Achomharc arna thabhairt an 5 Iúil 2023 ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) an 26 Aibreán 2023 i gCás T-557/20, an Bord Réitigh Aonair v an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí
(Cás C-413/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (MECS) (ionadaithe: D. Nardi, T. Zerdick, P. Candellier, X. Lareo, G. Devin, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Bord Réitigh Aonair (BRA)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal ina iomláine;
breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa díospóid;
a ordú don BRA costais na n-imeachtaí achomhairc agus na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, ardaíonn an t-achomharcóir an dá fhoras seo a leanas:
An chéad fhoras: Léiriú mícheart ar Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(6) de Rialachán 2018/17251 mar a léirítear iad i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais toisc gur cuireadh ceangal ar MECS measúnú a dhéanamh i dtaobh an sonraí pearsanta an fhaisnéis atá i gceist sa chás ó thaobh an fhaighteora de agus toisc nár cuireadh an coincheap de bhréagainmniú san áireamh.
An dara foras: Léiriú mícheart ar Airteagal 4(2) agus Airteagal 26(1) de Rialachán 2018/1725 toisc nár cuireadh prionsabal na cuntasachta san áireamh in aon chor agus toisc gur cinneadh gur cheart go mbeadh sé cruthaithe ag MECS go ndearna BRA na sonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil aige a anaithnidiú go héifeachtach.
____________
1 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).