Language of document : ECLI:EU:C:2023:579

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

KOKOTT

arna tabhairt an 13 Iúil 2023 (1)

Cás C-551/21

an Coimisiún Eorpach

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Caingean le haghaidh neamhniú – Cinneadh (AE) 2021/1117 – Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) – Síniú thar ceann an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm sealadach – Cumhacht síniúcháin – Údarú ó Uachtarán na Comhairle – Síniú ag Buanionadaí Phoblacht na Portaingéile agus Uachtarán Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) – Airteagal 13(2) agus an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE – Airteagal 218(2) agus (5), Airteagail 220 agus 221 CFAE – Cumhacht an Choimisiúin maidir le hionadaíocht sheachtrach an Aontais – Inniúlacht na Comhairle conarthaí idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích – Prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais – Airteagail 296 agus 297 CFAE – Oibleagáid cúiseanna a lua – Foilsiú an chinnidh údaraithe)






Clár


I. Réamhrá

II. An dlí lena mbaineann

A. An dá Choinbhinsiún Vín

B. Dlí an Aontais

1. CAE

2. CFAE

III. Cúlra na díospóide

IV. Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais agus an t-ordú atá á lorg ag na páirtithe

V. Measúnú

A. Inghlacthacht

B. Substaint an cháis

1. An chéad saincheist dlí

(a) Gaol nach bhfuil soiléirithe idir Airteagal 17 CAE agus Airteagal 218 CFAE

(b) An séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE – An coincheap “ionadaíocht sheachtrach an Aontais”

(1) Léiriú i bhfianaise an dlí idirnáisiúnta

(2) Léiriú i bhfianaise Airteagail 220 agus 221 CFAE

(3) Conclúid idirlinne

(c) Airteagal 218(2) agus (5) CFAE – Údarú na Comhairle chun síniú

(1) Argóintí na bpáirtithe

(2) Measúnú

(d) Conclúid idirlinne

2. An dara saincheist dlí

VI. Costais

VII. Conclúid


I.      Réamhrá

1.        Leis an gcaingean seo faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an Coimisiún Eorpach go gcuirfí ar neamhní Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1117 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (2) (“an cinneadh atá faoi chonspóid”). Leis sin, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige nó acu an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais. Thairis sin, iarrann an Coimisiún go gcuirfí ar neamhní an t-údarú bunaithe air sin atá ag Buanionadaí Phoblacht na Portaingéile agus Uachtarán Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (“Coreper”) ó Uachtarán na Comhairle chun an Prótacal sin a shíniú thar ceann an Aontais (“an t-údarú atá faoi chonspóid”).

2.        Go bunúsach, líomhnaíonn an Coimisiún gur sháraigh an Chomhairle a hinniúlacht agus, sa chaoi sin, gur sháraigh sí a cumhacht i dtaobh ionadaíocht sheachtrach an Aontais faoin séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. Faoi Airteagal 218(5) CFAE, tá sé de chumhacht aici a údarú, trí chinneadh, comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm, ach ní síniú ag ionadaí a ordú. Tagann sin faoi inniúlacht an Choimisiúin.

3.        Níl soiléiriú tugtha fós ar na ceisteanna sin i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais. Baineann siad le caomhnú na cothromaíochta institiúidí laistigh den Aontas i ndáil leis an nós imeachta chun comhaontuithe idirnáisiúnta le tríú Stáit nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur i gcrích, mar atá ann ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. Bhí cleachtas dlí na Comhairle atá faoi cheist ann le fada an lá roimhe sin. Leis an gcaingean seo, áfach, déanann an Coimisiún díospóid ina leith sin, go háirithe ar an bhforas gur tháinig athrú ar an staid dhlíthiúil faoi Chonradh Liospóin. Tá fíorthábhacht leis go ndéanfar na hinniúlachtaí a shoiléiriú ní hamháin laistigh de struchtúr institiúideach an Aontais, ach ó thaobh tríú Stáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      An dá Choinbhinsiún Vín

4.        Foráiltear in Airteagal 7 de Choinbhinsiún Vín an 23 Bealtaine 1969 maidir le Dlí na gConarthaí (3) (“Coinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí”), faoin gceannteideal “Lánchumhachtaí”, mar a leanas:

“1.      Measfar gur ionadaí Stáit é duine chun críche téacs conartha a ghlacadh nó a fhíordheimhniú nó chun críche toiliú an Stáit lena bheith faoi cheangal ag conradh a chur in iúl:

(a)      má thugann sé lánchumhachtaí iomchuí ar aird; nó

(b)      más dealraitheach ó chleachtas na Stát lena mbaineann nó ó imthosca eile go raibh sé ar intinn acu glacadh leis an duine sin mar ionadaí Stáit chun na gcríoch sin agus déanamh gan lánchumhachtaí.

2.      De bhua a bhfeidhmeanna agus gan bheith orthu lánchumhachtaí a thabhairt ar aird, measfar go bhfuil na daoine seo a leanas mar ionadaí a Stáit:

(a)      Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus Airí Gnóthaí Eachtracha, chun críche aon ghníomhartha a dhéanamh i ndáil le conradh a thabhairt i gcrích;

(b)      cinn misin taidhleoireachta, chun críche téacs conartha a ghlacadh idir an Stát ag tabhairt creidiúnú agus an Stát lena bhfuil siad creidiúnaithe;

(c)      ionadaithe atá creidiúnaithe ag Stáit do chomhdháil idirnáisiúnta nó d’eagraíocht idirnáisiúnta nó do cheann dá comhlachtaí, chun críche téacs conartha a ghlacadh mar chuid den chomhdháil, eagraíocht nó comhlacht sin.”

5.        Foráiltear in Airteagal 10 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, dar teideal “An téacs a fhíordheimhniú”, mar a leanas:

“Déanfar téacs barántúil agus críochnaitheach de chonradh

(a)      tríd an nós imeachta dá bhforáiltear sa téacs nó arna chomhaontú ag na Stáit ag glacadh páirt ina dhréachtú; nó

(b)      i gcás nach bhfuil ann do nós imeachta den sórt sin, trí théacs an chonartha nó an Ghnímh Deiridh comhdhála ina n-ionchorprófar an téacs a shíniú nó a shíniú ad referendum ag ionadaithe na Stát sin nó trína n-inisealacha a chur leis.”

6.        Foráiltear in Airteagal 11 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí, dar teideal “Modhanna chun toiliú lena bheith faoi cheangal ag conradh a chur in iúl”, mar a leanas:

“Féadfar toiliú Stáit lena bheith faoi cheangal ag conradh a chur in iúl trí shíniú, malartú ionstraimí arb ionann iad agus conradh, daingniú, glacadh, údarú nó aontú, nó trí aon mhodh eile arna chomhaontú.”

