Caingean arna tabhairt an 24 Márta 2023 – Kneipp v EUIPO – Patou (Joyful by nature)
(Cás T-157/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Kneipp GmbH (Würzburg, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Pejman, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Jean Patou (Páras, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi chonspóid: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Joyful by nature” – Iarratas ar chlarú Uimh. 18 159 946
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh an Dara Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 19 Eanáir 2023 i gCás R 532/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarrastasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a dhíbhe sé achomharc an iarratasóra i gcoinne an diúltaithe don iarratas ar earraí agus seirbhísí in Aicmí 3, 4, 35 agus 44 a chur ar neamhní ;
a ordú do EUIPO táillí an iarratasóra agus costais na caingne chomh maith le táillí an iarratasóra agus costais na n-imeachtaí freasúra a íoc.
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________