Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Aibreán 2024 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 7 Feabhra 2024 i gCás T-146/22, Ryanair v an Coimisiún (KLM II; COVID-19)

(Cás C-266/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, J. Capri Badía agus M. Farley, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Ryanair DAC, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre, Société Air France, Air France KLM, Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-achomharc a dheonú agus an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

feidhm a bhaint as a chuid cumhachta i gcomhréir leis an dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht na Cúirte d’fhonn breithiúnas críochnaitheach a thabhairt;

de rogha air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun breithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna nár measúnaíodh cheana; agus

na costais a bhaineann leis na himeachtaí seo a fhorchoimeád, má dhéanann sí an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, nó a ordú do Ryanair na costais a íoc, má thugann sí breithiúnas críochnaitheach sa chás.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta caighdeán mícheart i bhfeidhm chun a shainiú cathain nach bhfuil tairbhí cabhrach teoranta ach d’eintiteas amháin nó roinnt eintiteas laistigh de ghrúpa corparáideach chun críocha rialacha an Aontais maidir le Státchabhair. Go háirithe, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí gur leor iad tosca nach dtugann le fios ach: (i) mar ábhar ginearálta, gur féidir le Air France KLM, ina cáil mar ‘mháthairchuideachta deiridh’, leibhéal rialaithe a fheidhmiú ar Société Air France (Air France) agus Koninklijke Luchtvaart Maatschappij (KLM) agus a bhfochuideachtaí; agus (ii) gurbh ann do leibhéal áirithe comhtháthaithe, comhordaithe agus comhair idir Air France, Air France-KLM agus KLM, chun a léiriú gur bhain Air France-KLM agus Air France tairbhe as an gcabhair – agus, dá bhrí sin, gur cheart iad a mheas mar thairbhithe chun críocha rialacha an Aontais maidir le Státchabhair – i gcás ina gcuirtear cosc go sainráite leis an ábhar beacht agus na téarmaí beachta ar dá réir a deonaíodh an chabhair ar úsáid na cabhrach chun tairbhe Air France-KLM agus Air France.

Ar an dara dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta measúnú an Choimisiúin in ionad a measúnaithe féin gan cead agus cinneadh á dhéanamh aici arb ionann cuideachtaí áirithe amháin atá laistigh de Ghrúpa Air-France-KLM agus tairbhí an bhirt cabhrach – réimse inar aithin Cúirteanna an Aontais go bhfuil measúnuithe eacnamaíocha casta ag teastáil, agus a bhfuil corrlach leathan lánroghnach ag an gCoimisiún ina leith – gan a shuí, ar bhealach leordhóthanach, go raibh réasúnaíocht an Choimisiúin curtha ó bhail mar gheall ar earráid fhollasach measúnaithe.

____________