Language of document : ECLI:EU:C:2023:1016

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

21 Nollaig 2023 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú – Treoir 2014/24/AE – Airteagal 57(4)(d) – Dámhachtain conarthaí poiblí san earnáil iompair – Treoir 2014/25/AE – Airteagal 80(1) – Forais eisiaimh roghnaigh – Oibleagáid maidir le trasuí – Oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann comhaontuithe atá dírithe ar an iomaíocht a shaobhadh – Inniúlacht an údaráis chonarthaigh – Tionchar cinnidh arna dhéanamh roimhe seo ag údarás iomaíochta – Prionsabal na comhréireachta – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart chun leigheas éifeachtach a fháil – Prionsabal an dea-riaracháin – Oibleagáid cúiseanna a lua)

I gCás C-66/22,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Supremo Tribunal Administrativo (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Phortaingéil), trí bhreith an 13 Eanáir 2022, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 2 Feabhra 2022, sna himeachtaí idir

Infraestruturas de Portugal SA,

Futrifer Indústrias Ferroviárias SA.

v

Toscca Equipamentos em Maidéara Lda,

idiragraí:

Mota-Engil Railway Engineering SA,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos (Rapóirtéir), N. Piçarra agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, I. Jarukaitis, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl agus I. Ziemele, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 7 Márta 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Futrifer Indústrias Ferroviárias, SA, ag G. Guerra Tavares, A. Magalhães e Menezes agus L. M. Soares Romão, advogados,

–        Toscca – Equipamentos em Madeira Lda, ag N. Cunha Rodrigues agus J. M. Sardinha, advogados,

–        Rialtas na Portaingéile, ag P. Barros da Costa, F. Batista, P. Moreira da Cruz agus M. J. Ramos, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Seice, ag L. Halajová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hUngáire, M. Z. Fehér agus K. Szíjjártó, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag G. Braga da Cruz, P. Ondrůšek agus G. Wils, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 11 Bealtaine 2023,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65) agus Airteagal 41(2) (b) agus (c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Toscca – Equipamentos em Madeira Lda (‘Toscca’) in aghaidh Infraestruturas de Portugal, SA, agus Futrifer Indústrias Ferroviárias SA (‘Futrifer’), maidir le cinneadh Infraestruturas de Portugal conradh poiblí a dhámhachtain do Futrifer chun cuaillí agus trasnáin péine le créasóid a cheannach.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais

 Treoir 2014/24

3        Foráiltear mar seo a leanas in aithris 101 de Threoir 2014/24:

‘Ba cheart an deis a thabhairt do na húdaráis chonarthacha oibreoirí eacnamaíocha a léirigh nach bhfuil siad iontaofa a eisiamh, mar shampla, ós rud é go ndearna siad mainneachtain i leith oibleagáidí comhshaoil nó sóisialta, lena n-áirítear rialacha maidir le hin-rochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas nó go ndearna siad cineálacha eile mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh, amhail sáruithe ar rialacha iomaíochta nó ar chearta maoine intleachtúla. Ba cheart a shoiléiriú gur féidir le mí-iompar gairmiúil tromchúiseach amhras a léiriú ar ionracas oibreora eacnamaíoch agus, dá bhrí sin, an t-oibreoir eacnamaíoch a fhágáil mí-oiriúnach chun conradh poiblí a dhámhachtain dó beag beann ar cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an cumas teicniúil agus eacnamaíoch ag an oibreoir eacnamaíoch an conradh a chomhlíonadh murach sin.

[...] Ba cheart go mbeadh [údaráis chonarthacha] in ann iarrthóirí nó tairgeoirí ar léirigh a bhfeidhmíocht i gconarthaí poiblí roimhe seo easnaimh mhóra maidir le ceanglais shubstainteacha a eisiamh, mar shampla, mainneachtain soláthar nó comhlíonadh a dhéanamh, easnaimh shuntasacha sa táirge nó sa tseirbhís arna soláthar, rud a d’fhág nárbh fhéidir é nó í a úsáid chun na críche atá beartaithe, nó mí-iompar a bhfuil amhras tromchúiseach maidir le hiontaofacht an oibreora eacnamaíoch. Ba cheart foráil a dhéanamh sa dlí náisiúnta d’uastréimhse eisiaimh den sórt sin.

Ba cheart d’údaráis chonarthacha aird ar leith a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta, agus forais roghnacha eisiaimh á gcur i bhfeidhm acu. Níor cheart go mbeadh eisiamh oibreora eacnamaíoch mar thoradh ar mhion-neamhrialtachtaí ach amháin in imthosca eisceachtúla. Mar sin féin, d’fhéadfadh go n-ardódh cásanna arís agus arís eile de mhion-neamhrialtachtaí a bheith ina gcúis amhrais faoi iontaofacht oibreora eacnamaíoch, rud a d’fhéadfadh údar a thabhairt lena eisiamh’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 26(5) den Treoir sin mar seo a leanas:

‘I gcás ina ndéanfar an conradh a dhámhachtain faoi nós imeachta srianta nó nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, d’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, go bhféadfaidh údaráis chonarthacha fho-lárnacha nó catagóirí áirithe díobh iomaíocht a dhéanamh trí fhógra réamh-fhaisnéise i gcomhréir le hAirteagal 48(2)’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        De réir Airteagal 32(1) den Treoir chéanna:

‘I gcásanna agus in imthosca áirithe dá dtagraítear i míreanna 2 go 5, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údaráis chonarthacha conarthaí poiblí a dhámhachtain trí nós imeachta idirbheartaithe gan iad a fhoilsiú roimh ré’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear le hAirteagal 55 den Treoir sin, dar teideal ‘Faisnéis d’iarrthóirí agus do thairgeoirí”, i mír 2 (b) mar seo a leanas:

‘Arna iarraidh sin d’iarrthóir nó don tairgeoir lena mbaineann, cuirfidh na húdaráis chonarthacha, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná cúig lá dhéag tar éis iarratas i scríbhinn a fháil, an méid seo a leanas in iúl:

[...]

b)      d’aon tairgeoir nár éirigh leo na cúiseanna ar diúltaíodh dá thairiscint [...]’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear le hAirteagal 56 de Threoir 2014/24 an méid seo a leanas:

‘1.      Dámhfar conarthaí ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagail 67 go 69, ar chuntar é a bheith fíoraithe ag an údarás conarthach, i gcomhréir le hAirteagail 59 go 61, go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

[...]

b)      go dtagann an tairiscint ó thairgeoir nach n-eisiatar i gcomhréir le hAirteagal 57 agus a chomhlíonann na critéir roghnúcháin atá leagtha amach ag an údarás conarthach i gcomhréir le hAirteagal 58 agus, i gcás inarb infheidhme, na rialacha agus na critéir neamh-idirdhealaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 65.

[...]

2.      [...]

Féadfaidh na Ballstáit úsáid an nós imeachta sa chéad fhomhír a thoirmeasc nó úsáid an nós imeachta sin a theorannú do chineálacha áirithe conarthaí nó in imthosca áirithe’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear le hAirteagal 57 den Treoir sin, dar teideal ‘Forais eisiaimh’, mar seo a leanas:

‘1.      Déanfaidh údaráis chonarthacha oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair i gcás ina bhfuil sé suite acu, trí sheiceálacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 59, 60 agus 61, nó inar cuireadh in iúl dóibh ar shlí eile, gur ciontaíodh an t-oibreoir eacnamaíoch seo, trí bhreithiúnas críochnaitheach, ar cheann de na cúiseanna seo a leanas [luaite i bpointí (a) go (f) den mhír seo].

