Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Samhain 2023 – AH v an Coimisiún

(Cás T-1093/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: AH (ionadaithe: A. Guillerme, T. Bontinck agus L. Burguin, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfear cinneadh na hOifige um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) den Choimisiún Eorpach an 9 Feabhra 2023 gan an liúntas easaoránachta a dheonú don iarratasóir, ar neamhní;

aitheantas a thabhairt do theidlíocht an iarratasóra ar an liúntas easaoránachta le héifeacht ón 1 Feabhra 2023;

a ordú don chosantóir EUR 5,000 a íoc i ndáil leis an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí maidir le léiriú Airteagal 4(1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus earráid shoiléir mheasúnaithe. Maíonn an t-iarratasóir go ndearna an Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) earráid dlí agus earráid shoiléir mheasúnaithe, ar an bhforas nár cuireadh san áireamh nach raibh briseadh ama idir an dá chonradh a síníodh le dhá institiúid éagsúla.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin, lena n-áirítear an ceart chun éisteacht a fháil. De réir an iarratasóra, sháraigh an PMO prionsabal an dea-riaracháin trína chur in iúl dó go ndéanfaí a theidlíocht ar an liúntas easaoránachta a athnuachan go huathoibríoch ar a iontráil nua i seirbhís sula n-athraigh sé a phost trí lá ina dhiaidh sin trí dhiúltú an liúntas sin a dheonú dó. Ina theannta sin, maíonn an t-iarratasóir gur sháraigh an PMO a cheart éisteacht a fháil sa mhéid is gur glacadh an cinneadh gan sochar an liúntais easaoránachta a dheonú dó a thuilleadh gan éisteacht leis roimh ré.

____________