Achomharc arna thabhairt an 11 Eanáir 2024 ag Feed SA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) an 20 Nollaig 2023 i gCás T-27/23, Feed v EUIPO - The Feed.com (THE FEED)
(Cás C-19/24 P)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: Feed SA (ionadaithe: V. Bouchara, A. Maier, Dlíodóirí)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, The Feed.com, Inc.
Le hordú an 24 Aibreán 2024, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.
____________