[...]

4.      Féadfaidh na húdaráis chonarthacha oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin ag na Ballstáit, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

[...]

c)      nuair a fhéadfaidh an t-údarás conarthach a léiriú trí mhodhanna iomchuí go raibh an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach lena gcaitear amhras ar a ionracas;

d)      nuair a bheidh fianaise inchreidte leordhóthanach ag an údarás conarthach go bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích ag an oibreoir eacnamaíoch le hoibreoirí eacnamaíocha eile atá ceaptha an iomaíocht a shaobhadh;

[...]

5.      [...]

Tráth ar bith le linn an nós imeachta, féadfaidh na húdaráis chonarthacha, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin ag na Ballstáit, oibreoir eacnamaíoch a eisiamh más rud é go ndeimhnítear go bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch, ag féachaint do ghníomhartha a rinneadh nó nach ndearnadh roimh an nós imeachta nó lena linn, i gceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 4.

6.      Féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch atá i gceann de na cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 fianaise a sholáthar lena léirítear gur leor na bearta arna nglacadh aige chun a iontaofacht a léiriú d’ainneoin foras eisiaimh ábhartha a bheith ann. Má mheastar fianaise den sórt sin a bheith leordhóthanach, ní leanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann de bheith eisiata ón nós imeachta soláthair.

Chuige sin, beidh ar an oibreoir eacnamaíoch a léiriú go bhfuil cúiteamh iomchuí íoctha aige, nó go bhfuil geallta aige cúiteamh iomchuí a íoc, as aon damáiste a rinneadh mar gheall ar an gcion coiriúil nó an mí-iompar, go bhfuil na fíorais agus na himthosca soiléirithe aige go hiomlán trí chomhoibriú go gníomhach leis na húdaráis imscrúdaithe agus go bhfuil bearta nithiúla teicniúla, eagrúcháin agus pearsanra glactha aige, arb iomchuí iad chun a thuilleadh cionta coiriúla nó mí-iompair a chosc.

Déanfar measúnú ar na bearta arna nglacadh ag oibreoirí eacnamaíocha agus tromchúis agus imthosca ar leith an chiona choiriúil nó an mhí-iompair á gcur san áireamh. I gcás ina measfar nach leor na bearta, gheobhaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ráiteas ar na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.

Ní bheidh na hoibreoirí eacnamaíocha ar eisiadh iad le breithiúnas críochnaitheach ó bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair nó i nósanna imeachta dámhachtana i dteideal leas a fháil as an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa mhír seo le linn na tréimhse eisiaimh atá mar thoradh ar an mbreithiúnas sin sa Bhallstát ina bhfuil an breithiúnas in-fhorfheidhmithe.

7.      Déanfaidh na Ballstáit, trí dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin, agus dlí an Aontais á chur san áireamh acu, na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo a shonrú. Cinnfidh siad, go háirithe, an uastréimhse eisiaimh i gcás nár ghlac an t-oibreoir eacnamaíoch na bearta a shonraítear i mír 6 chun a iontaofacht a léiriú. I gcás nach mbeidh an tréimhse eisiaimh socraithe le breithiúnas críochnaitheach, ní rachaidh an tréimhse sin thar cúig bliana ó dháta an chiontaithe le breithiúnas críochnaitheach sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, ná thar trí bliana ó dháta an teagmhais ábhartha sna cásanna dá dtagraítear i mír 4’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2014/25

9        Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 1 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, lch. 243), arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2364 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2017 (IO 2017 L 337, lch. 17) (‘Treoir 2014/25’):

‘1.      Leagtar amach leis an Treoir sin na rialacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta a ghabhann le soláthar ag eintitis chonarthacha a mhéid a bhaineann le conarthaí agus le comórtais dearaidh, nár cheart a luach a bheith níos lú ná na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 15.

2.      Chun críche na Treorach seo, is éard atá i ndámhachtain conartha ná, trí bhíthin conradh soláthair, oibreacha nó seirbhísí oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí ag eintiteas conarthach amháin nó níos mó ó oibreoirí eacnamaíocha arna roghnú ag na heintitis chonarthacha sin, ar choinníoll go bhfuil na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí beartaithe chun ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 14 [den Treoir sin] a shaothrú.

[...]’

10      Foráiltear le hAirteagal 4(1)(a) de Threoir 2014/25 an méid seo a leanas:

‘Chun críocha na Treorach seo, is eintitis chonarthacha na heintitis seo a leanas:

a)      is údaráis chonarthacha nó gnóthais phoiblí iad agus a shaothraíonn ceann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 14’.

11      Is mar seo a leanas foclaíocht Airteagal 11 den Treoir sin:

‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar nó oibriú líonraí a sholáthraíonn seirbhís don phobal i réimse an iompair d’iarnród, córais uathoibrithe, trambhealach, bus tralaí, bus nó cábla.

Maidir le seirbhísí iompair, measfar gurb ann do ghréasán i gcás ina soláthraítear an tseirbhís faoi choinníollacha oibriúcháin arna leagan síos ag údarás inniúil Ballstáit, amhail coinníollacha maidir leis na bealaí a mbeidh seirbhís le déanamh orthu, an acmhainn a chuirfear ar fáil nó minicíocht na seirbhíse’.

12      Foráiltear le hAirteagal 15(a) den Treoir sin, go bunúsach, go bhfuil feidhm aige maidir le conarthaí a bhfuil a luach measta, gan cáin bhreisluacha (CBL) a áireamh, comhionann le nó níos mó ná an tairseach EUR 443 000 le haghaidh conarthaí soláthair agus seirbhísí agus comórtais dearaidh.

13      De réir Airteagal 80(1) de Threoir 2014/25:

‘Féadfar a áireamh i measc na rialacha agus na gcritéar oibiachtúil is infheidhme maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a lorgaíonn aicmiú i gcóras aicmiúcháin a eisiamh agus a roghnú agus na rialacha agus critéir oibiachtúla is infheidhme maidir le hiarrthóirí agus tairgeoirí a eisiamh agus a roghnú i nósanna imeachta oscailte, srianta nó idirbheartaithe, in idirphlé iomaíoch nó i gcomhpháirtíochtaí um nuálaíocht, na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57 de Threoir [2014/24] sna coinníollacha a leagtar amach ann.

Nuair is údarás conarthach é an t-eintiteas conarthach, áireofar i measc na gcritéar agus na rialacha sin na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(1) agus (2) de Threoir [2014/24], sna coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

I gcás ina n-éilíonn na Ballstáit é, áireofar i measc na gcritéar agus rialacha sin, thairis sin, na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(4) de Threoir [2014/24] sna coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin. [...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Portaingéile

14      Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 55(1)(c) de Código dos Contratos Públicos (an Cód Soláthair Phoiblí), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí (“CCP”):

‘Baic

1.      Ní féidir leis na heintitis seo a leanas a bheith ina n-iarrthóirí, ina dtairgeoirí ná mar pháirt de ghrúpa:

[...]

c)      daoine nádúrtha ar forchuireadh pionós orthu mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach agus nár athshlánaíodh idir an dá linn, nó, daoine dlítheanacha ar forchuireadh pionós riaracháin den sórt sin ar a gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó rialaithe agus atá fós i mbun a feidhmeanna a dhéanamh;

[...]’

