Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance de Liège (an Bheilg) a taisceadh an 20 Feabhra 2024 – John Cockerill SA v État belge
(Cás C-135/24, John Cockerill)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal de première instance de Liège
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: John Cockerill S.A.
Cosantóir: État belge
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil éifeacht dhíreach ag Airteagal 4 de Threoir 2011/96/AE 1 agus, i gcomhar le foinsí eile de dhlí an Aontais Eorpaigh, an léirítear é mar chosc ar reachtaíocht Ballstáit:
(i) lena dtugtar isteach scéim comhdhlúthaithe cánach (aistriú inghrúpa) lena gceadaítear do ghrúpaí cuideachta, faoi choinníollacha áirithe, na brabúis inchánach ar fad a rinne fochuideachtaí áirithe, nó cuid díobh, a aistriú chuig fochuideachtaí eile a thabhaigh caillteanais sa bhliain chánach (an t-aistriú inghrúpa), agus
(ii) lena n-eisiatar ón mbuntáiste sin cuideachtaí a dhéanann caillteanas, suas le méid na ndíbhinní a fhaightear, a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine a fháil faoi reachtaíocht an Bhallstáit lena dtrasuitear Treoir 2011/96/AE?
An bhféadfadh an reachtaíocht sin teacht faoi raon feidhme Airteagal 1(2) de Threoir 2011/96/AE, ina sonraítear ‘nach gcuirfidh sí bac ar chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta nó na bhforálacha atá bunaithe ar chomhaontú atá riachtanach chun calaois nó mí-úsáid a chosc’[?]
____________
1 Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar mháthairchuideachtaí agus fochuideachtaí Ballstát éagsúil (IO 2011 L 345, lch. 8).