7.        Níl feidhm ag Coinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí ach le conarthaí idir Stáit. I gCoinbhinsiún Vín an 21 Márta 1986 maidir le Dlí na gConarthaí idir Stáit agus Eagraíochtaí Idirnáisiúnta nó idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta”), nach bhfuil tagtha i bhfeidhm, tá, in Airteagail 10 agus 11, forálacha atá go mór mór mar an gcéanna lena rialaítear barántúlacht an téacs agus cur i gcrích conarthaí. Mar sin féin, ní fhoráiltear ann, in Airteagal 7, d’aon chumhacht ionadaíochta de bhua feidhmeanna i dtaobh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

B.      Dlí an Aontais

1.      CAE

8.        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 13(2) CAE:

“Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin.”

9.        Foráiltear sa dara fomhír d’Airteagal 15(6) CAE:

“Áiritheoidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a leibhéal féin agus sa cháil sin ionadaíocht sheachtrach an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála, ach sin gan dochar do chumhachtaí Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.”

10.      Foráiltear, inter alia, in Airteagal 17(1) CAE:

“[…] Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus amach ó chásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, áiritheoidh [an Coimisiún] ionadaíocht sheachtrach an Aontais. […]”

11.      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 27(2) CAE:

“Feidhmeoidh an tArdionadaí ar son an Aontais maidir leis na hábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Seolfaidh sé agallamh polaitiúil le tríú páirtithe thar ceann an Aontais agus léireoidh sé seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.”

2.      CFAE

12.      Foráiltear, inter alia, mar a leanas in Airteagal 218 CFAE:

“1. Gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha síos in Airteagal 207, déanfar comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta anseo thíos.

2. Údaróidh an Chomhairle an chaibidlíocht a thosú, glacfaidh sí na treoracha caibidlíochta, údaróidh sí síniú comhaontuithe agus tabharfaidh sí na comhaontuithe i gcrích.

3. Déanfaidh an Coimisiún, nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nuair a bhainfidh an comhaontú arna bheartú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, moltaí a thíolacadh don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar an chaibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar, i bhfianaise ábhar an chomhaontaithe arna bheartú, idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais.

4. Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú nach foláir an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis.

5. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm.

6. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích.

Ach amháin nuair a bhainfidh an comhaontú go heisiach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, glacfaidh an Chomhairle an cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích:

(a)      tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa sna cásanna seo a leanas:

[…]

(b)      tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i ngach cás eile [...]

7. Agus comhaontú á thabhairt i gcrích aici, féadfaidh an Chomhairle, de mhaolú ar mhíreanna 5, 6 agus 9, a údarú don idirbheartaí formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasuithe ar an gcomhaontú nuair a fhorálfar ann go nglacfar iad trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gcomhaontú. Féadfaidh an Chomhairle coinníollacha sonracha a chur ag gabháil leis an údarú sin.

[…]

10. Cuirfear Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas láithreach ag gach céim den nós imeachta.

11. Féadfaidh Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún tuairim na Cúirte Breithiúnais a fháil i dtaobh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh ag luí leis na Conarthaí. I gcás tuairim diúltach ón gCúirt, ní fhéadfaidh an comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh teacht i bhfeidhm gan leasú a dhéanamh ar an gcomhaontú nó gan athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí.”

13.      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 220 CFAE:

“1. Bunóidh an tAontas gach comhar is iomchuí le comhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus lena sainghníomhaireachtaí, le Comhairle na hEorpa, leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta.

Déanfaidh an tAontas freisin caidreamh mar is iomchuí a choimeád ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

2. Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gCoimisiún an tAirteagal seo a chur chun feidhme.”

14.      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 221 CFAE:

“1. Feidhmeoidh toscaireachtaí an Aontais ar son an Aontais i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2. Cuirtear toscaireachtaí an Aontais faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Gníomhóidh siad i ndlúthchomhar le misin taidhleoireachta agus chonsalacha na mBallstát.”

III. Cúlra na díospóide

15.      Ar thogra ón gCoimisiún, thug an Chomhairle údarú dó, an 22 Deireadh Fómhair 2015, caibidlíocht a thosú le Poblacht na Gabúine, thar ceann an Aontais Eorpaigh, d’fhonn Prótacal maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (“an Prótacal”) a thabhairt i gcrích. Tugadh an comhaontú sin i gcrích in 2007 agus tugadh deiseanna iascaireachta sna huiscí ag teacht faoi cheannasacht Phoblacht na Gabúine d’iascairí an Chomhphobail. (4)

16.      I ndiaidh na caibidlíochta sin a thabhairt i gcrích, cuireadh inisealacha leis an bPrótacal an 10 Feabhra 2021.

17.      An 19 Bealtaine 2021, chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle a thogra le haghaidh cinneadh i ndáil le síniú an Phrótacail, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm sealadach.

18.      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 2 den Togra le haghaidh cinnidh:

“Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí lena n‑údarófar don duine arna shonrú ag an gCoimisiún an Prótacal sin a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích.”

19.      Dhiúltaigh an Chomhairle an fhoclaíocht a bhí in Airteagal 2 den Togra le haghaidh cinnidh agus ghlac, ar an mbunús sin, an cinneadh atá faoi chonspóid.

20.      Foráiltear mar a leanas sa chinneadh faoi chonspóid:

 “Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Phrótacail [...], faoi réir [a] thabhairt i gcrích [...]

 Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais.

 Airteagal 3

Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.”

21.      Leis an údarú atá faoi chonspóid dar dáta an 28 Meitheamh 2021, thug Uachtarán na Comhairle lánchumhachtaí don Uasal Nuno Brito, Buanionadaí Phoblacht na Portaingéile chuig an Aontas Eorpach agus Uachtarán Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (“Coreper”), agus thug údarú dó amháin an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais.

22.      An 30 Meitheamh 2021, chuir Ardrúnaíocht na Comhairle in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit, trí dhoiciméad ST 10307/21, gur síníodh an Prótacal agus, i gcomhréir le hAirteagal 24 dó, go raibh feidhm aige ón 29 Meitheamh 2021.

IV.    Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais agus an t-ordú atá á lorg ag na páirtithe

23.      Le doiciméad a taisceadh ag Clárlann na Cúirte an 7 Meán Fómhair 2021, thionscain an Coimisiún an chaingean le haghaidh neamhniú seo.

24.      Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        Airteagal 2 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        an t‑údarú atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

25.      Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an chaingean a dhiúltú toisc í a bheith do-ghlactha;

–        mar mhalairt air sin, an chaingean a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús;

–        a ordú don Choimisiún na costais a íoc;

–        mar mhalairt air sin, dá gceadódh an Chúirt Bhreithiúnais na caingne le haghaidh neamhniú, a dhearbhú, faoin dara mír d’Airteagal 264 CFAE, nach mór a mheas go bhfuil éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid agus an údaraithe atá faoi chonspóid cinntitheach.

