Achomharc arna thabhairt an 8 Eanáir 2024 ag Sonasurf Internacional - Shipping, Lda (Zona Franca da Madeira), Mastshipping - Shipping, Sociedade Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira) agus Latin Quarter - Serviços Marítimos Internacionais, Lda (Zona Franca da Madeira) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a fógraíodh an 27 Deireadh Fómhair 2023 i gCásanna T-718/22 agus T-723/22 Eutelsat Madeira v an Coimisiún (Zona Franca da Madeira)
(Cás C-9/24 P)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Achomharcóirí: Sonasurf Internacional - Shipping, Lda (Zona Franca da Madeira), Mastshipping - Shipping, Sociedade Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira), Latin Quarter - Serviços Marítimos Internacionais, Lda (Zona Franca da Madeira) (ionadaithe: S. Fernandes Martins agus M. Mendonça Saraiva, Advogadas)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
i. Ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) an 27 Deireadh Fómhair 2023 a tugadh i gCás Uimh. T-723/22 a chur ar ceal agus, in ionad na cúirte sin, Cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira 1 a chur ar neamhní;
Agus, a mhéid a bhfuil bunús maith leis an éileamh roimhe seo,
ii. A ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
1. An chéad fhoras: Earráid san ordú atá faoi achomharc maidir le comhlíonadh an choincheapa ‘cruthú post’:
⎯ I gcodarsnacht leis na haighneachtaí ón gCúirt Ghinearálta, chuir an Coimisiún de cheangal ar Stát na Portaingéile an modh ALU/FTE [aonaid oibrithe bhliantúla/coibhéis lánaimseartha] a chur i bhfeidhm – féach, chuige sin, aithrisí (173) go (179) agus (216) de chinneadh an Choimisiúin;
⎯ Is léir ón ordú atá faoi chonspóid, i gcás na Cúirte Ginearálta, go bhfuil cinntí 2007 agus 2013 araon agus an ratio is bonn le húdarú Scéim III i bhfabhar úsáid éigeantach an mhodha ALU/FTE. Measann na hachomharcóirí nach bhfuil aon bhunús dlí le réasúnaíocht den sórt sin, ós rud é nach n-áirítear aon tagairt don mhodh ALU/FTE i gcinntí 2007 agus 2013 ná i roinn 5 de RAG 2007-2013 – atá infheidhme maidir leis an gcabhair oibriúcháin, ar cuid di í Scéim III;
⎯ Ní fhoráiltear don mhodh sin ach amháin i bhfonóta 52 a ghabhann le Roinn 4 de RAG 2007-2013, nach bhfuil feidhm aige ach amháin maidir le cabhair infheistíochta, catagóir nach gcumhdaítear le Scéim III;
⎯Ós rud é nach bhfuil feidhm ag fonóta 52 de RAG 2007-2013 agus nach bhfuil aon sainmhíniú infheidhme go forleathan ar ‘chruthú post’ i ndlí na hEorpa, ní mór déanamh dá réir chun críocha Scéim III a chur i bhfeidhm i bhfianaise an dlí náisiúnta, agus ar an gcaoi sin a ráthú go gcloífear le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, lena ndéantar, i réimse na hinniúlachta comhroinnte, idirghabháil reachtach an Aontais a theorannú don mhéid is gá chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach;
⎯ Níl dlí saothair na Portaingéile agus rialacha dhlí an Aontais i gcontrárthacht lena chéile ar aon chor, go háirithe na rialacha is infheidhme maidir leis an gcabhair phoiblí, rud a thabharfadh údar le dealú ó dhlí saothair na Portaingéile;
⎯Ní gá go dtiocfadh torthaí mí-úsáideacha as cur i bhfeidhm dhlí saothair na Portaingéile agus ní chuirtear bac ar am oibre iarbhír a thomhas ar an gcaoi atá arna moladh ag an gCoimisiún;
⎯ Tá cur i bhfeidhm dallbheartach ar an gcritéar ALU/FTE i gcontrárthacht le dlí na Portaingéile, a mhéid a thugann sé neamhaird ar chásanna leochaileachta faoi dhlí na Portaingéile, amhail an tuismíocht agus an bhreoiteacht;
⎯ Ba faoin gCúirt Ghinearálta a bhí sé údar a thabhairt, trí mheán réasúnaíochta dhéaduchtaí, leis an dealú ón dlí náisiúnta trí mheán chur i bhfeidhm fabhrach modha arna leagan síos i ndlí na hEorpa, rud nach ndearnadh, ós rud é go raibh an t-ordú atá faoi chonspóid neamhdhleathach agus, dá bhrí sin ní mór é a chur ar neamhní agus cinneadh eile a chur ina ionad lena gcuirfear Cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2 020 ar neamhní ina iomláine.