15      Foráiltear le hAirteagal 55(1)(f) den Chód, go háirithe, nach bhféadfaidh eintitis a bhí faoi réir pionós breise arna fhorchur ag údarás iomaíochta na Portaingéile agus lena gcuirtear toirmeasc ar a rannpháirtíocht i nósanna imeachta chun conarthaí poiblí a dhámhachtain a bheith ina n-iarrthóirí, ina dtairgeoirí ná ina gcomhaltaí d'aon chuibhreannas.

16      Baineann Airteagal 55A den Chód sin leis an údarás conarthach ag cur deireadh leis na baic atá liostaithe in Airteagal 55(1) de agus luaitear ann nach bhfuil feidhm aige maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 55(1)(f) den Chód sin.

17      Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 70 den CCP:

‘Measúnú ar thairiscintí

[...]

2.      Eiseofar tairiscintí nuair a léirítear leis an measúnú orthu:

[...]

g)      Más ann d’fhianaise shuntasach de ghníomhartha, comhaontaithe, cleachtais nó faisnéis a d’fhéadfadh rialacha na hiomaíochta a shaobhadh.

[...]’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

18      Tá caingean tugtha ag Toscca os comhair an Tribunal Administrativo e Fiscal de Viseu (Cúirt Riaracháin agus Cánach Viseu, an Phortaingéil) chun cinneadh Infraestruturas de Portugal an 25 Iúil 2019 a chur ar neamhní, lenar rinneadh an conradh a dhámhachtain do Futrifer chun cuaillí agus trasnáin péine le créasóid orthu atá beartaithe d’earnáil an bhonneagair iarnróid a cheannach, ar bhunphraghas EUR 2 979 200. I gcomhthéacs na caingne seo, d’iarr Toscca freisin go ndámhfaí an conradh dóibh.

19      Tar éis don achomharc seo a bheith diúltaithe le breithiúnas an 21 Feabhra 2020, thaisc Toscca achomharc leis an Tribunal Central Administrativo Norte (an Chúirt Riaracháin Thuaidh Lár, an Phortaingéil). Le breithiúnas an 29 Bealtaine 2020, chuir an chúirt an breithiúnas ar neamhní, sheas sí le hachomharc Toscca agus d’ordaigh sí do Infraestruturas de Portugal an conradh a dhámhachtain do Toscca.

20      Le breithiúnas an 22 Aibreán 2021, chuir an Supremo Tribunal Administrativo (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Phortaingéil) an breithiúnas dá dtagraítear sa mhír roimhe seo ar neamhní mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua agus a d’ordaigh an cás a tharchur ar ais chuig an Tribunal Central Administrativo Norte (an Chúirt Riaracháin Thuaidh Lár). An 2 Meitheamh 2021, thug an Chúirt Ghinearálta breithiúnas nua as ar tháinig an toradh céanna agus a bhí ar bhreithiúnas an 29 Bealtaine 2020. Rinne Infraestruturas de Portugal agus Futrifer achomharc i gcoinne bhreithiúnas sin an 2 Meitheamh 2021 os comhair an Supremo Tribunal Administrativo (an Chúirt Uachtarach Riaracháin), arb í an chúirt a rinne an tarchur í.

21      Tugann an Supremo Tribunal Administrativo dá aire, an 12 Meitheamh 2019, d’ordaigh Autoridade da Concorrência (Údarás Iomaíochta, an Phortaingéil) do Futrifer fíneáil a íoc as rialacha na hiomaíochta a shárú i roinnt nósanna imeachta soláthair phoiblí a eagraíodh in 2014 agus in 2015 agus a bhain le soláthar seirbhísí cothabhála do threalamh agus do rianta ar cuid den ghréasán iarnróid náisiúnta iad, bonneagar arna bhainistiú ag gnóthas poiblí a rinne cumasc idir an dá linn le Infraestruturas de Portugal.

22      Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i ndáil leis sin, nach gceadófaí tairgeoir a eisiamh ar an bhforas nach bhfuil sé iontaofa mar gheall ar riail maidir leis an iomaíocht a shárú, lasmuigh de nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, ach amháin faoi Airteagal 55(1)(f) den CCP, is é sin le rá, trí cháineadh sainráite ón Údarás Iomaíochta pionós breise a fhorchur, ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí le linn tréimhse shonraithe. Dar leis an gcúirt sin, tá an réiteach sin contrártha, áfach, do Threoir 2014/24 agus, go háirithe, do Airteagal 57(4)(d) de, sa mhéid go mbaineann sé an bonn d’uathriail an údaráis chonarthaigh rialú a thabhairt ar iontaofacht aon tairgeora.

23      Iarrann an chúirt a rinne an tarchur freisin an bhféadfar a mheas go bhfuil an cinneadh conradh a dhámhachtain do thairgeoir a bhfuarthas amach gur sháraigh sé dlí na hiomaíochta i nós imeachta chun conradh poiblí níos luaithe a dhámhachtain, a d’eagraigh an t-údarás conarthach céanna, sách réasúnaithe, ag féachaint, go háirithe, don cheart chun dea-riaracháin, dá bhforáiltear in Airteagal 41(2)(c) den Chairt, i gcás nach ndearna an t-údarás conarthach sin measúnú neamhspleách agus réasúnaithe ar iontaofacht an tairgeora sin.

24      Thairis sin, iarrann sí an bhfuil reachtaíocht náisiúnta nach gceanglaítear ar an údarás conarthach dá réir, i gcomhthéacs nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, measúnú neamhspleách a dhéanamh ar iontaofacht tairgeora a chiontaítear de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le scrúdú a dhéanamh ar thromchúis an tsáraithe a rinneadh agus maidir lena thionchar ar an nós imeachta i gceist agus scrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht na mbeart arna nglacadh ag an tairgeoir i gceist chun iarmhairtí an tsáraithe sin a leigheas i gcomhthéacs an nós imeachta deiridh sin (bearta ceartaitheacha). I ndáil leis sin, cuirtear in iúl faoin dlí náisiúnta, gurb ar an údarás iomaíochta go heisiach atá an fhreagracht leigheasanna den sórt sin a mheasúnú.

25      Measann an chúirt sin, i bhfianaise chásdlí na Cúirte, go háirithe breithiúnas an 19 Meitheamh 2019, Meca (C-41/18, EU:C:2019:507), go mbeadh ar shárú ar na rialacha iomaíochta, arna dhéanamh lasmuigh den nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, a bheith faoi réir measúnú atá réasúnaithe go cuí ag an údarás conarthach i gcomhthéacs scrúdú a dhéanamh ar iontaofacht an tairgeora sin.

26      Sna himthosca sin, chinn an Supremo Tribunal Administrativo (an Chúirt Riaracháin Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)      An ionann an foras [‘dícháilithe’] eisiaimh dá bhforáiltear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE1 agus ábhar forchoimeádta do chinneadh [‘reserva de decisão’] an údaráis chonarthaigh?

2)      An bhféadfaidh an reachtas náisiúnta an cinneadh nach mór don údarás conarthach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE a mhalartú in iomlán le cinneadh (le héifeacht chinneadh) ginearálta ón [Údarás Iomaíochta] pionós breise a fhorchur, ar toirmeasc é ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí le linn tréimhse shonraithe, arna ghlacadh i gcomhthéacs forchur fíneála mar gheall ar shárú ar na rialacha iomaíochta?