26.      Le hordú an 26 Eanáir 2022, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead do Phoblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht na Portaingéile idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle.

27.      Le hordú an 3 Márta 2022, thug Uachtarán na Cúirte Breithiúnais cead d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) idiragairt a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún.

28.      Thíolaic an Coimisiún, an tArdionadaí, an Chomhairle, Poblacht na Seice, an Fhrainc agus an Phortaingéil barúlacha i scríbhinn agus ghlac siad páirt san éisteacht an 8 Márta 2023 freisin. Thíolaic an Ungáir agus an Ísiltír barúlacha i scríbhinn amháin.

V.      Measúnú

29.      Déanann an Chomhairle díospóid i ndáil le hinghlacthacht agus substaint na caingne le haghaidh neamhniú.

A.      Inghlacthacht

30.      Go bunúsach, áitíonn an Chomhairle, le tacaíocht ón Ungáir, ón Ísiltír agus ón bPortaingéil, go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú do-ghlactha toisc nach féidir an t-údarú atá faoi chonspóid faoi Airteagal 2 a scaradh den chuid eile den chinneadh atá faoi chonspóid. Dá ndéanfaí é a neamhniú, d’fhéadfaí substaint an chinnidh a athrú.

31.      Déanann an Coimisiún, le tacaíocht ón Ardionadaí, díospóid ina leith sin.

32.      De réir cásdlí socair, ní féidir gníomh de dhlí an Aontais a neamhniú go páirteach ach amháin más féidir a scaradh ón gcuid eile na codanna a bhfuil a neamhniú á lorg. Ní féidir sin a dhéanamh ach amháin mura gcuirtear, leis an neamhniú páirteach, isteach ar spiorad agus substaint an ghnímh sin. Chun a chinneadh an féidir na forálacha atá faoi chonspóid a scaradh, ní mór an raon feidhme atá leo a scrúdú. Mar sin amháin a d’fhéadfaí a chinneadh an ndéanfaí, spiorad agus substaint an ghnímh atá faoi chonspóid a athrú, dá ndéanfaí é a neamhniú. Is cinneadh oibiachtúil atá i gceist leis sin, nach bhfuil ag brath ar mhian pholaitiúil (shuibiachtúil) na hinstitiúide a ghlac an gníomh sin. (5)

33.      In Airteagal 1 den chinneadh atá faoi chonspóid, údaraíonn an Chomhairle síniú an Phrótacail agus, in Airteagal 3, ordaíonn sí go gcuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach. Le hAirteagal 2, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige an Prótacal a shíniú.

34.      Dá bhrí sin, tá sé le tuiscint gurb é atá i gceist leis na forálacha in Airteagail 1 agus 3 den chinneadh atá faoi chonspóid ná cinneadh (polaitiúil) na Comhairle an Prótacal a rinne an Coimisiún a chaibidil, bunaithe ar an inneachar, a fhormheas agus é a thabhairt i bhfeidhm ar bhonn sealadach. Maidir leis an údarú in Airteagal 2 den chinneadh sin chun an duine a ainmniú a mbeidh lánchumhachtaí aige chun an Prótacal a shíniú, áfach, baineann sé leis an mbealach a ndéanfar mian an Aontais (i ndáil leis an mbeartas eachrach) i dtaobh Phoblacht na Gabúine a chur in iúl agus a chur chun feidhme. Go hoibiachtúil, ní féidir glacadh leis go bhféadfaidh tionchar a bheith ag an gceist dhlíthiúil i dtaobh ba chóir lánchumhachtaí a bheith aige mar ionadaí an Aontais chun an Prótacal a shíniú ar chinneadh na Comhairle i dtaobh cé acu an ndéanann nó nach ndéanann sí, leis an síniú, an Prótacal a údarú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach a ordú.

35.      D’fhéadfaí a thuiscint freisin go mbeadh an t-údarú agus na lánchumhachtaí chun síniú i ngníomh dlí eile níos déanaí. Léiríonn sin go bhféadfadh na forálacha in Airteagail 1 agus 3 den chinneadh atá faoi chonspóid a bheith ann freisin gan Airteagal 2.

36.      Dá bhrí sin, dá ndéanfaí Airteagal 2 a neamhniú, ní dhéanfaí an t-inneachar rialála a bhaint d’Airteagail 1 agus 3 den chinneadh atá faoi chonspóid agus ní dhéanfaí an t-inneachar a leasú ach oiread. A fortiori, ní dhéanfaí spiorad ná substaint an chinnidh sin a athrú.

37.      Dá bhrí sin, is féidir Airteagal 2 den chinneadh atá faoi chonspóid a scaradh den chuid eile den ghníomh agus is ábhar iomchuí do chaingean é.

38.      Ina leith sin, ní bhaineann sé le hábhar gur cuireadh Airteagal 2 den chinneadh atá faoi chonspóid chun feidhme cheana agus gur síníodh an Prótacal le héifeachtacht cheangailteach faoin dlí idirnáisiúnta. Níor réitíodh an díospóid toisc go bhfuil fíorbhaol ann go dtarlóidh sin arís. An chúis leis sin ná nach bhfuil aon amhras ann, de réir thuairim dlí na Comhairle, ach go nglacfadh sí gníomhartha atá cosúil le hAirteagal 2 den chinneadh atá faoi chonspóid as seo amach. (6)

39.      Ar deireadh, ní mór diúltú do líomhain na Comhairle, le tacaíocht ón Ungáir, nach ndearna an Coimisiún ach an nóta faisnéise ó Ardrúnaíocht na Comhairle an 30 Meitheamh 2021 a shainaithint san iarratas agus é a chur i gceangal leis, agus ní an t-údarú atá faoi chonspóid dar dáta an 28 Meitheamh 2021. Níor foilsíodh é agus níor cuireadh i gceangal leis an nóta faisnéise é ach oiread. Seachas sin, níor cuireadh in iúl don Choimisiún é ach le linn an nós imeachta i scríbhinn mar iarscríbhinn ag gabháil le cosaint na Comhairle.

40.      Dá bhrí sin, ní mór saincheist dlí na Comhairle maidir le hinghlacthacht a dhiúltú.

B.      Substaint an cháis

41.      Mar thaca lena chaingean, ardaíonn an Coimisiún dhá shaincheist dlí. An chéad cheann ná gur sháraigh an Chomhairle inniúlachtaí an Choimisiúin (féach 1) agus an dara ceann ná gur sháraigh an Chomhairle a hoibleagáidí cúiseanna a lua agus an cinneadh atá faoi chonspóid a fhoilsiú (féach 2).

