Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2024 – Instituto dos vinhos do Douro e do Porto v EUIPO – The Benriach Distillery Company (PORTSOY)
(Cás T-40/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Instituto dos vinhos do Douro e do Porto I. P. (Peso da Régua, an Phortaingéil) (ionadaí: P. Sousa e Silva, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: The Benriach Distillery Company Ltd (Dún Éideann, an Ríocht Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘PORTSOY’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 386 353
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Samhain 2023 i gCás R 1885/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú ionas go ndiúltófaí don iarratas ar thrádmharc atá faoi cheist;
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí os comhair EUIPO agus an Bhoird Achomhairc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 103(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le húsáid tráchtála;
Sárú ar Airteagal 103(2)(a)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le táirgí inchomparáide;
Sárú ar Airteagal 103(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le leas a bhaint as an gcáil atá ag sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint;
Sárú ar Airteagal 103(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint a thabhairt chun cuimhne.
____________