3)      An gcaithfear cinneadh an údaráis chonarthaigh maidir le “hiontaofacht” an oibreora eacnamaíoch i bhfianaise chomhlíonadh (nó neamhchomhlíonadh) rialacha Dhlí na hiomaíochta, lasmuigh den nós imeachta tairisceana sonraí, a thuiscint amhail go bhfuil riachtanas ann leis chun measúnú a dhéanamh bunaithe ar oiriúnacht choibhneasta an oibreora eacnamaíoch thuasluaite, arb ionann é léiriú nithiúil ar an gceart chun dea-riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

4)      An bhféadfar a mheas go bhfuil an cinneadh a glacadh i nDlí na Portaingéile le hAirteagal 55, mír 1, litir (f) CCP, lena bhforáiltear go bhfuil eisiamh oibreora eacnamaíoch ó nós imeachta soláthair de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta, arna dhéanamh lasmuigh den nós imeachta soláthair shonraigh, faoi réir an chinnidh a ghlacann an tÚdarás Iomaíochta i gcomhthéacs cur chun feidhme pionóis bhreise ar toirmeasc ar thairiscint é, arb é an tÚdarás Iomaíochta sa chomhthéacs seo a mheasann oiriúnacht na mbeart ceartaitheach arna nglacadh, i gcomhréir le Dlí an Aontais agus go háirithe le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE?

5)      An bhfuil an cinneadh a glacadh i nDlí na Portaingéile le hAirteagal 70, mír 2, litir (g) CCP, lena gcuirtear teorainn ar an bhféidearthacht tairiscint a eisiamh mar gheall ar fhianaise shuntasach a bheith ann de ghníomhartha, comhaontaithe, cleachtais nó faisnéis lena bhféadfaí na rialacha iomaíochta maidir leis an nós imeachta soláthair shonraigh ina n-aithneofaí na cleachtais úd a shaobhadh, i gcomhréir le Dlí an Aontais agus go háirithe le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE freisin?’

 An t-iarratas maidir leis an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm

27      D’iarr an chúirt a rinne an tarchur go gcuirfí an tarchur chun réamhrialú atá idir lámha faoi réir an nós imeachta bhrostaithe de bhun Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais ar an bhforas go raibh práinn leis na príomhimeachtaí. Rinne sé tagairt, chuige sin, d’Airteagal 36(1)(c) den Código de Processo nos Tribunais Administrativos (Cód Nós Imeachta na gCúirteanna Riaracháin) agus d’Airteagal 2 de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú a dhéanamh ar na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le nósanna imeachta athbhreithnithe a chur i bhfeidhm ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (IO 1989 L 395, lch. 33), arna leasú le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 (IO 2014 L 94, lch. 1).

28      Foráiltear le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ar iarratas ón gcúirt a rinne an tarchur nó, go heisceachtúil, uaidh féin, go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte a chinneadh, i gcás go n-éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama, agus, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go gcuirfear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm maidir le tarchur chun réamhrialú.

29      Ba cheart a mheabhrú, i ndáil leis sin, gur ionstraim nós imeachta é nós imeachta brostaithe den sórt sin lena mbeartaítear freagairt do chás práinne urghnáiche, nach mór a shuíomh trí thagairt a dhéanamh d’imthosca eisceachtúla a bhaineann go sonrach leis an gcás a ndéantar iarratas ar nós imeachta brostaithe ina leith (ordú ó Uachtarán na Cúirte an 25 Feabhra 2021, Sea Watch, C-14/21 agus C-15/21, EU:C:2021:149, mír 22).

30      Sa chás seo, an 23 Márta 2022, chinn Uachtarán na Cúirte, tar éis an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, diúltú d’iarraidh na cúirte a rinne an tarchur dá dtagraítear i mír 27 thuas.

31      Níor luaigh an chúirt sin ach go raibh na himeachtaí práinneacha sna príomhimeachtaí agus tagairt á déanamh d’fhorálacha den dlí náisiúnta agus de dhlí an Aontais, gan méid na práinne urghnáiche a bhí leis an gcás seo a chur in iúl, rud atá riachtanach chun údar a thabhairt le déileáil le cás tríd an nós imeachta brostaithe.

 Maidir leis na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

 Inghlacthacht

32      Maíonn Futrifer nach bhfuil an tarchur chun réamhrialú inghlactha ar an bhforas nach bhfuil gá le freagra na Cúirte ar na ceisteanna a tarchuireadh chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach. Áitíonn sí, chuige sin, gur roghnaigh Poblacht na Portaingéile go dlisteanach gan Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a thrasuí sa dlí náisiúnta, agus gur ceisteanna hipitéiseach iad na ceisteanna sin dá bharr.

33      Ní mór a mheabhrú, i ndáil leis sin, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt agus na cúirteanna náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin - ar tugadh an díospóid os a comhair agus a chaithfidh freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh - atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte araon. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a chuirtear le léiriú nó bailíocht rialach de chuid dhlí an Aontais Eorpaigh, dlitear ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Nollaig 1981, Foglia, 244/80, EU:C:1981:302, mír 15, agus an 28 Aibreán 2022, Caruter, C-642/20, EU:C:2022:308, mír 28).

34      Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a dhéanamh ar cheist a tharchuir cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin más follas nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna sin (breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman, C-415/93, EU:C:1995:463, mír 61, agus an 28 Aibreán 2022, Caruter, C-642/20, EU:C:2022:308, mír 29).

35      Sa chás seo, baineann na ceisteanna, go bunúsach, le léiriú ar an bhforas roghnach le haghaidh eisiaimh dá bhforáiltear in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24, lena gcumhdaítear cásanna ina bhfuil fianaise sách sochreidte ag an údarás conarthach chun teacht ar an gconclúid go bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích ag an oibreoir eacnamaíoch le hoibreoirí eacnamaíocha eile d’fhonn an iomaíocht a shaobhadh.

36      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, is léir ón ordú tarchuir go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le dlíthiúlacht an chinnidh conradh poiblí a dhámhachtain do thairgeoir dár ordaigh an t-údarás iomaíochta náisiúnta fíneáil a íoc as rialacha dhlí na hiomaíochta a shárú i roinnt nósanna imeachta soláthair phoiblí roimhe sin. Leis an gcéad cheist go dtí an tríú ceist agus leis an gcúigiú ceist arna dtarchur aici le haghaidh réamhrialú, tá an chúirt a rinne an tarchur ag fiafraí, go bunúsach, maidir le raon feidhme na lánrogha a dheonaítear le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 don údarás conarthach ós rud é, de réir reachtaíocht na Portaingéile, go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur faoi cheangal an measúnú a rinne an t-údarás iomaíochta maidir le hiontaofacht an tairgeora a bhfuil sárú den sórt sin déanta aige i gcomhthéacs nós imeachta roimhe seo chun conradh poiblí a dhámhachtain, cibé acu ar tháinig pionós breise as an measúnú sin maidir le toirmeasc sealadach ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí nó nár tháinig.

37      Dá bhrí sin, ní féidir a mheas nach bhfuil baint ag na ceisteanna sin le fíorais iarbhír nó ábhar na bpríomhimeachtaí, nó mar cheisteanna hipitéiseach. Maidir leis an bhfíoras, a líomhain Futrifer, gur roghnaigh Poblacht na Portaingéile go dlisteanach gan Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a thrasuí sa dlí náisiúnta, a bhaineann le gnéithe de shubstaint an cháis agus nach ndéanann difear d’inghlacthacht na gceisteanna dá dtagraítear. Leanann sé ón méid sin go bhfuil an chéad cheist go dtí an tríú ceist agus an cúigiú ceist inghlactha.

38      Ar an dara dul síos, i gcomhthéacs an cheathrú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhféadfar a mheas go gcuirtear cosc le hAirteagal 57(4) de Threoir 2014/24 ar reachtaíocht náisiúnta faoinarb é an t-údarás iomaíochta amháin atá inniúil chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na leigheasanna arna nglacadh ag oibreoir eacnamaíoch atá, de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta, faoi réir pionós arna fhorchur ag an údarás sin, lena dtoirmisctear é a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair phoiblí ar feadh tréimhse sonraithe.

