Caingean arna tabhairt an 8 Deireadh Fómhair 2023 – UB v Frontex
(Cás T-1037/23)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: UB (ionadaithe: S. Pappas agus A. Kila, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
cinneadh intuigthe na Gníomhaireachta a chur ar neamhní, cinneadh trínar dhiúltaigh sí dara hagallamh a thabhairt don iarratasóir agus mar sin chun deis a thabhairt dó a bheith earcaithe go tráthúil le haghaidh poist mar Oifigeach Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Buanchór – leibhéal bunúsach in Frontex agus, dá bhrí sin, ag diultú dá iarratas;
cinneadh an 29 Meitheamh 2023 ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar neamhní, lena ndiúltaíodh gearán an iarratasóra an 14 Feabhra 2023 i gcoinne cinnidh intuigthe na Gníomhaireachta toisc é a bheith neamh-inghlactha; agus,
a ordú don chosantóir a costais féin chomh maith le costais an iarratasóra a íoc do na himeachtaí reatha.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an bhfógra earcaíochta agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na trédhearcachta agus an dea-riaracháin, agus go sonrach go raibh easpa réasúnaíochta leordhóthanach.
____________