Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Sumol + Compal Marcas v EUIPO – Kåska (smål)
(Cás T-279/23)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh smål – Marcanna fíortha agus focalmharcanna náisiúnta de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe SUMOL – Foras coibhneasta le diúltú – Éagmais riosca mearbhaill – Céannacht earraí – Sainiúlacht fheabhsaithe trí na marcanna roimhe sin a úsáid – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sumol + Compal Marcas SA (Carnaxíd, an Phortaingéil) (ionadaí: R. Milhões, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Kåska Oy (Heilsincí, an Fhionlainn)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh an Chúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Márta 2023 (Cás R 2295/2022-5) a chur ar neamhní agus a athrú.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don chaingean.
Ordaítear do Sumol + Compal Marcas SA agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 235, 3.7.2023.