Language of document : ECLI:EU:C:2022:279

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

EMILIOU

arna tabhairt an 7 Aibreán 2022 (1)

Cás C19/21

I,

S

v

Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag zittingsplaats Haarlem (an Chúirt Dúiche, an Háig, ina suí di in Haarlem, an Ísiltír))

(Tarchur chun réamhrialú – Rialú teorann, tearmainn agus inimirce – Beartas maidir le tearmann – Critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (Rialachán Bhaile Átha Cliath III) – Airteagal 8(2) – Mionaoiseach neamhthionlactha a líomhnaíonn go bhfuil gaol aige i láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit eile – Airteagal 27 – Diúltú údaráis inniúla an Bhallstáit sin an t‑iarratasóir a ghabháil ar láimh – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 47 – An ceart chun leigheas éifeachtach a fháil)






I.      Réamhrá

1.        Le linn “ghéarchéim na ndídeanaithe in 2015”, mar a thugtar uirthi, rinne níos mó ná 95 000 mionaoiseach neamhthionlactha iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, arb ionann é agus 7 % de na hiarratais uile ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas Eorpach. (2) Is feiniméan leanúnach é teacht na mionaoiseach neamhthionlactha, arb í an Ghréig is mó atá buailte leis, a fuair os cionn 20 % de na hiarrthóirí tearmainn uile ar fud an Aontais Eorpaigh in 2020 a measadh a bheith ina mionaoisigh neamhthionlactha agus a thug aghaidh ar an líon ab airde as Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh. (3)

2.        Tharchuir Rechtbank Den Haag zittingsplaats Haarlem (an Chúirt Dúiche, an Háig, ina suí di in Haarlem, an Ísiltír) ceisteanna chun na Cúirte Breithiúnais maidir le léirmhíniú Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, (4) lena dtugtar an ceart d’iarrthóirí tearmainn leigheas éifeachtach a fháil i gcoinne “cinntí aistrithe” arna nglacadh ag na Ballstáit, agus an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), lena ndeonaítear do “gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le dlí an Aontais, a shárú” an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse.

3.        Baineann na príomhimeachtaí le hiarrthóir tearmainn, I (“an t‑iarratasóir”), a bhí, ag an am a thaisc sé a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Ghréig, ina mhionaoiseach neamhthionlactha. De bhun Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, i gcás ina bhfuil gaol ag an mionaoiseach atá in ann aire a thabhairt dó nó di agus atá i láthair go dleathach i mBallstát eile, beidh an Ballstát eile sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an mhionaoisigh ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é.

4.        Sa chás seo, éilíonn an t‑iarratasóir go bhfuil gaol den sórt sin aige, eadhon a uncail líomhainte, S, a bhfuil cónaí air san Ísiltír. Dá réir sin, d’iarr údaráis na Gréige ar an Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (an Státrúnaí Dlí agus Cirt agus Slándála, an Ísiltír; “an Státrúnaí”) an t‑iarratasóir a ghabháil ar láimh ionas gur féidir a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú san Ísiltír agus gur féidir leis cónaí le S le linn an mheasúnaithe sin. Tá an chaingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur, a thionscain an t‑iarratasóir agus S i gcoinne an Státrúnaí, dírithe ar a diúltú don iarraidh sin.

5.        Sa chomhthéacs sin, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh soiléiriú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil bunús dlí ann agus i gcás ina bhfuil, cén bunús dlí (Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III nó an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, ar leithligh ó chéile nó i dteannta a chéile), ar chóir leigheas a dheonú don iarratasóir agus S i gcoinne dhiúltú an Státrúnaí.

6.        Ardaíonn an cás seo arís (5) an cheist maidir leis an gcothromaíocht íogair idir dhá chuspóir, ar cuspóirí iad atá ina ndlúthchuid de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, eadhon, ar thaobh amháin, an cheist maidir le nós imeachta tapa a bheith ann chun freagracht a shannadh i measc na mBallstát chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, agus ar an taobh eile, a áirithiú, go háirithe nuair atá na Ballstáit ag déileáil le mionaoisigh neamhthionlactha – a mheastar gur grúpa fíorleochaileach iarrthóirí tearmainn iad –, go gcosnófar cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann.

7.        Mar a mhíneoidh mé thíos, is é mo thuairim, cé nach gcumhdaítear le hAirteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III an cás idir lámha, go gceanglaítear sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt go dtabharfar an deis do mhionaoiseach neamhthionlactha agóid a dhéanamh, maidir le fíoras agus dlí, i gcoinne dhiúltú údaráis na mBallstát d’iarraidh ar ghabháil ar láimh air nó uirthi, ar bhonn Airteagal 8(2) den Rialachán sin, os comhair chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit sin.

II.    An dlí lena mbaineann

8.        Sonraítear in aithrisí 13, 14, 16, 19 agus 39 le Rialachán Bhaile Átha Cliath III:

“(13) I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989 agus [leis an gCairt], ba cheart do Bhallstáit tús áite a thabhairt do leasa an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu. Agus leasa an linbh á mheas acu, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt, go háirithe, ar fholláine agus ar fhorbairt s[h]óisialta an mhionaoisigh, ar chúrsaí sábháilteachta agus slándála agus ar thuairimí an mhionaoisigh i gcomhréir lena aois nó lena haois agus a aibíocht nó a haibíocht, lena n‑áirítear a chúlra nó a cúlra. Ina theannta sin, ba cheart ráthaíochtaí sonracha nós imeachta do mhionaoisigh neamhthionlactha a leagan síos de bharr a leochaileachta.

(14)      I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus [leis an gCairt], ba cheart do Bhallstáit tús áite a thabhairt d’urramú shaol an teaghlaigh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.

(16)      D’fhonn a áirithiú go n‑urramófar ina iomláine prionsabal aontachta an aonaid teaghlaigh agus d’fhonn leas an linbh a áirithiú, ba cheart do ghaol cleithiúnachta idir an t‑iarratasóir agus a pháiste nó a páiste, a shiblín nó a siblín, nó a thuismitheoir nó a tuismitheoir mar gheall ar thoircheas nó máithreachas an iarratasóra, sláinte nó seanaois, a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach. Nuair is mionaoiseach neamhthionlactha an t‑iarratasóir, ba cheart ball teaghlaigh nó gaol atá in ann aire a thabhairt dó nó di agus atá i láthair ar chríoch Ballstáit eile a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach freisin.

(19)      Chun cosaint éifeachtach chearta na ndaoine lena mbaineann a áirithiú, ba cheart coimircí dlíthiúla agus an ceart leigheas éifeachtach a fháil i ndáil le cinntí a bhaineann le haistrithe chuig an mBallstát atá freagrach a bhunú, i gcomhréir, go háirithe, leis na cearta a aithnítear in Airteagal 47 [den Chairt]. …

(39)      Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe [sa Chairt]. Féachann an Rialachán seo, ach go háirithe, le hurramú iomlán an chirt chun tearmainn a áirithítear le hAirteagal 18 den Chairt a chinntiú mar aon leis na gceart a aithnítear faoi Airteagail 1, 4, 7, 24 agus 47 den Chairt sin a chur chun cinn. Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm dá réir.”

9.        Sonraítear sa dara mír d’Airteagal 8 den Rialachán sin, dar teideal “Mionaoisigh” mar a leanas:

“I gcás inar mionaoiseach neamhthionlactha an t‑iarratasóir (6) a mbeidh gaol (7) a bheidh i láthair go dleathach i mBallstát eile aige nó aici agus nuair a shuífear de bhun [scrúdú] indibhidiúil go bhfuil an duine sin in ann aire a thabhairt dó nó di, beidh an Ballstát sin freagrach as an mionaoiseach a athaontú lena ghaol nó gaol agus beidh sé mar an Ballstát atá freagrach, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é seo.”

10.      I Roinn II de Chaibidil VI de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, dar teideal “Nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh”, áirítear Airteagail 21 agus 22, ina leagtar síos na hoibleagáidí a bhfuil feidhm acu i leith na mBallstát nuair a dhéanann siad iarraidh ar ghabháil ar láimh a thíolacadh agus nuair a thugann siad freagra ina leith. Sonraítear sna codanna ábhartha d’Airteagal 21(1):

“I gcás ina measfaidh Ballstát lenar taisceadh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go bhfuil Ballstát eile freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, féadfaidh sé, a thapúla is féidir agus ar aon nós laistigh de thrí mhí ón dáta a taisceadh an t‑iarratas..., iarraidh ar an mBallstát eile sin an t‑iarratasóir a ghabháil ar láimh.

…”

11.      Foráiltear in Airteagal 22(1): “Déanfaidh an Ballstát iarrtha na seiceálacha is gá, agus tabharfaidh sé cinneadh maidir leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil”.

12.      I Roinn IV de Chaibidil VI de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, dar teideal “Coimircí nós imeachta”, áirítear Airteagal 27, ina bhforáiltear, sa chéad mhír:

“Beidh an ceart ag an iarratasóir... chun leigheas éifeachtach a fháil, i bhfoirm achomhairc nó athbhreithnithe, maidir le fíoras agus dlí, i gcoinne an chinnidh aistrithe, os comhair cúirte nó binse.”

III. Fíorais, imeachtaí náisiúnta agus na ceisteanna arna dtarchur

13.      Is náisiúnach Éigipteach é an t‑iarratasóir a rugadh in 2002. An 23 Nollaig 2019, nuair a bhí sé fós faoi bhun 18 mbliana d’aois, thaisc sé iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Ghréig.

14.      Le linn an nós imeachta arna reáchtáil ag údaráis na Gréige chun a chinneadh, de bhun na gcritéar atá leagtha amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III, cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas (“Nós Imeachta Bhaile Átha Cliath”), chuir an t‑iarratasóir in iúl d’údaráis na Gréige gur theastaigh uaidh athaontú le S, a maíonn sé gurb é a uncail é agus a bhfuil cónaí air san Ísiltír.

15.      An 10 Márta 2020, thíolaic údaráis na Gréige, de bhun Airteagal 21 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, iarraidh ar “ghabháil ar láimh” leis na húdaráis inniúla san Ísiltír, eadhon an Státrúnaí. Bhí an iarraidh bunaithe ar na critéir freagrachta arna gcumhdach in Airteagal 8(2) den Rialachán sin.

16.      I litir dar dáta an 8 Bealtaine 2020, dhiúltaigh an Státrúnaí an iarraidh ar “ghabháil ar láimh” ar an bhforas nárbh fhéidir an nasc teaghlaigh idir an t‑iarratasóir agus S a shuí.

17.      An 28 Bealtaine 2020, d’iarr údaráis na Gréige ar an Státrúnaí athscrúdú a dhéanamh ar a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 (8) (“an Rialachán Cur Chun Feidhme”).

18.      I litir dar dáta an 11 Meitheamh 2020, d’athdhearbhaigh an Státrúnaí a conclúid maidir le heaspa cruthúnas leordhóthanach ar nasc teaghlaigh idir an t‑iarratasóir agus S agus dhiúltaigh sí don iarraidh ar athscrúdú.

19.      An 24 Meitheamh 2020, rinne an t‑iarratasóir agus S agóid i gcoinne dhiúltú an Státrúnaí an t‑iarratasóir a ghabháil ar láimh. Trí litir dar dáta an 26 Meitheamh 2020, dhearbhaigh an Státrúnaí go raibh an agóid do-ghlactha go follasach tar éis di a chur in iúl nach bhfuil aon fhoráil i Rialachán Bhaile Átha Cliath III atá beartaithe a chur ar chumas iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agóid a dhéanamh i gcoinne diúltú d’iarraidh ar “ghabháil ar láimh”.

20.      An lá céanna, rinne an t‑iarratasóir agus S agóid i gcoinne an chinnidh a bhí sa litir sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur. (9)

21.      Os comhair na cúirte sin, áitíonn an t‑iarratasóir (10) trína dhiúltú dó a ghabháil ar láimh, gur theip ar an Státrúnaí a leas a mheas, de shárú ar Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III. Dá bhrí sin, éilítear le hAirteagal 27(1) den Rialachán sin agus sa chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, go dtabharfar leigheas éifeachtach dó i gcoinne dhiúltú an Státrúnaí.

22.      Áitíonn an t‑iarratasóir freisin, tar éis bhreithiúnais na Cúirte in Ghezelbash  (11) agus Karim, (12) gur treisíodh an chosaint do chearta iarrthóirí tearmainn laistigh den Aontas Eorpach, agus, mar thoradh air sin, gur cheart go mbeadh na daoine sin in ann agóid a dhéanamh i gcoinne chur i bhfeidhm mícheart na gcritéar atá leagtha amach i gCaibidil III de Rialachán Bhaile Átha Cliath III lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

23.      Measann an Státrúnaí nach bhfuil aon cheart achomhairc ag an iarratasóir in aghaidh an diúltaithe é a ghabháil ar láimh os comhair cúirte nó binse. Chuige sin, áitíonn an Státrúnaí nach bhforáiltear le hAirteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III do leigheas dlí ach i gcás ina nglactar “cinneadh aistrithe”, de réir bhrí na forála sin. Sonraíonn an Státrúnaí go bhfuil an próiseas lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach ar siúl ar leibhéal údaráis inniúla na mBallstát amháin agus nach dtugann sé aon cheart d’iarrthóirí tearmainn agóid a dhéanamh i gcoinne diúltú ó údaráis inniúla an Bhallstáit iad a ghabháil ar láimh. (13)

24.      Tugann an chúirt a rinne an tarchur le fios gur chinn údaráis na Gréige, de réir na faisnéise atá ar fáil di, gan scrúdú a dhéanamh ar iarratas an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta fad a bheidh na príomhimeachtaí ar feitheamh.

25.      Tugann sí dá haire freisin go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit (agus go sonrach, an Ghearmáin, an Ostair, an tSualainn, agus, roimhe seo, an Ríocht Aontaithe) ar an gceist ar cheart leigheas a chur ar fáil i gcás inar mian le hiarrthóir tearmainn agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú an Bhallstáit é nó í a “ghabháil ar láimh”.

