíorú an gá an nasc chuig an leathanach gréasáin atá i gceist a chur san áireamh i liosta na dtorthaí chun an tsaoirse chun faisnéis a fháil a fheidhmiú d’úsáideoirí idirlín a bhféadfadh suim a bheith acu rochtain a fháil ar an leathanach idirlín sin trí bhíthin cuardach den sórt sin, atá faoi chosaint ag an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil;

• le RGCS, cumhdaítear go sainráite ar an gcaoi sin an ceanglas maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, na cearta bunúsacha go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, agus, ar an taobh eile, an ceart bunúsach chun faisnéis a fháil.

Ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt dá haire, cé go bhfuil tosaíocht ag cearta an ábhair sonraí maidir lena shaol príobháideach a urramú agus a shonraí pearsanta a chosaint, mar riail ghinearálta, ar leasanna dlisteanacha úsáideoirí idirlín a bhféadfadh leas a bheith acu chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis lena mbaineann, d’fhéadfadh an chothromaíocht sin a bheith ag brath, áfach, i gcásanna áirithe, ar chineál na faisnéise atá i gceist agus ar a híogaireacht do shaol príobháideach an ábhair sonraí agus ar leas an phobail an fhaisnéis sin a bheith acu, leas a d’fhéadfadh a bheith éagsúil, go háirithe, de réir an róil atá ag an ábhar sonraí sa saol poiblí.

Gné ábhartha í an cheist maidir le cruinneas nó míchruinneas an ábhair atá liostaithe sa mheasúnú sin. Dá bhrí sin, in imthosca áirithe, d’fhéadfadh forlámhas a bheith ag ceart úsáideoirí idirlín chun faisnéis a fháil agus ag an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ar an gceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe i gcás ina mbíonn ról ag an ábhar sonraí sa saol poiblí. A mhalairt atá fíor i gcás ina bhfuil ar a laghad cuid den fhaisnéis, dá dtagraítear san iarraidh ar dhíliostú agus nach mionfhaisnéis í, a bhfuil sé soiléir go bhfuil sí míchruinn, i bhfianaise an ábhair ina iomláine. I gcás den sórt sin, ní féidir an ceart chun faisnéis a thabhairt agus an ceart chun faisnéis a fháil a chur san áireamh, ós rud é nach féidir an ceart chun faisnéis den sórt sin a scaipeadh agus rochtain a bheith acu uirthi a áireamh iontu.

Ina theannta sin, maidir leis na hoibleagáidí chun a shuí gur faisnéis mhíchruinn go follasach í an fhaisnéis atá san ábhar liostaithe, sonraíonn an Chúirt go gceanglaítear ar an duine a iarrann an díliostú, mar gheall ar mhíchruinneas na faisnéise sin, míchruinneas follasach na faisnéise a shuíomh nó, ar a laghad, míchruinneas follasach de chuid den fhaisnéis sin nach mionfhaisnéis í a shuíomh i bhfianaise an ábhair sin ina iomláine. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear ualach iomarcach ar an duine sin a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’éifeachtacht an chirt chun díliostú a fháil, ní fhorchuirtear ar an duine sin ach oibleagáid chun fianaise a d’fhéadfaí a lorg uaidh go réasúnta a sholáthar, i bhfianaise imthosca an cháis lena mbaineann. I bprionsabal, níl an duine sin freagrach, ón gcéim réamhdhlíthíochta, mar thaca lena iarraidh ar dhíliostú, as cinneadh breithiúnach a fháil i gcoinne fhoilsitheoir an tsuímh ghréasáin, fiú i bhfoirm cinnidh a dhéantar mar bheart eatramhach.

