Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – Aven v an Chomhairle

(Cás T-301/22)1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála–Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo na gcistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a áireamh agus a choinneáil ar an liosta – Coincheap ‘tacaíocht do ghníomhaíochtaí nó do bheartais’ – Airteagal 2(1)(a) de Chinneadh 2014/145/CBES – Airteagal 3(1) (a) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Coincheapa ‘tacaíocht ábhartha nó airgeadais do chinnteoirí na Rúise’ agus ‘tairbhe’ a bhaint as na cinnteoirí sin – Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh 2014/145 – Airteagal 3(1)(d) de Rialachán Uimh. 269/2014 – Earráid mheasúnaithe)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Petr Aven (Virginia Water, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí: S. Van Overmeire, V. Piessevaux agus J. Rurarz, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Laitvia (ionadaithe: J. Davidoviča agus K. Pommere, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, sa chéad áit, Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 59, lch. 1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO 2022, L 58, lch. 1), agus, sa dara háit, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a mhéid a rinneadh ainm Petr Aven a áireamh agus a choinneáil ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin ar neamhní;

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin agus na costais arna dtabhú ag Aven a íoc.

Ordaítear do Phoblacht na Laitvia a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 257, 4.7.2022.