Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 19 Márta 2024 – E. T. v Dyrektorowi Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

(Cás C-213/24, Grzera) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: E. T.

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil forálacha Threoir [2006/112] 1 agus go háirithe Airteagail 2(1) agus 9(1) den Treoir sin le léiriú sa chaoi go bhfuil gníomhaíocht eacnamaíochta á déanamh uaidh féin ag duine a dhíolann réadmhaoin nár úsáideadh roimhe sin chun críocha gnó agus a shocraíonn go n-ullmhódh trádálaí proifisiúnta an díolachán, ar duine é a dhéanann sraith gníomhaíochtaí eagraithe ansin mar ghníomhaire an duine ar mhaithe leis an réadmhaoin a dheighilt agus a dhíol ar phraghas níos airde?

An bhfuil forálacha Threoir [2006/112] agus go háirithe Airteagal 9(1) den Treoir sin le léiriú sa chaoi nach mór a mheas gur duine atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíochta ar leith iad gach duine den bheirt chéilí chomhoibríocha?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).