Achomharc arna thabhairt an 29 Samhain 2023 ag Ríocht na Spáinne, i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCás T-450/20, An Spáinn v An Coimisiún
(Cás C-729/23 P)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: I. Herranz Elizalde, i gcáil Gníomhaire)
Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
Poblacht na Fraince
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
an breithiúnas faoi achomharc a tugadh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCás T-450/21 a chur ar neamhní; agus
rialú a thabhairt maidir le fiúntas an cháis trí ghéilleadh don iarratas ar an gcinneadh faoi chonspóid a chur ar neamhní.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
An Cheád Saincheist:
Sárú ar Airteagal 31 de Rialachán Tarmligthe 640/2014, 1 ar Airteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe 639/2014 2 agus ar Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 13006/2013 3 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Earráid agus cur síos á dhéanamh ar an iompar faoi chonspóid agus ar an gcreat dlíthiúil lena mbaineann. Rinneadh earráid agus sainmhíniú á dheanamh leis an mbreithiúnas ar an iompar faoi chonspóid le neamhaird a thabhairt ar an ngné ‘iarratas ar chúnamh’ agus ar an gcreat dlíthiúil gan a chur san áireamh gurb ann do rialacha áirithe lena ngearrtar pionóis as fógraí déanacha a thabhairt maidir le haistrithe ainmhithe.
Earráid trí rialú a thabhairt gur iompar inphionóis atá i ndéanamh an iarratais ar chúnamh i ndáil le hainmhithe atá ceadaithe chun cúnamh a fháil ina leith: i) easpa cúiseanna sonraithe. ii) earráid agus léiriú litriúil, chomhthéacsúil agus stairiúil á chur i bhfeidhm. iii) earráid agus cuspóir na rialacha á shocrú, a ndearnadh léiriú orthu agus prionsabail na comhréireachta agus na héifeachta úsáidí á gcur i bhfeidhm: bhí sé de chuspóir leis an riail atá faoi chonspóid na leasanna airgeadais a chosaint agus bhí na pionóis faoi chonspóid neamhriachtanach chuige sin, agus dá bhrí sin bhí siad díréireach. Anuas air sin, cuireadh Airteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe 639/2014 ó éifeacht úsáideach leis na pionós faoi chonspóid. iv) sárú ar an bprionsabal ‘non bis in idem’. Airteagal 50 den Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha: toisc gurb ionann de réir an bhreithiúnais an t-iompar inphionóis agus an cuspóir atá ag baint leis an riail faoi chonspóid agus an t-iompar agus cuspóir atá ag baint le rialacha eile maidir le smachtbhannaí. v) earráid agus athchóiriú 2021 á mheas mar fhoráil smachtbhannaí níos lú déine, agus sárú ar Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha go tánaisteach gan é a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach.
Earráid agus rialú á thabhairt go n-áirítear ainmhithe san iarratas ar chúnamh atá neamh-incheadaithe: Sárú ar Airteagal 2(1)(19) de Rialachán Tarmligthe 640/2014 agus ar Airteagal 21(4) de Rialachán 809/2014. 1
An Dara Saincheist:
Sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar phrionsabal na dlíthiúlachta d’Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha. Tugtar le tuiscint leis an mbreithiúnas an oibleagáid pionóis a ghearradh ar bhonn réasúnú analógach. Ní raibh an creat rialála soiléir a dhóthain le dearbhú go bhfuil pionóis le gearradh ar an iompar faoi chonspóid.
An Tríú Saincheist:
Sárú ar an gcosaint dlí éifeachtach, easpa cúiseanna a shonrú agus sárú ar Airteagal 34(3) go (5) de Rialachán Cur Chun Feidhme 809/2014.
Sárú ar an gcosaint dlí éifeachtach: Níor tugadh rialú maidir leis na hargóintí a bhaineann leis an gcéad chuid den cheartú airgeadais sin.
Easpa cúiseanna sonraithe. Ní fhoráiltear don iompar faoi chonspóid leis an riail arna cur i bhfeidhm. Ní mhínítear an sárú a rinne an Spáinn ar an riail sin.
Sárú ar Airteagal 34(3) go (5) de Rialachán Cur Chun Feidhme 809/2014. Ní fhorchuirtear aon dualgas nithiúil ráta earráide an sampla randamaigh a bheith níos ísle ná ráta earráide an sampla rioscabhunaithe i gcónaí.
An Ceathrú Saincheist:
Sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe idir gníomhaireachtaí íocaíochta: Measctar sa bhreithiúnas go bhfuil staid inchomparáide agus cóir dhifreáilte ann agus údar leis an gcóir dhifreáilte sin, agus déantar earráid dualgas a fhorchur ar Ríocht na Spáinne a chruthú nach raibh bonn cirt leis an gcóir dhifreáilte.
____________
1 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún, an 11 Márta 2014, lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus maidir leis na coinníollacha um íocaíochtaí a dhiúltú agus a tharraingt siar agus um pionóis riaracháin is infheidhme maidir le íocaíochtaí díreacha, maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe agus maidir le traschomhlíonadh (IO 2014 L 181).
1 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO 2014 L 181).
1 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO 2013 L 347).
1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún, an 17 Iúil 2014, lena mbunaítear forálacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann sé leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, le bearta forbartha tuaithe agus le traschomhlíonadh (IO 2014, L 227).