Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Obvodní soud pro Prahu 1 (Poblacht na Seice), arna ionadú ag nótaire is coimisinéir breithiúnais i bPrág, a taisceadh an 6 Feabhra 2024 – L. P agus páirtithe eile

(Cás C-98/24, Koda) 1

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Obvodní soud pro Prahu 1

Páirtithe sna príomhimeachtaí

L. P.

A. K.

R. K.

R. F. von K.-K.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 83(3) agus (4) de Rialachán 650/2012, arna léamh i gcomhair le hAirteagal 3(1)(d) de Rialachán 650/2012, 1 le léiriú sa chaoi go dtagann dearbhú maidir le dí-oidhriú faoin téarma diúscairt maoine tráth báis?

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an bhfuil Airteagal 83(4) de Rialachán 650/2012 le léiriú sa chaoi, i gcás inar ndearna an tiomnóir diúscairt maoine tráth báis roinnt uaireanta i gcomhréir leis an dlí arna roghnú ag an tiomnóir i gcomhréir le Rialachán 650/2012, an é an dlí ar measadh gur roghnaíodh é mar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomharbas an dlí sin ar faoina réir a rinne an tiomnóir diúscairt maoine tráth báis go deireanach roimh an 17 Lúnasa 2015?

An bhfuil Airteagal 26(2) de Rialachán 650/2012 le léiriú sa chaoi, i gcás inar cuireadh srian le cumas an tiomnóra diúscairt a dhéanamh trí dhiúscairt maoine tráth báis a dhéanamh roimh an 17 Lúnasa 2015 faoin dlí lenar rialaíodh a chomharbas san iomlán, agus ina ndearnadh athruithe trí athrú ar an dlí sin ina dhiaidh sin ar na coinníollacha maidir le feidhmiú a chumais diúscairt a dhéanamh, go bhfuil srian fós le cumas an tiomnóra diúscairt a dhéanamh de réir an dlí ab infheidhme maidir le comharbas an tiomnóra i gcás ina bhfaigheadh sé bás ar dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maidir le comharbas, gan beann air, de réir an dlí lena rialaítear a comharbas san iomlán tráth báis, go raibh an tiomnóir i dteideal an comhaontú sin maidir le comharbas a fhoirceannadh (a chúlghairm nó a athrú)?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO 2012 L 201, lch. 107).