Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Aibreán 2024 ag Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 7 Feabhra 2024 i gCás T-146/22, Ryanair v an Coimisiún (KLM II; COVID-19)

(Cás C-269/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV (ionadaithe: C.E. Schillemans, P.J.F. Huizing, J. de Kok and E. de Krom, advocaten)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Ryanair DAC, an Coimisiún Eorpach, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre, Société Air France, Air France-KLM

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-achomharc a dheonú agus an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

feidhm a bhaint as a chuid cumhachta i gcomhréir leis an dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht na Cúirte d’fhonn breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa chás agus an chaingean le haghaidh neamhniú a tionscnaíodh i gCás T-146/22 a dhíbhe;

de rogha air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun breithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna nár measúnaíodh cheana; agus

a ordú do Ryanair DAC costais na n-imeachtaí achomhairc agus na costais a bheaineann leis an gcéad chéim a íoc, má thugann sí breithiúnas críochnaitheach san chás, nó costais na n-imeachtaí seo a fhorchoimeád má dhéanann sí an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí chaighdeán dlíthiúil mícheart a chur i bhfeidhm chun tairbhí na cabhrach i ngrúpa corparáideach a chinneadh agus, dá bhrí sin, chinn sí go mícheart nach bhféadfaí Air France-KLM Holding SA agus a fhochuideachtaí, lena n-áirítear Société Air France SA agus a fhochuideachtaí, a eisiamh ó thairbhí an bhirt cabhrach lena bhaineann.

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí mheasúnú an Choimisiúin a chur in ionad a measúnaithe féin maidir le tairbhí na cabhrach a chinneadh gan a shuí, ar bhealach leordhóthanach, go ndearnadh earráid fhollasach measúnaithe maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún Eorpach atá faoi chonspóid.

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí léiriú mhícheart a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann le coincheap bhuntáistí indíreacha na Státchabhrach.

____________