26.      Measann an chúirt a rinne an tarchur freisin gur cheart na focail “cinneadh aistrithe” in Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a léirmhíniú go leathan, cibé acu a dhéanfar iad a léamh in éineacht leis an gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt nó gan iad a léamh in éineacht léi. Dar léi, bheadh léirmhíniú sriantach ar Airteagal 27(1) den Rialachán sin treallach agus gan údar. Thairis sin, ós rud é gurb iad údaráis inniúla na mBallstát amháin atá in ann an “nós imeachta idir-réitigh” dá bhforáiltear in Airteagal 37(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a thionscnamh, ní fhéadfaí teacht ar an gconclúid go dtugtar leigheas éifeachtach leis an bhfhoráil sin d’iarrthóirí tearmainn cheana féin de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt.

27.      Ar deireadh, ardaíonn an chúirt sin amhras maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sé de cheart ag “gaol” mionaoisigh neamhthionlactha agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú an Bhallstáit ina bhfuil cónaí air nó uirthi go dleathach an mionaoiseach sin a ghabháil ar láimh ar bhonn Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.

28.      Sa chomhthéacs sin, chinn Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Haarlem (an Chúirt Dúiche, an Háig, ina suí di in Haarlem) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)      An gcaithfear Airteagal 27 de [Rialachán Bhaile Átha Cliath III] a léirmhíniú sa chaoi go gceanglaítear ar an mBallstát iarrtha, bíodh sin in éineacht le hAirteagal 47 den Chairt nó ná bíodh, leigheas éifeachtach a chur ar fáil don iarratasóir a bhfuil cónaí air sa Bhallstát iarrthach agus atá ag lorg aistriú de bhun [Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III], nó do [ghaol] an iarratasóra dá dtagraítear [san fhoráil sin], os comhair cúirte nó binse i gcoinne diúltú don iarraidh ar ghabháil ar láimh?

(2)      Más freagra diúltach é an freagra ar an gcéad cheist agus mura bhforáiltear le hAirteagal 27 de [Rialachán Bhaile Átha Cliath III], bonn le haghaidh leigheas éifeachtach, an gcaithfear Airteagal 47 den Chairt - arna léamh in éineacht leis an gceart bunúsach chun aontachta teaghlaigh agus leas an linbh (mar atá leagtha síos in Airteagail 8 go 10 agus aithris 19 de [Rialachán Bhaile Átha Cliath III]) – a léirmhíniú sa chaoi go gceanglaítear ar an mBallstát iarrtha leigheas éifeachtach a chur ar fáil don iarratasóir a bhfuil cónaí air sa Bhallstát iarrthach agus atá ag lorg aistriú de bhun [Airteagal 8(2)] de [Rialachán Bhaile Átha Cliath III] nó [gaol] an iarratasóra dá dtagraítear san [fhoráil sin], os comhair cúirte nó binse i gcoinne diúltú d’iarraidh ar ghabháil ar láimh?

(3)      Má fhreagraítear Ceist [1] nó Ceist [2] go dearfach, cén bealach agus cén Ballstát ar cheart cinneadh an Bhallstáit iarrtha inar diúltaíodh don iarraidh mar aon leis an gceart chun achomharc a dhéanamh ina choinne … a chur in iúl don iarratasóir nó do [ghaol] an iarratasóra?”

29.      Cláraíodh an iarraidh ar réamhrialú, dar dáta an 12 Eanáir 2021, an 13 Eanáir 2021. Tá barúlacha i scríbhinn curtha isteach ag an iarratasóir agus S, Rialtas na Gréige, Rialtas na Fraince, Rialtas na hÍsiltíre agus Rialtas na hEilvéise, mar aon leis an gCoimisiún Eorpach. Rinneadh ionadaíocht don iarratasóir agus S, agus ag Rialtas na Gréige, na hIsíltíre agus na Beilge, mar aon leis an gCoimisiún ag an éisteacht, a reáchtáladh an 11 Eanáir 2021.

IV.    Measúnú

30.      Leagtar síos le Rialachán Bhaile Átha Cliath III na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh san Aontas Eorpach ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát. Mar a chuirtear in iúl go soiléir in Airteagal 3(1) den Rialachán sin, tá sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfar aon iarratas den sórt sin a scrúdú, ach freisin nach mbeidh ach Ballstát amháin (an Ballstát arna ainmniú de réir na gcritéar a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán Bhaile Átha Cliath III) freagrach as. Má mheasann Ballstát ina dtaisctear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar bhonn na gcritéar sin, go bhfuil Ballstát eile freagrach as scrúdú a dhéanamh air, iarrfaidh an chéad Bhallstát (“an Ballstát iarrthach”) ar an dara Ballstát (“an Ballstát iarrtha”) an t‑iarrthóir tearmainn a ghabháil ar láimh (trí iarraidh ar ghabháil ar láimh a thíolacadh). (14)

31.      Sa chás seo, cuireadh an iarraidh ar aghaidh chuig údaráis na hÍsiltíre óna gcontrapháirtithe Gréagacha. Bhí an iarraidh bunaithe ar Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, ina bhfuil “critéar freagrachta ceangailteach” (15) atá dírithe ar mhionaoisigh neamhthionlactha a chosaint trína athaontú lena “ngaolta”. (16) Dhiúltaigh an Státrúnaí don iarraidh ar an bhforas nárbh fhéidir a shuí go raibh nasc teaghlaigh idir an t‑iarratasóir agus a uncail líomhainte, S. Is mian leo beirt agóid a dhéanamh i gcoinne an diúltaithe sin os comhair chúirteanna na hÍsiltíre, le súil go n‑aistreofar an t‑iarratasóir chuig an mBallstát sin agus go ndéanfar é a athaontú le S.

32.      Sa chomhthéacs sin, chuir an chúirt a rinne an tarchur trí cheist chun na Cúirte. Baineann an chéad dá cheist le leigheas éifeachtach a bheith ann i gcoinne an diúltaithe sin agus an bunús dlí le leigheas den sórt sin. Baineann an tríú ceist, a bhraitheann ar an bhfreagra ar an gcéad dá cheist, lena coinníollacha praiticiúla.

33.      Sna ranna seo a leanas, déanfaidh mé scrúdú ar gach ceann de na ceisteanna sin, ceann i ndiaidh a chéile. Ar an gcéad dul síos, míneoidh mé an fáth, i mo thuairimse, nach féidir raon feidhme Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a leathnú chun leigheas a áireamh i gcás ina ndéanann iarrthóir tearmainn agóid i gcoinne dhiúltú an Bhallstáit iarrtha (diúltú na hÍsiltíre, sa chás seo) é nó í a ghabháil ar láimh (A). Ina dhiaidh sin, suífidh mé, i gcás ina mbaineann an diúltú sin le hiarraidh ar ghabháil ar láimh atá bunaithe ar Airteagal 8(2) den Rialachán sin, go gceanglaítear ar an mBallstát sin fós féin, de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 agus Airteagal 24(2) di (na cearta go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus cosaint “leas an linbh”, faoi seach), chun leigheas éifeachtach a chur ar fáil don mhionaoiseach neamhthionlactha (B). Ar deireadh, déanfaidh mé measúnú ar iarmhairtí praiticiúla na hoibleagáide sin i bhfianaise dhearadh foriomlán Rialachán Bhaile Átha Cliath III (C).

A.      Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III (Ceist 1)

34.      Is é a iarrann an chúirt a rinne an tarchur ina céad cheist, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a léirmhíniú sa chaoi go bhforchuirtear ar an mBallstát a bhfuil “iarraidh ar ghabháil ar láimh” dírithe air ar bhonn Airteagal 8(2) den Rialachán sin, ar iarraidh a dhiúltaíonn sé í, oibleagáid chun leigheas éifeachtach a chur ar fáil don mhionaoiseach neamhthionlactha lena mbaineann agus/nó dá ghaol nó dá gaol líomhainte, os comhair cúirte nó binse.

35.      Ar aon dul leis na páirtithe idiragartha uile, contrártha leis an iarratasóir agus S, measaim nach bhforchuirtear aon oibleagáid den sórt sin ar an mBallstát sin le hAirteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.

36.      Tugaim do m’aire go luaitear san fhoráil sin go mbeidh an ceart ag “an iarratasóir” nó ag “duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(c) nó (d)” (eadhon, go bunúsach, duine ar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta é freisin) chun leigheas éifeachtach a fháil, i bhfoirm achomhairc nó athbhreithniú, maidir le fíoras agus dlí, i gcoinne an chinnidh aistrithe, os comhair cúirte nó binse.

37.      Eascraíonn sé ón bhfoclaíocht sin, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil gaol an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta i measc iad siúd a ndírítear an fhoráil sin orthu; ní fhéadfaidh ach an t‑iarratasóir féin amháin leas a bhaint as an gceart sin.

38.      Ar an dara dul síos, dírítear le Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III ar chás sonrach. Tagraíonn coincheap “an chinnidh aistrithe” de réir bhrí na forála sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 26(1) agus Airteagal 29(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, (17) do chinneadh (i) arna ghlacadh ag an mBallstát i leith iarratasóir tearmainn atá i láthair agus (ii) arb é is cuspóir dó go bhfuil an duine sin “le haistriú” chuig an mBallstát a ainmnítear ar bhonn na gcritéar a liostaítear sa Rialachán sin mar Bhallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó ar a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta. (18) Glactar cinneadh den sórt sin a luaithe atá iarraidh ar ghabháil ar láimh (nó, de réir mar a bheidh, iarraidh ar ghabháil ar ais) (19) seolta ag údarás an chéad Bhallstáit (an Ballstát iarrtha) chuig a gcontrapháirtithe den dara Ballstát (an Ballstát a rinne an iarraidh), agus go bhfuil iarraidh den sórt sin glactha ag na húdaráis sin. (20)

39.      Tugtar le tuiscint uaidh sin nach féidir an léirmhíniú a bhaint as Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III go soláthraítear leigheas os comhair cúirt nó binse de chuid an Bhallstáit iarrtha (an Ísiltír sa chás seo) i gcoinne an chinnidh ó údaráis an Bhallstáit sin diúltú do “iarraidh ar ghabháil ar láimh” – arb é is éifeacht dó nach mbeidh an t‑iarratasóir le haistriú chuig an dara Ballstát. Ní thagann cásanna ina n‑éilíonn iarrthóir tearmainn gur cheart é nó í a aistriú chuig Ballstát ar leith, ach go ndiúltaíonn an Ballstát sin dó nó di a ghabháil ar láimh (nó é nó í a ghabháil ar ais) faoi raon feidhme na forála sin.

40.      Cé gur ghlac an Chúirt le léirmhíniú leathan ar Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, (21) agus cé nach mór an fhoráil sin a léamh i bhfianaise na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, (22) is léir domsa, agus Airteagal 27(1) den Rialachán á léirmhíniú, dá ndéanfaí é a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé gur cheart go mbeadh diúltú ag an mBallstát iarrtha iarratasóir a ghabháil ar láimh faoi réir athbhreithniú breithiúnach, go leathnófaí raon na forála sin thar an méid a cheadaítear lena fhoclaíocht. (23)

41.      Déantar treisiú ar mo thuairim ina thaobh sin i bhfianaise an mholta ón gCoimisiún, mar chuid d’iarracht Rialachán Bhaile Átha Cliath III a athchóiriú, foráil nua a chur isteach lena bhforálfaí do leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse, i gcásanna nach n‑aistreofar iarratasóir ach ina maíonn sé go bhfuil “ball teaghlaigh” aige nó aici nó, i gcás mionaoiseach neamhthionlactha, “gaol” atá i láthair go dleathach i mBallstát eile. (24)

42.      Aistarraingíodh an togra sin ó shin. (25) Léirigh sé, áfach, i mo thuairim, nach bhforáiltear, go sainráite ná go hintuigthe, le Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil i gcás den sórt sin. (26)

43.      Díreoidh mé anois ar an gceist maidir le cé acu an féidir ceart den sórt sin eascairt ón gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, arna léamh in éineacht le hAirteagal 7 agus Airteagal 24(2) di, amháin.

B.      An chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt (Ceist 2)

44.      Is é a iarrann an chúirt a rinne an tarchur ina dara ceist, go bunúsach, an gcaithfear an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, arna léamh in éineacht le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 24(2) di, a léirmhíniú sa chaoi go bhforchuirtear ar an mBallstát a bhfuil “iarraidh ar ghabháil ar láimh” dírithe air ar bhonn Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III oibleagáid chun leigheas éifeachtach a chur ar fáil d’iarrthóir tearmainn ar mionaoiseach neamhthionlactha é agus/nó dá ghaol nó dá gaol líomhainte, os comhair cúirte nó binse, i gcoinne diúltú le glacadh le hiarraidh den sórt sin.

