Language of document :

Caingean arna tabhairt an 18 Bealtaine 2022 – VEB.RF v an Chomhairle

(Cás T-288/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: State Development Corporation “VEB.RF” (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: J. Iriarte Ángel agus E. Delage González, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh 2014/145/CBES1 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú,2 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear don iarratasóir ann nó a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar an iarratasóir leis.

Rialachán (AE) Uimh. 269/20141 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú,2 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear don iarratasóir ann nó a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar an iarratasóir leis.

Airteagal 1e, i dtaca le hIarscríbhinn VIII de Chinneadh 2014/512/CBES1 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine arna leasú,2 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear don iarratasóir ann nó a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar an iarratasóir leis.

Airteagal 5h, i dtaca le hIarscríbhinn XIV de Rialachán (AE) Uimh. 833/20141 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine arna leasú,2 a chur ar neamhní a mhéid a thagraítear don iarratasóir ann nó a d’fhéadfaí tionchar a imirt ar an iarratasóir leis.

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí seo a leanas.

Na saincheisteanna dlí ar a mbunaítear an chéad dá ordú atá á lorg:

a) Earráid fhollasach ar mheasúnú na bhfíricí ar a mbunaítear na forálacha atá faoi chonspóid.

b) Neamhchomhlíonadh an dualgais cúiseanna a lua.

c) Sarú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí.

d) Sárú ar an gceart chun maoine ó thaobh phrionsabal na comhréireachta de.

e) Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.

f) Mí-úsáid cumhachtaí.

Na saincheisteanna dlí ar a mbunaítear an dá ordú dheireanacha atá á lorg:

a) Neamhchomhlíonadh an dualgais cúiseanna a lua.

b) Earráid fhollasach ar mheasúnú na bhfíricí ar a mbunaítear na forálacha atá faoi chonspóid.

c) Sárú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí.

d) Sárú ar an gceart chun maoine.

e) Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.

____________

1     IO 2014 L 78, lch. 16.

1     Arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/265 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2002 L 42I, lch. 98).

1     IO 2014 L 78, lch. 6.

1     Arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/260 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 42I, lch. 3).

1     IO 2014 L 229, lch. 13.

1     Arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 63, lch. 5).

1     IO 2014 L 229, lch. 1.

1     Arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 63, lch. 1).