Caingean arna tabhairt an 29 Márta 2023 – Amstel Brouwerij v EUIPO – Anheuser-Busch (ULTRA)
(Cás T-170/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Amstel Brouwerij BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaí: T. Cohen Jehoram, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Anheuser-Busch LLC (St. Louis, Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ULTRA – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 895 258
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Eanáir 2023 i gCás R 2088/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________