45.      Is iomchuí a thabhairt chun cuimhne, mar réamhphointe, go ndearnadh le hAirteagal 47 den Chairt, dar teideal “An ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil”, prionsabal ginearálta na cosanta éifeachtaí dlí arna bhunú roimhe sin ag an gCúirt a chódú. (27) Comhfhreagraíonn an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, arna ráthú sa chéad mhír den fhoráil sin, don cheart dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (CECD). (28)

46.      De réir na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, tá an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil ag gach duine “a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais, a shárú… os comhair binse”. Mar is léir ó chásdlí socair na Cúirte, féadfar an ceart chun leighis éifeachtaigh a agairt ar bhonn na forála sin amháin, gan gá a bheith ann é a shonrú le forálacha eile de dhlí an Aontais nó le forálacha dhlí náisiúnta gach Ballstáit. (29)

47.      Bíodh sin mar atá, maidir leis an gceist i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil ceart den sórt sin ann, i gcás ar leith, glactar leis, mar is léir ón gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, go bhfuil an duine a dhéanann an ceart sin a agairt ag brath ar cheann amháin nó níos mó de na “cearta nó de na saoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais”. (30) Ciallaíonn sé nach mór don chás atá idir lámha teacht faoi raon feidhme dhlí an Aontais – murach sin, ní bheadh an Chairt infheidhme in aon chor – (31) ach freisin ní mór ceart nó saoirse nithiúil a bheith ann freisin, a chosnaítear faoi dhlí an Aontais, rud a théann chun tairbhe do dhlíthí ar leith. (32)

48.      Maidir le cur i bhfeidhm na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt i staid amhail an ceann sna príomhimeachtaí, míneoidh mé ar dtús, i gcás ina ndiúltaíonn Ballstát glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh a seoladh chuige ar bhonn Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, ní hamháin gur léir go dtagann an diúltú sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais, os rud é go bhfuil údaráis an Bhallstáit iarrtha, nuair a ghlacann siad cinneadh den chineál sin, ag cur rialacha Rialachán Bhaile Átha Cliath III (33) i bhfeidhm, ach déanann sé difear freisin (agus d’fhéadfadh sé a bheith ina sárú) ar roinnt “cearta [nithiúla]... a ráthaítear faoi dhlí an Aontais” i bhfabhar an mhionaoisigh neamhthionlactha lena mbaineann. Dá réir sin, ní mór leigheas éifeachtach i gcoinne an diúltaithe sin a bheith ag an mionaoiseach (ach ní ag a ghaol nó a gaol líomhainte), de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, os comhair chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit iarrtha (1). Sonróidh mé ansin na cúiseanna a measaim nach dtéann Rialachán Bhaile Átha Cliath III ina iomláine i gcoinne aitheantas a thabhairt do leigheas (34) den sórt sin agus nach bhfuil aon choimhlint idir an Rialachán sin agus an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt (2). Ar deireadh, míneoidh mé cén fáth, in ainneoin na n‑ábhar imní atá curtha in iúl ag na páirtithe a rinne idiragairt os comhair na Cúirte, a measaim nach mbeidh de thoradh ar léirmhíniú den sórt sin go ndéanfaí ollchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath (3).

1.      Na “cearta... arna ráthú le dlí an Aontais a bhfuil leigheas éifeachtach ag dul leo

49.      Mar a chuir mé in iúl i mír 31 thuas, tugtar isteach le hAirteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III “critéar freagrachta ceangailteach” a bheartaítear lena chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag mionaoiseach neamhthionlactha a bhfuil gaol fásta aige a bhfuil cónaí air go dleathach san Aontas Eorpach. Tá forlámhas ag an gcritéar sin ar gach critéar eile atá sa Rialachán sin. (35) Ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais a liostaítear in Airteagal 8(2), tá dhá oibleagáid shoiléire, bheachta agus neamhchoinníollacha i gceist leis an bhforáil sin don Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an ngaol: “beidh an Ballstát sin freagrach as an mionaoiseach a athaontú lena ghaol nó gaol” agus “beidh sé... freagrach” as scrúdú a dhéanamh ar éileamh tearmainn an mhionaoisigh. (36)

50.      Dar liomsa, is ionann an dá oibleagáid sin agus comhthoradh ar “chearta... [áirithe] arna ráthú le dlí an Aontais”, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, a théann chun tairbhe do mhionaoisigh neamhthionlactha atá ag cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta laistigh den Aontas Eorpach.

(1)    Cad iad na “cearta... arna ráthú le dlí an Aontais” atá i gceist?

51.      Is dlúthchuid de Rialachán Bhaile Átha Cliath III é an tuiscint go bhfuil cearta aonair substainteacha áirithe de thairbhe ag iarrthóirí tearmainn. Go sonrach, féachann an Rialachán sin le “hurramú iomlán” ceart áirithe atá bunaithe ar an gCairt, ar cearta iad a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo i gcomhthéacs a chur i bhfeidhm. (37) Cosnaítear na cearta sin le coimircí nós imeachta, (38) a ceapadh chun rannpháirtíocht na n‑iarrthóirí tearmainn a áirithiú sa phróiseas lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a n-éileamh ar thearmann. (39) Léirítear iad freisin i ndearadh féin (ar a laghad cuid de) na rialacha a d’áirigh reachtas an Aontais Eorpaigh san ionstraim dlí sin. (40)

52.      Sa chomhthéacs sin, glacadh Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III leis an aidhm shonrach “go nurramófar ina iomláine prionsabal aontachta an aonaid teaghlaigh agus d’fhonn leas an linbh a áirithiú” (41) agus, dá bhrí sin, éifeacht a thabhairt do na cearta bunúsacha atá in Airteagal 7 agus in Airteagal 24(2) den Chairt, ar cheart do na Ballstáit “tús áite” a thabhairt don dá ghné sin nuair a bhíonn na rialacha atá leagtha amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III á gcur i bhfeidhm acu. (42)

53.      Ina leith sin, tagann chun cuimhne dom, ar an gcéad dul síos, go ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt an ceart bunúsach chun urramú shaol an teaghlaigh. Comhfhreagraíonn an ceart sin don cheart dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) ECHR. Dá réir sin, ba cheart é a léirmhíniú i bhfianaise chásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (“ECtHR”). (43) De bhun an chásdlí sin, is ceist fhíorasach é an bhfuil “saol an teaghlaigh” ann. Tá an coincheap sin fréamhaithe i gcosaint núicléas an teaghlaigh (nó neasteaghlach). Aithníodh, áfach, go bhféadfadh “garghaolta” lasmuigh den núicléas sin ról a imirt freisin agus cur le saol an teaghlaigh. (44) I bhfianaise an mhéid sin, d’fhéadfadh sé go n‑áireofaí leis an gcoincheap “saol an teaghlaigh” an gaol idir leanbh agus a “ghaol” nó a “gaol”, ar coincheap é a sholáthraíonn an bonn don chritéar freagrachta atá in Airteagal 8(2) (mar shampla, an gaol idir leanbh agus a uncail nó a huncail).

54.      Ar an dara dul síos, aithnítear in Airteagal 24(2) den Chairt nach mór do leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh i ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha. Ba cheart an dara ceart bunúsach sin a léamh i gcomhar leis an gcéad cheart. (45) Go deimhin, chinn an Chúirt go leanann sé ó aithrisí 14 go 16 agus, inter alia, Airteagal 6(3)(a)  (46) agus Airteagal 6(4),  (47) chomh maith le hAirteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, gur chun leasa an linbh é, mar riail ghinearálta, go n‑urramófaí saol an teaghlaigh agus, go sonrach, go gcaomhnófaí aontacht an aonaid teaghlaigh. (48) Is é sin le rá, leis an bprionsabal “leas an linbh” is minic a cheanglaítear ar na Ballstáit éifeacht iomlán a thabhairt do cheart an mhionaoisigh chun saoil teaghlaigh trí aontacht a theaghlaigh nó a teaghlaigh a chaomhnú agus, i gcásanna áirithe, é nó í a athaontú le baill teaghlaigh nó le gaolta.

55.      Trí Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a ghlacadh, is cosúil, dá bhrí sin, gur admhaigh reachtas an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le cásdlí ECtHR, (49) gur daoine an‑leochaileacha iad mionaoisigh neamhthionlactha, (50) a bhfuil a bhfolláine ag brath ar an gcosaint agus cúram riachtanach daoine fásta agus ar dhálaí glactha leordhóthanacha. D’ainneoin na ráthaíochtaí a leagtar síos sa Treoir maidir le Dálaí Glactha, (51) is léir gurbh fhearr a dhéanfar freastal ar riachtanais mionaoiseach neamhthionlactha agus go gcosnófar “a bhforbairt shóisialta”, “cúrsaí sábháilteachta” (52) agus “slándála” má fhaigheann siad cúram, i gcás nach mbeidh ball teaghlaigh, laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, (53) ó “ghaol” (54) fásta seachas iad a fhágáil i dteaghlach altrama nó (níos measa) in ionad cóiríochta i mBallstát seachas sa Bhallstát ina bhfuil an “gaol’ sin lonnaithe, le linn na tréimhse ama a bheidh a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á scrúdú.

56.      Dá bhrí sin, contrártha leis an méid a d’áitigh an Coimisiún agus Rialtais na mBallstát a bhí rannpháirteach sna himeachtaí reatha, ní riail eagrúcháin amháin é Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III lena rialaítear leithdháileadh na freagrachta idir na Ballstáit. Tá na hoibleagáidí a fhorchuireann sé ar na Ballstáit mionaoisigh neamhthionlactha a athaontú lena ngaolta, ceaptha chun a áirithiú go n‑urramófar go hiomlán cearta bunúsacha na mionaoiseach sin chun “saol an teaghlaigh” (Airteagal 7 den Chairt) agus go gcosnófar “leas” an mhionaoisigh (Airteagal 24(2) den Chairt). I gcomhréir leis na coinníollacha beachta a liostaítear san fhoráil sin, eascraíonn cearta nithiúla ó na hoibleagáidí sin, dá bhrí sin, i mo thuairim, do dhaoine den sórt sin.

57.      Ar mhaithe le hiomláine, ba mhaith liom a rá nach dtéann argóint an Choimisiúin agus Rialtais na Beilge agus na hÍsiltíre i bhfeidhm orm, ar dtús, is é sin, toisc go bhfuil foráil déanta cheana féin ag reachtas an Aontais Eorpaigh maidir le haontacht teaghlaigh in ionstraimí dlí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, amhail an Treoir um Athaontú Teaghlaigh, (55)ní raibh sé i gceist aige athaontú mionaoisaeach neamhthionlactha lena ngaolta faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath III a spreagadh. Dar leo, d’fhéachfaí leis an Rialachán sin, thar aon ní eile, le próiseáil thapa iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a ráthú, ní chun teaghlaigh a athaontú. Ina theannta sin, agus in aon chás, dá n‑éireodh le mionaoiseach neamhthionlactha ina éileamh nó ina héileamh agus go ndeonófaí an stádas “dídeanaí” air nó uirthi, bheadh sé nó sí saor, de bhun na Treorach maidir le Cáilitheacht, (56) bogadh chuig Ballstáit eile agus, dá bhrí sin, teacht le chéile lena theaghlach nó lena teaghlach.

58.      Caithfidh mé a admháil nach léir dom cén fáth a mbeadh cosc ar mhionaoiseach neamhthionlactha, mar gheall ar chearta áirithe a bheith aige faoin Treoir um Athaontú Teaghlaigh agus faoin Treoir maidir le Cáilitheacht, faoi seach, a chearta nó a cearta atá bunaithe ar an gCairt ar mhaithe le cosaint “saol an teaghlaigh” agus “leas an linbh” a agairt i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath III.

59.      Go deimhin, bíonn feidhm ag na hionstraimí éagsúla sin ag amanna éagsúla. Sna príomhimeachtaí, d’fhéadfadh sé go bhféadfadh an t‑iarratasóir brath ar an Treoir maidir le Cáilitheacht nó ar an Treoir um Athaontú Teaghlaigh chun teacht le chéile lena uncail san Ísiltír, nó chun go dtiocfadh baill eile dá theaghlach (a mháthair nó a athair, mar shampla) (57) chuige sa Ghréig, tar éis an stádas “dídeanaí” a dheonú air (agus dá ndeonófaí é). Le linn d’údaráis na Gréige a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, áfach, ní bheadh an dá threoir sin ina gcabhair dó agus ní fhéadfadh ach Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a áirithiú nach bhfanfaidh sé, in éadan a leasa, scoite ó ghaol atá in ann aire a thabhairt dó. (58)

60.      I ndáil leis sin, ba mhaith liom treise a chur air nach féidir neamhaird a dhéanamh den tionchar diúltach ar mhionaoiseach neamhthionlactha, a bhaineann le bheith scartha óna “baill teaghlaigh” nó óna “gaolta” le linn an ama a bhfuil scrúdú á dhéanamh ar a éileamh nó ar a héileamh. A mhéid is eol dom, is féidir go mbeidh tréimhse a chomh fada le sé mhí i gceist leis an scrúdú sin, go teoiriciúil, tar éis an t‑iarratas ar an nós imeachta scrúdúcháin (59) a bheith taiscthe agus, i gcleachtas, i bhfad níos mó, uaireanta. (60) Ó thaobh an mhionaoisigh de, d’fhéadfadh sé gur tréimhse an‑fhada a bheadh ann dó agus fiú staid gan deireadh, ag brath ar a aois nó a haois. (61)

61.      Ní léir dom, ar an dara dul síos, conas is ionann an léirmhíniú sin agus ceart a thabhairt do mhionaoisigh neamhthionlactha go ndéanfaí scrúdú ar a n‑iarratas sa Bhallstát dá rogha féin – rud a bheadh ag teacht salach ar loighic ghinearálta Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus a spreagfadh siopadóireacht dlínse. Ní chiallaíonn sé sin ach, i gcás gurb é a leas féin é, (62)go bhfuil sé de cheart aige nó aici, de bhun na rialach a ghlac reachtas an Aontais Eorpaigh, a bheith athaontaithe le gaol atá in ann aire a thabhairt dó nó di i mBallstát eile agus a éileamh nó a héileamh ar thearmann a scrúdú ann, ionas go n‑áiritheofar a fholláine nó a folláine ar an mbealach is fearr is féidir.

62.      Ar an tríú dul síos, ní thagaim leis an argóint nach féidir aon chearta substainteacha i bhfabhar mionaois igh neamhthionlactha a bhaint as Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III ós rud é go gceadaítear ar aon nós le hAirteagal 17(1) den Rialachán sin (an clásal ceannasach mar a thugtar air) don Bhallstát ina dtaisctear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta maolú ar na critéir a leagtar síos sa Rialachán sin agus a dhearbhú go bhfuil sé féin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

63.      Is fíor go bhfágann an clásal ceannasach rogha áirithe faoi na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm rialacha Rialachán Bhaile Átha Cliath III. Mar sin féin, mar is léir ó aithris 17 den Rialachán sin, ba cheart an clásal sin a úsáid go príomha ar fhorais dhaonnúla, agus mar choimirce ar aon sárú ar chearta bunúsacha iarratasóirí, mar shampla, chun teaghlach a thabhairt le chéile – agus ní chun iad a scaradh óna chéile.

