Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag (an Ísiltír) a taisceadh an 26 Feabhra 2024 – V v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-147/24, Safi) 1

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: V

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 20 CFAE le léiriú sa chaoi nach gcuirtear as an áireamh go gcaithfear ceart cónaithe díorthaithe a dheonú do thuismitheoir tríú tír i mBallstát ina bhfuil a leanbh mionaoiseach ina náisiúnach nó ina bhfuil cónaí ar a leanbh sa chás nár fheidhmigh an leanbh a chearta saoránachta, agus go bhfuil ceart cónaithe ag an tuismitheoir tríú tír i mBallstát eile?

Mura gcuirtear as an áireamh go gcaithfear ceart cónaithe díorthaithe a dheonú do thuismitheoir is náisiúnach de thríú tír sa Bhallstát ina bhfuil a leanbh mionaoiseach ina náisiúnach agus ina bhfuil cónaí ar a leanbh sa chás nár fheidhmigh an leanbh a chearta saoránachta, agus go bhfuil cónaí ag an tuismitheoir tríú tír i mBallstát eile:

I bhfianaise Airteagal 5(1) agus (b) de Threoir 2008/115 agus Airteagal 6(2) de Threoir 2008/115 1 , an bhfágann Airteagal 20 CFAE, i gcás ina bhfuil caidreamh cleithiúnais ann, amhail caidreamh lena dtugtar forais chun ceart cónaithe díorthaithe faoi Airteagal 20 CFAE a dheonú, go bhfuil oibleagáid ar an údarás cinnteoireachta a fháil amach an bhfuil feidhmiú an chirt saorghluaiseachta agus cónaí chun leas an linbh, agus an féidir leis an saol teaghlaigh dul ar aghaidh, sula n-ordaíonn sé don tuismitheoir tríú tír bogadh láithreach chuig an mBallstát ina bhfuil cead cónaithe nó údarú eile lena dtugtar ceart cónaithe dó, agus ar chóir na nithe sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar iarratas ar cheart cónaithe díorthaithe?

____________

1 Is ainm bréige é an t-ainm a úsáidtear sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).