39      Mar sin féin, níl le tuiscint ón bhfaisnéis atá sa chomhad os comhair na Cúirte gur bhraith Futrifer, tráth ar bith, ar ghlacadh na mbeart ceartaitheach dá dtagraítear in Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24.

40      Leanann sé ón méid sin go bhfuil an ceathrú ceist hipitéiseach agus mar sin ní mór í a mheas mar bheith neamh-inghlactha.

 Substaint an cháis

 Réamhbharúlacha

41      Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhthéacs an nós imeachta comhair idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra úsáideach a thabhairt don chúirt náisiúnta lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá os a comhair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Chúirt Bhreithiúnais a mheas gur gá rialacha dhlí an Aontais nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh i dtéacs a ceiste a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2023, K.B. agus F.S. (Sárú a ardú ex officio  in imeachtaí coiriúla), C-660/21, EU:C:2023:498, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42      Sa chás seo, luaitear sa tarchur chun réamhrialú gurb é ábhar an chonartha atá i gceist sna príomhimeachtaí ná gnóthas poiblí, Infraestruturas de Portugal, ag ceannach cuaillí agus trasnáin péine le créasóid orthu d’earnáil an bhonneagair iarnróid, ar bhunphraghas EUR 2 979 200.

43      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagail 1(2) agus Airteagal 11 de Threoir 2014/25, gurb ionann conradh a dhámhachtain, de réir bhrí na Treorach sin, agus soláthairtí a bheith á bhfáil, go háirithe, ag eintiteas conarthach ó oibreoirí eacnamaíocha arna roghnú ag an eintiteas sin, trí bhíthin conradh soláthair, chun dul i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar sholáthar nó oibriú líonraí atá beartaithe chun seirbhís a sholáthar don phobal i réimse an iompair, go háirithe d’iarnród. Luaitear in Airteagal 4(1)(a) den Treoir sin, chun críocha na Treorach sin, gurb ionann eintitis chonarthacha agus údaráis chonarthacha nó gnóthais phoiblí a ghabhann do cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 14 den Treoir sin.

44      Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 1(1) de Threoir 2014/25 go bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir le nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí poiblí ag eintitis chonarthacha i leith conarthaí, chomh maith le comórtais dearaidh a bhfuil a luach measta cothrom leis na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 15 den Treoir sin nó níos mó ná iad.

45      Sna himthosca sin, agus i bhfianaise na faisnéise atá san ordú tarchuir, is cosúil ón gcomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte go dtagann an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Threoir 2014/25, ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú.

46      Sa chás sin, bheadh Airteagal 80(1) den Treoir sin infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

47      Ar an dara dul síos, ós rud é go mbaineann na ceisteanna a tarchuireadh, go háirithe, le cé acu an gcuirtear nó nach gcuirtear cosc ar an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí le hAirteagal 57(4)(d), is gá, ar dtús, a chinneadh an bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit an chéad fhomhír sin d’Airteagal 57(4) a thrasuí ina ndlí náisiúnta, i gcás ina dtagann an díospóid sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Threoir 2014/24, agus an tríú fomhír d’Airteagal 80(1) de Threoir 2014/25, i gcás ina dtagann an díospóid sin faoi raon feidhme na Treorach sin.

48      Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24, foráiltear leis an bhforáil sin go ‘[bhf]éadfaidh na húdaráis chonarthacha oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin ag na Ballstáit’ sna cásanna dá dtagraítear i bpointí a) go i) den fhoráil sin.

49      I dtaca leis sin, is fíor go leanann sé ó bhreithiúnais áirithe de chuid na Cúirte a léirigh an chéad fhomhír d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 go bhféadfaidh na Ballstáit a chinneadh an ndéanfaidh siad na forais roghnacha eisiaimh a luaitear san fhoráil sin a thrasuí nó gan iad a thrasuí. Chinn an Chúirt, i gcomhréir le hAirteagal 57(4) agus (7) de Threoir 2014/24, go bhfuil sé de rogha ag na Ballstáit gan na forais roghnacha eisiaimh a leagtar amach inti a chur i bhfeidhm nó iad a ionchorprú sa reachtaíocht náisiúnta le déine a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó chás go cás, ag brath ar dhálaí dlíthiúla, eacnamaíocha nó sóisialta atá i réim ar an leibhéal náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Meitheamh 2019, Meca, C-41/18, EU:C:2019:507, mír 33; an 30 Eanáir 2020, Tim, C-395/18, EU:C:2020:58, míreanna 34 agus 40, agus an 3 Meitheamh 2021, Rad Service agus páirtithe eile, C-210/20, EU:C:2021:445, mír 28).

50      Mar sin féin, léiríonn anailís ar fhoclaíocht na chéad fhomhíre d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24, an comhthéacs ina bhfuil an fhoráil sin mar chuid de agus an cuspóir atá á shaothrú aici i gcomhthéacs na Treorach sin, go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, murab ionann agus an méid is léir ó na breithiúnais sin, an fhoráil sin a thrasuí ina ndlí náisiúnta.

51      Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht na chéad fhomhíre d’Airteagal 57(4), is léir gurb faoin údarás conarthach atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le hoibreoir eacnamaíoch a eisiamh nó gan é a eisiamh ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar cheann de na forais a liostaítear san fhoráil sin, mura gcinnfidh na Ballstáit rogha an eisiaimh a athrú ina hoibleagáid. Dá réir sin, ní mór do na Ballstáit an fhoráil sin a thrasuí, trí chead a thabhairt d’údaráis chonarthacha na forais eisiaimh a liostaítear inti a chur i bhfeidhm, nó trína cheangal orthu amhlaidh a dhéanamh. Ar an taobh eile, agus murab ionann agus an méid a d’áitigh Futrifer agus Rialtas na Portaingéile, ní féidir le Ballstát staonadh ó na forais sin a ionchorprú ina reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2014/24 agus, ar an gcaoi sin, an fhéidearthacht a bhaint de na húdaráis chonarthacha, nach mór a dheonú dóibh, ar a laghad, faoin bhforáil chéanna sin, na forais sin a chur i bhfeidhm.

52      Ina dhiaidh sin, maidir le comhthéacs na chéad fhomhíre d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24, ba cheart a thabhairt faoi deara go luaitear in aithris 101 den Treoir sin ‘ba cheart an deis a thabhairt do na húdaráis chonarthacha oibreoirí eacnamaíocha a léirigh nach bhfuil siad iontaofa a eisiamh’. Deimhnítear leis an aithris sin, dá bhrí sin, nach mór do Bhallstát an fhoráil sin a thrasuí ionas nach mbainfear an fhéidearthacht a luaitear sa mhír roimhe seo agus san aithris sin d’údaráis chonarthacha.

53      Déantar an léiriú sin ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 a fhíorú a contrario le foclaíocht fhorálacha na Treorach sin lena dtugtar lánrogha go sainráite do na Ballstáit maidir leis na forálacha sin a thrasuí. Is amhlaidh an cás, go háirithe, d’Airteagal 26(5) agus 32(1) den Treoir, ina sonraítear ‘go bhféadfaidh na Ballstáit [...]’ nó sa dara fomhír d'Airteagal 56(2) den Treoir sin, a úsáideann na focail ‘go bhféadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar [...]’.

