Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia nº 6 de Ceuta (an Spáinn) an 15 Eanáir 2024 – Justa v Banco Bilbao Vizcaya Argentaria SA
(Cás C-39/24)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de Primera Instancia nº 6 de Ceuta
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Justa
Cosantóir: Banco Bilbao Vizcaya Argentaria SA
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcuirtear i gcoinne léiriú ón Tribunal Supremo [an Chúirt Uachtarach, an Spáinn] maidir leis an comisión de apertura (‘táille láimhseála’), ar dá réir, d’fhonn na heaspa mí-úsáideachta – dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) de Threoir 93/13/CEE 1 , a eascraíonn ó easpa trédhearcachta – a mheas, gur leor lua lom de shuim an chlásail i bhfoclaíocht ghníomhas an mhorgáiste agus nach sáraíonn an méid airgid sin an teorainn arna socrú, fiú nuair nach sainítear a ábhar ná a raon ama sa chlásail úd?
Má chuirtear an tomhaltóir ar an eolas roimh ré faoin gclásail i gceist agus nach bhfuiltear á áireamh mar chuid de ghníomhaíocht iasachta bainc mar a luaitear i dTreoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , agus má mheastar nach mbaineann sé leis an ús sochrach, arbh é nár cheart sonraisc a eisiúint ná, ar deireadh, na seirbhísí a shonrú sula gcuirtear ar aghaidh chuig an tomhaltóir iad, agus an mbeadh sé i gcontrárthacht le dlí an Aontais gan amhlaidh a dhéanamh toisc go ndéantar difear leo do thrédhearcacht sa chiall ábhartha den téarma sin?
____________
1 Treoir 93/13/CEE an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra IO 1993 L 95, lch. 29
1 Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 – IO 2014 L 60, lch. 34