Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Gerechtshof Arnhem-Leeuwarden (an Ísiltír) a taisceadh an 2 Aibreán 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne S.A.H.

(Cás C-235/24 PPU, Niesker 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Gerechtshof Arnhem-Leeuwarden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

S.A.H.

Páirtí eile sna himeachtaí: Openbaar Ministe

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil an téarma ‘cúirt nó binse’ dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(2) go (4) agus Airteagal 9 de Chinneadh 2008/909/CGB 1 le léiriú sa chaoi go gcuimsíonn sé freisin gnáthchúirt ainmnithe, seachas an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Chinneadh Réime thugann rialú in imeachtaí i scríbhinn go heisiach ar na ceisteanna dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 8(2) go (4) agus Airteagal 9, i bprionsabal gan aon aighneachtaí ón duine dár tugadh pianbhreith?

Ar cheart Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi, in imeachtaí um aitheantas faoi Chinneadh Réime 2008/909/CGB, go gcuirtear an measúnú ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2) go (4) agus Airteagal 9 den Chinneadh Réime sin de chúram ar ghnáthchúirt arna hainmniú go sonrach sa Stát forghníomhaitheach, i dteannta na deise don duine ar cuireadh pianbhreith chun a thuairim a chur in iúl sa Stát eisiúna ar bhonn Airteagal 6(3) de Chinneadh Réime 2008/909/CGB, ar chóir go mbeadh leigheas éifeachtach don duine ar cuireadh pianbhreith air sa Stát forghníomhaitheach?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin:

I bhfianaise Chinneadh Réime 2008/909/CGB, ar cheart Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi, maidir leis an leigheas éifeachtach sa Stát forghníomhaitheach, gur leor deis a thabhairt don duine ar cuireadh pianbhreith air barúlacha i scríbhinn a thaisceadh, roimh an rialú cúirt agus an gcinneadh um aitheantas a ghlacadh, i bhfoirm athmheasúnú ar an rialú bunaidh?

Agus

I bhfianaise Chinneadh Réime 2008/909/CGB, ar cheart Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi gur cheart cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil sa Stát forghníomhaitheach, do dhuine ar cuireadh pianbhreith air agus nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha airgeadais aige agus a bhfuil cúnamh dlíthiúil de dhíth air chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú, fiú mura ndéantar foráil leis sin faoin dlí?

An bhfuil an critéar a leagtar amach in Airteagal 8(3) de Chinneadh Réime 2008/909/CGB le léiriú sa chaoi, más rud é go n-oiriúnaítear an pionós nó an beart toisc, de réir a nádúir, go bhfuil sé ar neamhréir le dlí an Stáit fhorghníomhaithigh, gur gá a mheasúnú cén beart a d’fhorchuirfí ag an gcúirt sa Stát forghníomhaitheach dá reáchtálfaí an triail sa Stát forghníomhaitheach, nó ar chóir measúnú a dhéanamh, ag lorg faisnéis bhreise de réir mar is gá, chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear an beart i bhfeidhm sa Stát eisiúna?

Conas agus cé mhéad ba chóir don Stát forghníomhaitheach forbairtí agus faisnéis i ndiaidh an chinnidh aitheantais a chur san áireamh i gcás athmheasúnú féideartha ar an toirmeasc ar an bpianbhreith a ghéarú faoi Airteagal 8(4) de Chinneadh Réime 2008/909/CGB?

____________

1 Tugtar ainm bréige sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Cinneadh Réime ón gComhairle 2008/909/CGB an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais in ábhair choiriúla lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta a bhaineann le cailleadh saoirse chun iad a fhorfheidhmiú san Aontas Eorpach (IO 2008 L 327, lch. 27).