Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Okrajno sodišče v Mariboru (an tSlóivéin) an 31 Eanáir 2024 – LH v NOVA KREDITNA BANKA MARIBOR d.d.

(Cás C-81/24, Jenec1 )

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

An chúirt a rinne an tarchur

Okrajno sodišče v Mariboru

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LH

Cosantóir: NOVA KREDITNA BANKA MARIBOR d.d.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gceadaítear leis an bhforáil in Airteagal 16(4) de Threoir 2014/92/AE1 do na Ballstáit a cheangal ar bhainc diúltú d’iarratas tomhaltóra ar chuntas íocaíochta le gnéithe bunúsacha ar an bhforas go bhfuil an tomhaltóir sin ar áireamh ar liosta OFAC - liosta Roinn Státchiste, Oifig an Státchiste um Rialú Sócmhainní Eachtracha - ar an bhforas gur sárú ar an reachtaíocht maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc atá leagtha amach i dTreoir 2015/849/AE a bheadh i gceist le cuntas den sórt sin a oscailt? 2

Más freagra dearfach atá ar an gcéad cheist: an bhfuil eisceacht ann i gcás nár ciontaíodh an tomhaltóir sin áit ar bith ar domhan as an gcion a bhfuil sé ar an liosta thuasluaite ina leith, agus/nó i gcás nach bhfuil aon bhearta sriantacha de chineál ar bith glactha ag an mBallstát lena mbaineann, ag an Aontas Eorpach nó ag eagraíocht idirnáisiúnta eile ar ball di an Ballstát lena mbaineann nó an tAontas Eorpach?

An gciallaíonn freagra dearfach ar an gcéad cheist neamhchomhlíonadh Airteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena mbunaítear an ceart chun toimhde na neamhchiontachta?

An gciallaíonn freagra diúltach ar an dara ceist neamhchomhlíonadh Airteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena mbunaítear an ceart chun toimhde na neamhchiontachta?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO 2014 L 257, lch. 214).

1     Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73),