2. An dara foras: Earráid mheasúnaithe sa chinnidh atá faoi chonspóid agus cinneadh á dhéanamh nach sáraítear prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh le Cinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020
⎯Ní shainítear an modh is infheidhme chun déanamh de réir an choincheapa ‘cruthú post’ i gcinntí 2007 agus 2013 ná i RAG 2007-2013 agus is deimhin go gcinnfeadh léiritheoir an dlí, de thoradh ar ghnáthchleachtas an Choimisiúin agus ar raon feidhme agus struchtúr Scéim III araon, nach bhfuil an mhodheolaíocht um poist a shainiú faoi AWU/FTE infheidhme. Dá bhrí sin, má chinntear, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta, nach féidir an ceanglas lena mbaineann a léiriú ach amháin ar an gcaoi atá arna moladh ag an gCoimisiún, ní mór a bhaint de thátal as an méid sin go bhfuil easpa soiléireachta sa chóras dlí atá i gceist;
⎯Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí go raibh tréimhse fhada neamhghníomhaíochta an Choimisiúin (ar feadh 8 mbliana ar a laghad) neamhdhíobhálach, cé gur fíor nach raibh teorainn ama ar an gCoimisiún le hiniúchadh a dhéanamh, ní hionann sin agus gan iarmhairtí dlíthiúla a bheith ag gabháil le neamhghníomhaíocht dá leithéid;
⎯Bhí na hachomharcóirí cinnte dearfa de go raibh Scéim III ag luí go hiomlán leis an margadh inmheánach, agus ba é a chuir ina luí air go raibh ná go raibh sí údaraithe ag an gCoimisiún agus gur tháinig sí as diaidh scéim chomhchosúil – Scéim II – nár tháinig aon amhras chun cinn ina leith maidir lena comhoiriúnacht le dlí na hEorpa;
⎯Is ionann an soláthar rialta faisnéise ó Stát na Portaingéile go dtí an Coimisiún ⎯ lenar cumasaíodh iniúchadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na cabhrach ⎯ mar aon le heaspa ráitis phoiblí ón gCoimisiún lenar tugadh le fios go raibh neamhdhleathacht i gceist san fhaisnéis sin, agus dearbhuithe beachta maidir le dlíthiúlacht chur i bhfeidhm na cabhrach ag Stát na Portaingéile, as a n-eascraíonn, ó thaobh thairbhithe Scéim III de, ionchais dhlisteanacha i dtaca leis an méid sin;
⎯Ní fhéadfaí a mheas go gcuirfeadh ‘gnáth-thairbhí’ na cabhrach ⎯ (de réir bhrí an choincheapa dhlíthiúil ‘gnáthdhuine’ [duine a fhreagraíonn d’imthoisc ar chaoi a bheifí ag súil leis]), a bheadh sa riocht céanna leis na hachomharcóirí, i bhfianaise neamhghníomhaíocht an Choimisiúin agus easpa tagartha sainráite ar an gcuma sin ⎯ an coincheap ‘cruthú post’ i bhfeidhm de réir bhrí fhonóta 52 de RAG 2007-2013 – is é sin le rá, trí úsáid a bhaint as an modh AWU/FTE – ná fiú go mbeadh leath-thuairim aige gurbh é sin an coincheap a bheadh le cur i bhfeidhm, ós rud é nach raibh aon rud ann a thabharfadh a leithéid le fios;
⎯⎯Dá bhrí sin, i bhfianaise na hearráide measúnaithe follasaí atá san ordú atá faoi chonspóid agus trí chinneadh á dhéanamh leis nár sáraíodh prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh, ní mór é a chur ar ceal.
____________
1 IO 2022 L 217, lch. 49.