Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht für Zivilrechtssachen Wien (an Ostair) a taisceadh an 12 Márta 2024 - TQ v Mr Green Limited
(Cás C-198/24, Mr Green)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landesgericht für Zivilrechtssachen Wien
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: TQ
Cosantóir: Mr Green Limited
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 655/2014 1 le léiriú sa chaoi nach bhfuil na bearta arna ndéanamh ag an bhféichiúnaí trí bliana nó níos mó roimhe sin agus/nó bacainní ar fhorfheidhmiú an bhreithiúnais i mBallstát an fhéichiúnaí le cur san áireamh?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú (IO 2014 L 189, lch. 59).