Achomharc arna thabhairt an 15 Samhain 2023 ag Mikail Safarbekovich Gutseriev i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-526/21, Gutseriev v an Chomhairle
(Cás C-681/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Mikail Safarbekovich Gutseriev (ionadaithe: B. Kennelly, Abhcóide Sinsir, J. Pobjoy, Abhcóide agus D. Anderson, Avocat)
Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;
breithiúnas críochnaitheach a thabhairt í féin sa chás seo, (i) lena gcuirtear na gníomhartha atá faoi chonspóid 1 ar neamhní, a mhéid a bhaineann siad leis an achomharcóir; agus/nó (ii) lena ndearbhaítear nach bhfuil feidhm ag Airteagal 4(1) de Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise 2 (arna leasú) agus Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Uachtarán Lukashenko agus oifigigh áirithe de chuid na Bealarúise 3 (arna leasú), a mhéid a bhaineann siad leis an achomharcóir;
de rogha air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais, i gcomhréir le measúnú dlíthiúil na Cúirte Breithiúnais; agus
a ordú don Chomhairle costais an achomharcóra sna himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí mar thaca lena achomharc.
An chéad saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nár ceanglaíodh ar an gComhairle a fhíorú go raibh an t-achomharcóir ag baint tairbhe as nó ag tacú le réimeas Uachtaráin Lukashenko ar bhonn airgeadais nó ar bhealach ábhartha.
An dara saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nár ceanglaíodh ar an gComhairle a fhíorú ar lean an t-achomharcóir lena bheith ag baint tairbhe as nó ag tacú le réimeas Uachtaráin Lukashenko ar uair a ainmnithe.
An tríú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach ndearna an Chomhairle earráid fhollasach mheasúnaithe nuair a measadh go raibh an t-achomharcóir ag baint tairbhe as nó ag tacú le réimeas Uachtaráin Lukashenko.
____________
1 Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021, L 219 I, lch. 70) chun feidhme, agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/997 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gcuirtear Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO 2021 L 219 I, lch. 3) chun feidhme.Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/307 an 24 Feabhra lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2022 L 46, lch. 97) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/300 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gcuirtear Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2022 L 46, lch. 3) chun feidhme.
1 IO 2012 L 285, lch. 1.
1 IO 2006, L 134, lch. 1.