1.      An chéad saincheist dlí

42.      Tá dhá chuid leis an gcéad saincheist dlí, eadhon sárú ar inniúlacht an Choimisiúin (an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1) agus (2) CAE) (an chéad chuid) agus ar phrionsabal an chomhair dhílis (Airteagal 4(3) CAE) (an dara cuid). Tabharfaidh mé faoin dá chuid le chéile.

(a)    Gaol nach bhfuil soiléirithe idir Airteagal 17 CAE agus Airteagal 218 CFAE

43.      Ní hionann an fhoráil in Airteagal 2 den chinneadh atá faoi chonspóid agus sárú ar na Conarthaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 263 CFAE ach amháin i gcás nach mór don Chomhairle é a fhágáil faoin gCoimisiún, faoi Airteagal 218(2) agus (5) CFAE, arna léamh i gcomhar leis an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ionadaí a ainmniú d’fhonn an Prótacal a shíniú. Is fíor go bhfuil, faoi Airteagal 218 CFAE, inniúlachtaí tábhachtacha ag an gComhairle sa nós imeachta maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích. (7) De réir an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, áfach, tá an inniúlacht ag an gCoimisiún, faoi réir rialacha eile sna Conarthaí, ionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú.

44.      Is í an cheist atá le freagairt, mar sin, ná cé acu an dtagann an chumhacht an duine údaraithe chun comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú thar ceann an Aontais a chinneadh faoi inniúlacht an Choimisiúin maidir le hionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú de réir bhrí an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE nó faoi inniúlachtaí na Comhairle maidir le comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 218 CFAE.

45.      Níl freagra sainráite air sin sna forálacha sin, a bhfuil an stádas dlí céanna acu (8), sna Conarthaí, agus ní mór léiriú a dhéanamh chun é sin a chinneadh. Mar chuid lárnach den léiriú sin tá an gaol idir na forálacha in Airteagal 218(2) agus (5) CFAE, ar thaobh amháin, agus na forálacha sa séú habairt d’Airteaga17(1) CAE, ar an taobh eile. Níl mórán soiléirithe déanta ar an ngaol sin go dtí seo sa chásdlí.

46.      I ndáil leis an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, níor chinn an Chúirt Bhreithiúnais ach amháin nach bhfuil an Coimisiún i dteideal, faoin gcumhacht ionadaíochta seachtraí atá aige, aguisín neamh-cheangailteach a ghabhann le comhaontú a shíniú, fiú i gcás ina léirítear ann seasamh nó beartas de chuid an Aontais, a bhfuil an Chomhairle tar éis a chinneadh cheana. Ina ionad sin, ní mór don Choimisiún údarú a fháil chuige sin ón gComhairle roimh ré. (9) Níl sé socraithe fós, áfach, cé acu atá nó nach bhfuil cumhacht ghinearálta ag an gCoimisiún, tar éis dó údarú a fháil ón gComhairle don síniú, comhaontú ceangailteach a shíniú le tríú Stáit nó an duine údaraithe chuige sin a ainmniú.

47.      Sa chás seo, ní mór a scrúdú, go háirithe, an féidir a thuiscint ón séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE go bhfuil ag an gCoimisiún – mar a áitíonn sé féin – an inniúlacht eisiach chun an duine a chinneadh a mbeidh lánchumhachtaí aige chun comhaontuithe idirnáisiúnta, amhail an Prótacal atá faoi chonspóid, a shíniú. Chuige sin, fiosróidh mé ar dtús an bhrí atá leis an gcoincheap “ionadaíocht sheachtrach an Aontais”, go háirithe i bhfianaise an dlí idirnáisiúnta (féach (b)). Ansin míneoidh mé an nasc idir an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ar thaobh amháin, agus Airteagal 218(2) agus (5) CFAE, ar an taobh eile, ag cur san áireamh chuspóirí na bhforálacha sin (féach (c)).

(b)    An séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE – An coincheap ionadaíocht sheachtrach an Aontais

48.      Níl sainmhíniú i ndlí an Aontais maidir le cad is brí leis an gcoincheap “ionadaíocht sheachtrach an Aontais”. Go háirithe, ní rialaítear go sainráite cé acu an dtagann nó nach dtagann comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú faoi ionadaíocht freisin.

49.      Thairis sin, níl aon léiriú sa chúlra leis an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE gur theastaigh ó údair na gConarthaí na hinniúlachtaí maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích a leathnú i bhfabhar an Choimisiúin nó iad a theorannú chun dochair don Chomhairle. Níl aon travaux préparatoires úsáideacha ar fáil chuige sin. Bhí foráil atá díreach mar an gcéanna maidir le hinniúlacht in Airteagal I-26(1) den Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip (10), cé nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil sna travaux préparatoires maidir leis na forais nó na cuspóirí a bhí i gceist lena thabhairt isteach nó lena hinneachar rialála.

50.      De ghnáth, áfach, is féidir ionadaíocht ó thaobh an dlí de a aithint toisc go bhfuil lánchumhachtaí tugtha don ionadaí ag an bpáirtí dá ndéantar ionadaíocht chun tabhairt faoi rudaí áirithe. (11) Áirítear iontu sin, go háirithe, dearbhuithe intinne a dhéanamh. Dearbhú intinne atá i gceist prima facie le comhaontú idirnáisiúnta a shíniú.

(1)    Léiriú i bhfianaise an dlí idirnáisiúnta

51.      Tá an tuiscint sin deimhnithe le hAirteagail 10 agus 11 de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí agus de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta. Is féidir a thuiscint ó na forálacha sin go bhféadfaí, mar gheall go bhfuil sé sínithe, an téacs críochnaitheach atá ag comhaontú a chinneadh nó an toiliú lena bheith faoina cheangal a léiriú. Sa dá chás, leis an síniú, léirítear dearbhú intinne a thagann, de ghnáth, faoin gcumhacht ionadaíochta.

52.      Is fíor nach mbaineann an chéad Choinbhinsiún Vín a luaitear ach le conarthaí idir Stáit agus, cé gur shínigh an tAontas Eorpach é, níl an dara Coinbhinsiún a luaitear i bhfeidhm go fóill. Mar sin féin, is é atá sa dá Choinbhinsiún ná léiriú leathan ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis. Dá bhrí sin, is féidir tarraingt ar na forálacha iontu agus léiriú á dhéanamh ar dhlí an Aontais. (12)

53.      Ar an mbonn sin, tá an Coimisiún agus an tArdionadaí den tuairim fiú go léiríonn an dá Choinbhinsiún Vín go mbunaítear, ar bhealach díreach, cumhacht ionadaíochta don Choimisiún leis an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE chun comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú.