64.      Ar aon chuma, is gá go mbeidh teorainn leis an úsáid a bhaintear as an gclásal sin, atá in ionstraim dlí thánaistigh, leis na cearta bunúsacha a ráthaítear sa Chairt. (63) Dá bhrí sin, ní fhéadfadh na leasanna (hipitéiseacha) a fhéadfaidh Ballstát a agairt (go heisceachtúil) chun maolú ar Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III tosaíocht a bheith acu ar leasa an mhionaoisigh neamhthionlactha chun bheith athaontaithe lena ghaol nó lena gaol de bhun na forála sin. (64) Dá bhrí sin, cé gur rialaigh an Chúirt nach bhféadfadh prionsabal “leas an linbh” a chur de cheangal ar na Ballstáit an clásal ceannasach (65) a úsáid, d’fhéadfadh sé, in go leor cúinsí, cosc a chur orthu amhlaidh a dhéanamh. (66)

65.      Ar deireadh, tugaim faoi deara, i gcás amhail an cás sna príomhimeachtaí, go bhfuil, i mo thuairim, ceart eile a ráthaítear le dlí an Aontais Eorpaigh, de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, eadhon an ceart atá ag mionaoiseach neamhthionlactha an iarraidh go ndéanfaí an iarraidh ar ghabháil ar láimh a phróiseáil go cuí, go neamhchlaonta agus go cothrom.

66.      Go deimhin, le Rialachán Bhaile Átha Cliath III (agus leis an Rialachán Cur Chun Feidhme), forchuirtear dualgais áirithe ar údaráis na mBallstát i ndáil, go háirithe, le cur i bhfeidhm Airteagal 8(2) den chéad Rialachán sin. Go háirithe, ceanglaítear ar an mBallstát a ndírítear iarraidh ar ghabháil ar láimh chucu ar bhonn na forála sin na “seiceálacha riachtanacha” a dhéanamh sula ndéanfar cinneadh maidir leis an iarraidh sin. Déanfaidh an Ballstát sin “seiceáil chuimsitheach agus oibiachtúil, ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil dó go díreach nó go hindíreach”, (67)an gcomhlíontar ceanglais na forála sin (68) agus, agus é sin á dhéanamh aige, ní mór dó líon mór rialacha substainteacha, (69) nós imeachta (70) agus fianaise (71) eile a liostaítear sa dá ionstraim sin a chomhlíonadh.

67.      I mo thuairimse, leis na hoibleagáidí sin – mar aon leis na hoibleagáidí atá mar dhlúthchuid d’Airteagal 7 (an ceart chun saoil teaghlaigh) agus le hAirteagal 24(2) (“leas an linbh”) den Chairt – ní hamháin go gceanglaítear ar údaráis inniúla an Bhallstáit iarrtha atá ag déileáil le cás an mhionaoisigh neamhthionlactha a leas a shainaithint agus scrúdú a dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil coinníollacha Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III comhlíonta, ach tá sé de thoradh orthu freisin go bhfuil ceart comhfhreagrach ag an mionaoiseach sin go ndéanfaí an iarraidh ar ghabháil ar láimh a láimhseáil go neamhchlaonta agus go cóir, i gcomhréir leis an leas sin. (72)

(2)    An gá atá le leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse

68.      Mar thoradh ar an míniú a tugadh sa roinn roimhe seo, i gcás ina ndiúltaíonn Ballstát, ar cibé foras, glacadh le “hiarraidh ar ghabháil ar láimh” a rinneadh ar bhonn Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, féadfaidh an diúltú sin – más rud é nach bhfuil bunús maith leis nó, go ginearálta, go bhfuil sé neamhdhleathach – dochar a dhéanamh do chearta an mhionaoisigh neamhthionlactha atá faoi chosaint dhlí an Aontais. Is é éifeacht nithiúil an chinnidh sin nach n‑aistreofar an t‑iarratasóir agus, dá bhrí sin, nach ndéanfaí é nó í a athaontú lena ghaol nó lena gaol. Dá bhrí sin, ní mór leigheas dlí éifeachtach a bheith ag an mionaoiseach sin, os comhair cúirte nó binse i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, i gcoinne cinneadh den sórt sin. (73)

69.      Os a choinne sin, ní fhaigheann uncail líomhainte mionaoisigh neamhthionlactha, i mo thuairim, aon cheart iarbhír ó chur i bhfeidhm Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III. Díríonn an fhoráil sin ar an mionaoiseach neamhthionlactha agus ar chosaint a chirt nó a cirt chun cosaint a “leasa” (Airteagal 24(2) den Chairt) agus a “saol teaghlaigh” (Airteagal 7 den Chairt). Ní dhíríonn sí ar aon cheart agus ní thugann sí aon cheart dá “mbaill teaghlaigh” ná dá “gaolta”.

70.      Ba mhaith liom a chur in iúl, i gcás amhail an cás sna príomhimeachtaí, mura gceadófaí do mhionaoiseach neamhthionlactha agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú údaráis an Bhallstáit iarrtha é nó í a “ghabháil ar láimh”, ní bheadh aon deis ag an duine sin a chearta nó a cearta a chosaint os comhair cúirt dlí – ós rud é, ar aon nós, nach nglacfadh údaráis an Bhallstáit iarrtha igh aon “chinneadh aistrithe” de réir bhrí Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.(74)

71.      Ina theannta sin, is léir dom go gcaithfidh an Ballstát iarrtha (an Ísiltír, sa chás seo) an leigheas sin a dheonú os comhair cúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin (amhail an chúirt a rinne an tarchur). Go deimhin, ní fhéadfadh an Ballstát iarrthach é a dheonú os comhair a chúirteanna nó a bhinsí náisiúnta féin. Cé go bhfuil córas Bhaile Átha Cliath bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, (75) ní córas lánchomhtháite é faoi láthair ina bhféadfaidh cúirteanna Bhallstát A athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh arna ghlacadh ag údaráis riaracháin Bhallstát B agus cinntí a ghlacadh atá ina gceangal orthu.

2.      Easpa coinbhleachta idir an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt agus Rialachán Bhaile Átha Cliath III

72.      Tar éis a shuí go bhfuil, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, an ceart ag iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, chun leigheas éifeachtach a fháil de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 24(2) di, déanfaidh mé measúnú anois an bhfuil foclaíocht Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, chomh maith leis an gcóras ginearálta agus cuspóirí an Rialacháin sin, i gcoinne dheonú an leighis sin.

73.      Dá mba amhlaidh an cás, bheadh coimhlint idir Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt. Chuirfeadh an chéad cheann teorainn leis an gceart a ráthaítear sa dara ceann. (76) Ní bheadh an teorannú sin ceadaithe ach amháin i gcás ina gcomhlíonfadh sé na ceanglais dhochta atá leagtha amach in Airteagal 52(1) den Chairt, eadhon, ar dtús, go mbeadh “foráil le dlí” ann, ar an dara dul síos, go n‑urramódh sé “inneachar sár-riachtanach” an chirt agus, ar an tríú dul síos, go n‑urramódh sé prionsabal na comhréireachta. Is é mo thuairim, i gcás mar atá i gceist sna príomhimeachtaí, dá mbainfí leigheas éifeachtach go hiomlán de mhionaoiseach neamhthionlactha, shárófaí “inneachar sár-riachtanach” a cheart nó a ceart chun leigheas den sórt sin. Ní bheadh aon rogha eile ag an gCúirt ach a dhearbhú go bhfuil Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III (nó, de réir mar a bheidh, an Rialachán sin ina iomláine) neamhbhailí.

74.      Tá cúiseanna éagsúla ann, áfach, a thugann orm toradh chomh dian sin a dhíbhe agus a theacht ar an gconclúid nach bhfuil aon choinbhleacht i ndáiríre idir Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt.

75.      Ar an gcéad dul síos, níl aon rud i bhfoclaíocht Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a thugann le tuiscint, i mo thuairimse, go gcuirtear as an áireamh an fhéidearthacht chun leigheas éifeachtach a dheonú sa chás seo toisc nach bhforáiltear san fhoráil sin ach amháin do leigheas i gcoinne “cinntí aistrithe” (77). Ghlac reachtas an Aontais Eorpaigh an fhoráil sin go sainráite d’fhonn cosaint bhreithiúnach d’iarrthóirí tearmainn a neartú, (78) agus ní chun í a imirt mar “an mámh” chun leigheas éifeachtach a bhaint díobh i gcásanna eile nach dtagann faoina raon feidhme. Fiú dá measfaí go bhfuil foclaíocht Airteagal 27(1) ina leith sin débhríoch, ní fhéadfaí, i mo thuairim, an fhoráil sin a léirmhíniú ar bhealach chomh cuimsitheach sin. De réir cásdlí socair, i gcás ina mbeidh níos mó ná léirmhíniú amháin féideartha ar fhoráil de dhlí tánaisteach an Aontais, ba cheart tosaíocht a thabhairt don léirmhíniú a fhágann go mbeidh an fhoráil comhsheasmhach leis an dlí príomha (lena n‑áirítear na cearta agus na saoirsí atá bunaithe ar an gCairt), seachas an léirmhíniú a fhágann go bhfuil sí ar neamhréir leis an dlí sin. (79)

76.      Ar an dara dul síos, ag tabhairt aghaidh anois ar chóras ginearálta agus ar chuspóirí Rialachán Bhaile Átha Cliath III, feictear dom go raibh formhór na n‑argóintí a chuir an Coimisiún agus Rialtais na mBallstát ar aghaidh, tráth na héisteachta agus ina n‑aighneachtaí i scríbhinn, bunaithe ar an mbonn (i mo thuairimse, mícheart) go mbeadh deonú leighis ar neamhréir leis an gcuspóir atá ina dhlúthchuid den Rialachán sin maidir le “hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa” a áirithiú agus “a chinneadh go tapa cé acu Ballstát atá freagrach” agus leis na teorainneacha dochta ama atá leagtha síos chun na críche sin. Go háirithe, áitíonn Rialtas na Fraince go mbeadh sé dodhéanta leigheas a fháil sa chleachtas ós rud é go leanfadh na teorainneacha ama sin ar aghaidh agus go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chinneadh an Bhallstáit atá freagrach as an iarratas a scrúdú. (80)

77.      Dar liomsa go mainnítear leis an réasúnaíocht sin a chur san áireamh gur thug reachtas an Aontais na teorainneacha ama sin isteach d’fhonn, thar aon rud eile, “rochtain éifeachtach ar na nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú” (81) a áirithiú agus cearta iarrthóirí tearmainn a chosaint a leagtar amach in acquis chórais tearmainn an Aontais agus sa Chairt. (82)

78.      Má ghlactar leis, mar a rinne an Chúirt ina breithiúnas in Shiri, (83) go bhfuil na teorainneacha ama a leagtar amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III ceaptha go sainráite chun iarrthóirí tearmainn a chosaint, ní mór a admháil freisin nach féidir na teorainneacha ama sin a shárú i gcoinne iarrthóirí tearmainn sa chaoi go mbeidh bac orthu leigheas éifeachtach a lorg, go háirithe i gcás inar líomhnaíodh gur sáraíodh a gcearta (eile) bunaithe ar an gCairt (sa chás seo, an ceart chun “saoil teaghlaigh” agus an ceart atá ag mionaoisigh chun a “leas” a chosaint de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) den Chairt.

79.      Bheadh cás saghas áiféiseach ann mar thoradh ar chinneadh contrártha ina ndéanfaí leigheas éifeachtach a shéanadh ar iarrthóir tearmainn ar an mbonn go nglactar leis gur chun a leasa féin é go ndéanfaí na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán Bhaile Átha Cliath III a sheoladh go tapa agus, dá bhrí sin, go mbeadh lánrogha gan srian ag údaráis inniúla na mBallstát ina leith sin. Caithfidh sé gur dearcadh níos fearr é anseo a chur san áireamh, má dhéanann iarrthóir tearmainn cinneadh a cheart nó a ceart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú, is é sin toisc go measann sé go bhfuil cosaint bhreithiúnach a ceart nó a cheart agus a leasanna níos tábhachtaí ná cinneadh pras ón mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta. (84)

80.      D’admhaigh an Chúirt, i gcomhthéacs léirmhíniú Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, gur iarmhairt dhosheachanta ar an oibleagáid a fhorchuirtear ar na Ballstáit chun leigheas éifeachtach a chur ar fáil iad moilleanna i ndail le cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach. (85) Níor chuir sé sin cosc uirthi teacht ar an gconclúid nach raibh sé i gceist ag reachtas an Aontais, tríd an Rialachán sin a ghlacadh, “cúl a thabhairt do chosaint bhreithiúnach iarrthóirí tearmainn ar mhaithe leis an gceanglas chun iarratais ar thearmann a phróiseáil go tapa”. (86) Ní fheicim cén fáth a mbeadh sé dodhéanta, sa chás seo, léirmhíniú comhchosúil a ghlacadh. (87)

81.      Thairis sin, tugaim faoi deara go luaitear in Airteagal 12(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme nach gá go mbeidh mainneachtain cloí leis na teorainneacha ama is infheidhme maidir le freagra a ghlacadh ar iarraidh ar ghabháil ar láimh nó aistriú mionaoisigh neamhthionlactha ina bac ar leanúint ar aghaidh leis an nós imeachta nó le haistriú den sórt sin a chur i gcrích. De réir mar a thuigim, deimhnítear leis an bhforáil sin, a mhéid a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha, go bhfuil an cuspóir maidir le cloí leis na teorainneacha ama dochta a liostaítear i bhforálacha Rialachán Bhaile Átha Cliath III nó sa Rialachán Cur Chun Feidhme tánaisteach don chuspóir maidir le cur i bhfeidhm cuí na rialacha atá sna hionstraimí sin agus cosaint leordhóthanach na ndaoine lena mbaineann a áirithiú. Go hachomair, ní féidir brath go héasca ar na teorainneacha ama sin chun cosc a chur ar mhionaoiseach neamhthionlactha agóid a dhéanamh i gcoinne diúltú ó údaráis an Bhallstáit é a ghabháil ar láimh, tar éis don Bhallstát iarrthach teacht ar an gconclúid go n‑ainmníonn an “critéar freagrachta” in Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III an Ballstát iarrtha mar an Ballstát atá freagrach.

