Caingean arna tabhairt an 26 Eanáir 2024 – Seedless Gold International v CVPO – Ángel Teresa Hermanos (Queen)
(Cás T-74/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Seedless Gold International, SL (Pilar de la Horadada, an Spáinn) (ionadaí: P. M. Porcel Sánchez, Dlíodóir)
Cosantóir: An Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ángel Teresa Hermanos, SA (Pilar de la Horadada, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair CVPO
Dílseánach an Chirt comhphobail um chineál planda atá faoi chonspóid: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
An Ceart comhphobail um chineál planda atá faoi chonspóid: Ceart comhphobail um chineál planda Uimh. EU 33910 – ainmníocht an chineáil Queen – Speiceas: Citrus reticulata Blanco
Nós imeachta os comhair CVPO: Nós imeachta um aistriú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de CVPO an 13 Nollaig 2023 i gCás A001/2022
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm, agus mar thoradh air sin, an chuideachta Seedless Gold International, SL a choinneáil mar dhílseánach iarbhír an chirt um chineál mandairín ‘Queen’ ag a bhfuil ceart um chosaint Uimh. 339610 ós rud é gurb é atá ina dhílseánach cláraithe maidir leis an ngníomhas aistrithe agus sannta a bhaineann leis na cearta atá i gceist.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Cur i bhfeidhm mícheart ar an bhfianaise dhoiciméadach a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/1994 ón gComhairle agus Airteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 874/2009 ón gCoimisiún;
Is ann do riachtanais bhreise maidir le dearbhú an doiciméad um shannadh cearta, maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 50(1)(a), Airteagal 73(4), Airteagal 79, Airteagal 80(1)(a) agus (d), Airteagal 87(1)(a), agus Airteagal 87(2)(d), Airteagal 89 de Rialachán (CE) Uimh. 874/2009 ón gCoimisiún, agus Airteagail 12 agus 23 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/1994 ón gComhairle;
Earráid i measúnú na fianaise a cuireadh ar fáil do Bhord Achomhairc CPVO;
Cur i gcrích na n-imeachtaí coiriúla agus easpa comharthaí sóirt coiriúlachta atá leordhóthanach i gcoinne Seedless Gold International S.L. agus i gcoinne an iarratasóra os comhair CPVO.
____________