Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil du contentieux des étrangers (an Bheilg) a taisceadh an 26 Eanáir 2024 – X v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides
(Cás C-54/24, Rabat) 1
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil du Contentieux des Étrangers
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X
Cosantóir: Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An gcumhdaítear le raon feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE 1 nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú arna dhéanamh ag iarratasóir ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais, ar iarratasóir é atá, le linn an nóis imeachta sin, á choinneáil i suíomh atá suite go geografach ar an gcríoch sin, má tá an nós imeachta sin comhtháthaithe sa téacs i suíomh atá suite ag an teorainn?
An dtagann scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chur isteach ag iarratasóir ar ligeadh isteach ar a chríoch é go huathoibríoch agus atá tar éis an tréimhse ceithre seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32/AE, fós faoi choinneáil san áit choinnéala céanna, a measadh i dtosach a bheithe suite ag an teorainn ach atá aicmithe anois ag na húdaráis mar shuíomh laistigh den chríoch náisiúnta, faoi raon feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE?
- An féidir an áit choinneála céanna, faoin nós imeachta céanna maidir le cosaint idirnáisiúnta, a bheith, ar dtús, comhtháthaithe sa téacs i suíomh atá suite ag an teorainn agus, ansin tar éis don iarratasóir údarú a fháil chun dul isteach sa chríoch sin mar thoradh ar tréimhse ceithre seachtaine a bheith caite, nó de bhun cinneadh chun scrúdú a dhéanamh, a mheas mar shuíomh atá suite laistigh den chríoch náisiúnta?
- Cén tionchar atá ag coinneáil an iarratasóra san áit chéanna, atá suite go geografach ar an gcríoch a measadh i dtosach a bheith suite ag an teorainn agus arna n-aicmiú ag údaráis na Beilge ina dhiaidh sin mar áit choinneála laistigh den chríoch mar thoradh ar an tréimhse ceithre seachtaine a bheith caite ar inniúlacht ama agus ábhartha an údaráis chinntithigh?
1. An féidir le húdarás cinntitheach, ar thionscain an t-údarás sin scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi nós imeachta teorann agus ar cheadaigh sí an tréimhse ceithre seachtaine a leagtar síos in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32/AE chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin nó ar ghlac an t-údaras sin cinneadh roimh ré chun scrúdú a dhéanamh, leanúint ar aghaidh leis an scrúdú sin ar bhonn chóir tosaíochta de réir bhrí Airteagal 31(7) den Treoir sin, cé go ndearnadh na gníomhartha imscrúdaithe, agus an t-agallamh pearsanta san áireamh, roimh dhul in éag na tréimhse sin, i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir fós, ar bhonn chinneadh údaráis eile, san áit choinneála chéanna, a comhtháthaíodh i dtosach mar áit choinneála a bhí suite ag an teorainn, ar an bhforas gur gá é a choinneáil ‘chun na heilimintí sin ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe a chinneadh, ar eilimintí iad nach bhféadfaí a fháil in éagmais coinneála, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go n-éalóidh an t-iarratasóir?’
2. An féidir le húdarás cinntitheach, ar thionscain an t-údarás sin scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi nós imeachta teorann agus ar cheadaigh sí an spriocdháta ceithre seachtaine a leagtar síos in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32/AE chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin nó ar ghlac an t-údaras sin cinneadh roimh ré chun scrúdú a dhéanamh gan agallamh pearsanta a dhéanamh leis an iarratasóir laistigh den tréimhse sin, leanúint ar aghaidh leis an scrúdú sin, i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir fós, ar bhonn chinneadh údaráis eile, san áit choinneála chéanna, a comhtháthaíodh i dtosach mar áit choinneála a bhí lonnaithe ag an teorainn, ar an bhforas gur gá é a choinneáil ‘chun na heilimintí sin ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe a chinneadh, ar eilimintí iad nach bhféadfaí a fháil in éagmais coinneála, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go n-éalóidh an t-iarratasóir?’
An bhfuil cur i bhfeidhm rialachán náisiúnta den sórt sin comhoiriúnach le cineál eisceachtúil choinneáil an iarratasóra a eascraíonn as Airteagal 8 de Threoir 2013/33/AE 1 agus as cuspóir ginearálta Threoir 2013/32?
An gcaithfear Airteagail 31, 43 agus 46 de Threoir 2013/32 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt 1 , a léiriú sa chaoi go gcaithfidh bhféadfaidh an Chomhairle [um Imeachtaí Tearmainn agus Inimirce], agus caingean á héisteacht aici i gcoinne cinnidh arna dhéanamh i nós imeachta arna thionscnamh ag an teorainn, an cheist a ardú as a stuaim féin maidir leis an tréimhse ama ceithre seachtaine a bheith sáraithe?
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).
1 Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO 2013 L 180, lch. 96).
1 Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.