Achomharc arna thabhairt an 9 Eanáir 2024 ag Sattvica SA i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a fógraíodh an 7 Samhain 2023 i gCás T-299/22, Sattvica v EUIPO – Maradona Villafañe agus páirtithe eile
(Cás C-12/24 P)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: Sattvica SA (ionadaí: S. Sánchez Quiles, abogado)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Maradona Villafañe agus páirtithe eile
Le hordú an 8 Aibreán 2024, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh don achomharcóir a chostais féin a íoc.
____________