54      Is cosúil nach dtarraingeodh Airteagal 57(7) de Threoir 2014/24 amhras ar an léiriú sin. Leis an bhforáil sin, tugtar de chumhacht ghinearálta do na Ballstáit, go bunúsach, na coinníollacha a leagan síos chun Airteagal 57 den Treoir sin a chur i bhfeidhm, cibé acu trí fhoráil reachtach, rialúcháin nó riaracháin. Tagraíonn an rogha sin don bhealach a gcuireann siad an tAirteagal sin chun feidhme. Ní hionann an rogha a fhágtar ag na Ballstáit ansin agus na forais roghnacha le haghaidh eisiamh a luaitear in Airteagal 57(4) den Treoir a thrasuí nó gan iad a thrasuí. Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil feidhm ag Airteagal 57(7) de Threoir 2014/24 freisin maidir leis na forais éigeantacha eisiaimh dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) den Treoir sin. Ní féidir a mhaíomh go réasúnach, áfach, go bhféadfaidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 57(7) a úsáid chun gan na forais eisiaimh sin a thrasuí ina ndlí náisiúnta.

55      Ar deireadh, maidir leis an gcuspóir a shaothraítear le Treoir 2014/24 maidir leis na forais roghnacha le haghaidh eisiaimh, d’aithin an Chúirt go léirítear an cuspóir sin sa bhéim ar shainchumais na n-údarás conarthach. Mar sin, bhí sé de rún ag reachtóir an Aontais an cúram a bhronnadh ar an údarás conarthach, agus ar an údarás sin amháin, chun a chinneadh, le linn na céime ina roghnaítear na tairgeoirí, ar chóir iarrthóir nó tairgeoir a eisiamh ó nós imeachta soláthair phoiblí (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Meitheamh 2019, Meca, C‑41/18, EU:C:2019:507, mír 34, agus an 3 Deireadh Fómhair 2019, Delta Antrepriză de Construcţii şi Montaj 93, C-267/18, EU:C:2019:826, mír 25).

56      Tá an rogha, nó an oibleagáid fiú, atá ar an údarás conarthach na forais eisiaimh a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 a chur i bhfeidhm, a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar ionracas agus iontaofacht gach ceann de na hoibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain.

57      Dá bhrí sin, bhí sé beartaithe ag reachtas an Aontais a áirithiú go mbeidh an deis ag na húdaráis chonarthacha, i ngach Ballstát, oibreoirí eacnamaíocha a mheasann siad a bheith neamhiontaofa a eisiamh.

58      Leanann sé ó na breithnithe thuasluaite go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit na forais roghnacha eisiaimh a liostaítear san fhoráil sin a thrasuí ina ndlí náisiúnta sa chéad fhomhír d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24. I gcomhthéacs na hoibleagáide trasuí sin, ní mór do na Stáit sin rogha nó oibleagáid na n-údarás conarthach na forais sin a chur i bhfeidhm.

59      Ar an dara dul síos, maidir leis an tríú fomhír d’Airteagal 80(1) de Threoir 2014/25, foráiltear leis an bhforáil sin, má iarrann na Ballstáit amhlaidh, go n-áireofar na critéir eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24, faoi na coinníollacha a leagtar amach ann, leis na rialacha oibiachtúla agus leis na critéir oibiachtúla maidir le heisiamh agus le roghnú, go háirithe, iarrthóirí agus tairgeoirí i nósanna imeachta oscailte, srianta nó caibidlithe.

60      Is léir ó fhoclaíocht an tríú fomhír d’Airteagal 80(1) gur faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh an gá d’eintitis chonarthacha na forais roghnacha eisiaimh dá bhforáiltear in Airteagal 57(4) a chur i bhfeidhm, mar chritéir d’eisiamh tairgeoirí. In éagmais cinneadh chun na críche sin, leanann sé mar sin féin ón gcéad fhomhír d’Airteagal 80(1) de Threoir 2014/25 nach mór do na Ballstáit, agus an Treoir sin á trasuí acu, foráil a dhéanamh ar a laghad maidir leis an deis a bheith ag eintitis chonarthacha na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 a áireamh i measc na rialacha agus na gcritéar is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

61      Dá bhrí sin, maidir leis na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24, ní mór do na Ballstáit, de bhua a n-oibleagáide an chéad fhomhír d’Airteagal 80(1) de Threoir 2014/25 a thrasuí, foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag eintitis chonarthacha na forais eisiaimh sin a áireamh i measc na gcritéar eisiaimh oibiachtúil sna nósanna imeachta a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, gan dochar d’aon chinneadh a fhéadfaidh na Stáit sin a dhéanamh ar bhonn an tríú fomhír d’Airteagal 80(1) den Treoir sin, chun a cheangal ar na heintitis sin na forais sin a áireamh i measc na gcritéar sin.

62      Sa tríú háit, maidir le hargóint Futrifer nach féidir le tairgeoir nár éirigh leis brath ar Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24, amhail, sa chás seo, Toscca, is leor a thabhairt faoi deara, chun críocha an fhreagra atá le tabhairt ar an iarraidh seo ar réamhrialú, gur chinn an Chúirt cheana féin, mura rud é, go háirithe, go ndéantar neamhaird ar urramú an chirt chun leighis éifeachtaigh, mar a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt, ní mór cinneadh lena ndiúltaíonn údarás conarthach, fiú go hintuigthe, oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar cheann de na forais roghnacha eisiaimh a leagtar síos sa chéad fhomhír d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne aon duine a bhfuil nó a raibh leas aige conradh ar leith a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó a bhfuil baol ann go ndéanfaí dochar dó de bharr sárú ar an bhforáil sin (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliekų tvarkymo centras, C-927/19, EU:C:2021:700, mír 143).

63      Ar na forais chéanna, ní mór measúnú comhionann a dhéanamh i gcás ina ndiúltaítear oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar cheann de na forais roghnacha le haghaidh eisiaimh dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 80(1) de Threoir 2014/25.

64      Dá bhrí sin, ní mór na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a fhreagairt i bhfianaise na réamhbharúlacha thuasluaite.

 An cúigiú ceist

65      Lena cúigiú ceist, ar ceart í a scrúdú ar dtús, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dteorannaítear an fhéidearthacht tairiscint a eisiamh ó thairgeoir mar gheall ar thásca tromchúiseacha a bheith ann go bhféadfadh iompar an tairgeora sin na rialacha iomaíochta a shaobhadh sa nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain sa réimse inar tharla an cineál iompair sin.

66      Agus forálacha dhlí an Aontais á léiriú, ní mór machnamh a dhéanamh ní hamháin ar na téarmaí atá ann ach freisin ar a gcomhthéacs agus na cuspóirí a shaothraítear sa reachtaíocht ar cuid díobh iad (breithiúnas an 16 Márta 2023, Colt Technology Services agus páirtithe eile, C-339/21, EU:C:2023:214, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

67      Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, trí thagairt a dhéanamh don chás ina mbeadh ‘fianaise inchreidte leordhóthanach ag an údarás conarthach go bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích ag an oibreoir eacnamaíoch le hoibreoirí eacnamaíocha eile atá ceaptha an iomaíocht a shaobhadh’, nach gcuirtear teorainn le cur i bhfeidhm an fhorais eisiaimh sin maidir leis an nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain sa réimse inar tharla an cineál iompair sin le foclaíocht Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24.

68      Ar an dara dul síos, i gcomhthéacs na forála sin, tugtar comhthacaíocht don léiriú sin leis an dara fomhír d’Airteagal 57(5) den Treoir sin, lena gceadaítear d’údaráis chonarthacha, ag aon chéim den nós imeachta, oibreoir eacnamaíoch a eisiamh nó a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit oibreoir eacnamaíoch a eisiamh i gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil sé i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 57(4) ag féachaint do na gníomhartha a rinneadh nó nach ndearnadh roimh an nós imeachta nó lena linn.