54.      Rialaítear sa dá Choinbhinsiún Vín an cheist an bhfuil an chumhacht ag ionadaí Stáit chun dearbhú intinne a dhéanamh le Stáit eile. Tá idirdhealú déanta iontu, ag féachaint don dá fheidhm sínithe dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11, idir daoine a bhfuil lánchumhachtaí tugtha dóibh nó atá i dteideal ionadaíocht a dhéanamh, ar thaobh amháin, agus daoine a d’fhéadfaí glacadh leis gurb ionadaithe a Stáit iad de bhua a bhfeidhmeanna, ar an taobh eile. Ní mór do dhuine a bhfuil lánchumhachtaí aige “lánchumhachtaí iomchuí” a thabhairt ar aird nó ní mór é a bheith dealraitheach go bhfuil sé i dteideal ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Stáit ó chleachtas na Stát lena mbaineann nó ó imthosca eile. (13) Thairis sin, meastar gurb ionadaithe a Stáit de bhua a bhfeidhmeanna iad sealbhóirí oifige áirithe, amhail Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus Airí Gnóthaí Eachtracha. (14)

55.      I dtaobh eagraíochtaí idirnáisiúnta, áfach, ní fhoráiltear i gCoinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta do lánchumhachtaí nó teidlíocht chun ionadaíocht a dhéanamh ach ar bhonn na n-imthosca, ach ní do chumhacht ionadaíochta de bhua feidhmeanna. (15) Is dealraitheach gur cinneadh d’aon ghnó gan foráil a thabhairt isteach maidir le cumhacht ionadaíochta de bhua feidhmeanna i dtaobh eagraíochtaí idirnáisiúnta d’fhonn, go háirithe, na difríochtaí substaintiúla ina struchtúr agus ina rialacha ionadaíochta a chur san áireamh. (16)

56.      Tá an fíoras nach bhforáiltear d’ionadaíocht de bhua feidhmeanna i dtaobh eagraíochtaí idirnáisiúnta ag teacht salach ar an tuiscint go bhféadfadh an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE a bheith ina bhunús díreach le cumhacht ionadaíochta seachtraí de pháirt an Choimisiúin.

57.      Níl cumhacht ionadaíochta seachtraí de pháirt an Choimisiúin le fáil ón gcleachtas atá faoi bhun ag an Aontas Eorpach agus ag na Stáit ach an oiread. (17) Tá sé sin deimhnithe ag na páirtithe sna himeachtaí arís agus arís eile. Ina ionad sin, mar is léir ó na doiciméid a thíolaic an Chomhairle, ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, lean sí lena cleachtas comhsheasmhach gurb ise, agus ise amháin, a dhéanann ionadaí a chinneadh agus a údarú chun comhaontuithe idirnáisiúnta le tríú Stáit a shíniú, arb é sin, de ghnáth, Buanionadaí an Bhallstáit ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle. (18) Ní thugann an Chomhairle lánchumhachtaí do chomhalta nó d’oifigeach de sheirbhísí an Choimisiúin, i dteannta duine dá hionadaithe, chuige sin ach i gcásanna ar leith. (19) Mar an gcéanna atá sé don Ardionadaí i ndáil le hábhair CBES. (20) Ní féidir leis an gcleachtas comhsheasmhach sin, nach rialaítear go sainráite sna Conarthaí (féach mír 71 et seq. thíos), fasach a chruthú atá ceangailteach ar institiúidí an Aontais ar bhealach ina ndéanfaí ionadaíocht de pháirt an Choimisiúin a eisiamh. (21)

58.      I gcomhréir leis an tuiscint sin ar an dlí idirnáisiúnta agus leis an gcleachtas comhsheasmhach sin, glactar leis sa chinneadh atá faoi chonspóid nach bhfuil ann do lánchumhachtaí ná cumhacht ionadaíochta seachtraí de pháirt an Choimisiúin nó nach leanann sin go hintuigthe ón séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ach nach mór don Chomhairle na cumhachtaí sin a thabhairt faoi Airteagal 218(2) agus (5) CFAE ar dtús. Dá réir sin, faoi Airteagal 2 den chinneadh sin, “údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais”.

59.      Ar deireadh, chuige sin, cé gur tugadh isteach an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE faoi Chonradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, ní féidir caitheamh leis sin mar cheann de na himthosca eile (22) lena mbunaítear lánchumhachtaí. Tá amhras ann cheana féin i dtaobh an bhféadfadh leasú ar an dlí inmheánach atá ag páirtí den Chonradh a bheith ina imthoisc den sórt sin. Tá a mhalairt le tuiscint ón bprionsabal a chumhdaítear in Airteagal 27 den dá Choinbhinsiún nach bhféadfadh páirtí, i gcás nach bhfuil Conradh comhlíonta aige, forálacha a dhlí inmheánach a agairt chun údar a thabhairt leis sin.

60.      An cheist i dtaobh an gceanglaítear leis an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE go mbeadh an Coimisiún, nó an duine ainmnithe aige, údaraithe chun síniú, baineann sin le cúrsaí inmheánacha an Aontais amháin. Go háirithe, níl aon tionchar aige ar an gceist an raibh síniú an Phrótacail ag an ionadaí ar thug an Chomhairle lánchumhachtaí dó in ann éifeachtaí dlí a chruthú i ndáil le Poblacht na Gabúine nó an raibh sé gan éifeacht i gcás nach raibh aon chumhacht ionadaíochta ann. (23)

61.      Mar sin, contrártha le tuairim an Choimisiúin agus an Ardionadaí, níl aon fhaisnéis le fáil ón dlí idirnáisiúnta, go háirithe ón dá Choinbhinsiún Vín, maidir le conas a dhéantar an chumhacht chun comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú a roinnt idir an Chomhairle agus an Coimisiún.

(2)    Léiriú i bhfianaise Airteagail 220 agus 221 CFAE

62.      B’fhéidir go mbaineann Airteagail 220 agus 221 CFAE le hábhar freisin agus léiriú a dhéanamh ar an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE. An chúis leis sin ná go dtagraítear go sainráite in Airteagal 221(1) CFAE go bhfeidhmíonn a thoscaireachtaí “ar son an Aontais”.

