Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Stadtwerke Hameln Weserbergland v an Coimisiún
(Cás T-58/21) 1
(Iomaíocht – Comhchruinnithe – Margaí leictreachais agus gáis na Gearmáine – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach – Oibleagáid chun cúiseanna a lua – An coincheap ‘comhchruinniú aonair’ – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – An ceart chun éisteacht a fháil – Sainmhíniú ar an margadh – Tréimhse anailíse – Measúnú ar éifeachtaí an idirbhirt ar iomaíocht – Earráidí follasacha measúnaithe – Gnóthais – Dualgas cúraim)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Stadtwerke Hameln Weserbergland GmbH, anciennement GWS Stadtwerke Hameln GmbH (Hameln, an Ghearmáín) (ionadaithe: I. Zenke agus T. Heymann, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen agus J. Szczodrowski, Gníomhairí, T. Funke agus A. Dlouhy, Dlíodóirí)
Idiragraithe i dtaca leis an gcosantóir: E.ON SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Grave, C. Barth agus D.-J. dos Santos Goncalves, Dlíodóirí), RWE AG (Essen) (ionadaithe: U. Scholz, J. Ziebarth agus J. Siegmund, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2019) 6530 final ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 lena ndearbhaítear go bhfuil comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8870 – E.ON v Innogy) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Stadtwerke Hameln Weserbergland GmbH a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, E.ON SE agus RWE AG a íoc.
____________
1 IO C 138, 19.4.2021.