Ar an taobh eile, maidir leis na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a fhorchuirtear ar oibreoir an innill chuardaigh, sonraíonn an Chúirt nach mór don oibreoir sin, d’fhonn a fháil amach an bhféadfar leanúint d’ábhar a áireamh i liosta torthaí an chuardaigh a rinneadh trína inneall cuardaigh tar éis iarraidh ar dhíliostú a dhéanamh, brath ar na cearta agus ar na leasanna uile lena mbaineann agus ar imthosca uile an cháis. Mar sin féin, ní féidir oibleagáid a chur ar an oibreoir sin imscrúdú a dhéanamh ar na fíorais agus, chuige sin, plé frithráiteach a thionscnamh leis an soláthraí ábhair chun faisnéis a fháil atá in easnamh maidir le cruinneas an ábhair atá liostaithe. Dá mbeadh oibleagáid ann rannchuidiú le cruthú go bhfuil an t-inneachar cruinn nó nach bhfuil, chuirfí ualach ar an oibreoir sin a rachadh thar a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta i bhfianaise a fhreagrachtaí, a inniúlachtaí agus a fhéidearthachtaí. Bheadh riosca tromchúiseach i gceist leis an réiteach sin go ndéanfaí díliostú d’ábhar a chomhlíonann riachtanas faisnéise atá dlisteanach agus ceannasach don phobal agus go mbeadh sé deacair, dá bhrí sin, an t-ábhar sin a fháil ar an idirlíon. Dá bhrí sin, bheadh fíorbhaol ann go mbeadh éifeacht athchomhairleach ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil dá ndéanfadh oibreoir an innill chuardaigh díliostú den sórt sin ar bhealach atá beagnach córasach, ionas nach mbeadh ar an oibreoir sin na fíorais ábhartha a imscrúdú d’fhonn a shuí an raibh an t-ábhar liostaithe cruinn nó nach raibh.

Dá bhrí sin, i gcás ina gcuirfidh an t-iarratasóir ar dhíliostú fianaise ar fáil chun a shuí gur faisnéis mhíchruinn go follasach í an fhaisnéis atá san ábhar liostaithe nó, ar a laghad, cuid den fhaisnéis sin nach mionfhaisnéis í i bhfianaise an ábhair sin ina iomláine, ceanglaítear ar oibreoir an innill chuardaigh an iarraidh sin a cheadú. Is amhlaidh atá freisin i gcás ina dtíolacann an t-iarratasóir cinneadh breithiúnach arna ghlacadh i gcoinne fhoilsitheoir an tsuímh gréasáin agus atá bunaithe ar an gcinneadh go bhfuil an fhaisnéis sin san ábhar liostaithe, nach mionfhaisnéis í i bhfianaise an ábhair sin ina iomláine, míchruinn, ar a laghad prima facie. Ar an taobh eile, i gcás nach bhfuil míchruinneas na faisnéise sin soiléir ag féachaint don fhianaise a chuir an t-ábhar sonraí ar fáil, ní cheanglaítear ar oibreoir an innill chuardaigh, in éagmais cinneadh breithiúnach den sórt sin, iarraidh den sórt sin ar dhíliostú a cheadú. I gcás inar dócha go gcuirfidh an fhaisnéis atá i gceist le díospóireacht a bhaineann le leas an phobail, is iomchuí, ag féachaint d’imthosca eile uile an cháis, béim a leagan ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

Ar deireadh, cuireann an Chúirt in iúl freisin, i gcás nach gceadaíonn oibreoir an innill chuardaigh iarraidh ar dhíliostú, nach mór don duine lena mbaineann a bheith in ann an t-ábhar a chur faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta nó an údaráis bhreithiúnaigh ionas go bhféadfaidh sé na fíoruithe is gá a dhéanamh agus ordú don rialaitheoir na bearta is gá a ghlacadh dá réir. I ndáil leis sin, is faoi na húdaráis bhreithiúnacha atá sé cothromaíocht a bhaint amach idir na leasanna iomaíocha, ós rud é gurb iad siúd an dream is oiriúnaí chun cóimheá chasta agus chríochnúil a dhéanamh, ina gcuirtear san áireamh na critéir agus na tosca uile arna mbunú le cásdlí ábhartha.