63.      Leagtar síos sna forálacha in Airteagail 220 agus 221 CFAE rialacha nua lena rialaítear, inter alia, caidreamh an Aontais le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha ó bhí ann do Chonradh Liospóin, lena gcomhroinntear na hinniúlachtaí sin idir an Coimisiún agus an tArdionadaí. Cé nach institiúid ar leith de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 13(1) CAE é, ach comhalta den Choimisiún, tá inniúlachtaí speisialta ar leith aige mar ionadaí an Aontais, go háirithe maidir le hábhair CBES (Airteagal 18 agus Airteagal 27(2) CAE). (24)

64.      Cé go n-úsáidtear an téarma “ar son”, ní bhaineann Airteagail 220 agus 221 CFAE le hionadaíocht an Aontais le linn comhaontuithe idirnáisiúnta a ullmhú, gan trácht ar chumhacht iad a shíniú, ach lena ionadaíocht taidhleoireachta nó chonsalach agus an comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

65.      Ní chiallaíonn sin, áfach, nach féidir léiriú níos leithne a dhéanamh ar an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, a cuireadh isteach le Conradh Liospóin freisin, agus ar an gcoincheap i dtaobh “ionadaíocht sheachtrach an Aontais” atá ann (féach mír 50 thuas). Mar a aistríodh, faoi Airteagal 27(2) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 220 agus 221 CFAE, ionadaíocht sheachtrach maidir le hábhair CBES go hiomlán chuig an Ardionadaí, b’fhéidir gur leathnaíodh leis an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE inniúlachtaí an Choimisiúin i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

(3)    Conclúid idirlinne

66.      Dá bhrí sin, ní bhunaítear cumhacht ionadaíochta seachtraí de pháirt an Choimisiúin chun comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú thar ceann an Aontais le foclaíocht an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE ná a léiriú i bhfianaise an dlí idirnáisiúnta nó Airteagail 220 agus 221 CFAE. Mar sin féin, áirítear prima facie an inniúlacht chun comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú sa choincheap maidir le “hionadaíocht sheachtrach an Aontais”.

(c)    Airteagal 218(2) agus (5) CFAE – Údarú na Comhairle chun síniú

67.      Tá inniúlachtaí an Choimisiúin faoin séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE faoi réir “[c]ásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí”, áfach. D’fhéadfadh srian den sórt sin teacht ó Airteagal 218(2) agus (5) CFAE agus ó inniúlachtaí na Comhairle dá bhforáiltear ann chun comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

(1)    Argóintí na bpáirtithe

68.      Dar leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí, tá sé soiléir ó fhoclaíocht, scéim agus cuspóir Airteagal 218(5) CFAE, go háirithe, nach rialaítear leis an bhforáil sin, ach i dtaobh cúrsaí inmheánacha an Aontais, cén institiúid, eadhon an Chomhairle, a chuireann in iúl an toiliú i leith an chomhaontaithe arna chaibidil agus a shínithe. An cheist i dtaobh cé a shíníonn comhaontú den sórt sin, baineann sin le hionadaíocht sheachtrach an Aontais. Rialaítear sin sna forálacha níos sonraí sa séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE agus, seachas i gcás CBES, is faoin gCoimisiún atá sé.

69.      I gcodarsnacht leis sin, déanann an Chomhairle léiriú ar Airteagal 218(5) CFAE sa chaoi go gcumhdaítear leis ní hamháin an inniúlacht i leith an síniú a údarú, ach i leith an tsínithe féin freisin. Is é atá sa chinneadh i dtaobh an síniú a údarú agus an chumhacht i dtaobh an sínitheoir a ainmniú ná aonad leanúna dlí amháin. Mar sin, is é Airteagal 218(5) CFAE an fhoráil níos cuimsithí agus tá sé níos speisialaithe ná an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE.

70.      D’fhonn freagra a thabhairt ar an gceist cé acu den dá thuairim sin atá ceart, déanfaidh mé Airteagal 218 CFAE a léiriú i bhfianaise fhoclaíocht agus scéim a fhorálacha. Níl an cúlra maidir leis an Airteagal sin a dhréachtú cabhrach agus é á léiriú. (25)

(2)    Measúnú

71.      De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, is ionann Airteagal 218 CFAE i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích agus foráil neamhspleách ghinearálta ag a bhfuil tábhacht bhunreachtúil a mhéid a thugtar léi inniúlachtaí áirithe d’institiúidí an Aontais. D’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir na hinstitiúidí sin, foráiltear, go háirithe, go ndéanfaidh an Coimisiún comhaontuithe idir an tAontas agus tríú Stát amháin nó níos mó a chaibidil, i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta arna dtarraingt suas ag an gComhairle, agus go ndéanfaidh an Chomhairle - tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa nó tar éis dul i gcomhairle léi - iad a thabhairt i gcrích. Tá an chumhacht chun comhaontuithe a thabhairt i gcrích ag an gComhairle, áfach, faoi réir inniúlachtaí an Choimisiúin sa réimse sin. (26)

72.      Ag an tús, bhí an forchoimeádas sin i bhfabhar inniúlachtaí an Choimisiúin in Airteagal 228(1) de Chonradh CEE (27) agus, níos déanaí, in Airteagal 300(2) de Chonradh CE, ach níl sé in Airteagal 218 CFAE. Nuair a cuireadh an séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE isteach, cuireadh bunoscionn an gaol idir an riail agus an eisceacht. An chúis leis sin ná go bhfuil cumhachtaí an Choimisiúin sa réimse sin faoi réir rialacha eile sna Conarthaí anois, go háirithe Airteagal 218 CFAE.

73.      Foráiltear in Airteagal 218(2) CFAE i bhforáil ghinearálta go bhfuil ar an gComhairle, inter alia, an síniú a “údarú” agus na comhaontuithe a thabhairt i gcrích. D’fhéadfadh an síniú teacht faoin gcoincheap i dtaobh comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

74.      Mar sin féin, rialaítear údarú an tsínithe go sonrach in Airteagal 218(5) CFAE. Faoin bhforáil sin, glacfaidh an Chomhairle “cinneadh lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm”. Thairis sin, faoi Airteagal 218(6) CFAE, glacfaidh an Chomhairle “cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích”.

75.      D’fhéadfaí Airteagal 218(5) CFAE a léiriú sa chaoi go bhfuil ar an gComhairle “údarú” a thabhairt don síniú ag duine arna údarú aici. Bheadh an léiriú sin ar aon dul le hargóint na Comhairle go bhfuil “aonad leanúnach dlí amháin” idir údarú an tsínithe ag teastáil faoi Airteagal 218(2) agus (5) CFAE agus ainmniú an duine atá údaraithe ina leith sin.

76.      Leis sin cuirfear san áireamh freisin go bhfuil an Chomhairle de chineál “hibride”. I gcomparáid leis na hinstitiúidí eile, níl an Chomhairle aonchineálach ná struchtúrtha le grádlathas soiléir agus buan. Seachas sin, faoi Airteagal 16(2) CAE, tá an Chomhairle comhdhéanta d’ionadaí ó gach Ballstát ag leibhéal aireachta, a bhfuil sé de chumhacht aige gealltanais cheangailteacha a dhéanamh ar son Rialtas an Bhallstáit lena mbaineann agus a vóta a chaitheamh, ach nach ndéanann ionadaíocht ar son na Comhairle mar institiúid. Go ginearálta, bíonn ionadaíocht den sórt sin ann, mar atá sa chás seo, ón mBallstát ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aige ar bhonn uainíochta de réir Airteagal 16(9) CAE. (28) Mar sin féin, in éagmais cumhacht ionadaíochta institiúideach ghinearálta, tá gá, le cinneadh sainráite sa chás ar leith.

