Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 - Meta Platforms Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände - Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.

(Cás C-757/22, Meta Platforms Ireland)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Meta Platforms Ireland Limited

Freagróir ar an achomharc: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände - Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.

An cheist a tharchuirtear

An líomhnaítear go bhfuil ann do shárú ar chearta “mar thoradh ar an bpróiseáil” de réir bhrí Airteagal 80(2) de Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán maidir le Cosaint Sonraí) 1 i gcás ina mbunaíonn comhlachas cosanta tomhaltóirí a chaingean ar shárú ar chearta an ábhair sonraí ar an bhforas nár comhlíonadh na hoibleagáidí faisnéise a leagtar síos sa chéad abairt d’Airteagal 12(1) de Rialachán 2016/679, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1)(c) agus (e) de, maidir le críoch na próiseála sonraí agus faighteoir na sonraí pearsanta?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).