Sa dara háit, rialaíonn an Chúirt, i gcomhthéacs chothromaíocht na gceart bunúsach thuasluaite, nach mór, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar dhíliostú chun go scriosfar grianghraif ó thorthaí cuardaigh íomhánna, arna ndéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, ar grianghraif iad atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, nach mór luach faisnéiseach na ngrianghraf sin a chur san áireamh beag beann ar an gcomhthéacs ina bhfoilsítear iad ar an leathanach gréasáin óna mbaintear iad. Mar sin féin, ba cheart aird chuí á tabhairt ar aon ghné théacsúil a ghabhann go díreach le taispeáint na ngrianghraf seo sna torthaí cuardaigh agus lenar dócha go soiléireofaí luach faisnéiseach na ngrianghraf sin.

Chun teacht ar an gconclúid sin, cuireann an Chúirt in iúl go bhfuil cuardaigh íomhánna a dhéantar trí inneall cuardaigh idirlín ar bhonn ainm duine faoi réir na bprionsabal céanna is infheidhme maidir le cuardaigh ar an idirlín agus ar an bhfaisnéis atá iontu. Cuireann sí in iúl, tar éis cuardach a dhéanamh ar bhonn a ainm, i bhfoirm mionsamhlacha, ós rud é gur dócha gurb ionann an taispeáint sin agus cur isteach an-suntasach ar chearta an duine sin maidir lena shaol príobháideach a chosaint agus ar a shonraí pearsanta.

Dá réir sin, i gcás ina bhfaigheann oibreoir innill cuardaigh iarraidh ar dhíliostú chun go scriosfar grianghraif ó thorthaí cuardaigh íomhánna arna dhéanamh ar bhonn ainm duine nádúrtha, ar grianghraif iad atá i bhfoirm mionsamhlacha lena dtaispeántar an duine sin, ní mór dó a fhíorú an bhfuil gá leis na grianghraif atá i gceist a thaispeáint chun an ceart chun saoráil faisnéise a fheidhmiú d’úsáideoirí idirlín a bhféadfadh suim a bheith acu rochtain a fháil ar na grianghraif sin trí bhíthin cuardach den sórt sin.

A mhéid a thaispeántar, san inneall cuardaigh, grianghraif den ábhar sonraí lasmuigh den chomhthéacs ina bhfoilsítear iad ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear, go minic chun na heilimintí téacsúla atá ar an leathanach sin a léiriú, ní mór a chinneadh an gá an comhthéacs sin a chur san áireamh mar sin féin agus na cearta agus na leasanna iomaíocha atá le cur i gcrích á gcur i gcóimheá. Sa chomhthéacs sin, is ar chuspóir agus ar chineál na próiseála lena mbaineann a mbraitheann an cheist ar gá go gcuirfí san áireamh, sa mheasúnú sin, ábhar an leathanaigh gréasáin ar a bhfuil an grianghraf a bhfuiltear ag iarraidh scriosadh a thaispeána i bhfoirm mionsamhla.

Maidir le hábhar na próiseála atá i gceist, ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt dá haire gur dócha go mbeidh tionchar níos láidre ag grianghraif a fhoilsítear mar mhodh cumarsáide neamhbhriathartha ar úsáideoirí idirlín ná mar a bheadh ag foilseacháin théacsúla. Is bealach tábhachtach iad grianghraif, mar sin, chun aird úsáideoirí an idirlín a mhealladh agus d’fhéadfadh siad suim a mhealladh chun rochtain a fháil ar na hailt a léirítear leo. Ós rud é, go háirithe, gur minic gur féidir roinnt léirmhínithe a thabhairt orthu, d’fhéadfadh a dtaispeáint i liosta na dtorthaí cuardaigh mar mhionsamhlacha, cur isteach an-tromchúiseach a dhéanamh ar cheart an ábhair sonraí go gcosnófaí a íomhá, rud nach mór a chur san áireamh agus cearta agus leasanna iomaíocha á gcothromú. Tá gá le cothromaíocht ar leith i gcás go bhfuil, ar an gcéad dul síos, ailt a bhfuil grianghraif ag gabháil leo arna bhfoilsiú ag foilsitheoir an leathanaigh gréasáin agus ina léirítear, agus iad curtha ina gcomhthéacs bunaidh, an fhaisnéis a chuirtear ar fáil sna hailt sin agus na tuairimí a nochtar iontu, agus, ar an dara dul síos, grianghraif a thaispeántar i bhfoirm mionsamhlacha i liosta na dtorthaí ag oibreoir innill chuardaigh lasmuigh den chomhthéacs inar foilsíodh iad ar an leathanach gréasáin bunaidh.