77.      Thairis sin, leis an léiriú sin ní chuirfí as an áireamh go bhféadfadh an Chomhairle lánchumhachtaí a thabhairt d’institiúid eile chun comhaontú idirnáisiúnta a shíniú, dá gceapfadh sí gurbh iomchuí sin; ní bheadh oibleagáid uirthi sin a dhéanamh, áfach. Mar a luadh cheana i mír 57, tarlaíonn sin uaireanta sa chleachtas.

78.      Mar sin féin, níl dóthain tacaíochta don léiriú sin i bhfoclaíocht ná i scéim na bhforálacha in Airteagal 218 CFAE.

79.      Déantar idirdhealú i míreanna (2), (5) agus (6) d’Airteagal 218 CFAE idir inniúlacht na Comhairle comhaontú a thabhairt i gcrích, ar thaobh amháin, agus údarú a thabhairt chun an comhaontú a shíniú, ar an taobh eile. Dá bhrí sin, ní féidir an síniú féin a bheith ina chuid den inniúlacht atá ag an gComhairle chun comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

80.      Thairis sin, leis na forálacha sin fágtar ar oscailt an cheist cé hé a chinneann an duine a shíníonn comhaontú idirnáisiúnta thar ceann an Aontais. Toisc nach ndéanann an Chomhairle ach an síniú a údarú trí chinneadh, léiríonn sin nach dtagann an síniú faoina hinniúlacht féin agus nach gá don Chomhairle féin an duine a dtabharfar lánchumhachtaí chuige sin dó a ainmniú.

81.      Ag tacú leis sin freisin tá an léiriú ar Airteagal 218(2) agus (5) CFAE, i bhfianaise Airteagal 218(3) CFAE, a mholann an Coimisiún agus an tArdionadaí.

82.      Faoi Airteagal 218(3) CFAE, seachas in ábhair CBES, glacfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, cinneadh lena n-údarófar an chaibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais. Mar a aithníodh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais (féach mír 68 thuas), de ghnáth tagann na daoine sin ó sheirbhísí an Choimisiúin a d’ullmhaigh na moltaí don chomhaontú beartaithe. Toisc nach gcinneann an Chomhairle faoin bhforáil sin ach an t-idirbheartaí nó ceannaire na foirne caibidlíochta (ón gCoimisiún), tuigeann an Coimisiún agus an tArdionadaí, go réasúnta, as sin nach féidir, gan foráil den sórt sin in Airteagal 218(5) CFAE, an chumhacht a thabhairt di an duine a ainmniú dá dtabharfar lánchumhachtaí chun an comhaontú a shíniú.

83.      Tá forais láidre ann, mar sin, lena thuiscint nach bhféadfadh an t-údarú a bheith ach ag an gCoimisiún sna cásanna sin, faoin séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, agus a inniúlacht á feidhmiú aige maidir le hionadaíocht sheachtrach an Aontais chun comhaontú idirnáisiúnta a shíniú nó an duine a bhfuil an chumhacht chuige sin aige a chinneadh.

84.      In éagmais inniúlacht de pháirt na Comhairle faoi Airteagal 218 CFAE chun an duine a chinneadh a bhfuil cumhacht aige comhaontú a shíniú, tagann an inniúlacht sin faoi inniúlacht an Choimisiúin, faoin séú habairt d’Airteagal 17(1) CAE, ionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú.

(d)    Conclúid idirlinne

85.      Ní mór seasamh leis an gcéad saincheist dlí gan aon gá argóintí eile ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí a scrúdú, go háirithe argóint maidir le sárú ar an oibleagáid i ndáil le comhar dílis faoi Airteagal 4(3) CAE.

2.      An dara saincheist dlí

86.      Leis an dara saincheist dlí, líomhnaíonn an Coimisiún gur sáraíodh an oibleagáid cúiseanna a lua agus an cinneadh atá faoi chonspóid a fhoilsiú faoin dara mír d’Airteagal 296(2) agus Airteagal 297 CFAE (an chéad chuid) agus an oibleagáid i ndáil le comhar dílis idir institiúidí, bunaithe anseo ar an dara habairt d’Airteagal 13(2) CAE (an dara cuid).

87.      Is follas go bhfuil an chéad chuid den saincheist dlí sin gan bhunús.

88.      Ar dtús, mar a luadh i míreanna 33 agus 34, tá inneachar rialála Airteagail 1 go 3 den chinneadh atá faoi chonspóid soiléir ó fhoclaíocht na bhforálacha sin. Anuas air sin, níl aon oibleagáid foilsithe ag baint le húdarú chun conradh a shíniú le tríú Stát, agus glacann an Coimisiún go hintuigthe leis sin ina fhreagra.

89.      Dá bhrí sin, ní féidir seasamh leis an gcéad chuid den dara saincheist dlí.

90.      Tá bunús leis an dara cuid den saincheist dlí sin, áfach. Mar is léir ó na cúiseanna arna leagan amach i ndáil leis an gcéad saincheist dlí, sháraigh an Chomhairle, agus a hinniúlacht á sárú aici, an dara habairt d’Airteagal 13(2) CAE chun dochair don Choimisiún.

91.      Dá réir sin, ní mór seasamh le caingean an Choimisiúin.

92.      Maidir le héileamh malartach na Comhairle nach mór na héifeachtaí dlí atá ag an gcinneadh atá faoi chonspóid agus ag an údarú atá faoi chonspóid a choimeád ar bun faoin dara mír d’Airteagal 264 CFAE, áfach, ní mór sin a dhiúltú.

93.      Faoin dara mír d’Airteagal 264 CFAE, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais a chur in iúl, má mheasann sí gur gá é, cé acu d’éifeachtaí an ghnímh a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní is inmheasta a bheith cinntitheach. De réir an chásdlí, de bharr cúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, tá gá leis seo go háirithe nuair atá iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha i ndán do na páirtithe lena mbaineann mar gheall ar éifeachtaí díreacha ón neamhniú. (29)

94.      Ní dhearna an Chomhairle, áfach, aon pháirtí den sórt sin a shainaithint agus níor leag sí amach aon iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheadh orthu mar gheall ar neamhniú. Seachas sin, ní dhearna sí ach tagairt theibí do dheimhneacht dhlíthiúil agus inchreidteacht an Aontais mar ghníomhaí idirnáisiúnta.

