Caingean arna tabhairt an 25 Iúil 2023 – Hofstede Insights v EUIPO – Geert Hofstede (HOFSTEDE INSIGHTS)
(Cás T-429/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hofstede Insights Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaí: A. Sevillano Orbegozo, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Geert Hofstede BV (Meppel, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “HOFSTEDE INSIGHTS” – Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 338 780
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 28 Aibreán 2023 i gCás R 2128/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________