Achomharc arna thabhairt an 7 Feabhra 2024 ag Transport Werk GmbH i gcoinne Bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-779/22, Transport Werk GmbH v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
(Cás C-102/24 P)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Achomharcóir: Transport Werk GmbH (ionadaí: D. Donath, Rechtsanwältin)
Páirtithe sna príomhimeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Haus & Grund Deutschland Zentralverband der Deutschen Haus-, Wohnungs- und Grundeigentümer e. V.
Le hordú an 30 Aibreán 2024, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.
____________