82.      Ar aon nós, tá réiteach éasca ar fhadhb na moille maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu Ballstát atá freagrach, moill a eascraíonn as imeachtaí breithiúnacha. Go deimhin, i mo thuairimse, ceanglaítear leis an gcuspóir maidir le hiarratais a phróiseáil go tapa, ar dlúthchuid de Rialachán Bhaile Átha Cliath III í, ar mhaithe le mionaoisigh neamhthionlactha agus le dea-fheidhmiú ginearálta an chórais arna bhunú leis an Rialachán sin, go mbeadh an leigheas féin a dheonaítear de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt do mhionaoisigh neamhthionlactha den sórt sin tapa. (88)

83.      Ina leith sin, is léir dom freisin nach mór éifeacht fionraíochta a bheith ag feidhmiú an leighis sin i dtaca leis an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach. Dá gcinnfeadh cúirteanna nó binsí an Bhallstáit iarrtha ar deireadh gur dhiúltaigh údaráis inniúla an Bhallstáit sin go hearráideach mionaoiseach neamhthionlactha amhail an t‑iarratasóir a ghabháil ar láimh, chuirfí a gcinneadh ar neamhní (nó fiú dhéanfaí é a leasú) agus bheadh ar na húdaráis sin freagra nua a thíolacadh laistigh de na teorainneacha ama a dheonófaí, a mbeadh feidhm acu de novo. (89) Ar an gcaoi sin, chaomhnófaí ina n‑iomláine na hiarmhairtí a thiocfadh as neamh-chomhlíonadh na dteorainneacha ama sin.

84.      Ar an tríú dul síos, measaim go bhfuil an oibleagáid atá ar na Ballstáit leigheas éifeachtach a chur ar fáil sa chás seo comhsheasmhach le cuspóir reachtas an Aontais go mbeidh mionaoisigh neamhthionlactha páirteach sa phróiseas as a dtiocfaidh cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a n‑iarratas. Is dócha go bhfuil an léiriú is fearr ar an gcuspóir sin le fáil in Airteagal 6(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus in Airteagal 12(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme agus in oibleagáidí sonracha na mBallstát atá ann. (90)

85.      I mo thuairimse, d’fhéadfadh na hoibleagáidí céanna rannchuidiú lena áirithiú, sa chás seo, go mbeadh leigheas an mhionaoisigh neamhthionlactha éifeachtach, seachas a bheith meabhlach amháin. Mar shampla, is cinnte gur féidir teacht ar an gconclúid, ós rud é go bhfuil na forálacha sin i dtéarmaí ginearálta agus leathana go leor, go n‑áirítear iontu oibleagáid nithiúil agus bheacht, sa chleachtas, don Bhallstát iarrthach, ionadaí an mhionaoisigh neamhthionlactha a choimeád ar an eolas go bhfuil iarraidh maidir le “gabháil ar láimh” tíolactha aige ar bhonn Airteagal 8(2) den Rialachán sin chuig Ballstát eile (an Ballstát iarrtha) agus, ansin, faoi fhreagra diúltach údaráis an Bhallstáit eile sin ar an iarraidh sin. D’fhágfadh oibleagáid den sórt sin go bhféadfaí an mionaoiseach neamhthionlactha a chur ar an eolas faoi ábhar chinneadh an Bhallstáit iarrtha agus, más mian leis nó léi, achomharc a dhéanamh ina choinne.

86.      Ar an gceathrú dul síos, agus ar an rud is tábhachtaí, d’fhéadfadh sé go gcuideodh oibleagáid na mBallstát leigheas éifeachtach a chur ar fáil sa chás seo leis na rialacha atá i Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus sa Rialachán Cur Chun Feidhme a chur i bhfeidhm i gceart agus go héifeachtach. Is léir, go pointe áirithe, go mbeadh in éagmais aon chuspóra agus/nó go mbainfí an bonn de na “critéir freagrachta” agus sraith mhór eile rialacha substainteacha, nós imeachta agus fianaise eile atá liostaithe sa dá ionstraim (91) sin chun mionaoisigh neamhthionlactha a chosaint, dá mbeadh lánrogha gan srian ag údaráis na mBallstát, agus iarrataí ar ghabháil ar láimh á measúnú acu, agus iad á gcur i bhfeidhm agus mura mbeadh siad faoi réir athbhreithniú breithiúnach i ngach cás seachas na cásanna sin ina bhfuil an mionaoiseach le haistriú chuig Ballstát eile (a chumhdaítear le hAirteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath). Tríd is tríd, d’fhéadfaí an bonn a bhaint den chuspóir atá ann a áirithiú go gcinntear an Ballstát atá freagrach ar bhonn “critéir atá oibiachtúil agus cothrom”; (92) d’fhéadfadh difríochtaí maidir le cur i bhfeidhm na rialacha agus na gcritéar sin feidhmiú rianúil Rialachán Bhaile Átha Cliath III a chur i mbaol, ar Rialachán é atá bunaithe ar phrionsabail an chomhair riaracháin, (93) na dlúthpháirtíochta (94) agus na muiníne frithpháirtí, (95) agus d’fhéadfadh sé go mbeifí i “sáinn” fiú mar thoradh ar dhifríochtaí doréitithe idir na Ballstáit, nach bhféadfadh an nós imeachta idir-réitigh dá bhforáiltear in Airteagal 37(2) den Rialachán sin a leigheas. (96) Os a choinne sin, d’fhéadfadh Ballstát – dá mba mhian leis – diúltú go córasach d’aon iarraidh ar ghabháil ar láimh atá dírithe air.(97)

87.      I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, tá amhras orm go bhfuil mórán céille fós le hidirdhealú a dhéanamh idir an cás ina bhfuil mionaoiseach neamhthionlactha le haistriú (agus a bhfuil leigheas aige faoi Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III) agus an cás ina ndiúltaíonn an Ballstát iarrtha é nó í a ghabháil ar láimh ar bhonn Airteagal 8(2) den Rialachán sin ionas go bhfanfaidh sé nó sí sa Bhallstát ina bhfuil sé nó sí (agus nach mbeadh leigheas ar bith aige nó aici, de réir na bpáirtithe idiragartha). Ba éasca cás a shamhlú ina dtagann mionaoiseach neamhthionlactha chuig an nGréig agus, ina dhiaidh sin, ar éirigh leis nó léi, ar shlí éigin, a bhealach nó a bealach dhéanamh go dtí an Ísiltír, áit ina gcónaíonn a uncail líomhainte. Bheadh an mionaoiseach sin go díreach ag tabhairt faoina bhféachfar leis an Rialachán sin a dhíspreagadh, eadhon “gluaiseacht thánaisteach” (iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh i ndiaidh a chéile i mBallstáit éagsúla). Dá gcuirfeadh an Ísiltír iarraidh ar ghabháil ar ais chuig an nGréig ansin agus dá nglacfaí, ar deireadh, cinneadh chun an mionaoiseach neamhthionlactha a aistriú ar ais go dtí an Ghréig, thiocfadh cinneadh den sórt sin faoi raon feidhme Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus bheadh deis ag an mionaoiseach sin é féin a chosaint os comhair chúirteanna na hÍsiltíre. Ní bheadh aon leigheas den sórt sin ag an mionaoiseach céanna, dar leis na páirtithe sin, dá gcomhlíonfadh sé nó sí na rialacha agus dá bhfanfadh sé nó sí sa Ghréig, mar a rinne an t‑iarratasóir, agus dá mba rud é go ndiúltódh an Ísiltír é nó í a ghabháil ar láimh. (98)

88.      Creidim féin go dtabharfadh cur chuige den sórt sin luach saothair i ndáiríre dóibh siúd, a ghabhann do ghluaiseacht thánaisteach neamhúdaraithe, contrártha leis na rialacha, agus go gcruthódh sé “toisc t harraingthe” bhreise do mhionaoisigh neamhthionlactha, chun taisteal go neamhdhleathach – i mbaol a sábháilteachta, a slándála agus a bhfolláine – chuig an mBallstát ina bhfuil cónaí ar a “mball teaghlaigh” nó a “ngaol”.

89.      Mar chonclúid ar an roinn sin, ba mhaith liom a chur in iúl nach é an chéad uair é a rialaíonn an Chúirt go gceanglaítear leis an gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt ar na Ballstáit leigheas éifeachtach a chur ar fáil i gcás nach bhforáiltear dó go sainráite sa reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais. Gan ach sampla amháin a lua, rinne sé amhlaidh le déanaí ina bhreithiúnas in Minister van Buitenlandse Zaken, (99) maidir le léirmhíniú an Chóid Víosaí.

3.      I dtreo ollchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath?

90.      Dealraíonn sé dom go mbaineann cuid mhór de na hábhair imní a chuir Rialtais na mBallstát in iúl le linn na n‑imeachtaí reatha, go páirteach ar a laghad, leis an bhfíric, dá dtiocfaidh an Chúirt ar an gconclúid nach mór leigheas éifeachtach a chur ar fáil sa chás seo, go mbeadh uirthi an rud céanna a dhéanamh i mórán cásanna eile, rud a bhféadfadh athchóiriú ar chóras Bhaile Átha Cliath a bheith mar thoradh air ar deireadh thiar.

91.      Mar sin féin, i mo thuairimse, ní bheadh toradh den sórt sin mar thoradh ar an réiteach a mholaim, ar thrí phríomhchúis.

92.      Ar an gcéad dul síos, níor chóir dearmad a dhéanamh de go mbaineann líon suntasach, nó fiú tromlach, na n‑iarratas maidir le gabháil ar ais nó gabháil ar láimh le hiarrthóirí tearmainn atá i láthair go fisiciúil sa Bhallstát inar mhaith leo go ndéanfaí scrúdú ar a n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus atá ag iarraidh aistriú chuig Ballstát eile a sheachaint (de bhun Airteagal 13 nó 18(1)(c) go (d) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III). Maidir le cásanna den sórt sin, foráiltear le hAirteagal 27(1) den Rialachán sin cheana féin do leigheas dlí, agus déileáiltear go cuimsitheach leis an gceist ar cheart an leigheas sin a dheonú nó nár cheart, agus más ceart, cathain ba cheart sin a dhéanamh. (100) Mar a chuir an Chúirt béim air in M. A. agus páirtithe eile, (101) fad is atá leigheas éifeachtach ar fáil tráth éigin le linn nós imeachta Bhaile Átha Cliath, is leor sin chun cearta aonair an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a chosaint.

93.      Ar an dara dul síos, tá an réiteach a mholaim teoranta do chásanna áirithe. Baineann sé le cur i bhfeidhm forála an‑sonrach de Rialachán Bhaile Átha Cliath III (Airteagal 8(2)), a bhaineann le catagóir ar leith d’iarrthóirí tearmainn (mionaoisigh neamhthionlactha), atá beartaithe chun a áirithiú go n‑urramófar go hiomlán cearta bunúsacha áirithe (Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) den Chairt). Ní bheadh gá le leigheas den sórt sin a dheonú do gach iarrthóir tearmainn i ndáil leis na critéir uile a leagtar amach sa Rialachán sin.

94.      Is fíor, maidir leis na cinntí a thug orm teacht ar a gconclúid nach mór leigheas éifeachtach a dheonú sa chás seo, dar liom, go bhféadfadh siad a bheith infheidhme freisin i gcás ina n‑éilíonn mionaoiseach neamhthionlactha ar mian leis go n‑aistreofaí é ar bhonn Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III go ndéantar difear dá chearta bunúsacha nó dá cearta bunúsacha (Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) den Chairt), ní le cinneadh ón mBallstát iarrtha (sa chás seo, an Ísiltír) ach le gníomh, nó mainneachtain gníomhú, de chuid údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an tiarratasóir (sa chás seo, an Ghréig). (102)

95.      D’fhéadfadh roinnt cúiseanna a bheith ann le go ndéanfadh mionaoiseach neamhthionlactha agóid den sórt sin: d’fhéadfadh sé a bheith ag áitiú nár thug údaráis an Bhallstáit sin aghaidh ar iarraidh ar ghabháil ar láimh ar bhonn Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, nó gur mhainnigh siad teorainneacha ama a urramú (maidir leis an iarraidh sin a chur isteach nó an mionaoiseach a aistriú), nó fiú amháin gur chuir siad an clásal ceannasachta in Airteagal 17(1) den Rialachán sin i bhfeidhm go mícheart. Beag beann ar an gcúis atá leis, is é an Ballstát sin a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an mhionaoisigh. Ar ndóigh, tá iarmhairt shubstainteach dó nó di, ós rud é nach n‑aistrítear é nó í go Ballstát eile, ach ní mór dó fanacht san áit a bhfuil sé nó sí i láthair le linn thréimhse próiseála agus scrúdaithe a iarratais nó a hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

96.      Ar an tríú dul síos, is léir, áfach, fiú dá mba ghá ceart chun leighis éifeachtaigh a aithint i gcás den sórt sin agus sa chás reatha, ní thiocfadh aon chinneadh ó cheachtar de na Ballstáit le bheith inchonspóidte, bíodh sin an Ballstát iarrtha nó iarrthach, mura rud é go mbeidh sé críochnaitheach, agus go dtí sin.

