Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 22 Márta 2024 ag Oil company "Lukoil" PAO i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Trí Dlísheomra) a fógraíodh an 25 Eanáir 2024 i gCás T-280/23, Lukoil v an Pharlaimint agus páirtithe eile

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-223/24 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Oil company "Lukoil" PAO (ionadaithe: B. Lebrun, C. Alter, Dlíodóirí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Clár Trédhearcachta, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

ar bhonn an dara fomhír d’Airteagal 256(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Ordú Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 25 Eanáir 2024, Oil company "Lukoil" PAO v Parlaimint na hEorpa agus páirtithe eile, T-280/23 (ECLI:EU:T:2024:41) a chur ar neamhní, lena mbunaítear go ndiúltaítear don chaingean le haghaidh neamhniú arna tabhairt ag an Achomharcóir an 17 Bealtaine 2023 – ag iarraidh go gcuirfí an cinneadh ó Rúnaíocht an Chláir Trédhearcachta Ares (2023) 1618717 an 6 Márta 2023 ar neamhní lena mbunaítear nach gcomhlíonann an tAchomharcóir na coinníollacha incháilitheachta don Chlár Trédhearcachta a thuilleadh mar gheall ar neamhchomhlíonadh phointe (e) de Chód Iompair an Chláir Trédhearcachta agus an tAchomharcóir a eisiamh ón gClár Trédhearcachta (‘an Cinneadh’) – toisc í a bheith neamh-inghlactha go follasach; agus

a ordú do na cosantóirí na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí

Déantar agóid leis an gcéad saincheist dlí lena n-éilítear neamhniú go ndearna Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Ghinearálta’) agus í á rialú gur tugadh fógra cuí maidir leis an gCinneadh chun an tAchomharcóir a eisiamh ón gClár Trédhearcachta.

Ar an gcéad dul síos, ní shonraítear sa Chinneadh arna chur in iúl ag Rúnaíocht an Chláir Trédhearcachta (‘an Rúnaíocht’) na leigheasanna ábhartha mar a cheanglaítear go sainráite le pointe 7.1. (abairt dheireanach) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach.

Ina theannta sin, níor cuireadh an Cinneadh in iúl don pháirtí lena mbaineann (PJSC Lukoil, a bunaíodh i Moscó), ná do dhuine a bhfuil sainordú dlíthiúil aige cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de a fháil agus pionós a ghearradh ar an eintiteas sin.

Dá bhrí sin, níor cuireadh an Cinneadh in iúl go bailí dá bhfaighteoir agus mar sin níor thosaigh an tréimhse achomhairc tosaithe.

Ar an dara dul síos, dá mba ghá a mheas gur cuireadh an Cinneadh in iúl dá fhaighteoir (quod non), rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí tríd an coincheap go bhfuarthas an Cinneadh a mheascadh suas leis an gcoincheap go bhféadfaí eolas úsáideach a bheith aige ar an gCinneadh (infheidhme sa chás seo). Tagann an chonclúid sin as mearbhall idir dhá shraith rialacha éagsúla. D’úsáid an Chúirt Ghinearálta fíoras sa nós imeachta athbhreithnithe os comhair na Rúnaíochta chun teacht ar an gconclúid sa nós imeachta achomhairc os comhair na Cúirte Ginearálta agus a chinneadh hearráideach go raibh an faighteoir in ann an cinneadh a thabhairt dá aire go húsáideach ar lá an fhógra, eadhon. an 6 Márta 2023.

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt earráid dlí agus í ag breithniú gurbh ionann dearbhú ó chomhairleoirí an Achomharcóra agus aitheantas gur tugadh fógra faoin gCinneadh go deimhin de réir bhrí Airteagal 263 den CFAE, ach nach raibh an cumas na comhairleoirí aitheantas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Achomharcóra agus gur bhain an dearbhú le fíoras nach bhféadfadh aon iarmhairtí dhlíthiúil a bheith aige.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua

Déantar agóid leis an dara saincheist dlí lena n-éilítear neamhniú gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an oibleagáid cúiseanna a lua trí argóintí na gcosantóirí a leanúint, cé nach dtacaítear le haon cheann de na dearbhuithe a chuir siad ar aghaidh ar a bhfuil an dualgas cruthúnais, le heilimintí nithiúla arna dtáirgeadh ag na cosantóirí, ach go bhfuil siad bunaithe go heisiach ar mhearbhall d’aon ghnó ar na rialacha is infheidhme maidir le spriocdhátaí a ríomh, eadhon, ar thaobh amháin, na cinn is infheidhme maidir le hathbhreithniú a iarraidh ar an gCinneadh ón Rúnaíocht, agus, ar an taobh eile, na cinn atá i réim in achomhairc de bhun Airteagal 263 den CFAE.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla

Déantar agóid leis an tríú saincheist dlí lena n-éilítear neamhniú go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla a shárú, chomh maith le cearta cosanta an Achomharcóra, agus go sonrach a cheart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha) chomh maith lena cheart chun triail chóir a fháil (Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine).

____________