Language of document :

Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 19 Eanáir 2024 – Lagardère v an Coimisiún

(Cás T-1119/23 R)

(Nós imeachta eatramhach – Iomaíocht – Comhchruinnithe – Iarraidh ar fhaisnéis – Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 – Iarraidh ar bhearta eatramhacha – Easpa práinne)

Teanga an cháis : an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Lagardère SA (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: D. Théophile, G. Aubron agus C. Bocket, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Caro de Sousa, B. Cullen agus D. Viros, Gníomhairí)

Ábhar

Lena iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar fionraí forghníomhnú Chinneadh C(2023) 6429 final an 19 Meán Fómhair 2023 ón gCoimisiún, maidir le himeacht de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (Cás M.11184 – Vivendi v Lagardère) (‘Cinneadh an 19 Meán Fómhair 2023’), arna leasú le Cinneadh C(2023) 7464 final an 27 Deireadh Fómhair 2023 ón gCoimisiún (‘Cinneadh an 27 Deireadh Fómhair 2023’), agus, ar an dara dul síos, mar bheart réamhchúraim, go n-ordófar dó na doiciméid go léir a bhaineann le Cinneadh an 19 Meán Fómhair 2023, arna leasú le Cinneadh an 27 Deireadh Fómhair 2023, a d’fhéadfadh a bheith ina údar spéise d’imscrúdú an Choimisiúin Eorpaigh, a choimeád.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

Cuirtear ordú an 29 Samhain 2023, Lagardère v an Coimisiún (T-1119/23 R) ar ceal.

Forchoimeádtar na costais.

____________