97.      I ndáil leis sin, is léir nach bhféadfaidh an Ballstát iarrthach iarrataí ar ghabháil ar láimh a thíolacadh ach amháin fad nach sárófar an teorainn ama éigeantach a leagtar síos chun na críche sin in Airteagal 21(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III. (103) Tar éis don teorainn ama sin dul in éag, tiocfaidh aon mhainneachtain de chuid an Bhallstáit sin iarraidh ar ghabháil ar láimh a dhéanamh ar bhonn Airteagal 8(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III chun bheith críochnaitheach agus, dá bhrí sin, i mo thuairimse, d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir achomhairc. Ní fhéadfaí aon agóid a dhéanamh roimh an am sin, áfach. Ar an gcaoi chéanna, a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an teorainn ama chun freagairt d’iarraidh chríochnaitheach ar ghabháil ar láimh arna déanamh ag an mBallstát iarrthach (104) (nó, de réir mar a bheidh, tar éis na tréimhse dhá sheachtain chun iarraidh ar athscrúdú a fhreagairt), (105) tagann diúltú an Bhallstáit iarrtha chun bheith críochnaitheach agus d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh air freisin. Mar sin féin, ba cheart nach bhféadfaí agóid a dhéanamh in aghaidh aon diúltú a cuireadh in iúl roimh an am sin mura gcumasctar é le cinneadh críochnaitheach den sórt sin, nó go dtiontódh sé ina chinneadh críochnaitheach den sórt sin.

98.      I bhfianaise na mbreithnithe sin, creidim, dá leanfadh an Chúirt leis an réiteach atá á mholadh agam agus dá gcinnfeadh sí nach mór leigheas éifeachtach a chur ar fáil sa chás seo, de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt, nach mbeadh sé ina chúis leis an ollchóiriú atá ag déanamh imní do rialtais na mBallstát.

C.      Cúpla breithniú ar shocruithe praiticiúla an leighis dlí (Ceist 3)

99.      De réir a tríú ceist, cuireann an chúirt a rinne an tarchur ceist faoi na socruithe praiticiúla maidir leis an leigheas nach mór, i mo thuairim, a dheonú, faoin gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, d’iarrthóir tearmainn amhail an t‑iarratasóir. Is mian léi a fháil amach, go sonrach, conas agus cén Ballstát nach mór dó cinneadh an Bhallstáit iarrtha agus an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin a chur in iúl don duine sin. Beidh mo bharúlacha mar fhreagairt ar an gceist sin sách gearr, ós rud é go bhfuil sé luaite agam cheana (i) gur cheart an leigheas a fheidhmiú os comhair chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit iarrtha, agus (ii) nach mór don Bhallstát a áirithiú go gcuirfear leigheas tapa ar fáil d’iarrthóir tearmainn den sórt sin. (106)

100. Ba mhaith liom a chur leis, de réir cásdlí socair, in éagmais chomhchuibhiú na nósanna imeachta náisiúnta, gur ábhair a thagann faoi réim dhlíchóras gach Ballstáit iad na rialacha mionsonraithe lena mbunaítear an ceart achomhairc, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais nós imeachta, faoi réir an cheanglais amháin gur cheart nach lú fabhair na rialacha sin ná na rialacha lena rialaítear staideanna intíre comhchosúla (prionsabal na coibhéise) agus, rud thar a bheith tábhachtach, nár cheart dóibh a fhágáil go mbeadh sé ródheacair nó dodhéanta sa chleachtas na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta). (107)

101. Leis na ceanglais choibhéise agus éifeachtachta, léirítear oibleagáid ghinearálta na mBallstát cosaint bhreithiúnach na gceart a eascraíonn as dlí an Aontais a áirithiú. Tá feidhm acu maidir le hainmniú na gcúirteanna agus na mbinsí a bhfuil dlínse acu na caingne a éisteacht agus a chinneadh ar bhonn na gceart sin agus maidir le rialacha mionsonraithe nós imeachta a shainiú. (108)

102. Is léir domsa, sa chás seo, gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, a bhfuil dlínse aici amháin a dlí náisiúnta a léirmhíniú, a chinneadh an sásaíonn an córas athbhreithnithe san Ísiltír na ceanglais sin agus an bhfuil sí inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ón Státrúnaí chun diúltú d’iarraidh ar ghabháil ar láimh. (109) Agus é sin ráite, ba mhaith liom a chur i bhfios go láidir nach mór don chúirt inniúil, i mo thuairimse, chun foráil a dhéanamh do leigheas fíor- éifeachtach, athbhreithniú iomlán a dhéanamh, maidir le fíorais agus dlí, ar chinneadh den sórt sin, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar sáraíodh cearta (110) an iarratasóra nó nár sáraíodh – agus, de réir mar a bheidh, an cinneadh i gceist a neamhniú nó a leasú.

103. Ina theannta sin, is léir ó chásdlí socair, chun críocha éifeachtacht an leighis (de réir bhrí na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt), nach mór don duine lena mbaineann a bheith in ann a fháil amach cad iad na cúiseanna ar a bhfuil an cinneadh arna ghlacadh ina leith bunaithe, tríd an gcinneadh féin a léamh nó trí fhógra faoi na cúiseanna sin a iarraidh agus a fháil. (111)

104. I ndáil leis sin, creidim gur faoi na húdaráis inniúla sa Bhallstát iarrthach (na húdaráis Ghréagacha sa chás seo), arb iad amháin a idirghníomhaíonn leis an mionaoiseach neamhthionlactha, atá sé, ar deireadh thiar, é nó í a chur ar an eolas maidir le diúltú údaráis an Bhallstáit iarrtha agus an ceart atá aige nó aici achomharc a dhéanamh nó a iarraidh go ndéanfaí an cinneadh sin a athbhreithniú. (112)

105. I mo thuairimse, ní mór sin a bheith amhlaidh ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, nuair a glacadh Rialachán Bhaile Átha Cliath III, leag reachtas an Aontais béim ar an tábhacht a bhaineann le comhar riaracháin (113) agus is cosúil go raibh sé i bhfabhar sásra “ilfhreastail” a chruthú, lena gceadaítear d’iarrthóirí tearmainn déileáil le húdaráis Ballstáit amháin agus na foirmiúlachtaí riaracháin go léir a chur i gcrích in aon áit amháin. Ar an dara dul síos, feictear domsa, sa chás seo, go spárálfadh an oibleagáid sin mionaoiseach neamhthionlactha, amhail an t‑iarratasóir, ón trioblóid a bhaineann le déileáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh agus an Bhallstáit iarrtha araon (gach Ballstát ag feidhmiú de réir rialacha éagsúla) ar a laghad go dtí go gcinnfidh sé nó sí a cheart nó a ceart chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú. Ar an iomlán, bhainfeadh sé nó sí tairbhe as cosaint níos mó, i gcomhréir le cuspóirí chóras Bhaile Átha Cliath. (114)

106. Ina theannta sin, is gá, i mo thuairimse, go mbeidh sé i gceist le prionsabal an chomhair riaracháin, má dhéanann mionaoiseach neamhthionlactha, amhail an t‑iarratasóir, achomharc os comhair chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit iarrtha (an Ísiltír anseo), i gcoinne diúltú do ghabháil ar láimh a ghlac údaráis inniúla an Bhallstáit sin, ní mór do na húdaráis sin údaráis an Bhallstáit iarrthaigh (sa Ghréig sa chás seo) a chur ar an eolas gur taisceadh an t‑achomharc sin. (115)

107. Dar liomsa, ní mór é sin a dhéanamh chun go bhféadfaidh údaráis an Bhallstáit iarrthaigh an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a chur ar fionraí fad a bheidh an t‑achomharc ar feitheamh (116) – agus éifeacht fionraíochta den chineál sin riachtanach chun a áirithiú nach dtiocfaidh na húdaráis sin ar an gconclúid gurb iad atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an mhionaoisigh neamhthionlactha ar chosaint idirnáisiúnta agus, mar thoradh air sin, as dul ar aghaidh agus measúnú a dhéanamh ar fhiúntas a éilimh nó a héilimh tearmainn.

V.      Conclúid

108. I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, molaim go dtabharfadh an Chúirt freagra ar na ceisteanna a tharchuir Rechtbank Den Haag zittingsplaats Haarlem (an Chúirt Dúiche, an Háig, ina suí di in Haarlem, an Ísiltír) mar a leanas:

(1)      Ní féidir Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a léirmhíniú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit leigheas éifeachtach a chur ar fáil i gcoinne dhiúltú a n‑údarás inniúil glacadh le hiarraidh ar ghabháil ar láimh, de réir bhrí Airteagal 22(1), arna léamh in éineacht le hAirteagal 8(2) den Rialachán sin.

(2)      I gcás den sórt sin, ceanglaítear leis an gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 agus Airteagal 24(2) di, áfach, go gcuirfidh na Ballstáit ar dhiúltaigh a n‑údaráis inniúla glacadh leis an iarraidh ar ghabháil ar láimh, leigheas éifeachtach den sórt sin ar fáil os comhair a chúirteanna nó a bhinsí náisiúnta don mhionaoiseach neamhthionlactha lena mbaineann (ach ní don ghaol líomhainte atá aige nó aici).

(3)      Is ábhair iad na rialacha mionsonraithe lena mbunaítear na socruithe praiticiúla do leigheas den sórt sin le haghaidh dhlíchóras gach Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais nós imeachta, faoi réir phrionsabal na héifeachtachta agus na coibhéise agus na hoibleagáide, d’údaráis an Bhallstáit a sheol an iarraidh ar ghabháil ar láimh, (i) an mionaoiseach neamhthionlactha lena mbaineann a chur ar an eolas faoin bhfreagra a thug a chontrapháirtithe sa Bhallstát iarrtha agus (ii) an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur ar fionraí fad atá a achomharc nó a hachomharc ar feitheamh.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Féach an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), Tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas Eorpach 2015, 2016, lch. 109.


3      Féach https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat‑news/-/ddn‑ 20210423 - 1.


4      Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180, lch. 31) (“Rialachán Bhaile Átha Cliath III”).


5      Féach, inter alia, breithiúnas an 7 Meitheamh 2016, Ghezelbash (C‑63/15, EU:C:2016:409); an 23 Eanáir 2019, M. A. agus páirtithe eile (C‑661/17, EU:C:2019:53); agus an 19 Márta 2019, Jawo (C‑163/17, EU:C:2019:218).


6      De bhun Airteagal 2(i) agus (j) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, chun críocha an Rialacháin sin, ciallaíonn “mionaoiseach” “náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana” agus ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” “mionaoiseach a shroicheann críoch na mBallstát gan tionlacan duine fásta atá freagrach as nó aisti... agus fad nach dtógtar faoi chúram an duine fásta sin é nó í”, faoi seach.


7      De bhun Airteagal 2(h) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, is éard is “gaol” ann “aintín fhásta nó uncail fásta an iarratasóra, seanathair nó seanmháthair an iarratasóra atá i láthair i gcríoch an Bhallstáit...”.


8      Rialachán ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO 2003 L 222, lch. 3), arna mhodhnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 118/2014 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2014 (IO 2014 L 39, lch. 1).


9      Ina hiarraidh ar réamhrialú, luann an chúirt a rinne an tarchur freisin gur iarr údaráis na Gréige arís, an 2 Iúil 2020, ar an Státrúnaí an t‑iarratasóir a ghabháil ar láimh. Dhiúltaigh an Státrúnaí don iarraidh sin an 9 Iúil 2020. Ní cuid den achomharc é an diúltú os comhair na cúirte a rinne an tarchur.


10      Mar a luaigh mé i mír 20 thuas, is páirtithe sna himeachtaí os comhair na cúirte a rinne an tarchur iad an t‑iarratasóir agus S. Mar sin féin, ina hiarraidh ar réamhrialú, d’atáirg an chúirt a rinne an tarchur argóintí an iarratasóra amháin.


11      Breithiúnas an 7 Meitheamh 2016 (C‑63/15, EU:C:2016:409).


12      Breithiúnas an 7 Meitheamh 2016 (C‑155/15, EU:C:2016:410).


13      Tugann an Státrúnaí le fios, cé nach bhfuil aon cheart ag iarrthóirí tearmainn chun leighis ach amháin sna cásanna a chumhdaítear go sainráite faoi Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, go bhfuil údaráis an Bhallstáit iarrthaigh i dteideal i ngach cás, ina ndiúltaíonn a gcomhghleacaithe sa Bhallstát d’iarrthóir tearmainn a ghabháil ar láimh, athscrúdú a iarraidh ar iarratas “ar ghabháil ar láimh” (de bhun Airteagal 5(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme), nó tús a chur leis an nós imeachta idir-réitigh a shonraítear in Airteagal 37(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


14      Féach Airteagal 21(1) agus Airteagal 22(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III (atáirgthe i míreanna 10 agus 11 thuas).


15      Féach aithris 16 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


16      Ba mhaith liom a chur i bhfios go láidir nach bhfuil ábhartha ach an dáta a dtíolactar an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta d’fhonn a mheas an “mionaoiseach” é an t‑iarratasóir (féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S (C‑550/16, EU:C:2018:248, míreanna 39 go 64)). Dá réir sin, ní hábhar ábhartha é, go bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe anois ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí, tar éis dó a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh sa Ghréig.


17      Sonraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath “i gcás ina nglacfaidh an Ballstát iarrtha iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(c) nó (d) a ghabháil ar ais, tabharfaidh an Ballstát iarrthach fógra don duine lena mbaineann faoin gcinneadh é nó í a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach agus, i gcás inarb infheidhme, faoin gcinneadh gan a iarratas nó ar a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú” (is liomsa an bhéim). Sonraítear in Airteagal 29(1) de go ndéanfar an duine lena mbaineann a aistriú “ar a dhéanaí laistigh de shé mhí tar éis glacadh leis an iarraidh... ar an duine sin a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais” (is liomsa an bhéim).


18      Féach freisin, chuige sin, aithris 19 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, lena mínítear go gcumhdaítear leis an leigheas dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) den Rialachán sin “an scrúdú... ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach sa Bhallstát a naistrítear an t‑iarratasóir chuige” (is liomsa an bhéim).


19      Sonraítear in Airteagail 23 agus 24 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III an nós imeachta maidir le hiarrataí a ghabháil ar ais (rud nach féidir a dhéanamh ach amháin sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 18(1)(b) go (d) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III). Baineann an cás seo le hiarraidh ar ghabháil ar láimh, ní le hiarraidh ar ghabháil ar ais.


20      Féach, chuige sin, breithiúnais an 31 Bealtaine 2018, Hassan (C‑647/16, EU:C:2018:368, mír 60), agus an 4 Deireadh Fómhair 2018, Fathi (C‑56/17, EU:C:2018:803, mír 54).


