Caingean arna tabhairt an 28 Feabhra 2024 – Guangzhou Wanglaoji Grand Health v EUIPO – Multi Access (Léiriú ar thrí charachtar Sínise ar chúlra dearg)
(Cás T-126/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Guangzhou Wanglaoji Grand Health Co. Ltd (Guangzhou, an tSín) (ionadaí: P. Groß, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Multi Access Ltd (Road Town, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar thrí charachtar Sínise ar chúlra dearg) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 10 414 068
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2023 i gCás R 327/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a dhearbhú go bhfuil an marc atá faoi chonspóid neamhbhailí ar bhonn Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle;
a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinnfidh Multi Access Limited idiragairt a dhéanamh, a gcuid costais féin a íoc;
a ordú do EUIPO agus do Multi Access Limited, i gcás ina gcinnfidh Multi Access Limited idiragairt a dhéanamh, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair an Bhoird Achomhairc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (anois Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).
____________