Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2024 – Fashion Box v EUIPO – Ghostthinker (RE:PLAY)

(Cás T-163/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Fashion Box SpA (Asolo, an Iodáil) (ionadaithe: A. Parassina agus A. Giovannardi, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ghostthinker GmbH (Augsburg, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘RE:PLAY’ –Iarratas ar chlárú Uimh. 18 376 980

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bord Achomhairc de EUIPO an 25 Eanáir 2024 i gCás R 424/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO iarratas EUTM Uimh. 18 376 980 le haghaidh RE:PLAY a dhiultú;

a ordú do Ghostthinker GmbH na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.

____________