21      Féach, go háirithe, breithiúnas an 7 Meitheamh 2016, Ghezelbash (C‑63/15, EU:C:2016:409, mír 53).


22      Is amhlaidh atá sé toisc, mar a léirítear go soiléir in aithris 19 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, gur glacadh Airteagal 27(1) d’fhonn a áirithiú go n‑urramófar ina iomláine Airteagal 47 den Chairt.


23      Dá mba amhlaidh an léirmhíniú úd, bheadh sé, i bhfocail eile, contra legem agus, dá bhrí sin, do-ghlactha. Féach, de réir analaí, breithiúnas an 24 Eanáir 2012, Dominguez (C‑282/10, EU:C:2012:33, míreanna 24 agus 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).


24      Féach Airteagal 28(5) den “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)” (COM (2016) 270 final).


25      IO 2021 C 143, lch. 4.


26      Tugaim faoi deara nach bhfuil aon fhoráil choibhéiseach sa togra is déanaí ón gCoimisiún (féach Airteagal 33 den “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú tearmainn agus imirce agus lena leasaítear Treoir (CE) 2003/109 ón gComhairle agus an Rialachán (AE) XXX/XXX [an Ciste Tearmainn agus Imirce] (COM (2020) 610 final)).


27       Féach ar phrionsabal ginearálta na cosanta breithiúnaí éifeachtaí, breithiúnas an 15 Bealtaine 1986, Johnston (222/84, EU:C:1986:206, mír 18). Níos déanaí, maidir le hAirteagal 47 den Chairt, féach, inter alia, breithiúnais an 13 Márta 2007, Unibet (C‑432/05, EU:C:2007:163, mír 37), agus an 18 Nollaig 2014, Abdida (C‑562/13, EU:C:2014:2453, mír 45).


28      De bhun Airteagal 52(3) den Chairt, is ionann brí agus raon feidhme an chéad chirt agus an dara ceart, cé go bhféadfadh dlí an Aontais cosaint atá níos fairsinge a chur ar fáil.


29      Féach breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, État luxembourgeois (an ceart caingean a thabhairt i gcoinne iarraidh ar fhaisnéis i gcúrsaí cánach) (C‑245/19 agus C‑246/19, EU:C:2020:795, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).


30      Ibid., mír 55.


31      Féach Airteagal 51(1) den Chairt, mar atá arna léiriú, go háirithe, i mbreithiúnas an 26 Feabhra 2013, Åkerberg Fransson (C‑617/10, EU:C:2013:105, míreanna 17 go 23).


32      Féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in El Hassani (C‑403/16, EU:C:2017:659, mír 76). Mar sin féin, tá léirmhíniú sách leathan déanta ar an gceanglas deireanach sin i gcásdlí na Cúirte. Chinn an Chúirt, mar shampla, go bhféadfadh duine brath ar phrionsabal ginearálta na cosanta i gcoinne idirghabháil threallach nó dhíréireach ó údaráis phoiblí a mhéid a bhaineann sí le gníomhaíochtaí príobháideacha an duine (féach, inter alia, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, État luxembourgeois (an ceart caingean a thabhairt i gcoinne iarraidh ar fhaisnéis i gcúrsaí cánach) (C‑245/19 agus C‑246/19, EU:C:2020:795, míreanna 57 agus 58) nó na cearta maidir le saoirse chun seirbhísí a sholáthar nó an tsaoirse bunaíochta a eascraíonn as Airteagail 56 agus 49 CFAE (féach breithiúnas an 14 Meitheamh 2017, Online Games agus páirtithe eile (C‑685/15, EU:C:2017:452, mír 58)).


33      Dá bhrí sin, tá “dlí an Aontais [á] chur chun feidhme” ag na húdaráis de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt.


34      Ach ní dhéantar foráil in Airteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III do leigheas den sórt sin (féach m’anailís ar an gcéad cheist).


35      Ach amháin an ceann dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, maidir le “ball teaghlaigh” a bheith i láthair i mBallstát eile.


36      Is liomsa an bhéim. Ní mór na hoibleagáidí sin a chur i gcodarsnacht leis an rogha atá ag na Ballstáit, faoi Airteagal 17(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, maolú ar na critéir freagrachta, go háirithe ar fhorais dhaonchairdiúla agus atruacha ionas gur féidir baill teaghlaigh, gaolta nó le haon bhaill teaghlaigh eile a thabhairt le chéile, agus scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisctear leis nó le Ballstát eile (féach aithris 17 den Rialachán sin).


37      Féach aithris 39 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, ina luaitear, go sonrach, na cearta bunúsacha a ráthaítear faoi Airteagail 1, 4, 7, 18, 24 agus 47 den Chairt.


38      Chomh maith le haitheantas a thabhairt do cheart chun leigheas dlí éifeachtach a fháil i gcúinsí áirithe in Airteagal 27(1), áirítear i Rialachán Bhaile Átha Cliath III rialacha a bhaineann leis an gceart chun rochtain a fháil ar an nós imeachta tearmainn (Airteagal 3), an ceart chun faisnéis a fháil (Airteagal 4), an ceart chun éisteacht a fháil (Airteagal 5), rialacha a bhaineann le coinneáil (Airteagal 28) agus rialacha maidir le stóráil sonraí pearsanta (Airteagal 38).


39      Féach breithiúnais an 7 Meitheamh 2016, Ghezelbash (C‑63/15, EU:C:2016:409); an 7 Meitheamh 2016, Karim (C‑155/15, EU:C:2016:410); agus an 25 Deireadh Fómhar 2017, Shiri (C‑201/16, EU:C:2017:805).


40      Féach, chuige sin, aithrisí 9, 13, 14, 16 agus 19 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III:


41      Aithris 16 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III (is liomsa an bhéim).


42      Féach aithrisí 13 agus 14 den Rialachán sin.


43      De bhun Airteagal 52(3) den Chairt.


44      Féach, i ndáil leis sin, ECtHR, 13 Meitheamh 1979, Marckx v an Bheilg, (CE:ECHR:1979:0613JUD000683374, §45). Dhearbhaigh ECtHR nach bhfuil “saol an teaghlaigh” teoranta don ghaol atá ag “baill teaghlaigh” mar a sainmhínítear iad faoi Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann a taisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO 2003 L 50, lch. 1) (féach ECtHR, 7 Bealtaine 2013, L. H. agus V. S. v an Bheilg, CE:ECHR:2013:0507DEC006742910, § 73).


45      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 16 Iúil 2020, État belge (Athaontú Teaghlaigh - Leanbh mionaoiseach) (C‑133/19, C‑136/19 agus C‑137/19, EU:C:2020:577, mír 34).


46      De bhun na forála sin, ní mór do na Ballstáit, agus leas an linbh á mheasúnú, a chur san áireamh, inter alia, féidearthachtaí maidir le teaghlaigh a athaontú.


47      Cuirtear in iúl san fhoráil sin, chun críocha Airteagal 8 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III a chur i bhfeidhm, go ndéanfaidh an Ballstát ina ndearna an mionaoiseach neamhthionlactha an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh gníomh iomchuí, a luaithe is féidir, chun aon bhaill teaghlaigh, siblíní nó gaolta an mhionaoisigh neamhthionlactha i gcríoch na mBallstát a shainaithint, agus leas an mhionaoisigh á chosaint aige ag an am céanna.


48      Féach, go háirithe, breithiúnas an 23 Eanáir 2019, M. A. agus páirtithe eile (C‑661/17, EU:C:2019:53, mír 89).


49      Rialaigh ECtHR go bhfuil cosaint níos mó dlite do mhionaoisigh, “i bhfianaise a sainriachtanas sonrach agus a bhfíor-leochaileachta” ná iarrthóirí tearmainn eile. Tá sé de dhualgas ar údaráis phoiblí iad a chosaint agus bearta iomchuí a dhéanamh mar chuid dá n‑oibleagáidí dearfacha faoi Airteagal 3 de ECHR. Féach, go háirithe, ECtHR, 19 Eanáir 2012, Popov v an Fhrainc (CE:ECHR:2012:0119JUD003947207, § 91) agus ECtHR, 4 Samhain 2014, Tarakhel v an Eilvéis (CE:ECHR:2014:1104JUD002921712, §§ 118 agus 119).


50      Féach aithris 13 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III. Féach, ar an gcaoi chéanna, Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO 2013 L 180, lch. 96) (“an Treoir maidir le Dálaí Glactha”). De bhun na Treorach sin, ar Treoir í a bhfuil feidhm aici maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta le linn nós imeachta Bhaile Átha Cliath freisin (féach aithris 11 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus Airteagal 3 de), “cuirfidh na Ballstáit san áireamh cás sonrach daoine leochaileacha” lena n‑airítear mionaoisigh agus mionaoisigh neamhthionlactha, (Airteagal 21), go háirithe trína áirithiú “go mbeidh caighdeán maireachtála ag mionaoisigh ar leor é ar mhaithe le forbairt coirp, mheabhrach, spioradálta, mhorálta agus shóisialta an mhionaoisigh” (Airteagal 23).


51      Go háirithe, de bhun Airteagal 24(2) den Treoir maidir le Dálaí Glactha, ní chuirfear mionaoiseach neamhthionlactha, i bprionsabal, le teaghlaigh altrama, in ionad cóiríochta ina bhfuil soláthar speisialta do mhionaoisigh, nó i gcóiríocht eile atá oiriúnach do mhionaoisigh, ach amháin mura bhfuil gaol fásta aige nó aici.


52      Féach aithris 13 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


53      I gcás ina bhfuil ball teaghlaigh i mBallstát eile ag mionaoiseach neamhthionlactha, foráiltear le hAirteagal 8(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III go n‑aontófar na daoine sin de ghnáth. Ar an gcaoi chéanna, luaitear in Airteagal 23(5) den Treoir maidir le Dálaí Glactha, go háirithe, gur cheart go mbeadh iarratasóirí ar mionaoisigh iad sa chóiríocht chéanna lena dtuismitheoirí nó leis an duine fásta atá freagrach astu – ar choinníoll go bhfuil sé chun a leasa féin é.


54      Ar an tslí chéanna, leanann sé ó Airteagal 24(2) den Treoir maidir le Dálaí Glactha, i gcás ina bhfuil gaol fásta sa Bhallstát céanna ag iarrthóir tearmainn atá ina mhionaoiseach neamhthionlactha, go gcuirfear é nó í leis an ngaol sin – ar choinníoll, ar ndóigh, gurb é a leas féin nó a leas féin é.


55      Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO 2003 L 251, lch. 12) (an “Treoir um Athaontú Teaghlaigh”).


56      Féach Airteagal 33 (“Saoirse gluaiseachta laistigh den Bhallstát”) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9) (“an Treoir maidir le Cáilitheacht”).


57      Féach Airteagal 10(3)(a) den Treoir um Athaontú Teaghlaigh.


58      Thairis sin, dealraíonn sé nach dócha go bhféadfadh uncail an iarratasóra (a bhfuil cónaí air go dleathach san Ísiltír) forálacha na Treorach um Athaontú Teaghlaigh a agairt chun go dtiocfadh an t‑iarratasóir (a nia) chun cónaí leis. Go deimhin, de bhun na Treorach sin, ní ag náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach ach an ceart chun iad a athaontú lena gcéile, le leanaí faoi bhun aoise agus le leanaí a gcéile sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu. Féadfaidh na Ballstáit freisin (ach ní gá dóibh) athaontú a údarú le páirtí neamhphósta, leanaí cleithiúnacha lánaoise nó gaolta níos sine cleithiúnacha.


59      Féach Airteagal 31(3) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60). Is féidir leis an tréimhse fhoriomlán a bheith chomh fada le 21 mhí fiú (féach Airteagal 31(5) den Treoir sin). Ar ndóigh, is féidir leis na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do láimhseáil iarratas arna dtaisceadh ag mionaoisigh neamhthionlactha (féach Airteagal 31(7)(2) den Treoir chéanna), ach níl sé d’oibleagáid orthu a dhéanamh amhlaidh.


60      Maidir leis sin, níl mé ar aon intinn le Rialtas na Gréige nach bhfuil i Nós Imeachta Bhaile Átha Cliath ach nós imeachta idirmheánach agus nach bhfuil ann ach ceann amháin de na céimeanna sa phróiseas foriomlán trína dtéann iarrthóirí tearmainn, ón uair a dhéanann siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go dtí go gcinnfear a n-éileamh ar thearmann. Is é mo dhearcadh gurb amhlaidh go bhféadfadh iarmhairtí dáiríre a bheith ag an nós imeachta sin do mhionaoisigh neamhthionlactha, go háirithe i gcás mionaoisigh óga go háirithe.


61      Féach, de réir analaí, ECtHR, 19 Eanáir 2012, Popov v an Fhrainc (CE:ECHR:2012:0119JUD003947207, § 100). Ba cheart gurb amhlaidh a bheadh freisin dá mbeadh ar an mBallstát ina bhfuil an mionaoiseach neamhthionlactha i láthair go fisiciúil déileáil le líon an‑ard iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus go mbeadh sé deacair an cúram ar fad a theastaíonn chun leas an mhionaoisigh a thabhairt dó nó di.


62      Mar is léir ó Airteagal 6(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, ní mór d’údaráis inniúla na mBallstát, chun leas an mhionaoisigh a chinneadh, aird chuí a thabhairt ar raon tosca, agus níl i dtuairimí an mhionaoisigh (i gcomhréir lena aois nó lena haois agus lena aibíocht nó lena haibíocht) ach ar cheann amháin de na tosca sin.


63      Féach, go háirithe, breithiúnas an 21 Nollaig 2011 N. S. agus páirtithe eile (C‑411/10 agus C‑493/10, EU:C:2011:865, míreanna 64 go 69 agus 108).


64      Tá sé aitheanta ag ECtHR, i gcúrsaí inimirce, “gurb í fíor-leochaileacht linbh an toisc phríomha agus go bhfuil tosaíocht aige sin ar bhreithnithe [eile]” (féach ECtHR, 19 Eanáir 2012, Popov v an Fhrainc, CE:ECHR:2012:0119JUD003947207, § 91).


