Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Aibreán 2023 – Sta Grupa v EUIPO – Axis (VAPIX)

(Cás T-207/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sta Grupa AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: I. Stankeviča, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Axis AB (Lund, an tSualainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “VAPIX” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 5 040 118

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Feabhra 2023 i gCás R 1098/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar ceal;

an trádmharc faoi cheist a chúlghairm le haghaidh na n-earraí a raibh cláraithe go fóill i ndiaidh an chinnidh atá faoi chonspóid;

Iarrann an t-iarratasóir go ndámhfaí costais dó i ndáil leis na himeachtaí seo.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________