69      Ar an tríú dul síos, cuirtear ar chumas an údaráis chonarthaigh leis an léiriú sin, i gcomhréir leis an gcuspóir a shaothraítear le Treoir 2014/24 maidir leis na forais roghnacha eisiaimh a liostaítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 57(4) den Treoir sin, mar a mheabhraítear i mír 56 thuas, é féin a shásamh maidir le hionracas agus le hiontaofacht gach ceann de na hoibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach sa nós imeachta chun an conradh poiblí atá i gceist a dhámhachtain (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2022, J. Sch. Omnibusunternehmen agus K. Reisen, C-416/21, EU:C:2022:689, mír 42), ionracas agus iontaofacht a fhéadfar a cheistiú, ní hamháin i gcás rannpháirtíocht an oibreora sin in iompar frithiomaíoch i gcomhthéacs an nós imeachta sin ach freisin i gcás rannpháirtíocht an oibreora sin san iompar roimhe sin.

70      Sa chás seo, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go gcuirtear teorainn le hAirteagal 70(2)(g) den CCP ar an bhféidearthacht tairiscint a eisiamh ar an bhforas go bhfuil fianaise shuntasach ann do ghníomhartha, do chomhaontaithe, do chleachtais nó d’fhaisnéis a d’fhéadfadh na rialacha iomaíochta a ghabhann leis an nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain a shaobhadh, ina n-aithnítear na cleachtais fhrithiomaíocha sin, rud a fhágann nach bhféadfadh an t-údarás conarthach an t-eisiamh sin a fhorchur dá mba rud é gur tharla na cleachtais fhrithiomaíocha atá i gceist roimh an nós imeachta sin.

71      I ndáil leis sin, is léir ó mhíreanna 51, 58, 60 agus 61 den bhreithiúnas seo, gan beann ar an dtagann an nós imeachta chun an conradh poiblí atá i gceist a dhámhachtain sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Threoir 2014/24 nó Threoir 2014/25, nach mór do na Ballstáit, ar a laghad, foráil a dhéanamh maidir leis an rogha atá ag údaráis chonarthacha na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 a áireamh i measc na gcritéar eisiaimh oibiachtúil i nósanna imeachta chun conarthaí poiblí a dhámhachtain, gan dochar d’aon chinneadh ó na Ballstáit an rogha sin a athrú ina hoibleagáid. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit, in aon chás, srian a chur le raon feidhme na bhforas eisiaimh sin.

72      Leanann sé ón méid thuas gurb é an freagra ar an gcúigiú ceist nach mór Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dteorannaítear an fhéidearthacht tairiscint a eisiamh ó thairgeoir mar gheall ar thásca tromchúiseacha a bheith ann go bhféadfadh iompar an tairgeora sin na rialacha iomaíochta a shaobhadh sa nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain sa réimse inar tharla an cineál iompair sin.

 An chéad cheist agus an dara ceist

73      Maidir leis an gcéad cheist agus an dara ceist, nach mór a fhreagairt go comhpháirteach, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar an chumhacht chun cinneadh a dhéanamh maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a eisiamh ó nósanna imeachta soláthair phoiblí de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta don údarás iomaíochta náisiúnta amháin.

74      Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhfuil oibleagáid ar an údarás conarthach, i gcomhréir le hAirteagal 56(1)(b) de Threoir 2014/24 a fhíorú, le linn an nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, an dtionscnaíonn an tairiscint ó thairgeoir nach bhfuil eisiata faoi Airteagal 57 den Treoir sin, d’fhonn an oibleagáid sin a leathnú chuig na hoibreoirí eacnamaíocha ar fad a bhfuil tairiscint curtha isteach acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Tim, C-395/18, EU:C:2020:58, mír 46).

75      Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 55 agus 56 den bhreithiúnas seo, bhí sé beartaithe ag reachtas an Aontais an cúram a chur ar an údarás conarthach, agus air féin amháin, measúnú a dhéanamh an gá iarrthóir nó tairgeoir a eisiamh ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain trí ionracas agus iontaofacht gach ceann de na hoibreoirí eacnamaíocha atá rannpháirteach i nós imeachta den sórt sin a fhíorú.

76      Go háirithe, tá an foras roghnach le haghaidh eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24, arna léamh in éineacht le haithris 101 den Treoir sin, bunaithe ar ghné ríthábhachtach den ghaol idir an tairgeoir dár dámhadh an conradh i gceist agus an t-údarás conarthach, eadhon iontaofacht an údaráis chonarthaigh, ar a bhfuil an iontaoibh atá ag an údarás conarthach as bunaithe (breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2022, J. Sch. Omnibusunternehmen et K. Reisen, C-416/21, EU:C:2022:689, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

77      De réir chásdlí na Cúirte, agus forais roghnacha eisiaimh á gcur i bhfeidhm acu, ní mór d’údaráis chonarthacha aird ar leith a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta, lena gceanglaítear orthu measúnú nithiúil aonair a dhéanamh ar dhearcadh an eintitis lena mbaineann, ar bhonn na dtosca ábhartha uile (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Meitheamh 2021, Rad Service agus páirtithe eile, C-210/20, EU:C:2021:445, mír 40, agus an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliekų tvarkymo centras, C-927/19, EU:C:2021:700, míreanna 156 agus 157).

78      Dá bhrí sin, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina bhfuil nós imeachta sonrach a rialaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta chun sáruithe ar dhlí na hiomaíochta a ionchúiseamh agus ina bhfuil an t-údarás iomaíochta náisiúnta freagrach as imscrúduithe a dhéanamh chun na críche sin, ní mór don údarás conarthach, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an bhfianaise a chuirtear ar fáil, brath, i bprionsabal, ar thoradh an nós imeachta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2018, Vossloh Laeis, C-124/17, EU:C:2018:855, mír 25).

79      Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith ag baint le cinneadh údaráis den sórt sin, lena bhforchuirtear pionós airgeadais ar thairgeoir as sárú den sórt sin a dhéanamh, go háirithe má tá toirmeasc sealadach ar pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair poiblí ag gabháil leis an bpionós sin. Cé go bhféadfadh cinneadh den sórt sin cur ar an údarás conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch sin a eisiamh ón nós imeachta chun an conradh poiblí atá i gceist a dhámhachtain, ar an taobh eile, ní féidir le heaspa cinnidh den sórt sin an t-údarás conarthach a chosc nó a dhíolmhú ó mheasúnú den sórt sin a dhéanamh.

80      Ní mór an measúnú sin a dhéanamh i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta agus na tosca ábhartha ar fad á gcur san áireamh chun a fhíorú an bhfuil bonn cirt le cur i bhfeidhm an fhorais eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24.