I ndáil leis sin, tugann an Chúirt faoi deara, ní hamháin nach ionann an foras lena dtugtar údar le sonraí pearsanta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin agus an foras a bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíocht inneall cuardaigh, ach, fiú i gcás inarb amhlaidh an cás, go bhféadfadh difríocht a bheith ann mar thoradh ar an gcothromú atá le déanamh ar na cearta agus na leasanna atá i gceist, ag brath ar cé acu an bhfuil an phróiseáil a dhéanann oibreoir an innill chuardaigh nó an phróiseáil a dhéanann foilsitheoir an tsuímh gréasáin sin i gceist. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh na leasanna dlisteanacha lena dtugtar údar leis an bpróiseáil sin a bheith éagsúil agus, ar an dara dul síos, ní gá go bhfuil na hiarmhairtí a bheadh ag na saghsanna próiseála sin ar an ábhar sonraí, agus go háirithe ar a shaol príobháideach, mar an gcéanna.(5)

Ina theannta sin, maidir le cineál na próiseála a dhéanann oibreoir an innill chuardaigh, sonraíonn an Chúirt, trí ghrianghraif de dhaoine nádúrtha a fhoilsítear ar an idirlíon a shainaithint agus iad a thaispeáint ar leithligh, i dtorthaí cuardach íomhá, i bhfoirm mionsamhlacha, go gcuireann oibreoir innill cuardaigh seirbhís ar fáil lena ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil go neamhspleách agus ar leithligh ó sheirbhís fhoilsitheoir an leathanaigh gréasáin óna bhfaightear na grianghraif agus ón méid sin, go bhfuil an toibreoir freagrach as liostú an leathanaigh sin chomh maith.

Dá bhrí sin, tá gá le measúnú neamhspleách ar ghníomhaíocht oibreoir an innill chuardaigh, arb é atá ann torthaí an chuardaigh íomhánna a thaispeáint, i bhfoirm mionsamhlacha, ós rud é go bhféadfadh an cur isteach breise ar chearta bunúsacha a eascraíonn as gníomhaíocht den sórt sin a bheith thar a bheith dian mar thoradh ar chomhiomlánú na faisnéise uile a bhaineann leis an ábhar sonraí ar an idirlíon, le linn cuardaigh de réir ainm. I gcomhthéacs an mheasúnaithe neamhspleách sin, ní mór a chur san áireamh gurb é an taispeáint sin, ann féin, an toradh atá á lorg ag an úsáideoir idirlín, beag beann ar an gcinneadh a rinne sé ina dhiaidh sin maidir le rochtain a fháil nó gan rochtain a fháil ar an leathanach gréasáin bunaidh ina dhiaidh sin.

Tugann an Chúirt faoi deara, áfach, go bhfuil cur i gcóimheá sonrach den sórt sin, lena gcuirtear san áireamh cineál uathrialach na próiseála a dhéanann oibreoir an innill chuardaigh, gan dochar d’ábharthacht fhéideartha na n-eilimintí téacsúil a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil go díreach le grianghraf a thaispeáintar ar liosta na dtorthaí cuardaigh, ós rud é gur dócha go dtabharfaidh eilimintí den sórt sin léargas ar luach faisnéiseach an ghrianghraif sin don phobal agus, dá bhrí sin, go n-imreoidh siad tionchar ar chothromaíocht na gceart agus na leasanna lena mbaineann.


1 Airteagal 17(3)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).


2 Airteagal 12(b) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 14(a) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nadúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 19995, L 281, lch. 31).


3 Breithiúnais an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12, EU:C:2014:317 agus an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile. (Díliostú sonraí íogaire) (C 136/17, EU:C:2019:773) agus Google (Raon feidhme críochach an díliostaithe) (C 507/17, EU:C:2019:772).


4 Cearta bunúsacha arna ráthú, faoi seach, le hAirteagail 7, 8 agus 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


5 Féach breithiúnas in Google Spain agus Google, mír 86.