95.      Mar a chuireann an Coimisiún chun cinn, agus mar a ghlacann an Chomhairle leis, ní bhaineann neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid agus an údaraithe atá faoi chonspóid ach le cúrsaí inmheánacha an Aontais. Níl aon tionchar aige ar na héifeachtaí dlíthiúla a bhaineann le síniú an Phrótacail ná, sa chaoi sin, ar bhuaine chóir an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh le Poblacht na Gabúine. An chúis leis sin ná nach sárú follasach ar riail de bhuntábhacht de réir bhrí Airteagal 46 den dá Choinbhinsiún Vín lena bhféadfaí díospóid a dhéanamh maidir le bailíocht an Phrótacail faoin dlí idirnáisiúnta atá i gceist leis an easpa cumhacht ionadaíochta de pháirt ionadaí na Comhairle. Thairis sin, ba leor deimhniú níos déanaí de shíniú ionadaí na Comhairle thar ceann an Aontais, de réir bhrí Airteagal 8 den dá Choinbhinsiún Vín, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú go seachtrach.

VI.    Costais

96.      Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n-éireoidh leis. Ós rud é nár éirigh leis an gComhairle, ní mór di na costais a íoc i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ón gCoimisiún.

97.      Faoi Airteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, íocfaidh Poblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Portaingéile agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a gcostais féin.

VII. Conclúid

98.      Molaim don Chúirt Bhreithiúnais rialú mar a leanas:

1.      Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1117 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (IO 2021 L 242, lch. 1) a chur ar neamhní.

2.      An t-údarú a thug Uachtarán na Comhairle an 28 Meitheamh 2021 do Bhuanionadaí Phoblacht na Portaingéile agus Uachtarán Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) chun an Prótacal sin a shíniú thar ceann an Aontais a chur ar neamhní.

3.      A ordú don Chomhairle a costais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

4.      A ordú do Phoblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na Portaingéile agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a gcostais féin a íoc.


1 Bunteanga: an Ghearmáinis.


2      IO 2021 L 242, lch. 1.


3      United Nations Treaties Series, Iml. 1155, lch. 331.


4      Rialachán (CE) Uimh. 450/2007 ón gComhairle an 16 Aibreán 2007 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach a thabhairt i gcrích (IO 2007 L 109, lch. 1).


5      Féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Samhain 2022, an Coimisiún v an Chomhairle (Aontachas le hIonstraim na Ginéive) (C-24/20, EU:C:2022:911, míreanna 47 agus 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).


6      Maidir le hinghlacthacht caingne arna dtionscnamh ag institiúidí i gcoinne gníomhartha a cuireadh chun feidhme cheana nó nach raibh i bhfeidhm a thuilleadh nuair a tionscnaíodh na caingne, féach breithiúnas an 24 Samhain 2022, an Pharlaimint v an Chomhairle (Bearta teicniúla maidir le deiseanna iascaireachta)(C-259/21, EU:C:2022:917, míreanna 45 go 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).


7      Féach mír 67 et seq. thíos.


8      Féach an tríú mír d’Airteagal 1 CAE agus Airteagal 1(2) CFAE.


9      Féach breithiúnas an 28 Iúil 2016, an Chomhairle v an Coimisiún (C-660/13, EU:C:2016:616, míreanna 34 go 38).


10      IO 2004 C 310, lch. 1.


11      Féach, mar shampla, Airteagal 119(1) agus (2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.


12      Féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Feabhra 2010, Brita (C-386/08, EU:C:2010:91, míreanna 40 go 43); an 27 Feabhra 2018, Western Sahara Campaign UK (C-266/16, EU:C:2018:118, míreanna 47 agus 48); agus an 26 Feabhra 2019, N Luxembourg 1 agus páirtithe eile (C-115/16, C-118/16, C-119/16 agus C-299/16, EU:C:2019:134, mír 90).


13      Airteagal 7(1)(a) agus (b) den dá Choinbhinsiún Vín.


14      Airteagal 7(2) den dá Choinbhinsiún Vín.


15      Airteagal 7(3)(a) agus (b) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.


16      Mír 7 et seq., go háirithe mír 12, den Tráchtaireacht ar Airteagal 7 den dréacht-Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta i ndiaidh an 33ú seisiún den Choimisiún Dlí Idirnáisiúnta (ILC), Yearbook of the International Law Commission, 1981, Iml. II, Cuid 2, lgh. 129 agus 130.


17      Féach Airteagal 7(1)(b) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí; féach freisin Airteagal 7(3)(b) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.


18      Féach, maidir le beartas iascaireachta, mar shampla, an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (IO 2021 L 175, lch. 3); an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (IO 2020 L 60, lch. 5) agus an Prótacal i dtaca leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe a Chur Chun Feidhme idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024) (IO 2019 L 173, lch. 3).


19      Féach, mar shampla, an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 7) agus an Comhaontú maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (IO 2020 L 229, lch. 4).


20      Féach, mar shampla, an Comhaontú Réime idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe maidir le Soláthar Tacaíochta Frithpháirtí i gcomhthéacs a gcuid misean agus a gcuid oibríochtaí allamuigh faoi seach (IO 2020 L 389, lch. 2), a síníodh an 29 Meán Fómhair 2020 i Nua-Eabhrac, nár shínigh ach ionadaí ón gComhairle é. Bhí comhshíniú ann de pháirt ionadaí ón gComhairle agus an Ardionadaí maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (IO 2019 L 147, lch. 3). Féach freisin, áfach, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Phoblacht Shóisialach Vítneam lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Vítneam in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh (IO 2019 L 276, lch. 3), nár shínigh ach an tArdionadaí é.


21      Féach breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, an Coimisiún v an Chomhairle (WRC-15) (C-687/15, EU:C:2017:803, míreanna 41 agus 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).


22      Féach Airteagal 7(1)(b) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí agus Airteagal 7(3)(b) de Choinbhinsiún Vín maidir le Dlí na gConarthaí idir Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.


23      Féach Airteagal 8 den dá Choinbhinsiún Vín.


24      Faoin bhforáil a bhí ann roimhe sin in Airteagal 26 CAE (Conradh Amstardam), bhí feidhm an Ardionadaí fós ag Ardrúnaí na Comhairle.


25      Féach, go háirithe, an fhoráil a bhí ann roimhe sin sa chéad fhomhír d’Airteagal 300(2) CCE, atá cosúil le hAirteagal 218(5) CFAE.


26      Breithiúnas an 16 Iúil 2015, an Coimisiún v an Chomhairle (C-425/13, EU:C:2015:483, mír 62).


27      Féach, breithiúnas an 9 Lúnasa 1994, an Fhrainc v an Coimisiún (C-327/91, EU:C:1994:305, mír 28).


28      Féach Airteagal 15 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, arna leasú le Cinneadh ón gComhairle 2009/937/AE an 1 Nollaig 2009 (IO 2006 L 325, lch. 35).


29      Breithiúnas an 1 Márta 2022, an Coimisiún v an Chomhairle (Comhaontú le Poblacht na Cóiré) (C-275/20, EU:C:2022:142, míreanna 54 agus 55, agus an cásdlí dá dtagraítear).