Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 16 Feabhra 2024 – Coillte Cuideachta Ghníomhaíóchta Ainmnithe v Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil

(Cás C-129/24, Coillte Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Coillte Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe

Cosantóir: Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gciallaíonn an focal ‘iarratas’ in Airteagal 6(1) den Rialachán 2003/4 1 arna léamh i bhfianaise Airteagal 4(1) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCursaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 2 iarratas amháin atá bailí trí thagairt ar an Treoir agus ar an dlí baile lena dtrasuítear den Bhallstát lena mbaineann?

An gciallaíonn an focal ‘iarratasóir’ in Airteagal 2(5) den Rialachán 2003/4 arna léamh i bhfianaise inter alia Airteagal 4(1)(b) agus/nó Airteagal 6(1) agus/nó (2) agus/nó Airteagail 2(5) agus 4(1) agus (3)(b) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCursaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 duine nádúrtha nó dlítheanach arna sainaithint ag a bhfíorainm agus/nó a tseoladh fisiciúil reatha, in ionad duine anaithnid nó duine le hainm bréige agus/nó iarratasóir ina aithnítear a tsonraí teagmhála trí ríomhphoist amháin?

Más freagra diúltach ar an dara cheist, an bhfuil éifeacht ag Airteagal 3(1) agus/nó (5)(c) den Treoir 2003/4 arna léamh i bhfianaise Airteagal 4(1) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCursaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 cosc a chur ar reachtaíocht ina cheanglaítear ar iarratasóir a ainm/hainm a thabhairt agus/nó a sheoladh/seoladh fisiciúil reatha chun iarratas a dhéanamh?

Más freagra diúltach ar an dara cheist agus freagra dearfach go ghinearálta ar an tríú cheist, an bhfuil an éifeacht ag an Treoir 2003/4 arna léamh i bhfianaise Airteagal 4 den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCursaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 i gcás a chruthaíonn údarás phoiblí an tuairim réasúnta go bhfuil ceist prima facie ar fíre na faisnéise maidir lena n-aitheantas arna soláthar ag iarratasóir, cuireadh cosc ar an údaráis phoiblí ó dheimhniú a lorg ar fíorainm an iarratasóra agus/nó seoladh fisiciúil reatha, le cuspóir aitheantas an iarratasóra a fhíorú, agus gan an cuspóir suim an iarratasóra a shocrú, fiú más féidir le soláthar an fhíorainm agus/nó seoladh fisiciúil reatha an iarratasóra féidearthacht a thabhairt le tuiscint nó amhantraíocht a chruthú go hindíreach ar pháirt an údaráis phoiblí nó ar bhealach eile maidir le suim an iarratasóra má tá suim dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir?

Más freagra diúltach ar an dara cheist agus freagra dearfach go ghinearálta ar an tríú cheist, an bhfuil éifeacht ag Airteagal 4(1)(b) den Treoir arna léamh i bhfianaise Airteagal 4(3)(b) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil arna dhéanamh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 gur cuireadh cosc ar údaráis phoiblí deimhniú a lorg maidir le fíorainm an iarratasóra agus/nó seoladh fisiciúil reatha, le cuspóir a fhíorú cibé go bhfuil iarratas tugtha míréasúnta trí thagairt an mhéid, nádúr agus minicíocht iarratais eile a rinne an t-iarratasóir, agus gan an cuspóir suim an iarratasóra a shocrú, cé gur féidir le soláthar an fhíorainm agus/nó seoladh fisiciúil reatha d’iarratasóir féidearthacht a thabhairt le tuiscint nó amhantraíocht a chruthú go hindíreach ar pháirt an údaráis phoiblí nó ar bhealach eile maidir le suim an iarratasóra má tá suim dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir?

____________

1 Treoir 2003/4/CE de Pharlaimint na hEorpa agus den gComhairle an 28 Eanáir 2003 ar rochtain mhéadaithe phoiblí ar fhaisnéis agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle, IO 2003 L 41, lch. 26.

1 IO 2005, L 124, lch. 4.