65      Féach breithiúnas an 23 Eanáir 2019, M. A. agus páirtithe eile (C‑661/17, EU:C:2019:53).


66      In aon chás, ní fhéadfaidh ach Ballstát inar thaisc iarrthóir tearmainn iarratas ar chosaint idirnáisiúnta brath ar an bhforáil sin. Dá bhrí sin, ní bhaineann sé leis an gceist an bhféadfadh leigheas a bheith ag iarrthóir tearmainn i gcoinne chinneadh an Bhallstáit iarrtha (nach ndearnadh aon éileamh ar thearmann leis agus nár cláraíodh é leis roimhe sin).


67      Airteagal 3(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme (is liomsa an bhéim). Féach freisin Airteagal 22(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


68      Go háirithe, naisc chruthaithe theaghlaigh a bheith ann idir an mionaoiseach agus an gaol líomhainte, láithreacht an ghaoil sin ar chríoch an Bhallstáit sin, a gcumais aire a thabhairt don mhionaoiseach, agus an mbeadh athaontú chun leasa an mhionaoisigh.


69      Féach, mar shampla, Airteagal 6(3) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, ina sonraítear na tosca ábhartha uile nach mór a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar leas an mhionaoisigh neamhthionlactha, nó Airteagal 3(2) agus Airteagal 5(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme, lena bhforáiltear nach ndéantar ach “tar éis seiceálacha a dhéanamh” agus a mheasann an Ballstát iarrtha nach bhfuil a fhreagracht cruthaithe leis an bhfianaise a cuireadh isteach, gur féidir leis an mBallstát sin iarraidh ar “ghabháil ar láimh” a dhiúltú. Féach, freisin, Airteagal 12 den Rialachán Cur Chun Feidhme.


70      Mar shampla, na rialacha a bhaineann leis an teorainn ama ar laistigh di nach mór do Bhallstát freagra a thabhairt ar iarraidh ar ghabháil ar láimh (in Airteagal 22(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III nó in Airteagal 5(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme).


71      Féach na rialacha atá, inter alia, in Iarscríbhinn II, Liosta A. I.1, den Rialachán Cur Chun Feidhme, ina sonraítear na modhanna éagsúla cruthúnais ar féidir brath orthu chun a shuíomh go bhfuil “ball teaghlaigh”, “gaol” nó “gaol” nó “duine gaoil” an iarratasóra ar mionaoiseach neamhthionlactha é nó í.


72      Féach, ina leith sin, an prionsbal ginearálta de dhlí an Aontais maidir le dea-riaracháin, dá dtagraítear go háirithe i mbreithiúnas an 8 Bealtaine 2014, N. (C‑604/12, EU:C:2014:302, mír 50).


73      Is léir domsa, mar ba léir don chúirt a rinne an tarchur (féach mír 26 thuas), nach leigheas éifeachtach de réir bhrí Airteagal 47 den Chairt an nós imeachta idir-réitigh dá bhforáiltear in Airteagal 37(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III. Cé go bhfuil an nós imeachta sin “tábhachtach, do na Ballstáit agus do na hiarratasóirí lena mbaineann araon” (féach aithris 37 den Rialachán sin), tugaim faoi deara (i) gur ar thionscnamh na mBallstát agus chuige sin amháin a sheoltar an nós imeachta sin agus nach bhfuil oscailte d’iarratasóirí (agus nach mbaineann sé leo ar bhealach ar bith) agus (ii) nach dtarlaíonn sé roimh “bhinse” neamhchlaonta a ghearrann pionós ar chur i bhfeidhm mícheart an dlí. Ní bhíonn ann ach idirphlé idir riaracháin éagsúla.


74      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság Dél-alföldi Regionális Igazgatóság (C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, EU:C:2020:367, mír 290).


75      Féach fonóta 95 thíos.


76      Níor dhéileáil an Chúirt leis an gceist sin go fóill, ós rud é ina breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Fathi (C‑56/17, EU:C:2018:803, mír 54), nach bhfuil “coimircí sonracha nós imeachta i Rialachán Bhaile Átha Cliath III ann... i gcás ina dtagann an Ballstát cinntitheach ar an gconclúid nach gá an t‑iarratasóir a aistriú chuig Ballstát eile” (is é sin le rá, i gcás nach nglacfar “cinneadh aistrithe” de réir bhrí Airteagal 27(1) den Rialachán sin).


77      Féach roinn A thuas.


78      Is léir sin ó aithris 19 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, ina luaitear gur glacadh Airteagal 27(1) den Rialachán sin “chun cosaint éifeachtach chearta na ndaoine lena mbaineann a áirithiú”.


79      Féach breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm)(C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17, EU:C:2019:403, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).


80      Go deimhin, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath III, tá níos mó i gceist le teorainneacha ama ná sraith coimircí nós imeachta. Má theipeann ar Bhallstát na teorainneacha ama is infheidhme a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé go n‑aistreofaí an fhreagracht as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú chuig an mBallstát sin, seachas a bheith ar an mBallstát atá ainmnithe leis an ionstraim sin (féach, mar shampla, i dtaca leis sin, an tríú mír d’Airteagal 21(1) agus Airteagal 22(7) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III).


81      Féach aithris 5 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


82      Féach, chuige sin, aithris 21 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


83      Féach breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017 (C‑201/16, EU:C:2017:805, mír 44).


84      Tugaim faoi deara, faoi mar atá Rialachán Bhaile Átha Cliath dréachtaithe faoi láthair, ceadaítear moilleanna ar aon nós ar an gcinneadh maidir le cé acu Ballstát a bheidh freagrach as an nós imeachta idir-réitigh a thionscnamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III. Murab ionann agus an cás ina dtionscnaíonn iarrthóir tearmainn achomharc os comhair cúirte nó binse, áfach, níl focal le rá aige nó aici ar chor ar bith i gcomhthéacs an nós imeachta sin.


85      Féach, go háirithe, breithiúnas an 7 Meitheamh 2016, Ghezelbash (C‑63/15, EU:C:2016:409, mír 56).


86      Ibid., mír 57.


87      Is fíor gur dhiúltaigh an Chúirt ina breithiúnas an 23 Eanáir 2019, M. A. agus páirtithe eile (C‑661/17, EU:C:2019:53), a aithint gurb ann do leigheas i gcoinne cinneadh de chuid Ballstáit gan brath ar an gclásal lánroghnach atá in Airteagal 17(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III (ibid, mír 79), go háirithe ar an bhforas go ndíspreagann próiseáil thapa ar iarratais “leigheasanna éagsúla a chur ar fáil” (ibid., mír 76). Mar sin féin, d’áitigh an Chúirt freisin go bhféadfaí agóid a dhéanamh in aghaidh cinneadh den sórt sin, i gcás ar bith, i bhfeidhmiú Airteagal 27(1) den Rialachán sin, tráth achomhairc in aghaidh an chinnidh aistrithe a dhéanfaí ar deireadh (ibid., míreanna 78 agus 79). Dá bhrí sin, tá amhras orm go raibh sé i gceist ag an gCúirt, sa bhreithiúnas sin, gur cheart deonú leighis dlí a dhíspreagadh i ngach cás, lena n‑áirítear iad siúd – faoi mar atá sa chás anseo (féach mír 70 thuas) – nach mbeadh deis ann, seachas sin, agóid a dhéanamh os comhair cúirte maidir leis na cinntí a rinneadh ag céim ar bith de nós imeachta Bhaile Átha Cliath.


88      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, Shiri (C‑201/16, EU:C:2017:805, mír 44).


89      Is é sin le rá, laistigh den tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


90      Áirítear le hoibleagáidí den sórt sin ionadaí pearsanta a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh agus/nó cúnamh a thabhairt don mhionaoiseach neamhthionlactha maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán sin, maidir le rochtain a thabhairt don ionadaí sin ar chomhad an mhionaoisigh agus an t‑ionadaí sin a bheith rannpháirteach sa phróiseas chun an Ballstát atá freagrach a chinneadh “a mhéid is féidir” (féach, i ndáil leis sin, Airteagal 12(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme).


91      Féach mír 66 thuas.


92      Féach aithris 5 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


93      Féach Caibidil VII, dar teideal “Comhar riaracháin”, de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


94      Féach aithrisí 7 go 9 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


95      Féach aithris 22 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III. Féach freisin, den Heijer, M., “Remedies in the Dublin Regulation: Ghezelbash and Karim”, Common Market Law Review, Iml. 54, 2017, lch. 869.


96      De bhun na forála sin, is féidir an nós imeachta idir-réitigh a thionscnamh arna iarraidh sin ag Ballstát amháin. Is léir, áfach, nach bhfuil comhaltaí an choiste a ceapadh chun an díospóid a réiteach, a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstáit nach bhfuil baint acu leis an ábhar, faoi réir na gcaighdeán iompair céanna a bheadh ag breitheamh neamhchlaonta dá mbeadh leigheas ag an iarrthóir tearmainn féin.


97      Aontaím go hiomlán leis an gCoimisiún agus le Rialtas na Gréige go bhfuil sna rialacha a bhaineann le “comhar riaracháin” roinnt coimircí atá ceaptha cosaint chearta na n‑iarrthóirí tearmainn a áirithiú. Ní dóigh liom, áfach, go n‑eisítear leis na coimircí sin leigheas éifeachtach a chur ar fáil i gcomhthráth do mhionaoiseach neamhthionlactha amhail an t‑iarratasóir.


98      Is fíor go bhfuil raon feidhme níos srianta ag an leigheas i gcás iarraidh ar ghabháil ar ais ná an leigheas i gcás iarraidh ar ghabháil ar láimh, ós rud é nach féidir an iarraidh is luaithe a fhoirmliú ach amháin sna cásanna sin a chumhdaítear go sainráite in Airteagal 18(b) go (d) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III agus ní fhiosróidh na cúirteanna náisiúnta an bhfuil na “critéir freagrachta” i gCaibidil III de Rialachán Bhaile Átha Cliath III curtha i bhfeidhm i gceart ag an mBallstát ina ndearnadh an chéad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Aibreán 2019, H. agus R. (C‑582/17 agus C‑583/17, EU:C:2019:280, mír 68)). Mar sin féin, i mo thuairimse, ní athraítear an fíoras go bhfaigheadh mionaoiseach neamhthionlactha “ábhailleach” (a thaistealaíonn go neamhdhleathach ó Bhallstát A go Ballstát B agus a iarrann cosaint idirnáisiúnta sa dá Bhallstát sin) fós a lá sa chúirt i mBallstát B, rud nach bhfaigheadh an duine “géilliúil” (duine a fhanann i mBallstát A, mar a rinne an tiarratasóir).


99      Féach breithiúnas an 24 Samhain 2020 (C‑225/19 agus C‑226/19, EU:C:2020:951, mír 52). Chinn an Chúirt gur cheart go mbeadh iarratasóir a ndiúltaítear víosa dó mar gheall ar agóid a rinne Ballstát ar cheann de na forais diúltaithe is infheidhme in ann an foras sonrach sin a fháil amach os comhair an Bhallstáit sin. Féach freisin, mar shampla eile, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2017, Shiri (C‑201/16, EU:C:2017:805, mír 44), inar chinn an Chúirt gur éilíodh le hAirteagal 27(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III (arna léamh i bhfianaise aithris 19 den Rialachán sin) agus an chéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt go gcuirfí leigheas éifeachtach tapa ar fáil d’iarrthóir tearmainn ar tharla a aistriú chuig Ballstát eile de shárú ar an tréimhse sé mhí a shainmhínítear in Airteagal 29(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


100      Féach, inter alia, breithiúnais an 7 Meitheamh 2016, Ghezelbash (C‑63/15, EU:C:2016:409); an 7 Meitheamh 2016, Karim (C‑155/15, EU:C:2016:410); agus an 25 Deireadh Fómhar 2017, Shiri (C‑201/16, EU:C:2017:805).


101      Breithiúnas an 23 Eanáir 2019 (C‑661/17, EU:C:2019:53, míreanna 76 go 79).


102      I mo thuairimse, d’fhéadfaí an léirmhíniú a mholtar sa Tuairim seo a chur i bhfeidhm, de réir analaí, maidir leis an gcás inar mian le mionaoiseach neamhthionlactha aistriú ar an bhforas go bhfuil “ball teaghlaigh” aige nó aici (Airteagal 8(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III) i mBallstát eile.


103      Féach breithiúnas an 13 Samhain 2018, X agus X (C‑47/17 agus C‑48/17, EU:C:2018:900, go háirithe, an chuid oibríochtúil).


104      De bhun Airteagal 22(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, ní mór é sin a dhéanamh laistigh de dhá mhí ón iarraidh ar ghabháil ar láimh a fháil.


105      Sa chás seo, measaim go raibh diúltú an Státrúnaí chun an t‑iarratasóir a ghabháil ar láimh críochnaitheach ag an bpointe díreach ama sin.


106      Féach, pointí 71 agus 82 thuas, faoi seach.


107      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 13 Nollaig 2017, El Hassani (C‑403/16, EU:C:2017:960, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).


108      Ibid., mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear.


109      Féach, go háirithe, breithiúnas an 13 Nollaig 2017, El Hassani (C‑403/16, EU:C:2017:960, mír 31).


110      Féach Roinn B.1. den Tuairim seo.


111      Féach breithiúnas an 24 Samhain 2020, Minister van Buitenlandse Zaken (C‑225/19 agus C‑226/19, EU:C:2020:951, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).


112      Féach mír 85 thuas.


113      Féach mír 86 thuas.


114      Féach, inter alia, aithris 13 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III.


115      Tugann an chúirt a rinne an tarchur le fios gur chinn údaráis na Gréige, de réir na faisnéise atá ar fáil di, gan scrúdú a dhéanamh ar iarratas an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta fad a bheidh na príomhimeachtaí ar feitheamh (féach pointe 24 thuas).


116      Féach mír 83 thuas.