Language of document :

Caingean arna tabhairt an 15 Márta 2024 – an Coimisiún Eorpach v Éire

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-204/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)

Cosantóir: Éire

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí mhainneachtain Airteagail  2(38), 4(2), 5(2), 7(3), 9(2), 11(3)(a), 11(3)(b), 11(3)(c), 11(3)(d), 11(3)(e), 11(3)(i), 11(3)(l), chomh maith le hIarscríbhinní II agus V, de Threoir 2000/60/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (‘an Treoir Réime maidir le hUisce’), gur mhainnigh Éire a hoibleagáidí faoin Treoir sin a thrasuí i gceart agus go hiomlán;

a ordú d’Éire na costais a íoc

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Leis an Treoir Réime maidir le hUisce, leagtar síos creat chun cosaint a thabhairt d’uiscí dromchla intíre, d’uiscí trasdultacha, d’uiscí cósta agus do screamhuisce. Tá sé mar aidhm leis an Treoir truailliú a chosc agus a laghdú, úsáid inbhuanaithe uisce a chur chun cinn, an timpeallacht uisceach a chosaint agus a fheabhsú agus na héifeachtaí a bhíonn ag tuilte agus triomaigh a mhaolú. Is é an cuspóir foriomlán ná dea-stádas comhshaoil a ghnóthú do na huiscí uile. Iarrtar ar na Ballstáit, dá réir sin, pleananna bainistíochta abhantraí a tharraingt suas bunaithe ar abhantracha nádúrtha geografacha, chomh maith le sainchláir de bhearta chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Tá dhá réimse ann atá fós ina siocair imní in Éirinn, mar gheall ar an ról lárnach atá acu maidir le héifeacht iomlánach na Treorach a áirithiú: 1) an t-easpa soiléireachta atá fós ann i ndlí na hÉireann i dtaobh an meastar go cuí gurb ionann aisghabháil costas agus uirlis bainistíochta uisce i dtaca le gach seirbhís uisce, is é sin, na seirbhísí sin freisin nach ndéanann Irish Water; agus 2) neamhdhóthanacht rialuithe maidir le hastarraingt uisce agus idirghabhálacha hidreamoirfeolaíocha lena n-áiritheofar go ndéantar faireachán leanúnach ar an tionchar ar stádas éiceolaíoch na ndobharlach lena mbaineann. Maidir leis an gcéad phointe, cáineann an Coimisiún trasuí Airteagal 2(38), 5(2) agus 9(2) den Treoir sin. Maidir leis an dara pointe, cáineann an Coimisiún an t-easpa leanúnach béime, i ndlí na hÉireann, ar chreat struchtúrtha maidir le gníomhaíochtaí faireacháin agus bainistíochta, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stádas éiceolaíoch na ndobharlach, de réir mar a bhíonn tionchar ag astarraingt agus athruithe hidreamoirfeolaíocha air. Chun go ndéanfaidh Ballstát cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach na Treorach a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfaí na cuspóirí comhshaoil ábhartha a leagan amach i gceart (Airteagal 4), go ndéanfaí na h-uiscí a úsáidtear le haghaidh astarraingt a shainaithint mar is ceart (Airteagal 7) agus go gcuirfí clár beart i bhfeidhm chun na cuspóirí arna sainaithint a bhaint amach (Airteagal 11). In éagmais an chreata sin, tá baol ann go mbeidh an faireachán ar stádas éiceolaíoch na ndobharlach neamhiomlán.

____________

1 IO 2000 L 327, lch. 1.