Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Feabhra 2024 - Gesellschaft für musikalische Aufführungs- und mechanische Vervielfältigungsrechte eV (GEMA) v VHC 2 Seniorenresidenz und Pflegeheim GmbH

(Cás C-127/24, VHC 2 Seniorenresidenz)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Gesellschaft für musikalische Aufführungs- und mechanische Vervielfältigungsrechte eV (GEMA)

Cosantóir agus freagróir ar phointe dlí: VHC 2 Seniorenresidenz und Pflegeheim GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

An ionann cónaitheoirí tigh scoir arna oibriú ar bhonn tráchtála a bhfuil naisc teilifíse agus raidió ina seomraí, dá n-atarchuireann oibreoir an tigh scoir go comhuaineach cláir chraolta neamhathraithe neamhghiorraithe a fhaightear trína chóras glactha satailíte féin agus ‘líon neamhchinntithe faighteoirí ionchasacha’ chun críocha an tsainmhínithe ar ‘chumarsáid leis an bpobal’ faoi Airteagal 3(1) de Threoir 2001/29/CE 1 ?

An bhfuil an sainmhíniú arna úsáid go dtí seo ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar dá réir a éilíonn ‘cumarsáid leis an bpobal’ de réir bhrí Threoir 2001/29/CE ‘go dtarchuirfear an saothar atá faoi chosaint trí mhodhanna teicniúla atá difriúil uathu siúd a úsáideadh roimhe sin nó in éagmais sin, do phobal nua, is é sin, pobal nár chuir na sealbhóirí cóipchirt san áireamh nuair a d’údaraigh siad an bhunchumarsáid leis an bpobal dá saothar’, fós infheidhme go ginearálta, nó an amhlaidh nach bhfuil an modh teicniúil a úsáideadh ábhartha ach i gcásanna ina n-atarchuirtear an t-ábhar a fuarthas ar bhonn trastíre nó trí shatailít nó cábla thar an idirlíon?

An bhfuil ‘pobal nua’ ann chun críocha an tsainmhínithe ar ‘chumarsáid leis an bpobal’ faoi Airteagal 3(1) de Threoir 2001/29/CE i gcás ina n-atarchuireann oibreoir tigh scoir, chun críoch brabúis, cláir chraolta neamhathraithe neamhghiorraithe trína ghréasáin cábla arna bhfáil trína chóras glactha satailíte chuig na naisc teilifíse agus raidió i seomraí chónaitheoirí an tigh scoir? Chun críocha an mheasúnaithe sin, an bhfuil sé ábhartha an féidir nó nach féidir leis na cónaitheoirí cláir theilifíse agus raidió a fháil ina seomraí ar bhonn trastíre, gan beann ar an tarchur cábla? Ina theannta sin, chun críocha an mheasúnaithe, an bhfuil sé ábhartha an bhfaigheann na sealbhóirí cirt luach saothair cheana féin as toiliú don bhunchraoladh?

____________

1 Treoir 2001/29/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10).