81      Sna príomhimeachtaí, luann an chúirt a rinne an tarchur go mbronntar measúnú ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag sárú ar na rialacha iomaíochta i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí amach anseo le hAirteagal 55(1)(f) den CCP go heisiach don údarás iomaíochta náisiúnta. Dá bhrí sin, is cosúil go gceanglaíonn an reachtaíocht sin, ar thaobh amháin, ar údaráis chonarthacha cinneadh an údaráis sin a chomhlíonadh lena bhforchuirtear pionós ar oibreoir eacnamaíoch lena dtoirmisctear air páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta sin ar feadh tréimhse shonraithe agus, ar an taobh eile, cosc a chur ar na húdaráis chonarthacha sin oibreoir eacnamaíoch nach raibh faoi réir pionós den sórt sin a eisiamh ó na nósanna imeachta sin. Dá bhrí sin, féadfar tairgeoir a eisiamh ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, tar éis cinneadh ón údarás sin, gan an t-údarás conarthach a bheith in ann iompar an tairgeora sin a mheasúnú agus, dá bhrí sin, ionracas agus iontaofacht an tairgeora sin chun an conradh atá i gceist a chomhlíonadh, nó cinneadh neamhspleách a dhéanamh, i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, an bhfuil bonn cirt leis an tairgeoir sin a eisiamh ar an bhforas dá dtagraítear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24.

82      Le reachtaíocht den sórt sin, lena nasctar measúnú ar ionracas agus iontaofacht na dtairgeoirí le conclúidí cinnidh ón údarás iomaíochta náisiúnta a bhaineann, go háirithe, le rannpháirtíocht amach anseo i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain, baintear an bonn den lánrogha nach mór don údarás conarthach a bheith aige i gcomhthéacs na chéad fhomhíre d’Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24.

83      Tá na breithnithe a leagtar amach sa mhír roimhe seo bailí freisin i gcás ina dtagann an nós imeachta maidir le dámhachtain an chonartha phoiblí atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Threoir 2014/25, ós rud é, mar a thugtar faoi deara i mír 71 den bhreithiúnas seo, nach mór do na Ballstáit, de bhua a n-oibleagáide an chéad fhomhír d’Airteagal 80(1) den Treoir sin a thrasuí, foráil a dhéanamh maidir leis an rogha atá ag eintitis chonarthacha na forais eisiaimh a liostaítear in Airteagal 57(4) de Threoir 2014/24 a áireamh i measc na gcritéar eisiaimh oibiachtúil i nósanna imeachta a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/25, gan dochar do chinneadh féideartha ó na Ballstáit sin an rogha sin a athrú ina hoibleagáid. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit, in aon chás, srian a chur leis an lánrogha nach mór don údarás conarthach a theachtadh sa chomhthéacs sin.

84      Leanann sé ón méid thuas gurb é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist nach mór Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24 a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar an chumhacht chun cinneadh a dhéanamh maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a eisiamh ó nósanna imeachta soláthair phoiblí de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta don údarás iomaíochta náisiúnta amháin.

 An tríú ceist

85      Maidir lena tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24, arna léamh i bhfianaise Airteagal 41(2)(c) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach mór, i gcinneadh an údaráis chonarthaigh maidir le hiontaofacht oibreora eacnamaíoch, arna ghlacadh de bhun an fhorais eisiaimh a leagtar síos san fhoráil sin de Threoir 2014/24, na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe a lua.

86      Ar dtús, ba cheart a thabhairt chun cuimhne go mbaineann Airteagal 41(2)(c) den Chairt go heisiach leis an oibleagáid atá ar ‘institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais’ cúiseanna lena gcinntí a lua. Dá réir sin, ní bhaineann an fhoráil sin le hábhar chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach.

87      Ní mór a mheabhrú, áfach, nach mór don údarás conarthach cloí le prionsabal ginearálta dhlí an Aontais a bhaineann le dea-riarachán, lena ngabhann ceanglais atá ar na Ballstáit a chomhlíonadh agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. I measc na gceanglas sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an oibleagáid cúiseanna a lua le cinntí arna nglacadh ag na húdaráis náisiúnta, sa mhéid is go gcuirtear ar chumas sheolaithe na gcinntí sin leis an oibleagáid sin a gcearta a chosaint agus cinneadh a dhéanamh, agus láneolas acu ar na fíorais, arb iomchuí imeachtaí dlí a thionscnamh ina gcoinne (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 1987, Heylens agus páirtithe eile, 222/86, EU:C:1987:442, mír 15, agus an 7 Meán Fómhair 2021, Klaipėdos regiono atliekų tvarkymo centras, C-927/19, EU:C:2021:700, mír 120).

88      Dá bhrí sin, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, tá an t-údarás conarthach faoi réir na hoibleagáide sin cúiseanna a lua. Baineann an oibleagáid sin le cinntí lena ndéanann an t-údarás conarthach tairgeoir a eisiamh de bhun, go háirithe, foras roghnach eisiaimh, amhail an foras dá bhforáiltear in Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24.

89      Mar is léir ó Airteagal 55(2)(b) de Threoir 2014/24, arna iarraidh sin don tairgeoir lena mbaineann, ní mór do na húdaráis chonarthacha a chur in iúl, a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí 15 lá tar éis iarraidh i scríbhinn a fháil, na cúiseanna ar diúltaíodh dá tairiscint.

90      Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach mór don údarás conarthach cúiseanna lena chinneadh a thabhairt freisin i gcás ina gcinneann sé go bhfuil tairgeoir i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 57(4) den Treoir sin, ach go gcinnfidh sé mar sin féin gan é a eisiamh, mar shampla, ar an bhforas gur beart díréireach é an t-eisiamh. Cé go ndealraíonn sé go bhfuil foras roghnach le haghaidh eisiaimh infheidhme, déanann cinneadh neamheisiaimh difear do staid dhlíthiúil na n-oibreoirí eacnamaíocha eile go léir atá rannpháirteach sa nós imeachta chun an conradh poiblí i dtrácht a dhámhachtain, nach mór dóibh, dá bhrí sin, a bheith in ann a gcearta a chosaint agus, i gcás inarb iomchuí, cinneadh a dhéanamh, ar bhonn na bhforas a leagtar amach sa chinneadh sin, caingean a thionscnamh i gcoinne an chinnidh sin. I ndáil leis sin, féadfar an ráiteas ar chúiseanna leis an gcinneadh gan eisiamh a chur san áireamh sa chinneadh críochnaitheach lena ndámhtar an conradh don tairgeoir a n-éireoidh leis.

91      Ag féachaint do na forais roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24, arna léamh i bhfianaise phrionsabal ginearálta an dea-riaracháin, a léiriú ar chaoi go gcaithfidh na cúiseanna ar a bhfuil cinneadh an údaráis chonarthaigh maidir le hiontaofacht oibreora eacnamaíoch bunaithe, arna ghlacadh de bhun an fhorais eisiaimh a leagtar síos san fhoráil sin a bheith luaite ann.

 Costais na n-imeachtaí

92      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      ‘Maidir le hAirteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dteorannaítear an fhéidearthacht tairiscint a eisiamh ó thairgeoir mar gheall ar thásca tromchúiseacha a bheith ann go bhféadfadh iompar an tairgeora sin na rialacha iomaíochta a shaobhadh sa nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain sa réimse inar tharla an cineál iompair sin.

2.      Maidir le hAirteagal 57(4)(d), de Threoir 2014/24/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar an chumhacht chun cinneadh a dhéanamh maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a eisiamh ó nósanna imeachta soláthair phoiblí de bhun sárú ar na rialacha iomaíochta don údarás iomaíochta náisiúnta amháin.

3.      Maidir le hAirteagal 57(4)(d), de Threoir 2014/24, arna léamh i bhfianaise phrionsabal ginearálta an dea-riaracháin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

caithfidh na cúiseanna ar a bhfuil cinneadh an údaráis chonarthaigh maidir le hiontaofacht oibreora eacnamaíoch bunaithe, arna ghlacadh de bhun an fhorais eisiaimh a leagtar síos san fhoráil sin a bheith luaite ann.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Phortaingéilis.