Caingean arna tabhairt an 21 Feabhra 2023 – Ofree v EUIPO – Gamigo (gamindo)
(Cás T-91/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Ofree Srl (Treviso, an Iodáil) (ionadaí: L. Sergi, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh – EUIPO
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc: Gamigo AG (Hamburg, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmharc faoi cheist: an t-iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh gamindo – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 105 987
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Eanáir 2023 i gCás R 632/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus don idirghabhálaí na costais a thabhaigh an t-iarratasóir chun críocha na n-imeachtaí reatha os comhair na Cúirte Ginearálta agus chun críocha na n-imeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 41(2)(c) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an dara mír d’Airteagal 296 CFAE.
____________