Caingean arna tabhairt an 15 Eanáir 2023 – Cinkciarz.pl v EUIPO (€$ We Think for You)
(Cás T-20/24)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Cinkciarz.pl sp. z o.o. (Zielona Góra, an Pholainn) (ionadaithe: E. Skrzydło-Tefelska agus M. Stępkowski, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘€$ We Think for You’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 15 225 253
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Samhain 2023 i gCás R 1256/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 41(1) agus (2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh trí shárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus ar an gceart chun éisteacht a fháil.
____________