Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšším správním soudem (Poblacht na Seice) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – Česká síť s. r. o. v Odvolací finanční ředitelství
(Cás C-796/23, Česká síť)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Česká síť s. r. o.
Cosantóir: Odvolací finanční ředitelství
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil an cás ina bhfuil comhpháirtí ainmnithe faoi dhliteanas cáin bhreisluacha a íoc thar ceann na cuideachta ar fad, bíodh is gur dhéileáil comhpháirtí eile leis an gcustaiméir deiridh i ndáil le soláthar seirbhísí, de réir socruithe cánach breisluacha speisialta le haghaidh ‘cuideachtaí’ (comhlachais daoine gan pearsantacht dhlítheanach), i gcomhréir le Treoir 2006/112/CE 1 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, go háirithe le hAirteagal 9(1) agus Airteagal 193 di?
An bhfuil comhréireacht an cháis sin le Treoir 2006/112/CE faoi réir cé acu ar sháraigh an comhpháirtí eile na rialacha maidir le hionadaíocht a dhéanamh don chuideachta agus cé acu ar dhéileáil sé leis an gcustaiméir deiridh thar a cheann féin?
____________
1 IO 2006 L 347, lch. 1.